Committee Reports::Report No. 09 - Voluntary Health Insurance Board::26 March, 1980::Orders of Reference

DÁIL ÉIREANN

ORDUITHE TAGARTHA

25 Bealtaine, 1978:—Ordaíodh: (1) Go gceapfar Roghchoiste ar a mbeidh 7 gcomhalta (nach comhalta den Rialtas ná Aire Stáit aon duine díobh) a bheidh le comhcheangal le Roghchoiste a cheapfaidh Seanad Éireann le Comhchoiste a fhoirmiú (dá ngairfear an Comhchoiste um Chomhlachtaí Stát-Tionscanta) chun scrúdú a dhéanamh ar Thuarascálacha agus Cuntais agus torthaí oibríochta i gcoitinne comhlachtaí Stát-tionscanta atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí trádála nó tráchtála dá dtagraítear i Sceideal A a ghabhann leis seo agus ar ghnéithe trádála agus/nó tráchtála na dTuarascálacha agus na gCuntas agus torthaí oibríochta i gcoitinne an chomhlachta Stát-tionscanta dá dtagraítear i Sceideal B a ghabhann leis seo agus tuarascáil a thabhairt ina dtaobh sin do dhá Theach an Oireachtais agus moltaí a dhéanamh más cuí.


(2) Go bhféadfaidh Aire na Seirbhíse Poiblí le comhaontú an Aire Airgeadais, agus tar éis dó comhairle a ghlacadh leis an gComhchoiste, ainmneacha comhlachtaí Stát-tionscanta eile atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí trádála nó tráchtála a chur ó am go ham leis na Sceidil agus, le toiliú an Chomhchoiste agus an Aire Airgeadais, go bhféadfaidh sé ainmneacha aon chomhlachtaí ar dóigh leis nach comhlachtaí Státtionscanta iad ag gabháil a thuilleadh do ghníomhaíochtaí trádála nó tráchtála a scriosadh as na Sceidil.


(3) Go staonfaidh an Comhchoiste, má iarrann comhlacht Stát-tionscanta é, ó fhaisnéis rúnda a fhoilsiú maidir le gníomhaíochtaí agus pleananna an chomhlachta.


(4) Go mbeidh cumhacht ag an gComhchoiste fios a chur ar dhaoine, ar pháipéir agus ar thaifid agus, faoi réir thiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, seirbhísí daoine ag a bhfuil saineolas nó eolas teicniúil a fhostú chun cabhrú leis maidir le fiosruithe áirithe.


(5) Go ndéanfaidh an Comhchoiste, roimh thosach gnó, duine dá chomhaltaí a thoghadh mar Chathaoirleach, agus gan ach vóta amháin a bheith aige.


(6) Go ndéanfar na ceisteanna go léir sa Chomhchoiste a chinneadh trí thromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh agus i gcás comhionannas vótaí go gcinnfear gur freagra diúltach a tugadh ar an gceist.


(7) Go mbeidh cumhacht ag an gComhchoiste miontuairiscí fianaise a ghlacfar os a chomhair mar aon le cibé doiciméid ghaolmhara is cuí leis a chlóbhualadh agus a fhoilsiú ó am go ham.


(8) Go gcuirfear gach tuarascáil a bheartóidh an Comhchoiste a thabhairt faoin Ordú seo, arna glacadh ag an gComhchoiste, faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais láithreach agus as a aithle sin go mbeidh ar chumas an Chomhchoiste an tuarascáil sin, agus, más cuí leis, aon fhianaise agus doiciméid ghaolmhara eile a tugadh dó, a chlóbhualadh agus a fhoilsiú.


(9) Gur 4 chomhalta den Choiste is Córam dó agus duine amháin ar a laghad díobh ina chomhalta de Dháil Éireann agus duine amháin ar a laghad díobh ina chomhalta de Sheanad Éireann.


Sceideal A

Aer Lingus, Teoranta


Aerlínte Éireann, Teoranta


Aer Rianta, Teoranta


Corparáid an Chairde Talmhaíochta, Teoranta


Arramara Teoranta


Bord na Móna


British & Irish Steam Packet Company Limited


Ceimicí, Teoranta


Comhlucht Siúicre Éireann, Teoranta


Córas Iompair Éireann


Bord Soláthair an Leictreachais


Fóir Teoranta


Cuideachta an Chairde Tionscail, Teoranta


Bord Gáis Éireann


Irish Life Assurance Company Limited


Comhlacht Graí Náisiúnta na hÉireann, Teoranta


Loingeas Éireann Teoranta


Gabháltais Chruach na hÉireann Teoranta


Min Fhéir (1959) Teoranta


An Ghníomhaireacht Foirgníochta Náisiúnta Teoranta


Nítrigin Éireann Teoranta


Óstlanna Iompair Éireann Teoranta


An Coimisiún Muc agus Bagúin


Radio Telefís Éireann


An Bord Árachais Sláinte Shaorálaigh.


Sceideal B

Gaeltarra Éireann.


28 Meitheamh, 1978:—Teachtaí a ainmníodh chun fónamh ar an gComhchoiste: Barra Deasún, Séamus Mac Síomóin, Liam Ó Cinnfhaolaidh, Liam Ó Leathlobhair, Cathal Mac Riabhaigh, Liam Ó Briain agus Tomás Ó Domhnaill.


12 Márta, 1980:—Ceapadh an Teachta Aibhistín Déiseach in ionad an Teachta Tomás Ó Domhnaill a urscaoileadh.


SEANAD ÉIREANN

ORDUITHE TAGARTHA

31 Bealtaine, 1978:—Ordaíodh: (1) Go gceapfar Roghchoiste ar a mbeidh 4 chomhalta (nach comhalta den Rialtas ná Aire Stáit aon duine díobh) a bheidh le comhcheangal le Roghchoiste a cheap Dáil Éireann le Comhchoiste a fhoirmiú (dá ngairfear an Comhchoiste um Chomhlachtaí Stát-Tionscanta) chun scrúdú a dhéanamh ar Thuarascálacha agus Cuntais agus torthaí oibríochta i gcoitinne comhlachtaí Státtionscanta atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí trádála nó tráchtála dá dtagraítear i Sceideal A a ghabhann leis seo agus ar ghnéithe trádála agus/nó tráchtála na dTuarascálacha agus na gCuntas agus torthaí oibríochta i gcoitinne an chomhlachta Stát-tionscanta dá dtagraítear i Sceideal B a ghabhann leis seo agus tuarascáil a thabhairt ina dtaobh sin do dhá Theach an Oireachtais agus moltaí a dhéanamh más cuí.


(2) Go bhféadfaidh Aire na Seirbhíse Poiblí le comhaontú an Aire Airgeadais, agus tar éis dó comhairle a ghlacadh leis an gComhchoiste, ainmneacha comhlachtaí Stát-tionscanta eile atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí trádála nó tráchtála a chur ó am go ham leis na Sceidil agus, le toiliú an Chomhchoiste agus an Aire Airgeadais, go bhféadfaidh sé ainmneacha aon chomhlachtaí ar dóigh leis nach comhlachtaí Státtionscanta iad ag gabháil a thuilleadh do ghníomhaíochtaí trádála nó tráchtála a scriosadh as na Sceidil.


(3) Go staonfaidh an Comhchoiste, má iarrann comhlacht Stát-tionscanta é, ó fhaisnéis rúnda a fhoilsiú maidir le gníomhaíochtaí agus pleananna an chomhlachta.


(4) Go mbeidh cumhacht ag an gComhchoiste fios a chur ar dhaoine, ar pháipéir agus ar thaifid agus, faoi réir thoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, seirbhísí daoine ag a bhfuil saineolas nó eolas teicniúil a fhostú chun cabhrú leis maidir le fiosruithe áirithe.


(5) Go ndéanfaidh an Comhchoiste, roimh thosach gnó, duine dá chomhaltaí a thoghadh mar Chathaoirleach, agus gan ach vóta amháin a bheith aige.


(6) Go ndéanfar na ceisteanna go léir sa Chomhchoiste a chinneadh trí thromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh agus i gcás comhionannas vótaí go gcinnfear gur freagra diúltach a tugadh ar an gceist.


(7) Go mbeidh cumhacht ag an gComhchoiste miontuairiscí fianaise a ghlacfar os a chomhair mar aon le cibé doiciméid ghaolmhara is cuí leis a chlóbhualadh agus a fhoilsiú ó am go ham.


(8) Go gcuirfear gach tuarascáil a bheartóidh an Comhchoiste a thabhairt faoin Ordú seo, arna glacadh ag an gComhchoiste, faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais láithreach agus as a aithle sin go mbeidh ar chumas an Chomhchoiste an tuarascáil sin, agus, más cuí leis, aon fhianaise agus doiciméid ghaolmhara eile a tugadh dó, a chlóbhualadh agus a fhoilsiú.


(9) Gur 4 chomhalta den Choiste is Córam dó agus duine amháin ar a laghad díobh ina chomhalta de Dháil Éireann agus duine amháin ar a laghad díobh ina chomhalta de Sheanad Éireann.


Sceideal A

Aer Lingus, Teoranta


Aerlínte Éireann, Teoranta


Aer Rianta, Teoranta


Corparáid an Chairde Talmhaíochta, Teoranta


Arramara Teoranta


Bord na Móna


British & Irish Steam Packet Company Limited


Ceimicí, Teoranta


Comhlucht Siúicre Éireann, Teoranta


Córas Iompair Éireann


Bord Soláthair an Leictreachais


Fóir Teoranta


Cuideachta an Chairde Tionscail, Teoranta


Bord Gáis Éireann


Irish Life Assurance Company Limited


Comhlacht Graí Náisiúnta na hÉireann, Teoranta


Loingeas Éireann Teoranta


Gabháltais Chruach na hÉireann Teoranta


Min Fhéir (1959) Teoranta


An Ghníomhaireacht Foirgníochta Náisiúnta Teoranta


Nítrigin Éireann Teoranta


Óstlanna Iompair Éireann Teoranta


An Coimisiún Muc agus Bagúin


Radio Telefís Éireann


An Bord Árachais Sláinte Shaorálaigh.


Sceideal B

Gaeltarra Éireann.


7 Meitheamh, 1978:—Seanadóirí a ainmníodh chun fónamh ar an gComhchoiste:


Pádraig Ó Cuana, Deasún Ó hAinifín, Saorbhreathach Céitinn agus Eoin Ó Riain.


Thogh an Comhchoiste an Seanadóir Eoin Ó Riain mar Chathaoirleach agus an Seanadóir Pádraig Ó Cuana mar Leas-Chathaoirleach ag a chruinniú an 29 Meitheamh, 1978.