|
TUARASCÁILRéamhrá1. Tá an Comhchoiste tar éis meabhrán a bhreithniú a chuir an Coimisiún chun na Comhairle an 16 Iúil 1979 (8139/79) ar chion na gComhphobal Eorpach i leith forbairt seirbhísí aeriompair [COM (79) 311 críochnaitheach]. 2. Tá mionscrúdú ar an meabhrán déanta don Chomhchoiste ag a Fhochoiste ar Ábhair Shóisialta, Timpeallachta agus llghnéitheacha faoi Cheannas an tSeanadóra Máire Bean Mhic Róibín. Seachas meabhrán scríofa a bhreithniú a d’ullmhaigh Aer Lingus agus an Roinn Iompair fuair an Fochoiste caoi ar dhoiciméad an Choimisiúin a phlé go fairsing le hionadaithe na gcomhlachtaí sin. Tá an Comhchoiste faoi chomaoin ag an Seanadóir Mhic Róibín agus a Fochoiste i dtaobh a gcuid oibre. Forálacha an Chonartha3. Níl muiriompar ná aeriompar ar áireamh sa chomhbheartas iompair mar atá sin leagtha síos sa Chonradh CEE ach forálann Airteagal 84.2 go “bhféadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d’aontoil, a chinneadh cé acu is féidir, cá mhéad is féidir, agus conas is féidir, forálacha iomchuí a leagan síos do mhuiriompar agus d’aeriompar”. Ach deir an Coimisiún go bhfuil cumhachtaí roghnacha seo na Comhairle faoi réir chuspóirí ghinearálta CEE mar atá siad in Airteagal 2 den Chonradh ar a n-áirítear “forbairt chomhchuí ar ghníomhaíochtaí eacnamaíochta”. Thairis sin thaispeánfadh breithiúnas na Cúirte Breithiúnais i gCás 167/73[1974]ECR 371 go bhfuil aeriompar chomh maith le muiriompar faoi réir rialacha ginearálta an Chonartha, e.g. Airteagail 48 go 51 (saorghluaiseacht oibrithe), 52 go 58 (ceart bunaíochta), 59 go 66 (saoirse chun seirbhísí a sholáthar), 85 go 90 (rialacha iomaíochta) agus 92 go 94 (cabhracha ó stáit). Is dóigh leis an gCoimisiún gur cheart don Chomhphobal a bheith bainteach le cúrsaí aeriompair freisin mar gheall ar an ngaol atá aige le beartais Chomhphobail eile mar atá beartas tionscail (aerárthaí agus táirgiúlacht éifeachtúil), beartas réigiúnach (so-rochtaine réigiúnach), beartas fuinnimh (úsáid rianúil a bhaint as acmhainní fuinnimh) agus timpeallacht (núiseanna a laghdú). Dearcadh na Comhairle4. Beart ag an gComhairle sna blianta seo caite is ea a thugann ar an gCoimisiún a cheapadh go bhfuil an uain anois ann don Chomhphobal dul i mbun iarrachtaí chun seirbhísí aeriompair a fhorbairt a thuilleadh. I Meitheamh 1977 d’iarr an Chomhairle ar COREPER meitheal oibre a bhunú féachaint cad iad na gnéithe den eitleoireacht shibhialta arbh fhiú dlús a chur leo ar leibhéal Comhphobail. I Meitheamh 1978 cheadaigh sé an liosta tosaíochta seo a leanas lena scrúdú tar éis don mheitheal oibre iad a tharraingt suas:— (i) Comhchaighdeáin do laghdú aschur núiseanna de dheasca aerárthaí; (ii) Foirmiúlachtaí a shimpliú (éascaíocht) go háirithe iad sin a bhaineann le haerluchtú; (iii) Caighdeáin theicniúla a chur i ngníomh (JAR); (iv) (a) Forálacha maidir le cúnamh; (b) Forálacha maidir le hiomaíocht; (v) Ceadúnais a aithint go frithpháirteach (aerchriú agus foireann talún); (vi) Dálaí oibre (aerchriú agus foireann talún); (vii) Ceart Bunaíochta; (viii) Feabhsuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar sheirbhísí idirréigiúin, agus (ix) Oibríochtaí cuardaigh, tarrthála agus aisghabhála agus fiosruithe faoi thionóiscí. Féachann an Coimisiún ar na nithe sin mar chinnteidil ar a bhfuil go leor oibre ag teastáil chun clár a dhéanamh díobh. Measann sé go bhfuil tuairisc níos iomláine agus níos mine ina mheabhrán féin ar bhirt a gcaithfear cinntí beartais a leagan amach dá réir. 5. Tuigtear don Chomhchoiste go raibh fáilte fairsing go leor roimh mheabhrán an Choimisiúin sa Chomhairle nuair a thug na hAirí a mbarúil tosaigh air i Nollaig 1979. Leagadh béim air, áfach, nach raibh ansin ach barúil tosaigh agus go raibh go leor oibre agus staidéir le déanamh sul a bhféadfaí aon chinntí a ghlacadh. Meabhrán an Choimisiúin6. Is é atá ceaptha do mheabhrán an Choimisiúin caibidlíocht a chur ar aghaidh i measc institiúidí an Chomhphobail ar chuspóirí beartais fadtéarma, meántéarma agus gearrthéarma maidir le seirbhísí aeriompair an Chomhphobail. I bhfianaise na caibidlíochta sin tá sé ar intinn ag an gCoimisiún tograí sonracha a chur i láthair céim ar chéim mar a oirfidh. 7. Féachann an Coimisiún ar na cuspóirí fadtéarma atá le lorg mar nithe a thagann faoi réim Airteagal 2 de Chonradh CEE. I bhfianaise aidhmeanna an Chomhphobail mar atá siad luaite ansin is é a deir an Coimisiún go bhfuil cuspóirí oibre meántéarma agus gearrthéarma is féidir a dhéanamh amach ó leasanna úsáidirí, aerlínte, oibrithe agus an phobail i gcoitinne agus tugann sé a dtuairisc mar a leanas:— (a) Úsáidirí—Gréasán iomlán gan aon bhacainní náisiúnta mar aon le seirbhísí éifeachtacha ar phraghsanna chomh híseal agus is féidir gan aon idirdhealú; (b) Aerlínte—iad a bheith ar stáid mhaith airgid, a gcostais oibríochta a laghdú agus a dtáirgiúlacht a mhéadú; (c) Foireann—leasanna lucht oibre, aerlíne a shlánchoimeád i gcomhthéacs ginearálta feabhsúcháin shóisialta ar a n-áirítear aon rud a chur ar ceal a choiscfeadh saor-rochtain ar fhostaíocht, agus (d) An Pobal i gCoitinne—feabhsuithe ar dhálaí saoil agus aird chóir a thabhairt ar mhaitheas chomhchoiteann geilleagar agus pobal. 8. Tá an eitlíocht shibhialta ag obair faoi láthair de réir na rialacha idirnáisiúnta a bhunaigh Coinbhinsiún Chicago i 1944 agus na gcomhaontuithe iltaobhacha agus déthaobhacha ina dhiaidh sin. Dá dhroim sin tá céim dlúth gaoil idir aeriompar na hEorpa agus an córas domhanda. Aithníonn an Coimisiún dá bhrí sin nár chóir beart a dhéanamh ar leibhéal Comhphobail muran féidir a chruthú go dtiocfadh tairbhe dá bharr. Is é a dhóigh láidir gur cheart don Chomhphobal cur chun birt céim ar chéim as a chéile sa réimse sin agus gan aon ghrod-athruithe a dhéanamh nach bhfágfadh am go leor le haghaidh coigeartaithe. 9. Chuir an Coimisiún síos ar roinnt beartanna gearrthéarma agus meántéarma a d’fhéadfaí a dhéananmh do lorg na gcuspóirí a luaitear i mír 6 den tuarascáil seo. Is iad seo a leanas iad:— (a) Breis solúbthachta i mbonneagar agus nósimeachtaí margaidh a bhéarfadh tairbhe don úsáidire agus do na haerlínte. Tá na bearta seo a leanas á moladh d’fhonn breis caoi a thabhairt ar dhul isteach i margadh agus nualeagan a chur ar tháillí agus seirbhísí:— (i) Saortháillí a chur i bhfeidhm níos fairsinge sa Chomhphobal, (ii) Caoi níos fearr a thabhairt ar sheirbhísí sceidealta nua a fhorbairt, agus (iii) Réim níos fairsinge do sheirbhísí neamhsceidealta. D’fhonn cabhrú leis na bearta sin a chur i ngníomh moltar na nithe seo a leanas:— (iv) Rialachán do fheidhmiú na rialacha iomaíochta in aeriompar, (v) Critéir le haghaidh fóirdheontais stáit, (vi) Ceart bunaíochta, (vii) Rátaí malairte a chobhsú le haghaidh leagan amach taraifí, agus (viii) Cúiteamh do phaisinéirí a ndearnadh ceataí dóibh de dheasca ró-áirithint. (b) Bearta chun laghdú díreach a-thabhairt ar chostais oibrithe aerlínte. (ix) Foirmiúlachtaí a shimpliú, agus (x) Caighdeáin theicniúla d’aerárthaí a chomhchuibhiú. (c) Nithe a bhainfeadh leis an bhfoireann. (xi) Dálaí oibre aerchriú agus foireann thalún, agus (xii) Aithint fhrithpháirteach ar cháilíochtaí aerchriú agus foireann thalún. (d) Beart a bhaineann le sábháilteacht. Mar gheall ar cheisteanna toillimh agus fadhbanna sábháilteachta ó thaobh rialú aerthráchta tá teorainn leis an méid fáis is féidir a thabhairt ar aeriompar. Tá sé de rún ag an gCoimisiún na fadhbanna sin a scrúdú. (e) Caidreamh Eachtrach. Aon bheart a dhéanfaí ar an margadh intíre bheadh sé ag brath, nó rachadh sé i gcion, ar fhorbairt idirnáisiunta. D’fhonn é sin a ionramháil molann an Coimisiún:— (xiii) Nósimeachta do dhul i gcomhairle, agus (xiv) Caidreamh níos fearr leis an Eagraíocht um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta (EESI) agus leis an gComhdháil um Eitlíocht Shibhialta Eorpach (CESE). Barúlacha Ginearálta an Chomhchoiste10. Tá sé ceaptha go sainráiteach do mheabhrán an Choimisiúin agall a chur chun cinn idir institiúidí an Chomhphobail ar na bearta is gá i réimse na heitlíochta sibhialta chun freastal ar cheanglais Chonradh na Róimhe. Is maith é an meabhrán mar fhoras caibidlíochta agus ceapann an Comhchoiste gur tairbheach an rud a fháil amach conas ab fearr a d’fhéadfadh an Comhphobal cabhrú le seirbhísí aeriompair a fhorbairt. Go háirithe is maith leis an Coimisiún dá rá gur go réidh, céim ar chéim, ba cheart don Chomhphobal cur chuige. Tá sé tábhachtach, dar leis an gCoiste, nach gcuirfí i mbaol na sochair a tháinig as an gcóras domhanda a tionscnaíodh le Comhdháil Chicago agus gur cheart aon bheart Comhphobail a bheith dírithe ar na gnéithe sin den eitlíocht shibhialta a bhfuil baint follasach acu leis an gComhphobal agus ar féidir iad a ionramháil ar leibhéil Chomhphobail. Tá sé ar intinn ag an gCoiste tuarascáil eile a thabhairt ar cibé tograí foirmiúla a thiocfaidh ón gCoimisiún i dtráth. Faoi láthair níl ar intinn aige ach trácht ar roinnt pointí atá luaite i meabhrán an Choimisiúin agus méar a leagan ar roinnt limistéar i réimse na heitlíochta sibhialta ina bhféadfadh bearta tionscnaimh ag an gCoimisiúin tairbhe a dhéanamh. Dul isteach i Margadh lonchais agus Nualeagan11. Molann an Coimisiún, dá n-iarrfadh aerlínte cearta tráchta d’fhonn bealach nua a bhunú idir Ballstáit, nó seirbhís sceidealta de chineál nua, nó seirbhís láithreach ar phraghas cuid mhaith níos ísle, i dteannta bearta margaíochta nua, ansin níor cheart é a bhac ó údarás a fháil chuige—murar chinn aerlin(t)e atá ainmnithe cheana féin a shamhail de sheirbhís nó de tháille a thairiscint. Ceapann sé, áfach, dá gcuirtí beartas mar sin i ngníomh, nár mhór cosaintí áirithe a bheith ag gabháil leis. 12. Chuir Aer Lingus i bhfáir ar an gComhchoiste go raibh sé san iomaíocht i 1979 le naonúr eile (sceidealta agus faoi chairt) idir Éirinn agus S.A.M., agus fós le seisear iomaitheoirí Traschainéil R.A. agus le seisear iomaitheoirí sceidealta agus seachtar iomaitheoirí cairte idir Éirinn agus an Mór-roinn, agus gan amhras bhí sé sa treis le hiomaíocht ó iompróirí mara is tíre. Is dóigh leis an gCoiste go bhfuil an ceart ag an gcuideachta nuair a deir sí nach eagal léi iomaíocht. Chuir sí in iúl áfach go mb’eagal léi dá nglacfaí le tograí léirsaoilte an Choimisiúin go bhféadfadh iompróir foghla teacht isteach ar a príomhbhealaí agus aon rud a thógáil a d’oirfeadh dó agus fad a d’oirfeadh sé dó. Tuigeann an Coimisiún féin go bhfuil gá le lucht foghla a chosc ar theacht isteach sa mhargadh ach tá amhras ar an gCoiste i dtaobh an leor an rialú atá i gceist aige. Is dóigh leis an gCoiste go bhfuil cosaint riachtanach lena chinntiú go gcoinneofar ag imeacht na gnéithe seirbhíse poiblí d’oibríochtaí aerlíne i bhfoirm bealaí, minicíochtaí agus riar táillí. 13. Is cúram don Chomhchoiste nach gcuirfí cumasaíocht Aer Lingus i mbaol mar gheall ar aon bheart a thionscnódh an Comhphobal do léirscaoileadh aeriompair. Tá cúig shaoirse aeir luaite ag an gCoimisiún, agus tagraíonn an tríú agus an ceathrú ceann acusan do cheart aerlíne chun paisinéirí, lasta agus post a iompar idir a thir féin agus tír choigríche. Aon léirscaoileadh nach mbeadh bunaithe ach ar na saoirsí sin amháin d’fhéadfadh sé ciallú go bhféadfaí cearta oibríochta chun na hEireann agus uaithi a thabhairt d’iompróirí coigríche le haghaidh bealaí a bhí forbartha ag Aer Lingus gan aon léirscaoileadh ceart a thabhairt mar chúiteamh don chuideachta. Is dóigh leis an gCoiste dá bhrí sin nach foláir an cúigiú saoirse a bheith ar áireamh in aon léirscaoileadh ionas go mbeadh ar chumas Aer Lingus cearta oibríochta a fháil sa Ríocht Aontaithe nó ag ceangal tíortha eile CEE lena chéile. Thairis sin ní luann an Coimisiún an séú saoirse, mar a thugtar air i.e. go bhféadfadh iompróirí móra gnóthú as trácht fadtarlaithe go hÉirinn nó de thionscnamh na hÉireann a iompar gan aon cheangail dhíreacha go hÉirinn a sholáthar iad féin. Tá sé curtha in iúl don Choiste go bhfuil aerlínte ann a thuilleann níos mó ar an gcuma sin ná mar a thuillfeadh siad ó cheangail dhíreacha. Mar gheall ar chúiseanna tíreolaíochta ní bhíonn na deiseanna céanna ag Aer Lingus chun tráchta den séú saoirse. Dá dhroim sin is fearr an cothrom iomaíochta a thabharfadh sé dá mbeadh páirteachas níos fairsinge ag Aer Lingus i dtrácht i dtíortha Eorpacha eile agus ídir na tíortha sin. 14. Tá réimse amháin agus creideann an Comhchoiste go bhféadfadh an Comhphobal tairbhe a dhéanamh inti, is é sin, aerseirbhísí réigiúnacha a fhorbairt. Creideann sé gur cheart an Coimisiún a spreagadh i ndáil leis an ngné sin den eitlíocht shibhialta a scrúdú. Táillí15. Is é tuairim an Choimisiúin go bhféadfaí neart feabhsaithe a chur ar chóras táillí aerlínte na hEorpa. Tuigeann sé go gcaithfidh an gnáth-tháille tís a bheith cuibheasach costasach toisc go áirítear ann íocaíocht i leith seirbhísí atá úsáideach, de réir dhóigh, d’fhormhór lucht taistil Rialtais agus gnó, is é sin áirithint roimh am agus deis ar é sin a athrú ar ghearr-fhógra, ard-dóigh go bhfaighfear suíochán (agus sin ar ghearr-fhógra freisin), ábalta ar bheith idir-pháirteach le hiompróir eile agus minícíocht seirbhíse. Deir sé, áfach, gur athraigh oibritheoirí sceidealta na táillí ó am go ham mar gheall ar iomaíocht, agus gur tháinig de sin go raibh éagsúlacht táillí á mbaint amach ar bhealaí áirithe. Measann an Coimisiún go ngoilleann lochtaí an chórais táillí atá ann ar lucht saoire go háirithe mar is é an costas an rud is tábhachtaí le lucht taistil mar sin agus ní hé na saoráidí a bheith ar fáil. 16. Molann an Coimisiún gur cheart do Bhallstáit a iarraidh ar dtús ar na haerlínte socruithe a thabhairt isteach chun táillí a laghdú ar na rianta tráchta is tábhachtaí agus go mb’fhearr a leithéid sin a dhéanamh go hiltaobhach. Bheadh fáil faoi na socruithe sin ar tháillí tríú rang, APEX, táillí loma, táillí fánaíochta agus táillí feithimh. Mura dtugann na haerlínte toradh air is dóigh leis an gCoiste gur chóir do Rialtais a cheadú go mbunódh oibritheoirí eile ar na bealaí méid áirithe seirbhísí le táillí den sórt sin. 17. Chuir Aer Lingus in iúl don Chomhchoiste go bhfuil a bhonntáillí tís suas go dtí 30 faoin gcéad níos saoire an míle ná táillí do thurais den sórt céanna sa chuid eile den Eoraip, agus gur saoire fós a chuid táillí iomadúla nua-fhiontair (céile, eitilthiomáint, fadiomlán). Chomh maith leis sin, tá ceann de na cionúireachtaí is airde san Eoraip de lucht taistil lascaine ag Aer Lingus: 70 faoin gcead. Ina theannta sin, toisc gur ghlac an chuideachta uirthi féin freastal do na réigiúin, leathnaíodh réim na dtáillí orbairte go dtí Corcaigh agus an tSionainn chomh maith le Baile Átha Cliath. Tá an chuideachta in aghaidh táillí feithimh a thabhairt isteach mar is dóigh léi nach bhfuil siad oiriúnach don mhargadh sa tír seo ach ní miste léi cineálacha eile saortháillí a bhreithniú ach an cinneadh deiridh a fhágáil fúithi féin. Tá sí go láidir in aghaidh aon bharúil gur cheart a beartas margaíochta a bheith faoi réir a rialaithe ag aon chomhlacht lasmuigh. 18. Creideann an Comhchoiste gur beart ar mhaithe leis an bpobal táillí aeir a choinneáil chomh híseal agus a cheadódh cumasaíocht gheilleagair na n-oibritheoirí aerlíne. Ní fheiceann sé aon rud in aghaidh an mholta go n-iarrfadh Ballstáit ar na haerlínte náisiúnta a gcóras táillí a athbhreithniú féachaint cén sórt socruithe taistil nua a fhéadfaí a thabhairt isteach a bhéarfadh táillí níos ísle. Rialú Aerthráchta19. Dealraíonn sé nach dteastaíonn ó Chomhairle na nAirí déileáil le rialú aerthráchta i gcomhthéacs Comhphobail mar gheall ar theicniúlacht an ábhair, gnéithe míleata na bhfadhbanna aerspáis (cosaint, ECAT) agus toisc go mbaineann Coinbhinsiún Eor-rialaithe le Stáit nach Ballstáit agus nach mbaineann sé leis na Ballstáit go léir. Tá sé curtha in iúl ag an gCoimisiún, áfach, go smaoineoidh sé ar an ábhar a chur faoi bhráid na Comhairle arís i bhfianaise an fhiosraithe ar an scéal atá déanta ag Parlaimint na hEorpa. 20. Chuir Aer Lingus in iúl don Chomhchoiste go mbíonn ar an meán 13 faoin gcéad níos mó eitilt á dhéanamh ná mar bhíonn ag teastáil de réir an fhaid a bhíonn le taisteal. Is léir go gcuireann a leithéid sin go mór le costais aerlíne agus má tá aon bheart a d’fhéadfadh an Comhphobal a dhéanamh lena leigheas measann an Comhchoiste gur chóir tacú leis. Caidreamh Eachtrach21. Bunaíodh nósimeachta comhchomhairliúcháin le Cinneadh 80/50/CEE ón gComhairle 20 Nollaig 1979 faoina rachaidh Ballstáit agus an Coimisiún, nuair a hiarrfar sin, i gcomhairle lena chéile ar cheisteanna aeriompair ar déileáladh leo in eagraíochtaí aeriompair agus ar fhorbairtí a tharla maidir le comhaontuithe déthaobhacha agus iltaobhacha. Is é an cuspóir atá leis an nósimeachta comhchomhairliúcháin sin ná breithniú i dteannta a chéile féachaint an bhféadfaí aon bheart comhordaithe a dhéanamh laistigh d’eagraíochtaí idirnáisiúnta nó an bhféadfaí tabhairt faoi ar aon bhealach cuí eile. 22. Is é barúil Aer Lingus go mbeadh sé buntáisteach do aerlíne bheag ó thír bheag dá dtéadh na stáit Chomhphobail i dteannta a chéile chun caidrimh le tríú tíortha. Measann sé gur mó an dóchas do bheartas mar sin a theacht chun cinn dá mbeadh an nósimeachta comhchomhairliúcháin ag gabháil le tograí bunaidh an Choimisiúin. Bhí socrú iontu sin le haghaidh dul i gcomhairle roimh agus le linn comhaontuithe iltaobhacha agus déthaobhacha a chaibidil le Stáit nach Ballstáit ach ní raibh glacadh leis sin ag roinnt Ballstát lena n-áirítear Éire. 23. Aontaíonn an Coimisiún go mba rí-mhaith an rud dá rachadh na Ballstáit i dteannta a chéile chun caidrimh le tríú tíortha ach tuigeann sé go mbeadh sé fíor-dheacair é sin a dhéanamh. Mar sin féin tá súil aige go gcabhróidh an nósimeachta comhchomhairliúcháin atá ann faoi láthair, agus a bheidh i bhfeidhm ar feadh trí bliana, go gcabhróidh sé go dearfa do chealú na mbacanna atá ar bheartas mar sin a fhorbairt. Ró-áirithint24. Tugann an Comhchoiste dá aire go bhfuil Treoir á beartú ag an gCoimisiún chun cúiteamh a thabhairt do phaisinéirí nach ligtear ar bord mar gheall ar ró-áirithint cé go mbíonn suíochán curtha in áirithe acu roimh ré do thuras áirithe. Aontaíonn an Coiste gur cheart do chuideachtaí aerlíne cúiteamh a thabhairt do dhaoine a ndearnadh ceataí dóibh sa tslí sin agus chuir sé áthas air a fháil amach go bhfuil sé sin á dhéanamh cheana féin ag Aer Lingus. Tosaíochtaí Comhphobail25. Mar fhocal scoir ba mhaith leis an gComhchoiste roinnt réimsí a lua san eitlíocht shibhialta ina gcreideann sé go dtiocfadh tairbhe de chionn beart Chomhphobail. Molann sé nár mhiste breathnú ar bhearta tionscnaimh Chomhphobail maidir leis na nithe seo a leanas:— (a) Foirmiúlachtaí a shimpliú. Is oiriúnach, mar a deir an Coimisiún, gur cheart dul i mbun simpliú nósimeachta agus doiciméid do lasta mar chuid den chlár Comhphobail chun aontas custam agus comhchuibhiú fioscach a bhaint amach. Ba mhaith an rud go deimhin a leithéid céanna a dhéanamh i gcás trácht paisinéirí. (b) Táillí Aerfoirt. Measann an Coiste gur cheart don Chomhphobal a bheith ag smaoineamh ar chleachtas comhchoiteann a thabhairt i bhfeidhm maidir le muirir áirithe ar aerlínte. Gearrann an Ríocht Aontaithe muirear ar aerlínte maidir le slándáil aerfoirt, ní hionann agus Ballstáit eile. Tuigtear i gcás Aer Lingus gur ionann an muirear seo anois agus £1.60 an paisinéir. Is dóigh leis an gCoiste gur cheart costais slándála a bheith ina fhreagracht ar Bhallstáit. (c) Táirgiúlacht Aerlíne. (d) Fáil ar Bhreosla agus a Chostas. (e) Comhchuibhiú ar chaighdeáin theicniúla, agus (f) Comhchuibhiú ar amchriosanna. Buíochas26. Ba mhaith leis an gComhchoiste a bhuíochas croí a ghabháil le hAer Lingus mar gheall ar an dua an-mhór a ghlac an chuideachta uirthi féin á chinntiú go dtabharfaí teagasc iomlán don Choiste ag plé dó le meabhrán an Choimisiúin. Ba mhaith leis focal speisialta buíochas a ghabháil le Micheál Ó Riain, Príomh-Fheidhmeannach Cúnta (Tráchtála) agus le Colm Mac Collatáin. (Sínithe) ALEXIS MAC GEARAILT, Cathaoirleach an Chomhchoiste. 4 Meitheamh, 1980. |
||||||||||||