Committee Reports::Report No. 09 - Voluntary Health Insurance Board::26 March, 1980::Report

AN NAOÚ TUARASCÁIL

AN BORD ÁRACHAIS SLÁINTE SHAORÁLAIGH

I CÚLRA GINEARÁLTA

(a) Stair

1. Rinne Acht Sláinte 1953 leathnú ar Sheirbhísí Sláinte an Stáit, idir iad sin a bhí saor agus iad sin a fuair cúnamh airgid, agus san am céanna thug an tAcht teideal do sheirbhísí sláinte do chuid mhór sa bhreis den phobal. Ach d’fhan cuid mhaith fós den phobal gan bheith i dteideal na seirbhísí sin. Sa bhliain chéanna rinne cuideachta árachais tráchtála iarracht ar scéim árachais sláinte shaorálaigh a thabhairt isteach, ach chinn siad arís éirí as tar éis tréimhse níos lú ná dhá bhliain. Sa bhliain 1953 freisin d’iarr Cumann Dochtúirí na hÉireann ar an Aire Sláinte scéim árachais sláinte shaorálaigh a chur ar aghaidh. Cheap an tAire Sláinte Comhlacht Comhairlitheach i 1955, agus thug an Comhlacht sin tuarascail i 19561 inar mhol sé go mbunódh eagraíocht neamh-bhrabúsmhar scéim árachais sláinte shaorálaigh agus go ráthódh an Stát go mbeadh sé slán ó thaobh airgid.


2. Ghlac an Rialtas le príomh-mholtaí an Choiste Chomhairlithigh, agus d’achtaíodh an tAcht Árachais Sláinte Shaorálaigh an 5 Feabhra 1957, lenar socraíodh go mbunófaí an Bord Árachais Sláinte Shaorálaigh chun scéimeanna árachais sláinte shaorálaigh a dhéanamh agus a chur i gcrích. Ceapadh céad-chomhaltaí an Bhoird an 11 Feabhra 1957, agus thairg an Bord cumhdach árachais don phobal den chéad uair an 2 Deireadh Fómhair 1957. Ba mhó an glacadh a bhí leis an scéim ná mar a raibh coinne leis agus thóg sé roinnt seachtainí an rabharta tosaigh iarratas a réiteach. Faoin 28 Feabhra 1959, bhí os cionn 53,000 duine cumhdaithe faoi scéimeanna éagsúla an Bhoird (Foscríbhinn I — Tábla B).


3. D’éirigh go maith le ÁSS, tríd is tríd. Tá breis daoine ag dul isteach ann i gcónaí ar feadh a ré agus bhí líon tuairim 800,000 ann i Mí na Nollag 1979 (féach mír 37). Dúirt Cathaoirleach ÁSS leis an gCoiste gur dóigh leis an mBord go bhfuil cuspóirí bunaidh ÁSS, mar atá siad luaite in Acht 1957, comhlíonta go hiomlán.2 Lasmuigh de thrí bliana, ba mhó fáltais ná caiteachais (féach mír 34), agus níor tharla ach beagán mórfhadhbanna airgid. Tá ag méadú i gcónaí ar na sochair atá á dtairiscint (féach míreanna 16, 17 agus 18), agus tá glacadh fabhrach ag an bpobal leo. Tá caighdeán ard go maith ag ÁSS de réir na mbealaí ina meastar éifeachtúlacht árachais (féach mír 36). Tá cúrsaí caidrimh thionscail go maith, agus níl le haireamh ar stair an Bhoird ach mion-aighneas amháin.


(b) Eagraíocht

4. Is é an tAire Sláinte a cheapann comhaltaí an Bhoird Árachais Sláinte Shaorálaigh, agus tá an t-údarás ar scéimeanna árachais sláinte ÁSS roinnte idir an tAire agus an Bord. Sa phríomh-aighneacht a chuir an Bord faoi bhráid an Choiste seo3 is é tuairisc a thug sé ar ÁSS ná “eagraíocht árachais sláinte frithpháirteach neamh-bhrabúsmhar”.


5. Is iad a bhíonn ar an mBord Cathaoirleach mar aon leis an oiread eile comhaltaí a cheapfaidh an tAire ach gan dul thar ceathrar (agus sin é an líon faoi láthair). Ceapann an tAire an Cathaoirleach agus na comhaltaí eile feadh téarma oifige nach faide ná cúig bliana. Deir fo-ailt (2) agus (3) d’Alt 4 den Acht Árachais Sláinte Shaorálaigh,


“(2) Féadfaidh an Bord pé scéimeanna eile árachais sláinte shaorálaigh is cuí leo a dhéanamh agus a chur i gcrích, ach go dtoileoidh an tAire le raon agus méid na sochar.


(3) Féadfar scéim faoin alt seo a leasú le scéim arna dhéanamh ina dhiaidh sin ag an mBord, ach go dtoileoidh an tAire le haon leasú a bhainfeas le raon nó méid sochar.”


6. Tá cumhacht ag an mBord na préimheanna a cheapadh atá le híoc ag rannpháirtithe. Tá cumhacht aige freisin lucht bainistí sinsearach an ÁSS a cheapadh. Is é an tArdbhainisteoir príomh-oifigeach ÁSS. Daoine eile den lucht bainistí sinsearach is ea an Leas-Ardbhainisteoir agus an Ceannasaí Airgeadais.


(c) Baint leis an Stát

7. Níor sholáthraigh an Stát ná ní sholáthraíonn sé faoi láthair aon chúnamh díreach airgid do ÁSS. D’ainneoin moltaí an Chomhlachta Chomhairlithigh (féach mír 1), ní bhíonn an Stát ar an bhfód chun caillteanais a shlánú. Nuair a cuireadh tús le ÁSS, thug an Roinn Sláinte iasacht £13,200 dó chun caiteachais tionscnaimh a ghlanadh, ach d’aisíocadh an tsuim sin, mar aon le hús air de réir rátaí gnó, i mblianta tosaigh ÁSS.


8. Ach tugann an Stát an-chuid cúnamh neamhdhíreach do ÁSS freisin. Ní gá don Bhord cáin a íoc ar a ioncam infheistíochta. Rud níos tábhachtaí fós féadfaidh rannpháirtithe a gcuid préimheanna, go hiomlán, a asbhaint i gcoinne ioncam inchánach. Is mar a chéile an fhoráil sin, ó thaobh costais don Státchiste agus cúnaimh do ÁSS agus a chuid comhaltaí, agus deontas díreach airgid de shuim is comhionann leis an laghdú cánach a fhaigheann na comhaltaí. Níl aon mheastachán ann ar cad is fiú sin, áfach. Dúirt Leas-Ardbhainisteoir ÁSS leis an gCoiste gur chreid sé go raibh “suim maith mór i gceist”.4 I gcás aon rannpháirti ar leith, is mar a chéile luach airgid na forála cánach ioncaim agus méid na préimhe rannpháirtíochta arna iolrú ar ráta cánach ioncaim corrlaigh an rannpháirtí, is cuma más 25, 35, 45, 55 nó 60 faoin gcéad é. Toisc gur i measc na ndaoine a bhfuil ioncam ard acu is fairsinge go mór a fhaighheann ÁSS a chomhaltaí (i.e. ina measc siúd nach bhfuil ach teideal Earnáil III acu faoi na Seirbhísí Sláinte), ní miste glacadh leis go bhfuil rátaí cánach ioncaim corrlaigh cuíosach ard ag go leor rannpháirtithe. Dá bhrí sin níl sé iomarcach a mheas go dtugann faoiseamh ó cháin ioncaim cúnamh neamhdhíreach airgid do ÁSS de shuim is ionann agus an tríú cuid ar a laghad dá ioncam rannpháirtíochta.


9. Tá daoine ann a cheapann gur fearr fóirdheontais sonracha airgid ná cinn neamhshonracha, mar tugann siad deis ar an scéal a athbhreithniú ó am go ham. Dúirt an Leas-Ardbhainisteoir, ag freagairt ceiste dó le linn na fianaise, go mb’fhearr leis faoiseamh ó cháin ná fóirdheontas sonrach, ar chúiseanna siceolaíochta mar a dúirt sé. Shaoil sé go gcuireann an faoiseamh ó cháin in iúl don rannpháirtí in aghaidh na bliana go spreagann agus go dtacaíonn an Stát le hárachas sláinte saorálach, ach go mbeadh daoine ann nárbh fhios dóibh go baileach tada i dtaobh fóirdheontas díreach Stáit.


10. Tá sé ceaptha do ÁSS feidhm “fuílligh” a chomhlíonadh, is é sin, bearnaí a líonadh atá fágtha i leith daoine nach bhfuil teideal uileghabhálach acu agus i leith cásanna nach bhfuil cumhdach cuimsitheach acu ó na Seirbhísí Sláinte Stáit. I gcoitinne déanann ÁSS comhlíonadh ar na seirbhísí sin. Mar shampla, nuair a tugadh isteach athruithe maidir le bheith i dteideal na Seirbhísí Sláinte mí Aibreáin 1979, thug ÁSS athruithe comhlíontacha isteach san am céanna ina chuid scéimeanna féin (féach mír 18). Ní théitear i gcomhairle roimh ré, áfach, le Bord ÁSS i dtaobh athruithe ar bheartais sláinte an Stáit.5 Dúirt comhalta de Bhord ÁSS, an tUasal T.C.J. O’Connell, leis an gCoiste go mb’fhearr leo gan comhairle gan iarraidh a thabhairt.6


11. Tá socraithe ag an Aire Sláinte leis an ÁSS go ndéanfadh siadsan ionramháil go fóill ar theideal Earnáil II do fhostaithe le hioncaim idir £5,500 agus £7,000.


12. Faoi Acht 1957, tá sé de dhualgas ar an mBord rátaí rannpháirtíochta a bhaint amach ar chuma go bhféadfaidh na fáltais na muirir a ghlanadh, ag glacadh na mblianta i dteannta a chéile. Is de bheartas an Bhoird fios a thabhairt don Choimisiún Náisiúnta Praghsanna ar aon mhéaduithe ar mhuirir aonad.


(d) Baint le comhlachtaí eile

13. Sa phríomh-aighneacht a chuir sé faoi bhráid an Choiste7 dúirt Bord ÁSS gurbh iad seo a leanas na príomh-chomhlachtaí lena mbíonn sé i gcomhairle de ghnáth:— An Roinn Sláinte; Boird Sláinte limistéir; na hospidéil go léir; Comhlachas na nOspidéal Príobháideach; Cumann Dochtúirí na hÉireann; Aontas na nDochtúirí; Cumann Fiaclóirí na hÉireann; agus cumainn thrádála. Ní áirítear ar an liosta sin aon dream a ionadaíonn do rannpháirtithe, othair nó an pobal i gcoitinne. Ach le linn na fianaise a thabhairt dúirt an Leas-Ardbhainisteoir gur trí ghrúpscéimeanna a fhaightear 75 faoin gcéad de na comhaltaí, agus go mbíonn an Bord i dteagmháil de shíor le rúnaithe grúpa. Eagraíonn an Bord cruinnithe réigiúin de rúnaithe grúpa go tráthrialta, agus éisteann gearáin agus moltaí uathu. Ina theannta sin tugann oifigigh forbartha ÁSS cainteanna go tráthrialta do eagraíochtaí ar nós Bantracht na Tuaithe, Macra na Feirme, etc.8


II SOCHAIR AGUS PRÉIMHEANNA

(e) Comhlíontachas

14. Tá scéimeanna sochair an Bhoird, agus na préimheanna a bhaintear amach, mar a bhí siad mí Aibreán 1979, i bhFoscríbhinn 2. Tabharfar faoi deara go bhfuil na préimheanna a bhaintear amach ar na trí phlean ospidéil agus a thaispeantar san Fhoscríbhinn le suimiú leis na préimheanna a bhaintear amach ar tháillí na ndochtúirí. I gcás Phlean A, mar shampla, is é an táille iomlán agus táillí na ndochtúirí a áireamh, do dhuine fásta i ngrúpscéim, ná £33.52 (£10.92 + £22.60).


15. Tá ÁSS ceaptha chun freastal “farrasbairr” a dhéanamh i gcóras airgeadais chúram sláinte na hÉireann, d’fhonn bearnaí a líonadh nuair nach bhfuil teideal ag gach uile dhuine chun na seirbhísí sláinte poiblí agus nuair nach bhfuil cumhdach cuimsitheach le fáil faoi na seirbhísí sin. Nuair a bunaíodh ÁSS, meastar go raibh 457,000 duine nach raibh teideal ná cumhdach iomlán acu faoi na Seirbhísí Sláinte Stáit. Chuir ÁSS cumhdach ar fáil do na daoine sin. Ina theannta sin, ar na daoine sin a raibh cumhdach acu do theideal iomlán nó do theideal teoranta, ní dhearna na Seirbhísí Sláinte Stáit soláthar do shochair áirithe, mar atá seomraí príobháideacha nó leath-phríobháideacha san ospidéal. Bhain cumhdach ÁSS le cuid de na sochair sin, agus thug sé sin go leor nach raibh ach teideal teoranta acu chun bheith ina rannpháirtithe. I gcoitinne, is comhlíonadh ÁSS ar na Seirbhísí Sláinte Stáit.


(f) Forbairt scéimeanna

16. Ó tugadh isteach cumhdach ÁSS, rinneadh athrú roinnt uaireanta ar scéimeanna sochair. Leanadh trí bhun-phrionsabal, áfach. Níor bhain an scéim tosaigh ach le muirir agus táillí othar ospidéil, gan gnáthchúram máithreachais a áireamh, agus le fearais liachta agus máinliachta. Bhí trí phlean á dtairiscint ag an mBord: plean bunaidh, a chosain £4 sa tseachtain ar dhaoine fásta agus a thug sochair feadh suas go 10 seachtaine in ospidéal ar shuim suas go £6.30 sa tseachtain, rud éigin níos lú do leanaí, agus sochair bhreise le haghaidh táillí dochtúirí comhairlitheacha agus drugaí agus íceanna (do othair ospidéil amháin); agus dhá phlean eile, le préimheanna níos airde agus uasmhéideanna sochair níos airde. Ceapadh na trí scéim chun baint le cóireáil i mbarda poiblí, i seomra leathphríobháideach agus i seomra príobháideach.


17. I 1962, chuir an Bord Córas na nAonad ina ionad sin, córas a ceapadh chun go bhféadfadh rannpháirtithe leibhéal agus foireann sochar a roghnú a bheadh ag oiriúint dá gcuid riachtanas. D’fhéadfadh rannpháirtithe ó aonad amháin go dtí dhá aonad déag a roghnú de gach cineál de dhá chineál aonaid: Aonad M a rinne soláthar le haghaidh muirir chothabhála ospidéil; agus Aonad T a chumhdaigh na sochair chóireála mar a thugtar orthu. Ceadaíodh do rannpháirtithe aon chomhcheangal aonad a roghnú. Cuireadh Córas na nAonad á thairiscint mar fuarthás go raibh teideal teoranta ag tuairim an tríú cuid de chomhaltaí ÁSS faoi na Seirbhísí Sláinte Stáit, agus dá bhrí sin nár mhar a chéile a gcuid riachtanas agus riachtanais an dá thrian eile. I 1967 chuir ÁSS tús le scéim othar seachtrach forlíontach, ar chostas breise, agus scéim nach raibh ar fáil ach do rannpháirtithe sa scéim ospidéil, agus a chumhdaigh seirbhísí lia-chleachtóra ghinearálta agus sainchomhairligh, fara le roinnt caiteachas eile a tabhaíodh lasmuigh d’ospidéal, faoi réir asbhaintí agus uasmhéid bliantúil. Leathnaíodh an scéim sin agus tugadh an “Scéim Baile” mar ainm nua air i 1975. Sa bhliain sin freisin thug an Bord isteach gearrliosta de nósanna imeachta agus cóireálacha máinliachta a bhí le cumhdach fiú i gcásanna nár fhan an t-othar in ospidéal thar oíche. Roimhe sin bhíodh locht á fháil ar fhoráil ÁSS nach dtugtaí aisíoc do rannpháirtithe ach amháin i leith muirir a bhain le tréimhse ospidéil 24 uaire nó thairis, foráil a dúradh a thug ar dhaoine dul isteach in ospidéal thar oíche gan riachtanas nuair ba leor cóireáil lae nó cuairt ar dhochtúir (féach freisin mír 20).


18. Tugadh isteach scéim nua préimheanna agus sochar i mí Aibreán 1979, mar a thaispeántar i bhFoscríbhinn 2. Tá dhá roinn chumhdaigh ann. Baineann roinn amháin le táillí dochtúirí nuair a théann rannpháirtithe isteach san ospidéal. Ní foláir do rannpháirtithe ceithre aonad déag cumhdaigh ar a laghad a cheannach sa roinn seo, agus féadfaidh siad a thuilleadh a cheannach. Sa bhróisiúr a d’fhoilsigh ÁSS i 1979 dúirt sé, “de réir ár gcleachtadh, ba leor 14 aonad táille le haghaidh táillí gairmiúla i bhformhór na gcásanna.” Níl aon ráthaíocht ag rannpháirtithe, áfach, go dtabharfar cumhdach iomlán i leith táillí dochtúirí. Ní foláir na sochair an t-aonad, mar a thaispeántar i bhFoscríbhinn 2, a iolrú ar an uimhir aonad d’fhonn teacht ar shochair. Féadfar an roinn sochar a bhaineann le Táillí Dochtúirí a cheannach i dteannta phlean ospidéil, nó ar leithligh faoin ainm, “Scéim Barda Phoiblí”, — ainm a fuair sé ón tuiscint go mbeidh an rannpháirtí ag baint leas as a t(h)eideal faoi na Seirbhísí Sláinte Stáit chun áitíocht ospidéil a fháil in aisce i mbarda poiblí. Thug ÁSS an Scéim Barda Phoiblí isteach ar iarratas sonrach an Aire Sláinte. De réir an Bhoird, níor ghlac de rogha leas a bhaint as ach líon ba lú ná 1 faoin gcéad de na rannpháirtithe. Is é sin le rá, roghnaíonn níos mó ná 99 faoin gcéad ceann éigin den trí phlean ospidéil eile. Baineann an roinn eile de chumhdach ÁSS le muirir ospidéil, agus tá rogha idir trí phlean, maraon le roinnt sochar is féidir le rannpháirtithe a fháil i leith seirbhísí a thugtar lasmuigh den ospidéal. Faoin trí phlean, tugtar cumhdach do rannpháirtithe, faoi seach, i leith táillí ar sheomraí leathphríobháideacha nó príobháideacha in ospidéil phoiblí (Plean A); seomraí príobháideacha in ospidéil phoiblí nó seomraí leathphríobháideacha in ospidéil agus i dtithe banaltrais phríobháideacha (Plean B); agus seomraí príobháideacha in aon ospidéal nó teach banaltrais (Plean C). De réir an Bhoird, roghnaíonn tuairim 24, 50 agus 25 faoin gcéad de na rannpháirtithe, faoi seach, na pleananna sin. Fara le cothabháil ospidéil, soláthraíonn an roinn sin sochair áirithe d’othair sheachtracha, lena n-áirítear táillí lia-chleachtóra ghinearálta agus táillí sainchomhairligh, drugaí oidis ach amháin mar atá cumhdaithe leis na Seirbhísí Sláinte Stáit, agus “máinliacht lae” i.e. máinliacht a dhéantar gan dul isteach in ospideal ar feadh 24 uaire an chloig.


(g) Barúlacha ar an scéim nua

19. I roinnt slite tá ÁSS ag gabháil bóthar nua leis an scéim nua sochar agus préimheanna. Tá buntáistí agus míbhuntáistí ag baint leis an mbealach nua sin, ach bhí glacadh fairsing fonnmhar ag an bpobal leis (féach mír 37). Sa trácht seo a leanas pléitear buanna agus lochtaí na scéime nua.


20. Mar atá sonraithe, tugann an scéim nua roinnt sochar nua isteach, agus níl siad sin ar fáil ach amháin i bhfoirm “pacáiste” le ceann de na pleananna ospidéil. Ceann acu sochar cúram máithreachais. Sna téarmaí tagartha a cuireadh faoi bhráid an Choiste Chomhairlithigh,9 d’iarradh air breithniú féachaint ar cheart d’árachas sláinte saorálach cumhdach a sholáthar do chúram máithreachais agus mhol sé (ach go raibh beirt chomhalta ina choinne) go soláthrófaí an cumhdach sin. Mar a tharla, níor sholáthraigh an Bord é an t-am sin, ach amháin i gcás seachghalar liachta. Tá cumhdach do mháithreachas den chéad uair sa scéim nua. Is cuid é de phacáiste sochar nach roghnódh daoine áirithe, is dóigh (ar nós daoine singil nó daoine sean) a cheannach dá mba rud é nach raibh sé ar fáil ach mar rogha ar leithligh. Mar an gcéanna, mar atá ráite, bhí an Scéim Baile (mír 17) ar fáil roimhe sin mar rogha ar leithligh; sa scéim nua, áfach, is cuid é de phacáiste ina bhfuil roinnt sochar tiomsaithe i dteannta a chéile. Sa scéim nua, táthar tar éis an gearrliosta nósanna imeachta máinliachta atá cumhdaithe ar fhoras othar seachtrach (mír 17) a fhadú go mór sa chás ina gcumhdófaí “máinliacht lae” mar a thugtar air. Ach baineann riail na gceithre uaire fichead go fóill le roinnt nósanna imeachta nach cinn mháinliachta.


21. Tá cuid den solúbthacht a bhain le sean-Scéim na nAonad nach bhfuil le fáil sa scéim nua ach ina ionad sin tá slánaíocht. D’fhéadfadh rannpháirtithe i Scéim na nAonad oiread aonad a cheannach agus ba mhaith leo, sa tslí go bhféadfadh siad a gcuid cumhdach árachais sláinte a leagan amach de réir an méid teidil a bheadh acu faoi na Seirbhísí Sláinte Stáit. Dúirt Leas-Ardbhainisteoir ÁSS leis an gCoiste go raibh sean-chóras na n-aonad ag tosú ar thitim as a chéile, mar go raibh sé ag braith ar chomhaltaí do dhéanamh athbhreithniú ar a gcumhdach gach bliain agus é a thabhairt suas cothrom le dáta. Toisc go raibh go leor daoine nach ndearna é sin, fuair siad amach go minic rud a chuir díomá orthu, is é sin nár chumhdaigh an cúiteamh a fuair siad ó ÁSS a gcuid costais liachta go léir, i.e., go rabhadar ag comhárachasú gan é sin a bheith ar intinn acu.10 Réitíonn an scéim nua an fhadhb sin go hiomlán. Dúirt an Bord, sa phríomh-aighneacht a chuir sé faoi bhráid an Choiste: “Den chéad uair, tá scéim slánaíochta á solathar ag an mBord anois a ráthaíonn go dtabharfar cumhdach iomlán in aghaidh billí ospidéil, ach go bhfanfaidh an t-othar sa réim chóiríochta a roghnaigh sé mar árachas.” Baineann an tslánaíocht le cothabháil agus le gach muirear foghabhálach. Ní bhaineann an tslánaíocht le táillí dochtúirí (féach mír 18).


22. D’fhéadfadh go ndéanfadh eagar na scéime nua, maraon leis an scéim féin a chur ar aghaidh go gníomhach agus go rathúil, méadú a thabhairt ar an éileamh ar sheomraí leath-phríobháideacha agus príobháideacha in ospidéil phoiblí, agus ar sheomraí in ospidéil phríobháideacha, ionas gur mhó, aon trath áirithe, an t-éileamh ná an soláthar. Mar fhreagra ar cheist, a fiafraíodh le linn na fianaise, an bhféadfadh ospidéil freastal do na saoráidí a bhí á roghnú ag comhaltaí ÁSS, d’fhreagair an tUas. T.C.J. O’Connell go raibh liostaí feithimh ag éirí níos faide go mór, go raibh méadú tagtha orthu le míonna anuas agus go rabhadar i bhfad ní ba mhó ná mar a bhí siad cúpla bliain ó shin.11 Dúirt an tArdbhainisteoir Cúnta leis an gCoiste go measann an Bord dóthain leapacha a bheith ann faoi chomhair an méid árachais atá á dhíol faoi láthair, maraon le méid áirithe scaoilte. D’fhéadfadh líon comhaltaí ÁSS méadú go dtí 1,200,000, shaoil sé, gan athrú a thabhairt ar phátrún cóireála láithreach aon duine. Tá tuairim 25 faoin gcéad de leapacha ospidéil le haghaidh géarchásanna ar fáil do dhaoine a bhfuil cúram príobháideach uathu; agus tá tuairim 25 faoin gcéad den daonra ina gcomhaltaí de ÁSS, de réir an Ardbhainisteora Chúnta. D’admhaigh sé go bhféadfadh scroig áitiúla a bheith ann agus scroig ag tráthanna áirithe den bhliain ann.12


(h) Seirbhísí agus sochair eile is féidir a fháil

23. Mhol Aontas na nDochtúirí,13 in aighneacht a chuir sé faoi bhráid an Choiste, gur cheart do Bhord ÁSS feachaint an bhféadfadh sé aon rud a dhéanamh i réimse an leighis choiscthigh. Ag tabhairt freagra dó ar cheist ar an ábhar sin, dúirt ÁSS leis an gCoiste nach bhféadfadh siad rud nua mar sin a ghabháil de láimh faoi Acht 1957, ach go bhféadfadh siad dul ina bhun dá ndéantaí leasuithe oiriúnacha ar an Acht agus fóirdheontas dóthanach a bheith ar fáil chuige.14


Dúirt comhalta den Bhord, an tUasal H.B. Dennis, dá dtagadh tuilleadh fáis ar chúltacaí, i ndáil le héilimh (féach mír 35), go raibh leigheas coisctheach ar cheann de na réimsí ina bhféadfaí cuid de na cúltacaí a úsáid.15


24. Níl cumhdach fiaclóireachta á thairiscint faoi láthair ag ÁSS (ach amháin do chineálacha áirithe máinliachta béil agus damáistí fiacal ó thionóiscí a dheisiú), ná níl beartaithe aige sin a dhéanamh, cé go ndearna an bord an scéal a bhreithniú roinnt uaireanta. Níorbh fhiú d’fhormhór na ndaoine árachas a cheannach in aghaidh ghnáth-aire fiaclóireachta, mar chosnódh na préimheanna an oiread céanna geall leis agus atá á n-íoc acu anois ar bhillí fiaclóireachta, agus bheadh costas riaracháin le cur leis sin. Ina theannta sin ba lease le ÁSS rannpháirtithe a chur faoi árachas mura mbeadh bail mhaith fiacal orthu tráth a ndul faoi árachas, agus is tearc duine fásta in Éirinn atá sa bhail sin.


(i) Modh íoctha

25. Íoctar éilimh díreach le rannpháirtithe. D’fhéadfadh go mbeadh roinnt éileamh íoctha sula mbeadh a c(h)untas íoctha ag an rannpháirtí leis an ospidéal nó leis an dochtúir. Tugann sé sin deis don rannpháirtí úsáid a bhaint as an íocaíocht sochair ÁSS chun an bille a íoc. Tá cáil ar ÁSS i dtaobh a luaithe a íocann siad éilimh, agus is cúis bhróid acu an cháil sin. Fuair an Coiste aighneachtaí ó Aontas na nDochtúirí, ó Bhord Sláinte an Deiscirt agus ó Bhord Sláinte an Iarthuaiscirt á mholadh go ndéanfadh ÁSS íocaíochtaí díreach le hospidéil, nó lucht éilimh a íoc ar bhonn cuntais admhaithe, d’fhonn a chinntiú go ndéanfar na billí a íoc.


26. Dúirt an tArdbhainisteoir Cúnta ag tabhairt freagra dó ar roinnt ceisteanna a fiafraíodh le linn na fianaise go bhfuair an Bord amach i gcónaí nár fhág ach cion fíor fíor bheag dá rannpháirtithe a mbillí dochtúra gan íoc ar iad d’fháil airgid ó ÁSS; agus gur tharla ócáidí a samhlaíodh ar dtús a bheith de réir na tuairisce sin ach a fuarthas a bheith ar a mhalairt de thuairisc tar éis iad a bhreithniú níos dlúithe. Bhí daoine ann a d’éiligh go mba chomhaltaí de ÁSS iad ach nárbh ea. I roinnt cásanna b’fhéidir gur cuireadh cló bréagach d’aon ghnó ar an scéal, ach in go leor cásanna is cúrsaí mearbhaill é, is é sin, déantar meascán idir ranníocaí saorálacha leasa shóisialaigh agus Árachas Sláinte Saorálach. Bhí daoine ba chomhaltaí ach ar diúltaíodh dá n-éilimh, mar shampla, toisc go ndeachaigh siad sa scéim ró-dhéanach le bheith i dteideal aisíoca. Faoi chóras na n-aonad b’fhéidir nach raibh leorchumhdach ag comhaltaí áirithe, agus nach bhfaighidís de chúiteamh ach oiread agus a d’íocfadh an dochtúir nó an t-ospidéal, ach nach n-íocfadh iad araon.16 Dúirt an Leas-Ardbhainisteoir gur ghnó gan tairbhe go minic íocaíochtaí díreacha a dhéanamh ó ÁSS go dtí na hospidéil, faoin scéim sin, mar i go leor cásanna níor leor cumhdach an chomhalta chun an bille iomlán a íoc, agus bheadh sé de chúram ar an ospidéal ansin bille ar an gcuid eile a chur chun an chustaiméara. Is maith leis an gCoiste a chlos uaidh, leis an bplean nua slánaíochta, gur caoithiúla go mór íoc díreach a dhéanamh leis na hospidéil, mar go n-íocfar an bille ospidéil go hiomlán anois. Má ghlactar leis go bhfaighidh an Bord údarás a chuid comhaltaí chun íocaíochtaí díreacha a dhéanamh, ba chóir go bhféadfadh ÁSS an modh íocaíochta sin a thabhairt isteach roimh dheireadh 1980.17


27. In aighneacht chun an Choiste, dúirt an Comhlachas do Leas Leanaí in Ospidéal (Éire), “nach dtugtar sochair ÁSS do chumhdach máithreacha a théann in éineacht lena gcuid leanaí óga don ospidéal. Baintear táille amach de mháithreacha i leith cóiríochta—go minic de réir ráta othair phríobháidigh.” Ag trácht dó ar an aighneacht sin dúirt an tArdbhainisteoir Cúnta leis an gCoiste, “má sholáthraíonn na hospidéil na saoráidí sin nó go mbíonn gá dáiríre leo, bheimis go deimhin sásta cuidiú leo mar measaimid gur rí-mhaith an rud é”.18 Is maith leis an gCoiste an ráiteas sin.


III COSTAIS LIACHTA

(j) Pátrúin chostais

28. Ar nós áiteanna eile d’ardaigh costais liachta in Éirinn mar gheall ar ardú do theacht ar rátaí úsáidte agus mar gheall ar phraghsanna, táillí agus muirir do mhéadú. Bhí éifeacht ag an dá ní sin ar an méadú a tháinig ar íocaíochtaí éilimh ag ÁSS, agus bhí éifeacht amhlaidh ag méadú ar líon na gcomhaltaí agus cumhdach níos fairsinge. Sna 19 mbliana 1958/9-1977/78 tháinig méadú faoi thrí ar dhearbh-íocaíochtaí éilimh an comhalta, i.e. na híocaíochtaí éilimh uile, arna gcoigeartú de réir boilsciúcháin, agus arna roinnt ar an líon comhaltaí. Mhéadaigh an meán-éileamh othair ospidéil (Foscríbhinn I—Tábla A) i mbuan-phraghsanna 1970 ó £53.60 i 1958/59 go dtí £68.10 i 1968/69, méadú 27 faoin gcéad in imeacht deich mbliana, agus ansin go dtí £80.30 i 1977/78, is é sin méadú 50 faoin gcéad sna 19 mbliana go huile. (Ní foláir a rá go raibh na méaduithe sin i gcoibhneas le meán na bpraghsanna, arna dtomhas leis an bPraghas-Treoir Tomhaltóra. An méadú ainmniúil, i.e., i bpraghsanna reatha, ghabh sé ó £33.50 go dtí £200.60 i gcaitheamh na tréimhse céanna, ardú tuairim 500 faoin gcéad). Rud chomh suntasach leis sin ab ea an méadú ar líon na n-éileamh an duine (Foscríbhinn 1—Tábla B), rud a chomharthaíonn rátaí úsáidte níos airde agus cumhdach níos fairsinge, fara le rudaí eile. D’ardaigh éilimh bhliantúla an comhalta ó .047 i 1958/59 go dtí .081 sna deich mbliana dar críoch 1968/69, agus ansin arís go dtí .119 i 1977/78, méadú de bhreis agus 150 faoin gcéad in imeacht naoi mbliana déag.


29. Bhí ag méadú ar an meánuimhir laethanta ospidéil an t-eileamh othair (Foscríbhinn 1—Tábla B) ar feadh an chéad dá bhliain déag de ÁSS, nó gur shroich siad buaicphointe i 1970/71. Ón am sin tá sé tar éis titim (mar atá tréimhsí san ospidéal tar éis titim i gcoitinne, in Éirinn agus in áiteanna eile) go dtí 11.4 lá, áireamh is lú ná an líon do 1959/60, agus 19 faoin gcéad níos lú ná an buaicphointe. Is é an dóigh go leanfaidh an líon sin ag titim amach anseo chomh fada agus is féidir a fheiceáil. Is inchomparáid na meán-tréimhsí ospidéil an t-othar idir ÁSS agus an Fiosrúchán faoi Othair Ospidéil, 19 ar a n-áirítear othair ÁSS agus neamh-ÁSS ach go formhór othair neamh-ÁSS. Sa bhliain is déanaí a bhfuil staidreamh ÁSS agus Fiosrúchán faoi Othair Ospidéil ar fáil ina leith, 1976, ba é an meán ÁSS 12.2 lá, agus ba é an meántréimhse a cuireadh in iúl i bhFiosrúchán faoi Othair Ospidéil 11.0 lá. Ach nuair a fágtar an earnáil “easláinte meabhrach” ar lár, fanann meánlíon FOS ar a 11.0 ach titeann meánlion ÁSS go dtí 10.6. (Is dócha gurb é fáth na difríochta gan aon ospidéil siceolaíochta a bheith ar áireamh i FOS). Dá bhrí sin níl aon bhonn sa staidreamh sin a dtuigfí as go bhfuil modhanna ÁSS ina gcúis le treise a chur le úsáid gan tairbhe a bhaint as saoráidí ospidéil.


(k) Faireachas

30. Cosúil le formhór na n-eagraíochtaí árachais sláinte i dtíortha eile, íocann ÁSS na héilimh a chuirtear isteach chuige chomh fada agus tá an t-éilitheoir faoi árachas, an mhír áirithe cumhdaithe ag an bpolasaí, agus an méid gan bheith iomarcach (féach mír 32). Níl bonn ar bith le ÁSS do dhéanamh aon fhiafraithe faoi éilimh ar an bhforas go raibh an chóireáil nó an nós imeachta neamhriachtanach ó thaobh liachta, nó gur caitheadh an iomarca ama san ospidéal, nó nach raibh an chóireáil chomh costaséifeachtúil agus a bheadh cinn dá mhalairt a bhí ar fáil. Is é sin le rá, fágtar cinntí leighis ar fad faoi lucht gairme leighis. Tá locht faighte ar an mbealach sin ag Culyer agus Maynard mar a leanas:


“Like many other private, and indeed public insurance agencies in other countries, VHI has not exhibited any vigorous desire to contain costs by demanding more cost-effective therapies of the physicians. The physician has considerable power to determine the demand for his product, and, as for any other person or institution, such discretion can be mis-used. [There are] …. potential gains to be derived from greater emphasis on therapy effectiveness and minimum cost procedures.”20


31. Deir ÁSS i meabhrán breise21 a chuir siad faoi bhráid an Choiste:—


“…. We have kept abreast of the literature regarding utilisation review and we have seen statements, particularly from North America, to the effect that each dollar spent on utilisation review saves seven dollars, but the point must be made that much of this saving seems to come in the area of detection of fraud …. The degree of fraud in health care in Ireland is negligible and …. we very much doubt therefore that expenditure on utilisation review would yield any significant saving to our members and would, more likely, increase the administration cost.”


Glacann an Coiste le tuairim an Bhoird sa ní seo, ach molann sé go n-athbhreithneofaí an scéal ó am go ham.


32. Cuireann ÁSS sceideal táillí timpeall a shonraíonn an méid is mó a d’íocfaidís de ghnáth i leith gach nós imeachta nó cóireáil sa liosta, sa tslí dá mbeadh bille á bhaint amach ag sainchomhairleoir ar shuim níos airde, go gcaithfeadh an t-othar an difríocht a íoc. Tugtar an sceideal sin cothrom le dáta go tráthrialta chun boilsciú liachta a chur san áireamh agus tá an-éifeacht aige in Éirinn ar na táillí a cheapann dochtúirí aonair amach, ar a shon gan amhras nach bhfuil aon oibleagáid orthu a gcuid táillí a choinneáil de réir na teorann a bhaineann leis na méideanna i sceideal an ÁSS. Dúirt an Leas-Ardbhainisteoir leis an gCoiste, dá dtugadh sainchomhairleoir bille ab airde ná an méid a bhí ÁSS toilteanach a íoc ar an gcóireáil a tugadh, nach mbeadh aon chúiteamh le fáil aige ón ÁSS ach go gcaithfeadh sé an scéal a chur faoi bhráid an tsainchomhairleora. Dúirt sé, áfach, go dtarlódh gur ceapadh amach an sochar a d’íoc an ÁSS ar bhonn tuairisc mhícheart éigin ar an nós imeachta liachta a rinneadh, agus go n-athbhreithneodh an ÁSS an sochar dá mba mar sin a tharla.22


33. Ar chúiseanna éagsúla, ar follas dá bhformhór, níl aon chóras aireachais sláinte sa domhan a d’fhéadfadh, ná a cheapfadh gur mhaith an rud é, bheith ag braith ar othair chun billí liachta as a n-acmhainní féin a íoc. Ina ionad sin, tá airgeadas bunaithe ar chomhshocrú éigin d’aireachas réamhíoctha ar nós an “Eagraíocht Chothabhála Sláinte” mar a thugtar air, árachas sláinte saorálach, árachas sóisialta, agus an státchiste, is é sin, airgead an cháiníocóra. Toradh nach bhfuil seachaint air, de réir dhealraimh, is ea nach dtugann siad sin a úsáideann seirbhísí liachta mórán aird ar chostais. Is é sin, nuair a bhíonn siad á chinneadh an bhfaighidh siad cóireáil liachta agus conas, cathain agus cá háit, ní gnách dóibh na costais a bhainfeadh leis na rúdaí éagsúla a chinnfidís a chur san áireamh. Tá sé sin luaite go minic mar mhíniú amháin ar an ardú mear atá tagtha ar chostais liachta le blianta beaga anuas. Saoileann an Bord é bheith tábhachtach go mbeadh fios ag othair, is cuma poiblí nó príobháideach dóibh, ar chostais a gcóireála. (Mar atá, bíonn a fhios ag othair phríobháideacha, bídís san ÁSS nó ná bíodh, ar mhuirear a gcuid cóireála, ach ní bhíonn ar an gcostas, agus is é an difríocht eatarthu na fóirdheontais a thugann an Stát i leith aire phríobháideach. Tugann an Stát deontais thábhachtacha airgid, reatha agus caipitiúla, d’ospidéil phoiblí, sa tslí go bhfaigheann an sainchomhairleoir saoráidí áirithe de bhua fóirdheontas dá c(h)leachtadh príobháideach. Ó Aibreán 1979 tá cúnamh airgid á thabhairt ag an Stát freisin i leith costais chothabhála na n-othar go léir sna hospidéil phríobháideacha).


IV SAOTHAR

(l) Brabúsmhaireacht

34. Tá trí shlí ina bhféadfar saothar an ÁSS a mheas: brabúsmhaireacht; éifeachtúlacht (nó táirgiúlacht); agus fás. Déanann ÁSS go maith sa trí shlí acu, agus go han-mhaith i gcuid acu, de réir na gcaighdeán gnáith. Lasmuigh de thréimhse i lár na seachtóidí, ní féidir é a lochtú ó thaobh brabús a dhéanamh. Forálann Acht 1957 go mbeidh ioncam an Bhoird ó ranníocaí maraon lena chuid fáltas eile (má bhíonn ann) leordhóthanach chun na muirir a íoc is inmhuirir go cuí ar ioncam. Mar sin ní gá brabús bliantúil ná comhardadh bliantúil. I gcaitheamh iomlán bliana agus fichead oibre, níor thaispeáin ÁSS easnamh ach i dtrí cinn—1967/68, 1973/74 agus 1974/75, mar a thaispeántar i bhFoscríbhinn 3. I ndiaidh a chéile a tháinig an dá bhliain easnaimh is deireanaí, áfach, agus laghdaigh siad sin airgead cúltaca ÁSS (sócmhainní lúide dliteanais) go dtí an leibhéal íseal dainséarach £74,630. (Creideann an Bord gur cheart go mbeadh a chuid airgid cúltaca comhionann le híocaíochtaí éileamh trí mhí, tuairim.23 I 1975 níor leor £75,000 le haghaidh íocaíochtaí éileamh seachtaine amháin. Cé gur fhill na cuntais ioncaim/caiteachais ar staid barrachais i 1975/76, agus nach bhfuil ach barrachais á dtaispeáint acu ó shin, chuir ÁSS in iúl gur cailleadh airgead ar a gcuid oibríochtaí árachais i 1975/76 agus 1976/77; bhí na heasnaimh sin á nglanadh, áfach, agus thairis, le hioncam infheistíochtaí, mar a thaispeántar i bhFoscríbhinn 3. Mar sin bhain ceithre bliana caillteanais as a chéile do ÁSS ar fhrithgheallúint. Ag trácht ar easnamh 1967/68, dúirt ÁSS ina thuarascáil bhliantúil, “Is é an chúis, go bunúsach, a bhí leis an easnamh gur tharla méadú tuairim 5 faoin gcéad i 1967/68 ar an gcóireáil d’othair ospidéil, tar éis é d’fhanúint gan athrú geall leis le trí bliana roimhe sin.” Chuir tuarascáil bhliantúil 1974/75 easnaimh 1973/74 agus 1974/75 i leith “toradh an bhoilscithe agus méadú ar ráta na n-éileamh.” Ní thugann na tuarascálacha bliantúla míniú ar na caillteanais frithgheallúna sa dá bhliain ina dhiaidh sin. Dúirt Cathaoirleach ÁSS leis an gCoiste nach raibh na heasnaimh iontu féin ina mbonn le haon deacrachtaí, ach go mbeidís dá leanfaidís, agus mar gheall air sin d’ardaigh an Bord a rátaí préimhe i 1975. Dúirt sé “ón uair sin i leith, leis an méadú ar líon na gcomhaltaí nua agus an méadú maith mór ar ár n-ioncam infheistíochta, táimid sa riocht go tobann go bhfuil deireadh leis na deacrachtaí sin ar fad.”24


35. Sa tuarascáil bhliantúil uaidh don bhliain dar críoch 28 Feabhra 1978, dúirt an Bord go raibh cúltacaí airgid £2,584,503 acu, suim ab ionann tuairim agus éilimh dhá mhí. Dúirt Cathaoirleach ÁSS leis an gCoiste go bhfuil na cúltacaí méadaithe anois go dtí £5,000,000.25 Tá sé sin go maith os cionn éilimh trí mhí le réir leibhéal éileamh 1979. Dúirt Comhalta den Bhord, an tUasal Dennis, nach bhfuil sa treoirlíne maidir le cúltacaí a bheith comhionann le héilimh trí mhí ach riail láimhe nó sprioc, agus go bhfuil lucht árachais sláinte ar malairt tuairim i dtaobh cén leibhéal is ceart, cuid acu ag áiteamh gur éilimh sé mhí é, cuid eile á rá gur éilimh bliana is ceart.26 Dúirt an Leas-Ardbhainisteoir gurbh é tábhacht na gcúltacaí go dtugann siad am chun treoghluaiseachtaí atá ag teacht a bhreithniú gan beart ró-ghrod a dhéanamh.27


(m) Cion riaracháin

36. Is gnách go dtaispeántar éifeachtúlacht nó táirgiúlacht fiontar árachais leis an gcothrom a bhíonn idir chostas riaracháin agus ioncam ranníocaíochta nó ioncam iomlán. Déanann ÁSS gnó maith de réir cheachtar caighdeán, mar is léir i bhFoscríbhinn I—Tábla A. D’fhan costas riaracháin go seasamhach faoi bhun 20 faoin gcéad den ioncam iomlán agus ranníocaíochta ach amháin i bhfíor-thosach an ÁSS, agus tá sé fanta faoi bhun 10 faoin gcéad ó 1968/69. Is comhartha an laghdú leanúnach sa dá mhiosúr sin ar an ardú a tháinig ar chostais liachta i gcoibhneas le costais riaracháin ÁSS, ach gan aon amhras comharthaíonn cuid mhór de feabhsuithe ar éifeachtúlacht, rud is ábhar bróid ag Bord ÁSS agus a bhfoireann agus a cheart-chúis acu leis. Dúirt an tUasal Dennis leis an gCoiste gur cúis amháin atá leis gur choinnigh ÁSS cothrom le dáta i gcónaí le teicneolaíocht agus úsáid ríomhaire; d’úsáid siad ríomhaire Aer Lingus ar conradh i gcéaduair agus fuair siad ceann dá gcuid féin ina dhiaidh sin.28 Le déanaí tá ÁSS tar éis athrú anonn ar fad a dhéanamh agus éilimh ospidéil faoi na pleananna nua a phróiseáil le ríomhaire.


(n) Méadú comhaltais

37. Is iontach mar a d’fhás ÁSS, mar is léir ó Fhoscríbhinn 1—Tábla B. Dhúbail an líon comhaltaí, á áireamh de réir daoine a cuireadh faoi árachas, sa chéad dá bhliain, 1958/59 go 1960/61, dhúbail sé arís sa chéad cheithre bhliain eile, fós arís sa chéad sé bhliain eile, agus is beag nár dhúbail arís sa chéad ocht mbliana eile. Fara leis na figiúirí a thaispeántar san Fhoscríbhinn, atá bunaithe ar thuarascálacha bliantúla, dúirt an Leas-Ardbhainisteoir leis an gCoiste gur tháinig 52,000 de mhéadú ar líon na gcomhaltaí sa bhliain dar críoch Feabhra, 1979, agus san am sin ba shin é an méadú ba mhó in aghaidh bliana, agus sa chéad naoi mí den bhliain 1979/80 (a thosaigh an 1 Márta 1979), gur tháinig 105,000 de mhéadú ar an gcomhaltas ionas gur shroich sé líon de bhreis agus 800,00029—tuairim 23 faoin gcéad den daonra. Mhéadaigh uimhir na n-éileamh níos luaithe ná líon na gcomhaltaí (Foscríbhinn 1—Tábla B). Comharthaíonn an fás sin ní hamháin méadú ar líon na gcomhaltaí, dá bhrí sin, ach fairsingiú ar na sochair agus méadú na n-éileamh ar aireachas sláinte chomh maith.


38. Dúirt ÁSS gur thaispeáin suirbhé go raibh tuairim 30 faoin gcéad de na daoine go léir a bhí ag úsáid saoráidí ospidéil i Nollaig 1979 nach raibh faoi árachas ag ÁSS.30 Taispeánann sé sin nach bhfuil buaic fáis sroichte go fóill ag ÁSS ó thaobh líon comhaltaí do mhéadú. Cé nach bhfuil ach teideal Earnáil III faoi na Seirbhísí Sláinte Stáit ag formhór mór rannpháirithe ÁSS, tá teideal Earnáil II ag mionchuid tábhachtach díobh.31 Má leanann ÁSS de líon a chuid rannpháirtithe a mhéadú as measc na ndaoine le teideal Earnáil II, d’fhéadfadh líon a chuid comhaltaí a bheith an-mhór go deimhin.


V PEARSANRA AGUS PLEANÁIL

(o) Pearsanra

39. Tá 51 post bainistíochta agus maoirseachta, agus 150 post foirne ar áireamh sa phríomh-aighneacht a chuir ÁSS32 faoi bhráid an Choiste. Lasmuigh de na saineolaithe, líontar na poist ó lucht fágála scoile agus trí ardú céime ón lucht foirne laistigh. Is beag díospóid tionscail a tharla riamh san ÁSS. Níl aon fhostaithe ar Bhord ÁSS.


(p) Pleanáil

40. Cé go mbíonn ÁSS, mar a bhíonn gach eagraíocht eile geall leis, ag pleanáil don am le teacht, níl aon nós imeachta foirmiúil acu faoi láthair ná níl aon phlean foirmiúil scríbhinne. Tá réamh-fhiosruithe déanta, áfach, le hintinn pleanáil fadtéarma ar bhonn níos foirmiúla a ghlacadh ar láimh, le cúnamh ó chomhairleoirí saineolais. Dúirt an Bord sa phríomh-aighneacht a chuir sé faoi bhráid an Choiste, gurb é a phríomh-chúram go ceann roinnt bheag bliana eile cúrsaí teicneolaíochta agus margaíochta.


VI FOCAL SCOIR

41. Gabhann an Coiste comhghairdeas le Bord, lucht bainistí agus fostaithe ÁSS i dtaobh iad do ghníomhú chomh sármhaith sin mar chomhlacht Stát-tionscanta agus go deimhin iad a bheith ina sampla den chéad-scoth. Molann an Coiste, ó tá tábhacht leis, go mbainfeadh ÁSS feidhm, sna blianta le teacht, as a n-ard-éirim agus a sárchumas chun costais liachta a choinneáil faoi shrian.


42. Tá aighneachtaí i scríbhinn a fuarthas ó ÁSS (dhá cheann), ó cheithre cinn de na Boird Sláinte, ó Aontas na nDochtúirí agus ón gComhlachas do Leas Leanaí in Ospidéal (Éire) faoi athchló i bhFoscríbhinní 4 go 11. Ba mhór an cúnamh don Choiste na haighneachtaí sin.


43. Ba mhaith leis an gCoiste a bhuíochas a ghabháil leis an Ollamh A. Dale Tussing ón Institiúid um Thaighde Eacnamaíoch agus Sóisialach as an gcúnamh agus an chomhairle luachmhar a thug sé gach uile thráth le linn an fhiosraithe seo.


(Sínithe) EOIN Ó RIAIN


Cathaoirleach an Chomhchoiste


26 Márta 1980


1Report of Advisory Body on Voluntary Health Insurance Scheme (Prl. 3571).


2Féach Fianaise (Ceist 5)


3Féach Foscríbhinn 4


4Féach Fianaise (Ceist 38)


5Féach Fianaise (Ceisteanna 30 agus 31)


6Féach Fianaise (Ceist 52)


7Féach Foscríbhinn 4


8Féach Fianaise (Ceist 34)


9Advisory Body on Voluntary Health Insurance Scheme—féach mír 1 den Tuarascáil seo.


10Féach Fianaise (Ceist 25)


11Féach Fianaise (Ceist 51)


12Féach Fianaise (Ceist 53)


13Féach Foscríbhinn 10


14Féach Fianaise (Ceist 18)


15Féach Fianaise (Ceist 82)


16Féach Fianaise (Ceist 26)


17Féach Fianaise (Ceist 68)


18Féach Fianaise (Ceist 71)


19Department of Health, Statistical Information relevant to the Health Services; Various Years.


20NESC, “Some Major Issues in Health Policy”, Tuarascáil Uimh. 29, Leathanach 48.


21Féach Foscríbhinn 5.


22Féach Fianaise (Ceist 60)


23Féach Fianaise (Ceist 82)


24Féach Fianaise (Ceist 77)


25Féach Fianaise (Ceist 77)


26Féach Fianaise (Ceist 82)


27Féach Fianaise (Ceist 80)


28Féach Fianaise (Ceist 12)


29Féach Fianaise (Ceist Ceisteanna 1 agus 2)


30Féach Fianaise (Ceist 2)


31Tá mínithe ar Earnálacha I, II agus III i The Health Services of Ireland le B. Hensey. IPA 1979.


32Féach Foscríbhinn 4.