Committee Reports::Report - Consolidation Bills on the Social Welfare (Consolidation) Bill, 1980::18 December, 1980::Orders of Reference

DÁIL ÉIREANN

ORDUITHE TAGARTHA

2 Samhain, 1977:—Ordaíodh: Go ndéanfar, de bhun Buan-Ordú Uimh. 112 de na Buan-Orduithe i dtaobh Gnó Phoiblí, Roghchoiste a cheapadh a bheidh le comhcheangal le Roghchoiste ó Sheanad Éireann chun an Buan-Chomhchoiste um Billí Comhdhlúite a chomhdhéanamh:


Nach mbeidh ach vóta amháin ag Cathaoirleach an Chomhchoiste: agus


Go ndéanfar gach ceist sa Chomhchoiste a chinneadh le tromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh agus i gcás comhionannas vótaí gur freagra diúltach a thabharfar ar an gceist. [Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh].


Cuireadh teachtaireacht chun an tSeanaid á chur sin in iúl dó.


9 Samhain, 1977:—Teachtaireacht ón Seanad: “Tá Seanad Éireann tar éis an tOrdú seo a leanas a dhéanamh:—


‘Go ndéanfar, de bhun Buan-Ordú Uimh. 101 de na Buan-Orduithe i dtaobh Gnó Phoiblí, Roghchoiste a cheapadh a bheidh le comhcheangal le Roghchoiste ó Dháil Éireann chun an Buan-Comhchoiste um Billí Comhdhlúite a chomhdhéanamh;


Nach mbeidh ach vóta amháin ag Cathaoirleach an Chomhchoiste; agus


Go ndéanfar gach ceist sa Chomhchoiste a chinneadh le tromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh agus i gcás comhionannas vótaí gur freagra diúltach a thabharfar ar an gceist.’ ”


30 Samhain, 1977:—Comhaltaí a ainmníodh chun fónamh ar an mBuan-Chomhchoiste um Billí Comhdhlúite: na Teachtaí Seán Ó Callanáin, Vivion de Valera agus Séamus Ó Caoimh.


29 Deireadh Fómhair, 1980:—Beartaíodh: Go bhfuil sé oiriúnach go gcuirfear an Bille Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1980, faoi bhráid an Bhuan-Chomhchoiste um Billí Comhdhlúite [An tAire Leasa Shóisialaigh].


Ordaíodh: Teachtaireacht a chur chun an tSeanaid á iarraidh air aontú leis an Rún seo.


19 Samhain, 1980:—Teachtaireacht ón Seanad:—Tá Seanad Éireann tar éis an Rún seo a leanas a rith:—


‘Go gcomhthoilíonn Seanad Éireann le Dáil Éireann ina Rún a cuireadh in iúl de Sheanad Éireann an 29ú lá de Dheireadh Fómhair, 1980. go bhfuil sé oiriúnach go gcuirfear an Bille Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú). 1980, faoi bhráid an Bhuan-Chomhchoiste um Billí Comhdhlúite.’ ”


Ordaíodh: Go gcuirfear an Bille Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1980, faoi bhráid an Bhuan-Chomhchoiste um Billí Comhdhlúite: agus


D’ainneoin aon ní í mBuan-Ordú 111, go gcomórfar an chéad chruinniú den Choiste Dé Céadaoin. 26 Samhain, 1980. [An tAire Leasa Shóisialaigh].


Cuireadh Teachtaireacht chun an tSeanaid á chur sin in iúl dó.


19 Samhaín. 1980:—Teachtaireacht ón Seanad:—“Tá Seanad Éireann tar éis an tOrdú seo a leanas a dhéanamh:—


‘Go gcuirfear an Bille Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1980, faoi bhráid an Bhuan-Chomhchoiste um Billí Comhdhlúite: agus


D’ainneoin aon ní i mBuan-Ordú 107, go gcomórfar an chéad chruinniú den Choiste Dé Céadaoin. 26 Samhain, 1980.’”


20 Samhain, 1980:—Comhaltaí a cuireadh leis an mBuan-Chomhchoiste um Billí Comhdhlúite d’fhonn breithniú a dhéanamh ar an mBille Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú). 1980: na Teachtaí Beircheart Ó hEachtigheirn. Seán Ó Beoláin agus Seán Ó Conaill.


SEANAD ÉIREANN

ORDUITHE TAGARTHA

9 Samhain, 1977:—Teachtaireacht ón Dáil: “Tá Dáil Éireann tar éis an tOrdú seo a leanas a dhéanamh:—


‘Go ndéanfar, de bhun Buan-Ordú Uimh. 112 de na Buan-Orduithe i dtaobh Gnó Phoiblí, Roghchoiste a cheapadh a bheidh le comhcheangal le Roghchoiste ó Sheanad Éireann chun an Buan-Chomhchoiste um Billí Comhdhlúite a chomhdhéanamh:


Nach mbeidh ach vóta amháin ag Cathaoirleach an Chomhchoiste: agus


Go ndéanfar gach ceist sa Chomhchoiste a chinneadh le tromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh agus i gcás comhionannas vótaí gur freagra diúltach a thabharfar ar an gceist.’ ”


Ordaíodh: Go ndéanfar, de bhun Buan-Ordú Uimh. 101 de na Buan-Orduithe i dtaobh Gnó Phoiblí. Roghchoiste a cheapadh a bheidh le comhcheangal le Roghchoiste ó Dháil Éireann chun an Buan-Chomhchoiste um Billí Comhdhlúite a chomhdhéanamh:


Nach mbeidh ach vóta amháin ag Cathaoirleach an Chomhchoiste; agus


Go ndéanfar gach ceist sa Chomhchoiste a chinneadh le tromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh agus i gcás comhionannas vótaí gur freagra diúltach a thabharfar ar an gceist. [An Seanadóir Eoin Ó Riain].


23 Samhain. 1977:—Seanadóirí a ainmníodh chun fónamh ar an mBuan-Chomhchoiste:—Na Seanadóirí Mac Gearailt, Ó hIrighile agus Ó Maolchatha.


19 Aibreán, 1978:—Ceapadh an Seanadóir Ó Donnghaile in ionad an tSeanadóra Ó Maolchatha, a urscaoileadh.


19 Samhain, 1980:—Teachtaireacht ón Dáil: “Tá Dáil Éireann tar éis an Rún seo a leanas a rith agus is mian léi Seanad Éireann d’aontú leis:—


‘Go bhfuil sé oiriúnach go gcuirfear an Bille Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1980, faoi bhráid an Bhuan-Chomhchoiste um Billí Comhdhlúite.’ ”


Beartaiodh: Go n-aontaionn Seanad Éireann le Dáil Éireann ina Rún a cuireadh in iúl do Sheanad Éireann an 29ú lá de Dheireadh Fómhair. 1980, go bhfuil sé oiriúnach go gcuirfear an Bille Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú). 1980, faoi bhráid an Bhuan-Chomhchoiste um Billí Comhdhlúite. [An Seanadóir Eoin Ó Riain].


Cuireadh teachtaireacht chun na Dála á chur sin in iúl di.


19 Samhain, 1980:—Teachtaireacht ón Dáil: “Tá Dáil Éireann tar éis an tOrdú seo a leanas a dhéanamh:—


‘Go gcuirfear an Bille Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1980, faoi bhráid an Bhuan-Chomhchoiste um Billí Comhdhlúite; agus


D’ainneoin aon ní i mBuan-Ordú 111, go gcomórfar an chéad chruinniú den Choiste Dé Céadaoin, 26 Samhain, 1980.’ ”


Ordaíodh: Go gcuirfear an Bille Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1980, faoí bhráid an Bhuan-Chomhchoiste um Billí Comhdhlúite; agus


D’ainneoin aon ní i mBuan-Ordú 107, go gcomórfar an chéad chruinniú den Choiste Dé Céadaoin, 26 Samhain, 1980. [An Seanadóir Eoin Ó Riain].


Cuireadh teachtaireacht chun na Dála á chur sin in iúl di.


19 Samhain, 1980:—Seanadóirí a cuireadh leis an mBuan-Chomhchoiste chun an Bille Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1980, a bhreithniú: Na Seanadóirí Máire Ní Athairne, Micheál Ó Ceit, Máire Bean Mhic Róibín.