Committee Reports::Report - Consolidation Bills on the Social Welfare (Consolidation) Bill, 1980::18 December, 1980::Report

TUARASCÁIL

1. Tá an Coiste tar éis an Bille a bhreithniú agus tar éis fianaise ina thaobh a ghlacadh. Rinne sé leasuithe áirithe ar an mBille ar féidir iad a aicmiú mar a leanas:—


(a) leasú ba ghá, mar gheall ar na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Modhnú ar Choinníollacha Ranníoca i leith Sochair), 1980 (I.R. Uimh. 383 de 1980), a dhéanamh.


(b) leasuithe ba dhealraitheach dó a bheith riachtanach le foirm an Bhille a fheabhsú.


2. Cuireadh i láthair an Choiste scéala ón Ard-Aighne á rá maidir leis na leasuithe go léir a cuireadh síos gur leasuithe iad de shaghas atá ar intinn i mBuan-Orduithe Dháil Éireann agus Sheanad Éireann i dtaobh Billí Comhdhlúite. Ghlac an Coiste leis na leasuithe sin go léir.


3. Is é tuairim an Choiste go léiríonn an Bille, arna leasú, an dlí reachtúil mar atá sé.


(Sínithe) SÉAMUS Ó CAOIMH,


Cathaoirleach.


18 Nollaig, 1980