Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1978::03 December, 1980::Report

TUARASCÁIL

CUID 1—NÓTAÍ GINEARÁLTA

MEAMRAM ÓN AIRE AIRGEADAIS DAR DÁTA 19 MÁRTA 1980

TUARASCÁIL DAR DÁTA 24 MEITHEAMH 1976

Moill ag Cruinniú Suimeanna Cúiteacha Airgid

1. Tugann an Coiste dá aire go bhfuil gach dícheall á dhéanamh ag cruinniú suimeanna cúiteacha airgid atá gan íoc agus arbh é a suim £670,000 i ndeireadh 1979, go formhór maidir le bólacht agus mairteoil. Tugann sé dá aire freisin gur bhain £350,000 den tsuim sin le 13 cás a bhfuair an Roinn breithiúnais chúirte ina leith agus gur bhain £146,000 le tuairim 200 cás a raibh cásanna cúirte fós ar feitheamh ina leith. Ba mhaith leis an gCoiste fios a fháil ar cad a tharla san ábhar sin. Tá súil aige go n-inseofar dó freisin cad é toradh na bhfiosruithe atá á ndéanamh sa trádáil carousel i muca agus gránaigh.


TUARASCÁIL DAR DÁTA 21 AIBREÁN 1977

Bunoideachas—Scéim Oiriúnúcháin agus Leathnúcháin do Choláiste Oiliúna Oidí Náisiúnta

2. Tugann an Coiste dá aire, cé go nglacann an tAire Airgeadais leis gur gnáthchuid d’obair Aonad Tógála na Roinne Oideachais éilimh díospóidithe faoi chonradh a réiteach, go measann sé, i gcúrsaí neamhghnácha an cháis seo, gur cheart ceadú roimh ré a bheith iarrtha. Tá sé á shonrú ag an gCoiste freisin go bhfuil an tAire, ag féachaint do na cúrsaí go léir, sásta leis na socruithe a rinneadh sa chás seo, go háirithe toisc gur bhain an socrú ar £38,000 a rinneadh leis an gconraitheoir leis na héilimh uile a bhí amuigh agus go raibh os cionn £20,000 den tsuim sin ag seasamh d’éilimh i leith obair a rinneadh iarbhír agus toisc go ndearna an ranníoc ó údaráis an Choláiste i leith an tsocraithe cumhdach substaintiúil ar an éileamh i leith moill a tharla mar gheall ar scor go sealadach den obair.


Ní maith leis an gCoiste an mhoill atá ag bhaint le comhaontú a dhéanamh le húdaráis an Choláiste á ráthú nach n-úsáidfí an Coláiste ach amháin chun múinteoirí náisiúnta a oiliúint nó chun críocha oideachais ceadaithe eile agus tugann sé dá aire go bhfuil an Roinn Oideachais fós i dteagmháil leis an bPríomh-Aturnae Stáit i dtaobh an ábhair sin. Nuair a bhí Cuntais Leithreasa 1978 á bplé chuir an tOifigeach Cuntasaíochta in iúl don Choiste nárbh aon cheisteanna prionsabail ba chúis leis an moill a bhain leis an gcomhaontú sin a dhéanamh agus gurbh é críochnú na ndoiciméad dlí amháin a bhí ag cur moille air. Ba mhaith leis an gCoiste fios a fháil faoi nuair a bheidh críoch curtha leis an scéal.


Meánoideachas—Ranníocaí Áitiúla i leith Costas Caipitiúil Scoileanna Pobail

3. Is maith leis an gCoiste a chlos go bhfuiltear tar éis teacht ar réiteach i dtaobh múnla do Ghníomhas Iontaobhais do scoileanna pobail agus go bhfuil na húdaráis chreidimh agus na Coistí Gairmoideachais lena mbaineann chun gníomhais maidir leis na scoileanna ar leithligh a shíniú de réir an mhúnla chomhaontaithe.


Tugann an Coiste dá aire go bhfuil sé comhaontaithe le ceadú an Aire Airgeadais gurb é an ranníoc is iníoctha ag Coiste Gairmoideachais 5% de chostas tógála agus trealmhaithe na Scoile Pobail agus an méid sin a bheith iníoctha ina chúig tráthchodanna bliantúla comhionanna, saor ó ús. Tugann an Coiste dá aire freisin, i gcás ard-deoise Bhaile Átha Cliath, go bhfuiltear tar éis comhaontú a dhéanamh leis na húdaráis deoise gurb é a bheidh sa ranníoc áitiúil 5% ach gur féidir, i gcásanna áirithe, é sin a laghdú de thoradh caibidle go dtí 4% de chostas na bhfoirgneamh agus an trealaimh agus gur 5% an ranníoc áitiúil caighdeánach i gcás scoileanna nua lasmuigh d’ard-deoise Bhaile Atha Cliath nach mbeidh á gcur in ionad meánscoile atá ann cheana féin agus nár cheart gurbh airde ná 5% an ranníoc i gcás scoileanna ar tharla cónascadh meánscoile maidir leo. Mar a tharlaíonn i gcás an ranníoc Coiste Gairmoideachais féadfar an ranníoc áitiúil a comhaontaíodh le húdarás creidimh a íoc ina chúig tráthchodanna bliantúla comhionanna, saor ó ús.


Nuair a bhí Cuntais Leithreasa 1978 á scrúdú chuir an tOifigeach Cuntasaíochta in iúl don Choiste go gcaitear caibidlíocht i dtaobh cé mhéid de ranníoc a íocfar a dhéanamh in aon chás ina mbíonn meánscoil áitiúil á cónascadh le scoil phobail mar d’fhéadfadh go dtarlódh ceist fritháirimh i gcoinne na ranníoca áitiúla nuair a bhíonn údaráis bhainistíochta scoile a bhíonn á dúnadh ag cailleadh airgid mar gheall ar dhúnadh a n-áitribh.


Mhínigh an tOifigeach Cuntasaíochta don Choiste gurb é chúis go bhféadfaí an ranníoc ó ard-deoise Bhaile Atha Cliath a chaibidil síos go 4% ná muirear an-mhór a bheith ag titim ar an limistéar mar gheall ar an líon mór scoileanna nua san ard-deoise agus freisin toisc go raibh níos mó freagrachta glactha ag na húdaráis deoise ná ag údaráis eile i maoiniú na scoileanna agus d’fhonn a chinntiú go bhfaigheadh an Roinn ranníoc i ngach cás.


Tá an Coiste á thathant go gcomhlánófaí an gníomhas iontaobhais agus go dtosófaí ar an ranníoc áitiúil a bhailiú i ndáil le haon scoil phobail nach bhfuil sé sin déanta ina leith go fóill. Ba mhaith leis go gcuirfí i bhfios dó conas a thabharfar na ranníocaí áitiúla chun cuntais agus measann sé gur chóir aon chás inar lú an ranníoc a chruinneofar ná an méid a bhí ceaptha dó a chur i bhfáir le nóta oiriúnach sa Chuntas Leithreasa. Ag féachaint dá mbeidh i gceist sa chaiteachas poiblí molann an coiste gur cheart aon ranníoc áitiúil comhaontaithe faoi bhun 5% a bheith leagtha amach ar leithligh sa Chuntas Leithreasa ag an Roinn Oideachais.


Caiteachais Idirghabhála Mhargaidh a Mhuirearú

4. Tugann an Coiste dá aire, tar éis fáil a bheith ar stocthaifid ríomhairithe do 1976 lena n-úsáid chun íocaíochtaí-ar-cuntas maidir le caiteachais idirghabhála a réiteach, go bhfuil na cuntais iomchuí á dtabhairt chun críche anois agus, ón uair gur tar éis seiceáil sonrasc in ionad iad a bheith ar cuntas a rinneadh, i gcoitinne, caiteachais idirghabhála a íoc tar éis 1976 go raibh na fadhbanna a bhí tar éis tarlú sáraithe cuid mhaith. Is maith leis an gCoiste an t-eolas sin a fháil agus tá súil aige nach dtarlóidh na fadhbanna sin arís.


Cuntais FEOGA

5. Tugann an Coiste dá aire gur bhain moill do na cuntais idirghabhála mairteola do 1976 a chur ar aghaidh mar gheall ar bheith ag feitheamh le scéala ó Choimisiún CEE i dtaobh ar ghá, tar éis a n-iniúchadh ar na cuntais idirghabhála mairteola do 1975, aon leasuithe a dhéanamh i gcuntais 1975 a rachadh i gcionn ar chuntais 1976. Tuigtear dó go bhfuil Cuntais 1976 curtha ar aghaidh anois chun an Choimisiúin.


Ba mhaith leis an gCoiste go ndéanfaí gach dícheall chun na cuntais FEOGA go léir atá amuigh a chur faoi réir go hiomlán agus iad a chur chuig an gCoimisiún gan fuílleach moille.


TUARASCÁIL DAR DÁTA 15 MEITHEAMH 1978

Imréiteach ag an bPámháistir Ginearálta ar Orduithe Iníoctha a Sóinseáladh

Bunoideachas—Tuarastail Múinteoirí a Ró-Íoc

6. Is maith leis an gCoiste scéala a fháil go bhfuil an méid iomlán faighte ar ais anois ab fhiú na horduithe iníoctha a fuarthas a bheith calaoiseach tar éis a sóinseála i mbainc.


Tugann sé faoi deara go bhfuil méadú an-mhór tagtha ar líon na n-orduithe iníoctha ó tugadh isteach ríomhairiú ar dtús ó tuairim 1 milliún go dtí 3 mhilliún ordú sa bhliain. Glacann sé leis go bhféadfadh an méadú sin a bheith ina phríomh-ábhar leis an moill i láimhsiú na n-orduithe ag an gcóras ríomhaireachta láithreach ach tá sé ag dul de a thuiscint conas nach raibh coinne lena leithéid sin de mhéadú agus nach ndearnadh an t-athbhreithniú ba ghá ar an gcóras in am. Tá sé ar cheann de na príomh-bhuntáistí a ghabhann le córas ríomhairithe go bhféadann sé láithreach an-chuid idirbheart a láimhsiú ar luas, agus ba dhóigh leis an gCoiste, dá mbeadh pleanáil cheart ar chóras dá leithéid, go bhféadfadh sé an líon breise d’orduithe a láimhsiú ar an toirt, go háirithe nuair a dhealraíonn go raibh an sean-chóras láimhe ag déileáil go héifeachtach le láimhsiú orduithe.


Cé go raibh fáilte ag an gCoiste roimh an eolas go raibh ordaithe ag an Aire go gcuirfí a luaithe ab fhéidir córas athbhreithnithe ag obair d’imréiteach orduithe iníoctha a bhí tarraingthe ar Oifig an Phámháistir Ghinearálta, laistigh den dá lá a bhí dlite ina chomhair, agus go rabhthas tar éis córas oiriúnach a cheapadh, chuir sé as dó a chlos ón Oifigeach Cuntasaíochta le linn dó a bheith ag scrúdú Cuntais Leithreasa 1978 go raibh an chóiríocht a bhí curtha in áirithe don tsuiteáil nua agus a ceapadh a bheadh ar fáil i bhFómhar 1980, go raibh sé curtha ar leithligh do ghnó eile agus nach mbeadh an chóiríocht mhalairte a fuarthas don chóras ríomhaireachta nua ullamh go ceann sé mhí níos déanaí. Tuigtear uaidh sin nach bhfuil an tosaíocht is gá á thabhairt do shuiteáil an chórais ríomhairithe nua.


Ba mhaith leis an gCoiste a chur in iúl, cé nár bhain aon chaillteanas don Státchiste mar gheall ar gan na horduithe calaoiseacha sa chás láithreach seo a láimhsiú ar an toirt, nach bhfuil aon deimhin nach dtarlóidh a leithéid céanna de chaillteanas mar gheall ar mhainneachtain dá leithéid san am le teacht, go háirithe dá mba rud é gur mhó go mór an tsuim airgid a bheadh i gceist sna horduithe áirithe. Ní foláir dó dul sa tathant, dá bhrí sin, go ndéanfaí an córas ríomhairithe athbhreithnithe a chur ag obair gan tuilleadh rínis.


Meánoideachas—Asbhaintí ó Thuarastail i leith Sochair Leasa Shóisialaigh

7. Tugann an Coiste dá aire go bhfuil an Roinn Airgeadais tar éis scríobh go dtí na múinteoirí go léir lenar íocadh tuarastal iomlán le linn dóibh a bheith ar saoire mháithreachais i rith na tréimhse 1 Eanáir 1975 go dtí 31 Iúil 1976 agus as an 108 múinteoir lenar bhain go bhfuil mórsheisear tar éis deimhnithe a thabhairt ar aird nach bhfuair siad sochar Leasa Shóisialaigh, gur thug beirt fios ar na suimeanna a fuair siad, suimeanna a bhfuil a ngnóthú á réiteach, agus go bhfuiltear ag coinneáil go feidhmúil leis na cásanna eile.


Ba mhaith leis an gCoiste aon ní a tharlóidh a chur i bhfios dó.


Iascach

8. Tugann an Coiste dá aire go bhfuil sé curtha in iúl don Aire Airgeadais, d’ainneoin tuilleadh caibidlí, nach bhfuil réiteach déanta fós le Comhairle Chontae Mhaigh Eo i dtaobh cé mhéid de ranníoc a thabharfadh sé i leith costas na Scéime feabhsúcháin i gcuan Chill Ala. Ba mhaith leis an gCoiste fios a fháil i dtaobh cad eile atá beartaithe a dhéanamh anois.


Rialtas Áitiúil—Cuntais a Iniúchadh

9. Tugann an Coiste dá aire go bhfuil an tAire Airgeadais ar aon tuairim leis go bhfuil práinn leis na riaráistí iniúchta a chur de láimh agus, de bharr an fhoireann bhreise a bhfuiltear ag súil leis a fháil chun poist údaraithe sa bhreis a líonadh, go bhfuil dóchas go bhféadfar cuid mhór de na riaráistí a ghlanadh i rith 1980.


Nuair a bhí an tOifigeach Cuntasaíochta á scrúdú ar Chuntais Leithreasa 1978 dúirt sé leis an gCoiste go rabhthas tar éis an líon údaraithe post sa tSeirbhís Iniúchóireachta Rialtais Áitiúil a mhéadú ó 41 ag 1 Nollaig 1978 go dtí 54 ag 1 Nollaig 1979 agus go raibh bearta á ndéanamh chun an 13 fholúntas a bhí ann a líonadh. Bhain 5 cinn acusan le grád iniúchóra agus 8 gcinn le grád iniúchóir-faoi-oiliúint.


Ba mhaith leis an gCoiste fios a fháil ar conas a bheidh na riaráistí á nglanadh.


Mír 31


Rialtas Áitiúil—Ró-Eisiúintí ar Fhóirdheontais Tithíochta

10. Tugann an Coiste dá aire go bhfuil na hIniúchóirí Rialtais Áitiúil tar éis na héilimh go léir ar fhóirdheontais tithíochta údaráis áitiúil a dheimhniú, lasmuigh de cheithre cinn déag acu, i leith na ceithre thréimhse airgeadais ó 1 Aibreán 1973 go dtí 31 Nollaig 1976 agus go bhfuiltear tar éis na ró-eisiúintí go léir a ghnóthú a bunaíodh i ndáil leis na héilimh deimhnithe. Tugann sé dá aire freisin go gceaptar go réiteofar an chuid eile, ach amháin trí cinn acu, i 1980. Ba mhaith leis an gCoiste eolas a fháil faoin dul ar aghaidh a bheidh á dhéanamh ag glanadh na néileamh atá gan réiteach.


Tá áthas ar an gCoiste scéala a fháil go bhfuil an tAire Airgeadais ar aon tuairim leis nár mhaith an nós imeachta a bhíodh cheana ag an Roinn Comhshaoil chun an fóirdheontas tithíochta a íoc agus nár cheart feidhm a bhaint as in aon chúinsí dá samhail a tharlódh san am le teacht.


Ranníocaí Sláinte

11. Tugann an Coiste dá aire nach foláir don Roinn Sláinte dul i gcomhairle leis na Boird Sláinte chun an mioneolas a bhí uaidh a fháil agus go gcuirfear é sin ar aghaidh chuig an gCoiste a luaithe is féidir. Is ionadh leis an gCoiste nach bhfacthas don Roinn Sláinte de réir dhealraimh, go mba chóir an mioneolas sin a lorg ar na Boird Sláinte nó gur iarr an Coiste é. Bheadh sé le tuiscint as faillí na Roinne ag lorg an eolais go mba bhogásach mar bhí sí maidir leis na difríochtaí follasacha sa staidreamh a bhí á thabhairt ag na Boird Sláinte i dtaobh na leibhéal bailiúcháin agus na riaráistí sna ranníocaí sláinte. Ba mhaith leis an gCoiste fios dearbh a fháil nach shin é an cleachtadh atá sa Roinn anois.


Nuair a thug an tOifigeach Cuntasaíochta fianaise os comhair an Choiste i ndáil le Cuntais Leithreasa 1978 mhínigh sé nuair a bunaíodh an mheitheal oibre go luath i 1979 chun an córas go huile a scrúdú a bhain le bailiú ranníocaí sláinte ag Boird Sláinte go raibh an córas á athrú ó bheith ina chóras ráta-chothrom go dtí córas ioncam-choibhneasa. Is gearr go mbeadh an mheitheal oibre ag déanamh athbhreithniú ar oibriú an chórais nua sa chéad bhliaín ach idir an dá linn bhí eolas níos fearr á fháil ag an Roinn Sláinte ó na Boird Sláinte i dtaobh oibriú na scéime sna blianta tosaigh agus bhí súil aige go bhféadfadh sé a insint go luath cé mhéid de ráta a bailíodh ó fheirmeoirí suas go dtí 1979. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta gur léir ón eolas a bhí ar fáil ag an Roinn cheana féin go raibh feabhas an mhór tagtha ar an ráta sin ach d’aontaigh sé nach raibh aon amhras, nuair a bheadh deireadh dála bainte amach, go gcaithfí roinnt riaráistí a dhíscríobh ar chúiseanna éagsúla.


Beidh an Coiste ag feitheamh leis an mioneolas a d’iarr sé maidir le cruinniú ranníocaí sláinte ag na Boird Sláinte chomh maith le heolas ar an dul chun cinn a bheidh á dhéanamh ag an Meitheal Oibre.


TUARASCÁIL DAR DÁTA 26 AIBREÁN 1979

Aoisliúntais agus Liúntais Scoir

12. Tugann an Coiste dá aire go gcuirfear i bhfios dó nuair a bheidh na scéimeanna dá dtagraítear ina Thuarascáil sínithe ag na hAirí lena mbaineann. Nuair a bhí fianaise á thabhairt ag an Oifigeach Cuntasaíochta i ndáil le Cuntais Leithreasa 1978, chuir sé in iúl don Choiste go raibh críoch curtha le deich scéim agus go raibh dhá cheann gan chríochnú, ceann i dtaobh ceannach seirbhíse agus an dara ceann i dtaobh scéim chomhdhlúthúcháin.


Tugann an Coiste dá aire freisin gur i 1976 a achtaíodh an reacht a thug údarás do dhéanamh na scéimeanna sin agus, cé go nglacann sé leis go dtarlódh fadhbanna ag comhaontú sonraí na scéimeanna sin, molann sé gach dícheall a dhéanamh chun aon fhadhbanna dá sórt a réiteach i dtreo is go bhféadfaí an chríoch dheiridh a chur a luaithe is féidir ar na scéimeana atá gan chríochnú.


Cáin Rachmais—Moill ag cur tuairisceáin isteach

13. Is díomá leis an gCoiste a chlos go bhfuiltear chomh mall sin ag plé le cásanna cánach rachmais atá fós gan réiteach. Tugann sé dá aire nach bhfuarthas tuairisceáin sa tréimhse 1 Bealtaine 1979 go dtí 31 Nollaig 1979 ach amháin i 170 cás as 2200 cás ina raibh tuairisceáin dá leithéid dlite agus, ar an 31 Nollaig 1979, go raibh cáin le measúnú fós i 2,100 cás. Cé go nglacann an Coiste leis nach dtabharfadh measúnachtaí foirmiúla i gcásanna gan réiteach de thoradh go gcruinneofaí suimeanna tábhachtacha cánach sa bhreis ar an híocaíochtaí atá déanta cheana féin, mar sin féin, tá sé ag tathant go ndéanfaí gach uile iarracht na tuairisceáin atá gan tabhairt a fháil agus measúnacht fhoirmiúil na cánach a chríochnú i ngach cás. Ba mhaith leis go gcoinneofaí ar an eolas é ar conas mar a bheidh sin á dhéanamh.


Poist agus Telegrafa—Táillí Theilifís Chábla agus Mainnitheoirí Ceadúnas Teilifíse

14. Tugann an Coiste dá aire go leanfaidh an Roinn Poist agus Telegrafa de gach rud a dhéanamh a chinnteodh go ndéanfaidh oibritheoirí teilifís chábla ráitis deimhnithe ar mhór-ioncam a chur isteach in aghaidh na bliana agus go n-íocfar táillí ar an toirt. Tugann sé dá aire freisin, maidir le daoine a aimsiú nach n-íocann táillí ceadúnais ar theilifíseáin, go bhfuil faisnéis rannpháirtíochta á thabhairt go rialta ag cheithre cinn de na hoibritheoirí teilifís chábla a bhíonn ag freastal ar tuairim 90% den 215,000 rannpháirtí a bhíonn á seirbhísiú ag oibritheoir ceadúnaithe agus fiche ar fad, go bhfuil faisnéis den sórt sin á thabhairt ach ar bhonn nach bhfuil chomh rialta sin, ag dhá oibritheoir déag, agus go bhfuil an Roinn Poist agus Telegrafa i gcónaí ag tathant ar na ceadúnaithe go léir an fhaisnéis sin a thabhairt. Is maith leis an gCoiste an scéala a thug an tOifigeach Cuntasaíochta, tar éis é a scrúdú i ndáil le Cuntais Leithreasa 1978, go raibh an fhaisnéis a bhí ag teastáil tugtha ó shin ag na hoibritheoirí ceadúnaithe uile.


Ba mhaith leis an gCoiste fios a fháil ar thaispeáin an fhaisnéis faoi rannpháirtithe a fuarthas ar an mbealach sin go raibh mórán daoine nach raibh ag íoc táillí ceadúnais teilifíse.


Comhshaol—Fóirdheontais Tithíochta agus Riaráistí Cíosa

15. B’olc leis an gCoiste scéala a fháil, toisc nach ndearna an córas cuntasaíochta a bhí á oibriú ag údarás áitiúil aon idirdhealú idir riaráistí cíosa agus na míreanna sa chuntas tithíochta a raibh fóirdheontais ag dul dóibh, gur thug an Roinn Comhshaoil fóirdheontais i leith riaráistí cíosa de chuid an údaráis áitiúil sin, a d’fhaibhrigh sa tréimhse 1 Aibreán 1973 go dtí 31 Nollaig 1976, riaráistí a tharla mar gheall ar stailc cíosa. Tugann an Coiste dá aire, ar iarratas ón Roinn sin, go ndearna an t-údarás áitiúil áirithe sin athbhreithniú iomlán i bhFómhar 1979 ar chor na riaráistí cíosa agus, dá dhroim sin, gur bunaíodh chun sástachta na Roinne Comhshaoil gurbh fhiú £228,884 na riaráistí cíosa go léir ar tugadh fóirdheontas go mícheart ina leith. Tugann an Coiste dá aire freisin go bhfuiltear tar éis an tsuim sin go huile a ghnóthú trína hasbhaint as an íocaíocht fóirdheontais a bhí dlite don údarás áitiúil i Nollaig 1979. Cé gur maith leis an gCoiste a chlos go ndearnadh an tsuim a ró-íocadh a ghnóthú go hiomlán measann sé nár ghá an ró-íoc a dhéanamh dá mbeadh an Roinn níba airí sa chás sin, toisc ar ndóigh fios a bheith aici go raibh an stailc cíosa ar siúl agus cleachtadh a bheith acu ar an gcuma inar tíolacadh an cuntas tithíochta.


Ba mhaith leis deimhin a fháil, maidir le gan tabhairt faoi deara go raibh na riaráistí cíosa ar áireamh san easnamh tithíochta a raibh fóirdheontas ag dul dó, nach comhartha é sin go raibh an Roinn ag gabháil go bogásach dá scrúdú ar éilimh údarás áitiúil i gcoitinne agus ar éilimh tithíochta go háirithe.


Oifig an Aire Oideachais—Deontais Ardoideachais

16. Tugann an Coiste dá aire go bhfuiltear tar éis leasú oiriúnach a dhéanamh ar scéim Deontas Ardoideachais gach údaráis áitiúil á ordú gurb é an ráta íseal deontais a chuirfear i bhfeidhm i gcás gach iarrthóra a bhféadfaí le réasún a bheith ag súil leis go ndéanfadh sé taisteal go laethúil idir a bhaile féin agus an coláiste, agus gurb é a chuirfear i bhfeidhm freisin ar gach iarrthóir a bhfuil a bhaile laistigh de raon 15 míle den Choláiste nó den fhoras oideachais eile ina bhfuil sé ag gabháil dá chúrsa léinn.


Maidir le cuntasacht Oifigigh Chuntasaíochta na Roinne Oideachais a bhí á fhiosrú ag an Roinn Airgeadais, tar éis na mbarúlacha a luaigh an Coiste sa tuarascáil roimhe sin uaidh, dúirt Oifigeach Cuntasaíochta na Roinne Airgeadais, ag tabhairt fianaise dó i ndáil le Cuntais Leithreasa 1978, ón uair go bhfuarthas tuairim dlí á rá go raibh an tAire Oideachais ag tabhairt a chinneadh dó sa chás áirithe dar thagair an Coiste ag gníomhú de réir a chumhachtaí reachtúla, gur mheas an Roinn Airgeadais go mba ghlanadh sásúil é sin don Oifigeach Cuntasaíochta lenar bhain mar go raibh a teorainn reachtúil curtha ag Dáil Éireann lena chuid freagrachtaí. Dúirt Oifigeach Cuntasaíochta na Roinne Oideachais leis an gCoiste nár chinneadh pearsanta cinneadh an Aire ach cinneadh riaracháin a rinneadh ar fhoras comhairle a thug an Roinn dó. Maidir le héifeacht an chinnte sin, eadhon, gur measadh nach ndearnadh aon ró-íocaíochtaí agus nach raibh dá bhrí sin aon ró-íocaíochtaí le gnóthú ón údarás áitiúil lenar bhain, dú irt Oifigeach Cuntasaíochta na Roinne Oideachais leis an gCoiste go raibh an chéad chomhairle ón Ard-Aighne, is é sin, go raibh na deontais iomarcacha inghnóthaithe bunaithe ar na fíorais mar a tugadh dó iad san am agus go raibh siad sin arís bunaithe ar an tuiscint a bhí ag an Roinn don scéal ach, tar éis tuilleadh fiosruithe a dhéanamh agus ionadaithe an údaráis áitiúil a agallamh, go bhfuarthas gur ghlac an t-údarás áitiúil de chúram air féin i gcónaí coinneáil laistigh de na forálacha dlí trí rúin oiriúnacha a rith. Mar sin féin, ní raibh an t-údarás áitiúil ag gníomhú ar an bhforas a mbeadh súil leis ag an Roinn ná a bhí ceaptha ag an Roinn faoin Acht. Ba ghá dá bhrí sin beart a dhéanamh tríd an scéim a leasú i 1979 i ngach cás a chinntiú go ngníomhódh an t-údarás sin mar a bhí ceaptha dó ag an Roinn feasta. Níor bunaíodh riamh cé mhéid a bhí sa ró-íocaíocht líomhnaithe agus dúirt na hiniúchóirí Rialtais Áitiúil leis an Roinn go raibh gach rud ina cheart sa mhéid a bhain leosan. Ina theannta sin rinne an Roinn iarrachtaí ar mheastachán a fháil ar mhéid na ndeontas nach n-íocfaí dá n-oibríodh an t-údarás áitiúil an scéim mar a bhí ceaptha di, ach níor éirigh le hiarrachtaí sin na Roinne.


Ar an gCoiste do chur ceisteanna air, dúirt ionadaí na Roinne Oideachais, cé gur chomhairligh an tArd-Aighne ar dtús go bhféadfaí na híocaíochtaí a ghnóthú sa chás seo, gurbh í an chomhairle dheiridh a thug sé gur ghníomhaigh an tAire Oideachais de réir na gceart a bhí aige ó reachtaíocht an Oireachtais agus go raibh an chomhairle sin bunaithe ar eolas eile a fuarthas tar éis an chéad chomhairle a bheith tugtha. Dúirt Oifigeach Cuntasaíochta na Roinne Oideachais, áfach, nár iarradh ar an Ard-Aighne tuairim a thabhairt ar an eolas ina dhiaidh sin mar nár cheap an Roinn gur ghá déanamh amhlaidh i ndáil le cinntí a bhí uirthi féin a thabhairt agus dá bhrí sin an cinneadh a tugadh gur ghníomhaigh an t-údarás áitiúil de réir dlí ba chinneadh riaracháin ag an Roinn é a tugadh ar bhonn an eolais a fuarthas ón údarás áitiúil i dtaobh an ghnímh a rinne sé tar éis dul i gcomhairle lena chomhairleoirí dlí.


Ní mó ná sásta atá an Coiste go dtuigeann sé go hiomlán cad a tharla sa chás sin. Tá na ceisteanna bunaidh a bhí ag déanamh cúraim dó, eadhon, ar tugadh deontais iomarcacha d’údarás áitiúil agus an bhfuil na deontais iomarcacha sin inghnóthaithe, curtha i gceangal le ceist i bhfad níos fairsinge, eadhon, an féidir agus cá mhéid is féidir cuntasacht Oifigigh Chuntasaíochta a theorannú le beart de chuid an Aire.


Ós rud é go bhfuil a lán rudaí eile bainteach leis na ceisteanna sin, go háirithe an cheist deiridh, maidir le rialú ar chaiteachas poiblí, tá sé á bheartú ag an gCoiste iad a bhreithniú tuilleadh agus chuige sin ba mhaith leis go dtabharfaí na doiciméid seo a leanas dó:—


(a) cóip den chéad aighneacht a chuir an Roinn Oideachais faoi bhráid an Ard-Aighne;


(b) cóip den chomhairle a thug an tArd-Aighne mar fhreagra air sin;


(c) meabhrán ón Roinn Oideachais ag tabhairt mion-inste ar an eolas breise a fuair sí tar éis na haighneachta a chur faoi bhráid an Ard-Aighne agus, go háirithe, cad iad na rúin a rith agus cad iad na bearta eile a ghlac an t-údarás áitiúil lenar bhain a d’éiligh sé mar chruthú gur ghníomhaigh sé de réir a inniúlacht dlíthiúil;


(d) cóip den dara haighneacht a cuireadh faoi bhráid an Ard-Aighne;


(e) cóip den chomhairle a thug an tArd-Aighne mar fhreagra air sin; agus


(f) aon eolas breise a mheasann an Roinn Oideachais nó an Roinn Airgeadais a bheith cúntach don Choiste ag breithniú na gceisteanna lena mbaineann tuilleadh.


Meánoideachas

17. Tugann an Coiste dá aire go bhfuil breithniú á dhéanamh ar chóras iniúchóireachta inmheánach a bhunú sa Roinn Oideachais ag féachaint don Tuarascáil ón gCoiste Idir-rannach a rinne scrúdú ginearálta féachaint an bhféadfaí aonaid den sórt sin a bhunú i Ranna agus, idir an dá linn, táthar ag leanúint de na socruithe le haghaidh rialú níos fearr a dhéanamh ar riarachán airgid na scoileanna cuimsitheacha agus pobail.


Nuair a bhí Cuntais Leithreasa 1978 á scrúdú dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta leis an gCoiste go mbeifí ag breithniú freisin i dtaobh aonad den sórt sin a bhunú i ndáil le haonad airgeadais mar chuid den athchóiriú ar an Roinn a bhí á ghabháil de láimh ag Roinn na Seirbhíse Poiblí agus nach raibh súil aige le moltaí dearfa ar an gceist sin ón Roinn roimh dheireadh 1980.


Is cás leis an gCoiste an mhoill a bhain le haonad iniúchóireachta inmheánach a bhunú sa Roinn Oideachais ag féachaint go háirithe don mhéadú mór a tháinig le blianta beaga anuas ar an airgead poiblí a bhfuil an Roinn freagrach ina leith agus an leathnú ar líon na lárionad costais lena mbaineann, lárionaid a bhfuil go leor acu i bhfad ó ghar-mhaoirseacht na Roinne. Is dóigh leis go bhfuil práinn le haonad, le líon ceart foirne, a bhunú agus leis an scéal mar atá tá sé in amhras an maith an rud beart mar sin a chur siar go dtí go mbunófar an t-aonad airgeadais atá molta mar chuid d’athchóiriú na Roinne. Measanna an Coiste gur cheart dul gan a thuilleadh rínis i mbun aonad iniúchóireachta inmheánach a bhunú mura bhfuil sé sin déanta cheana féin.


Teaghlaigh Chónaitheacha agus Scoileanna Speisialta

18. Tugann an Coiste dá aire go bhfuiltear tar éis cead cumhdaitheach a fháil ón Aire Airgeadais do chaiteachas neamhchruthúnaithe £647 i gcoinne an Vóta do Theaghlaigh Chónaitheacha agus Scoileanna Speisialta. Tugann sé dá aire freisin go bhfuiltear tar éis lánteagasc de réir na dtreoirlínte a comhaontaíodh le hOifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste tugtha do na hoifigigh sa Roinn Oideachais atá freagrach in iniúchadh cuntas agus taifead caiteachais.


Ardoideachas

19. Is cás leis an gCoiste nach dtángthas fós ar chinneadh maidir le héileamh i leith lochtaí a bhí ar chríochnúlacht na mballaí lasmuigh ar an gColáiste Náisiúnta Corpoiliúna, Luimneach. Is cás leis freisin nach ndéanfar cinneadh ar an gceist i dtaobh leanúint d’éileamh maidir leis na scuais-chúirteanna go dtí go réiteofar an cheist i dtaobh na mballaí lasmuigh. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta leis an gCoiste i mí Bealtaine 1980, tráth a bhí Cuntais Leithreasa 1978 á scrúdú aige, go raibh cor míshásúil fós ar an scéal agus nach ndearnadh aon dul chun cinn le feabhsuithe a dhéanamh a bheadh follasach agus nár cuireadh ar láimh aon chonradh chun na deisiúcháin a dhéanamh.


Mhínigh sé gur le staid dlíthiúil na Roinne a bhain an fhadhb go huile, agus go dtí go ndéanfar cinneadh dearfa ar leith amháin nó ar leith eile maidir le dliteanas na Roinne, nach ndéanfaí aon dul chun cinn le feabhsú an fhoirgnimh. Dúirt sé freisin go gcaithfeadh an Roinn comhairle dlí a fháil sa chás agus go gcaithfeadh sí gníomhú dá réir.


Is cuimhin leis an gCoiste go ndúirt Oifigeach Cuntasíochta roimhe seo leis i Samhain 1978 go bhfuair an Roinn comhairle dlí go gcaithfí na lochtaí san fhoirgneamh a cheartú ar chostas na gconraitheoirí. Más rud é, agus sin é an dealramh atá air anois, go bhfuil athrú tagtha ar an scéal ó shin, bheadh súil ag an gCoiste go mbeadh an t-athrú sin curtha in iúl dó a luaithe ab fhéidir. Tá sé ag dul den Choiste a thuiscint cad ba bhun leis an moill ag tabhairt na rudaí seo chun críche agus ba mhaith leis tuilleadh eolais a fháil.


Tugann an Coiste dá aire gur chosain sé £119,604 ar fad sa bhreis athruithe a dhéanamh ar an gconradh foirgníochta don Choláiste seo. Tugann sé dá aire freisin gur iarradh agus go bhfuarthas ceadú an Aire Airgeadais go cúlghabhálach don chaiteachas breise, lena n-áirítear costas na n-athruithe, agus go bhfuil dearbhú tugtha ag an Roinn Oideachais go n-iarrfar cead roimh ré feasta i gcásanna den sórt sin.


Oibreacha agus Foirgnimh Phoiblí

20. Is oth leis an gCoiste an scéala nach bhféadfaí aon áitreabh oiriúnach a fháil mar ionad meánach agus oifige do Rannán Troscáin Oifig na nOibreacha Poiblí d’ainneoin gach dícheall cuardaigh. Tugann sé dá aire go bhfuil caibidlíocht ar siúl chun teach stórais a fháil in ionad ceann de na háiteanna stórais a thógtar ar cíos, áit nach bhfuil sásúil chor ar bith. Ba mhaith leis an gCoiste go leanfaí de na hiarrachtaí chun dóthain spáis stórála a sholáthar do Rannán an Troscáin os rud é, mar a dúradh cheana, gurb shin ceann de na riachtanais a bhaineann le réiteach sásúil ar fhadhbanna an rannáin sin. Tugann an Coiste dá aire freisin go bhfuil Aonad Seirbhísí Bainistíochta Roinn na Seirbhíse Poiblí tar éis athbhreithniú ar Rannán an Troscáin a dhéanamh, aithbhreithniú a bhaineann le réimsí faidhbe áirithe, ar a n-áirítear stoc-rialúchán agus cúrsaí foirne, go bhfuil moltaí tugtha d’Oifig na nOibreacha Poiblí i dtaobh bealaí eile stoc-rialúcháin, go bhfuil breis foirne údaraithe do Rannán an Troscáin agus go bhfuiltear ag dul ar aghaidh ag líonadh na bpost trí chomórtas oscailte.


Tá súil ag an gCoiste go réiteoidh na bearta sin na fadhbanna foirne agus eile atá ag cur isteach ar an rannán le fada.


Oibreacha agus Foirgnimh Phoiblí—Páirc Náisiúnta Chill Áirne

21. Tugann an Coiste dá aire, cé nach dtabharfar cuntais ar leithligh feasta i ndáil le Páirc Chuimhneacháin Bourn Vincent, Cill Áirne, go leanfar de na gnáth-thaifid a choimeád, chun críche airgeadais agus stoc-rialúcháin, i gcás Pháirc Náisiúnta Chill Airne, ar cuid í de Pháirc Chuimhneacháin Bourn Vincent anois.


Cosaint—Iompróirí Pearsanra Armúrtha

22. Tugann an Coiste dá aire nár tharla aon chásanna eile inar úsáideadh airgead ón mírcheann trealamh cosanta chun tionscadal a mhaoiniú ar nós an chinn chun réamh-mhúnla d’iompróir pearsanra armúrtha a fhorbairt. Tugann sé dá aire freisin go bhfuil an tAire Airgeadais lánsásta gur tháinig an caiteachas áirithe sin faoi réim an Vóta Cosanta. Tugann an Coiste dá aire fós gur chuir an Roinn Cosanta in iúl go ndearnadh breithniú iomlán ar an gceist faoi airgead a bheith le gnóthú don Státchiste ón tionscadal Stát-mhaoinithe sin agus go ndearna an tUdarás Forbartha Tionscail staidéar, ar mholadh ón Roinn, féachaint cén tairbhe a thiocfadh de agus go n-áireofaí ar na maitheasaí a thiocfadh don gheilleagar agus don Státchiste dá chionn (a) sábháil don chomhardú íocaíochtaí, (b) sábháil don Státchiste, (c) ranníocaí cánachais phearsanta agus chuideachta, agus (d) scileanna teicniúla nua a fhorbairt i dtionscal na hÉireann. Ce go nglacann an Coiste leis go bhféadfaí a bheith ag súil le cuid de na maitheasaí sin, nó leo go léir, ar mhaithe leis an Státchiste agus leis an ngeilleagar dá rachadh an chuideachta lenar bhain i mbun iompróirí pearsanra armúrtha a dhéanamh ar scála réasúnta mór, is dóigh leis nach ndéanfadh sé aon difríocht sa chás seo cibé an Roinn Cosanta a mhaoineodh an tioscadal nó ceann de na gníomhaireachtaí Státtionscanta.


Níl an Coiste sásta amach is amach fós i dtaobh modh maoinithe an tionscadail thaighde agus forbartha sin, go háirithe má bhí an cás seo i láthair le háireamh mar fhasach ag Ranna eile a dteastódh uathu tionscadail thaighde agus forbartha a mhaoiniú do ghnólachtaí príobháideacha. D’fhéadfadh an Coiste a shamhlú go dtarlódh fadhbanna maidir le rialú ar chaiteachas poiblí i gcásanna mar sin, go háirithe má bhí na gnólachtaí sin ag fáil maoiniú ginearálta ó ghníomhaireachtaí Stáit eile. Ach toisc go mb’fhéidir nach cúrsaí beartais an chuid sin den scéal ní háil leis an gCoiste trácht air a thuilleadh.


Ba mhaith leis an gCoiste an tuairim a nocht sé ina Thuarascáil ar Chuntais Leithreasa 1977 a chur in iúl arís—“Más rud é, mar ghníomh beartais, gur measadh gur chóir soláthar do thonscadal taighde agus forbartha a dhéanamh sa Vóta Cosanta, . . . gur cheart an soláthar sin a dhéanamh i bhfomhírcheann ar leithligh, ar mhodh meastacháin fhorlíontaigh dá mba ghá”. Nuair a tháinig an tOifigeach Cuntasaíochta os a chomhair i ndáil le Cuntais Leithreasa 1978 dúirt sé leis an gCoiste nach mbeadh tada ag an Roinn in aghaidh soláthar a dhéanamh don tionscadal seo i bhfomhírcheann ar leithligh agus duirt sé gurbh é an rud ceart le déanamh é dá dtabharfadh an Roinn faoi thionscadal taighde agus forbartha den sórt céanna a mhaoiniú arís. Ba mhaith leis an gCoiste a fháil amach an aontaíonn an tAire Airgeadais gur cheart soláthar do mhaoiniú na dtionscadal sin ó airgead vótáilte a dhéanamh i bhfomhírcheanna ar leithligh.


Tailte—Scéim Scoir na bhFeirmeoirí

23. Tugann an Coiste dá aire nach bhfuil sé i gceist, i gcoitinne, in aon chor rogha díreach a ghlacadh idir díol faoin Scéim Scoir agus fáil éigeantach. Tugann sé dá aire freisin, i gcás gabháltas a thairgtear chun a dhíola faoin Scéim Scoir, ar a shon go socraíonn Coimisiún na Talún luach na dtailte a thairgtear agus go ndéanann sé gnó a phlé suas go huasmhéid an luacha sin, i gcásanna ina dtógtar talamh go héigeantach go gcaitheann an Coimisiún an chéad bheart a dhéanamh chun an talamh a fháil agus, tar éis na bhforálacha achomhairc a bhíonn ar fáil, go bhfaigheann sé amach go minic gur airde an praghas is iníoctha ná a luacháil féin. Tugann an Coiste dá aire freisin go raibh an meánphraghas an t-acra a d’íoc Coimisiún na Talún ar thailte Scéime Scoir, fiú agus an phréimh 10% sna blianta 1976 go 1979 a chur san áireamh, cuid mhaith ní b’ísle ná an meánphraghas a íocadh ar thailte a tógadh go héigeantach.


Maidir le gabháltais a fuarthas faoin Scéim Scoir a athdháileadh is maith leis an gCoiste fios a fháil go bhfuil an scéal sin á athbhreithniú ag an Roinn san iarracht atá ar bun aici cothrom a chruthú idir fáil agus athdhíol agus go bhfuil Comhairle Airí CEE faoi láthair ag breithniú leasuithe ar an Scéim, lena n-áirítear togra chun fóirdheontais ó CEE a leathnú, chun baint le limistéir áirithe faoi mhíbhuntáiste ina mbíonn tailte a scaoiltear faoin Scéim Scoir á gcur de láimh ar shlí seachas d’fheirmeoir forbraíochta. Is maith leis an gCoiste a chluinstin, tar éis do Chomhairle na nAirí a n-athbhreithniú a chríochnú, go bhféadfar seasamh níos grinne a ghlacadh i dtaobh na Scéime agus, más gá, diúltú do thailte a bheidh á dtairiscint.


Glacann an Coiste leis go gcaithfear freagracht an Oifigigh Chuntasaíochta i leith airgead a thabhairt chun talamh a cheannach a fhorléiriú faoi raon na gcumhachtaí atá forchoimeádta do Choimisinéirí na Talún faoi Alt 12 den Acht Talún, 1950 agus nach mbíonn rialú sonrach á fheidhmiú aige ar rudaí ar nós an praghas is iníoctha ar thalamh ná ceannach agus athdháileadh gabháltas ar leithligh. Ba é díreach an teorainn sin le rialú an Oifigigh Chuntasaíochta a chuir faoi deara don Choiste an cheist a ardú i gcéaduair.


Toisc nach bhfuil an tOifigeach Cuntasaíochta cuntasach maidir le gnéithe áirithe caiteachais ar thalamh a cheannach measann an Coiste gur cheart go mbeadh duine éigin eile cuntasach amhlaidh más rud é nach mbeidh srian le bheith ar an gCoiste ag iniúchadh an chaiteachais sin dó agus ba mhaith leis barúlacha an Aire Airgeadais ar an gceist seo a fháil.


Sláinte—Aisíocaíochtaí agus Lascainí a bhaineann le hoidis faoin tSeirbhís Liachta Ghinearálta

24. Beidh an Coiste ag feitheamh le heolas ar thorthaí na bhfiosruithe atá á ndéanamh ag lucht comhairle a fostaíodh chun scrúdú a dhéanamh ar leibhéal na n-aisíocaíochtaí agus na lascainí dá bhforáiltear faoi na socruithe láithreacha chun drugaí agus earraí leighis a sholáthar do na Seirbhísí Sláinte.


Sláinte—Fostú Cógaiseoirí Lánaimsire ag Boird Sláinte

25. Tugann an Coiste dá aire go bhfuil cógaiseoirí lánaimsire ar a bhfoirinn ag cheithre Bhord Sláinte a n-áiritear ar a ndualgais na socruithe a mhaoirsiú faoina bhfuil dochtúirí, i gcúinsí áirithe, i dteideal drugaí agus earraí leighis a urghnamh faoi Scéim na Seirbhísí Liachta Ginearálta agus go bhfuiltear ag súil le ceapacháin a dhéanamh sna Boird Sláinte eile tríd an gCoimisiún um Cheapacháin Áitiúla. Ba mhaith leis an gCoiste scéala a fháil nuair a bheidh cógaiseoirí lánaimsire ceaptha chun na mBord Sláinte eile sin.


Leas Sóisialach—Nósanna Imeachta Rialúcháin

26. Is maith leis an gCoiste scéala a fháil go bhfuil sé curtha in iúl don Aire Airgeadais ag an Roinn Leasa Shóisialaigh gur thaispeáin an suirbhé a rinneadh ar iarratas an Choiste nach bhfuil aon áit sa Roinn nach bhfuil nósanna imeachta rialúcháin forordaithe á leanúint.


Leas Sóisialach—Orduithe Liúntais Leanaí

27. Beidh an Coiste ag feitheamh le heolas ar na tograí atá á gceapadh amach de thoradh a iarratais go ndéanfaí Orduithe Liúntais Leanaí a ionramháil ionann agus dá mba airgead a bhí i gceist.


Nuair a thug an tOifigeach Cuntasaíochta fianaise os comhair an Choiste i ndáil le Cuntais Leithreasa 1978 dúirt sé nach raibh na tograí a bhí luaite ina riocht críochnaitheach go fóill agus thug sé gearrthuairisc ar chuid de na fadhbanna a thiocfadh de mholtaí an Choiste a chur i bhfeidhm go hiomlán. Fanfaidh an Coiste leis na tograí foirmiúla sula ndéarfaidh sé a thuilleadh agus tá súil aige go mbeidh an t-eolas sin ar fáil aige ar ball.


Ginearálta

28. Is maith leis an gCoiste a shonrú go ndearnadh na feabhsuithe ba ghá ar an gcóras ríomhaireachta sa Roinn Leasa Shóisialaigh le go sárófaí deacrachtaí ag tuairisciú agus ag taifeadadh ró-íocaíochtaí agus go bhfuil na fadhbanna cóiríochta in oifig an Phríomh-Aturnae Stáit réitithe.


TUARASCÁIL DAR DÁTA 29 SAMHAIN 1979

Cosaint—Táille Fruilithe do Héileacaptair Airm

29. Tugann an Coiste dá aire nach ndéanfar feasta na costais a bhainfidh le cúraimí otharchóiste héileacaptair a iarraidh ar na húdaráis áitiúla áirithe ach go ndéanfar ina ionad sin na hidirbhearta iomchuí a chumhdach le nótaí sna Meastacháin Roinne agus sna Cuntais Leithreasa. Aontaíonn an Coiste leis an nós imeachta sin. Tugann sé dá aire freisin go bhfuiltear tar éis dul i mbun na dtáillí fruilithe do héileacaptair airm a athbhreithniú in aghaidh na bliana.


Saothar—Scéim Greasachtaí Fostaíochta

30. Tugann an Coiste dá aire go bhfuil an tOifigeach Cuntasaíochta tar éis a thuairisciú go bhfuil sé sásta go bhfuil comhairle a ndóthain ó fhoinsí oifigiúla le fáil ag gnólachtaí beaga chun go bhféadfaidh siad teicniciúlachtaí na Scéime Greasachtaí Fostaíochta a ionramháil go hinniúil agus go bhfuil leas sásúil á bhaint as an Scéim ag comhlachtaí den sórt sin.


Saothar—Deontas-i-gCabhair do AnCO agus Athbhreithniú Parlaiminteach ar Chuntais Chomhlachtaí Stáit Neamhthrádála

31. Tugann an Coiste dá aire go ndearnadh breithniú féachaint an bhféadfaí Comhchoiste ar chomhlachtaí Stát-tionscanta neamhthrádála a bhunú nuair a bhí an Coiste ar chomhlachtaí Státtionscanta tráchtála á bhunú agus go ndearnadh athbhreithniú ar an gceist roinnt uaireanta ó shin. Tugann sé dá aire freisin go measann Aire na Seirbhíse Poiblí, sula ndéanfar cinneadh ar an ábhar, gur mhaith an rud fios a bheith ar oibriú an choiste ar chomhlachtaí Stát-tionscanta tráchtála agus níl fiosrú críochnaithe go fóill ag an gcoiste sin ar na comhlachtaí go léir a thagann faoi réim a théarmaí tagartha. Measann an Coiste gur cheart go mba leor a bhfuil de thaithí go dtí seo ar oibriú an choiste ar chomhlachtaí Stát-tionscanta tráchtála, a bhfuil aon tuarascáil déag tugtha aige cheana féin, chun teacht ar chinneadh maidir leis na comhlachtaí neamhthrádála agus molann sé é sin a dhéanamh go luath.


Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim—Athrú ar Nósanna Imeachta Rialúcháin Áirithe

32. Tugann an Coiste dá aire go bhfuiltear á mheabhrú do gach Oifigeach Cuntasaíochta go bhfuil d’oibleagáid orthu a chinntiú, nuair a bhíonn nósanna imeachta rialúcháin á n-athrú, gur cheart tuiscint iomlán ar na córais nua a bheith ag na hoifigigh a bheidh freagrach sna nósanna imeachta nua a chur i ngníomh.


Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim—Cáin Ioncaim ÍMAT

33. Is maith leis an gCoiste an dearbhú go mbainfear áis go hiomlán as gach uile dheis, lena n-áirítear imeachtaí dlí agus bearta bailiúcháin eile, chun a chinntiú go n-íocfaidh fostóirí leis na Coimisinéirí Ioncaim Cáin Ioncaim ÍMAT a baineadh as luach saothair fostaithe ach nár íocadh anonn leis na Coimisinéirí Ioncaim (Ach féach mír 61).


Tugann an Coiste dá aire go bhfuil eolas ar ghanníocaíochtaí ÍMAT á thabhairt don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ó 1978 i ndáil leis an gCuntas Leithreasa Bliantúil.


Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim—Ús a bhailiú ar Riaráistí Cánach Ioncaim ÍMAT agus Riaráistí CBL

34. Tugann an Coiste dá aire go bhfuil comhairle tugtha don Aire Airgeadais ag na Coimisinéirí Ioncaim, gur mhothaigh siad, nuair a bhí feidhm á thabhairt acu dá gcumhachtaí faoi fhorálacha “cúram agus bainistí” na reachtaíochta a rialaíonn íoc Cánach Ioncaim ÍMAT agus CBL, go raibh d’oibleagáid orthu aird a thabhairt ar ráitis an Aire Airgeadais i nDáil agus i Seanad Éireann nuair a bhí an reachtaíocht iomchuí á thabhairt isteach, ráitis a thaispeánann go soiléir nárbh é intinn na reachtaíochta suimeanna móra úis de réir rátaí an-arda a chruinniú ó na daoine lenar bhain ach go raibh an t-ús sin le meas níos mó mar phionós ná mar mhodh chun na Coimisinéirí Ioncaim a chúiteamh i gcuntais nár íocadh.


Cé go dtuigeann an Coiste nach gciallaíonn neamh-bhailiú úis gur á mhaitheamh atáthar ach go bhfuiltear á chur siar, is cás leis go mb’féidir go dtarlódh cúinsí ina bhféadfadh maitheamh de facto teacht de neamh-bhailiú. Cuir i gcás dá mbeadh cáiníocóir faoi dhliteanas úis ar cháin nár íocadh in am i mbliain áirithe agus gur íoc sé a cháin—ar leithligh ón ús a bhí dlite de—sna blianta díreach ina dhiaidh sin agus ansin gur scoir sé de bheith faoi dhliteanas cánach i mblianta dá éis sin, an mbaileofaí an t-ús a bhí amuigh agus, mura mbaileofaí, an gcuirfí an neamh-bhailiú i bhfáir do Dháil Éireann mar a dhéantar i gcás cánach nár bailíodh?


Ba mhaith leis an gCoiste a chur in iúl go ndealraíonn cleachtas na gCoimisinéirí Ioncaim faoi láthair, maidir le neamh-bhailiú úis ar cháin thar téarma in am, a bheith glan in aghaidh an chleachtais a lean siad san am atá thart mar is léir ó na freagraí a thug Oifigeach Cuntasaíochta a bhí ann cheana don Choiste a scrúdaigh na Cuntais Leithreasa do 1973/74 (Ceisteanna 456-458) agus ba mhaith leis an gCoiste tuilleadh barúlacha a fháil ón Aire Airgeadais i dtaobh an scéil.


Tá gné eile den cheist seo, a bhfuil tábhacht níos fairsinge leis, agus is cás leis an gCoiste é. Baineann sé leis an rud a dúirt na Coimisinéirí Ioncaim, is é sin, nuair a bhí a gcumhachtaí á bhfeidhmiú acu maidir le cruinniú cánacha agus úis ar chánacha thar téarma, gur airíodar oibleagáid orthu féin aird a thabhairt ar an méid a dúirt an tAire Airgeadais i nDáil agus i Seanad Éireann nuair a bhí an reachtaíocht iomchuí á thabhairt isteach. Bhí an Coiste á cheapadh gur feidhm de chuid na gCúirteanna í de ghnáth reachtaíocht a léiriú agus nuair a bheidh aon reacht áirithe á léiriú acu, nach gcuirfidís i gcuntas ráitis ón Aire freagrach agus an Bille áirithe á thabhairt isteach aige ná ag aon chéim ina dhiaidh le linn dó bheith ag gabháil tríd an Oireachtas. Ba mhaith leis an gCoiste, dá bhrí sin, a thuilleadh tuairimí a fháil ón Aire Airgeadais sa scéal seo freisin agus, go háirithe, ba mhaith leis a fháil amach an bhfuarthas comhairle ón Ard-Aighne maidir le nós imeachta láithreach na gCoimisinéirí Ioncaim i ndáil le neamh-bhailiú úis ar cháin thar téarma. Ba mhaíth leis an gCoiste fios a fháil freisin i dtaobh cé mhéid úis ar ÍMAT agus CBL a ligeadh thar téarma agus nach bhfuiltear á lorg. Is maith leis an gCoiste an scéala go bhfuil an tAire á iarraidh ar na Ranna lena mbaineann a mheabhrú do na comhlachtaí Stát-tionscanta faoina gcoimirce go bhfuil d’oibleagáid orthu a gCáin Ioncaim ÍMAT a íoc anonn ar an toirt.


Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim—Ranníocaí Árachais Shóisialaigh Pá-Choibhneasa

35. Is maith leis an gCoiste scéala a fháil, maidir le faillí fostóirí na ranníocaí árachais shóisialaigh a bhíonn asbhainte acu as luach saothair fostaithe a íoc anonn leis na Coimisinéirí Ioncaim, go bhfuil údarás reachtúil ann ranníocaí den sórt sin a áireamh mar chinn atá íoctha chun críche aon chirt de chuid na bhfostaithe lena mbaineann chun sochair faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh agus nach ndéantar difear don teideal chun sochair mura dtarlaíonn an fhaillí sin le toiliú nó cúlcheadú fostaithe nó mar gheall ar aon mhainneachtain ar a dtaobh sin.


Is maith leis an gCoiste an dearbhú go mbainfear feidhm iomlán as gach deis atá ann, lena n-áirítear leas a bhaint as an dlí agus gach nós imeachta bailithe eile, chun a chinntiú go mbaileofar na méideanna atá amuigh.


Comhshaol—Deontais Tithíochta £1,000

36. Tugann an Coiste dá aire go bhfuiltear i bhfad chun cinn le dréachtú na Rialachán faoi Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1979. Ba mhaith leis an gCoiste go n-inseofaí dó nuair a bheidh na rialacháin sin críochnaithe.


Tugann an Coiste dá aire freisin, d’fhonn is nach bhfaighidh na deontais ach daoine a mbeidh teideal iomlán acu chucu, go bhfuil breithniú á dhéanamh go práinneach ar roinnt beart, lena n-áirítear socruithe le ranna eile, ab fhéidir a fhéadfadh cabhrú a thuilleadh chun feabhas a chur ar an gcóras seiceála agus ba mhaith leis an gCoiste scéala a fháil faoi aon rud a tharlóidh.


Nuair a bhí an tOifigeach Cuntasaíochta os comhair an Choiste i ndáil le Cuntais Leithreasa 1978 dúirt sé go raibh athbhreithniú ar an reachtaíocht agus ar na rialacháin ar siúl d’fhonn a fháil amach an raibh aon ghá lena leasú. Dúirt sé freisin go raibh socrú déanta leis na Coimisinéirí Ioncaim, le ceadú ón Roinn Airgeadais, trína gcaithfeadh daoine ag lorg deontas deimhniú a thabhairt nach ndearna an duine a bhí i gceist ná céile an duine sin faoiseamh cánach ioncaim a éileamh i leith úis a íocadh ar airgead a fuarthas ar iasacht chun áit chónaithe nua a cheannach nó a thógáil agus go rabhthas á bhreithniú an leathnófaí an nós imeachta rialúcháin seo go dtí an Bhreatain trí iarraidh ar na húdaráis Ioncaim ansin deimhnithe den sórt sin a thabhairt. Dúirt sé, áfach, nár mheas sé go bhféadfaí an sórt sin rialúcháin bhreise a leathnú níos faide amach.


Is maith leis an gCoiste an nós imeachta nua atá á thabhairt isteach, más pas déanach féin é, chun na deontais sin a choinneáil ar leithligh d’úinéirí céaduaire agus dóibhsean amháin mar atá ceaptha faoin scéim. Glacann sé leis nach mbeadh sé réadúil an nós imeachta nua sin a leathnú a thuilleadh. Ach téann sé de a thuiscint cén chúis nár tugadh aird ar a dheacracht atá sé “úinéireacht chéaduaire” a chruthú nuair a bhí sonraí na scéime deontais á gceapadh amach sa chéad ásc.


Leas Sóisialach—Córas Íocaíochtaí Ríomhairithe

37. Tugann an Coiste dá aire na tuairimí a fuarthas ó Roinn na Seirbhíse Poiblí. Ghlacfadh sé le bunús na chéad tuairime, is é sin, córais ríomhaire atá deartha agus tástáilte mar is cuí gur cheart dóibh rialúcháin níos dearfa agus níos cuimsithí a chur ar fáil ná na córais láimhe a bhí ann rompu. Is é an mí-ádh nach ndealraíonn sé go mbíonn gach córas ríomhaire deartha agus tástáilte mar is cuí agus is é a cheapfadh an Coiste gur dhóigh d’aon chóras ríomhaire a thabharfaí isteach gan dearadh ná tástáil cheart air bheith ina chúis le níos mó fadhbanna a bhunú ná mar a réitíonn sé.


Maidir leis an dara tuairim, is é sin, nuair a bhíonn córas ríomhaire á dhearadh gur don Roinn nó don ghníomhaireacht a bheidh á úsáid atá sé de riachtanas a chinntiú di féin an bhfuil seiceálacha agus rialúcháin leordhóthanacha feistithe isteach sa chóras d’fhonn freastal ar a riachtanais áirithe féin, ní fheadar don Choiste an gceaptar a chur in iúl nach dóigh le Roinn na Seirbhíse Poiblí go bhfuil aon mhórfhreagracht uirthi féin sa réimse sin. Cé go nglacann an Coiste leis gur don Roinn nó don ghníomhaireacht a bheadh á úsáid a cuid riachtanas a shainiú maidir leis na rudaí a bheadh le déanamh ag an ríomhaire agus a bheith daingean air go bhféadfaidh an córas a bheidh á chur isteach iad a dhéanamh, bheadh sé in amhras éigin an mbeadh saineolas go leor ag Roinn nó gníomhaireacht mar sin, tráth a bheadh an ríomhaire á dhearadh, na bealaí a réamhaimsiú nó ina bhféadfaí neamhrialtacht agus calaois a imirt nuair a chuirfí an córas ag obair. Measann an Coiste gur cheart go mbeadh gníomhaireacht lárnach éigin sa tSeirbhís Phoiblí a bhféadfadh Ranna dul i dteagmháil leis agus ar a bhféadfadh siad a bheith ag brath chun treoir shaineolach a fháil dá mbeadh deacraí oibríochta nó rialúcháin acu lena gcórais EPD, agus is léir gurb í Roinn na Seirbhíse Poiblí an dream ar cheart dó gníomhú sa cháil sin. Tá trácht á chlos ag an gCoiste le blianta beaga anuas ar Lár-Sheirbhísí Sonra-Phróiseála na Roinne sin ach ní fios dó go háirithe cén cúram iomlán atá ar an rannóig sin, má tá aon chúram dá leithéid air, i ndáil leis an tSeirbhís Phoiblí go huile agus ba mhaith leis eolas a fháil ar an ábhar sin.


Ghlacfadh an Coiste leis an méid a dúradh sa tríú barúil ó Roinn na Seirbhíse Poiblí, is é sin, nuair a bhíonn seiceálacha agus rialúcháin atá deartha agus tástáilte go cuí ina gcuid den chóras ríomhaire, gur ar an Roinn nó ar an ngníomhaireacht atá á oibriú atá sé de fhreagracht a chinntiú go bhfuil na seiceálacha agus na rialúchain sin á gcur i bhfeidhm go héifeachtúil.


An Garda Síochána

38. Is maith leis an gCoiste an t-eolas a bheith aige go bhfuil an fhadhb maidir le fógraí faoi alt 103 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1961, tugtha faoi réir anois agus sna blianta 1977 agus 1978 nach raibh ach 3% tuairim gan leanúint ar aghaidh den méid iomlán fógraí a eisíodh. Tá súil ag an gCoiste go gcoimeádfar ar bun an leibhéal saothair atá sroichte anois agus nach mbeidh aon chúis aige le tagairt don ábhar seo feasta.


Cúirteanna—Oifigí Cúirte Dúiche

39. Tugann an Coiste dá aire gur laghdaíodh ó 57,000 ar dháta 31 Nollaig 1977 go dtí 23,000 ar dháta 31 Deireadh Fómhair 1979 an méid barántas i leith fíneálacha neamhíoctha a bhíothas le héisiúint ó Oifigí Cúirte Dúiche. Tugann sé dá aire freisin go mbeadh ar áireamh ar an líon 23,000 sin barántais a eisíodh i Meán agus Deireadh Fómhair 1979 nach bhféadfaí féachaint orthu mar riaráistí, toisc an t-am is gnách a lamháil chun fíneáil a íoc, agus ó tá geall le meánuimhir 8-10,000 barántas le heisiúint gach mí, ní mór a cheapadh go mbeidh tuairim 15-20,000 cás ag feitheamh le barántais a eisiúint aon tráth áirithe.


Ba mhaith leis an gCoiste go gcoinneofaí ar an eolas é i dtaobh cad a tharlóidh.


Oibreacha Poiblí agus Foirgnimh Phoiblí—Cáin Ioncaim a asbhaint as Íocaíochtaí Cíosa

40. Tugann an Coiste dá aire gur íocadh anonn leis na Coimisinéirí Ioncaim i mí Eanáir 1980 an méid a bhí fágtha de na riaráistí cánach ioncaim ar chíos. Tá súil aige go n-íocfar cáin den sórt sin anonn ar an toirt feasta.


Oibreacha Poiblí agus Foirgnimh Phoiblí—Fadhbanna Foirne agus Cóiríochta

41. Is cás leis an gCoiste a chlos, d’ainneoin gach dícheall de chuid Choimisiún na Státseirbhíse chun folúntais a líonadh i roinnt Ranna agus Oifigí, go bhfuil deacrachtaí earcaíochta ann i gcónaí i ngráid ghairmiúla áirithe. Tugann an Coiste dá aire, maidir le teirce foirne gairme in Oifig na nOibreacha Poiblí, go ndeirtear gurb é bun-chúis na deacrachta ó thaobh earcaíochta de ganntanas innealtóirí de gach aicme a bheith ann agus go bhfuil an ganntanas sin á bhrath sna hearnálacha poiblí agus príobháideacha araon den gheilleagar Tugann sé dá aire freisin go bhfuil an cheist seo á chíoradh i scrúdú speisialta idir-rannach agus idir an dá linn go bhfuil Coimisiún na Státseirbhíse ag leanúint dá iarrachtaí chun gach folúntas i ngráid ghairmiúla agus teicniúla a líonadh, go háirithe iad sin in Oifig na nOibreacha Poiblí.


Ba mhaith leis an gCoiste go bhfaigheadh sé eolas ar thoradh an scrúdaithe idir-rannaigh agus ar an dul chun cinn a bheidh á dhéanamh chun na folúntais in Oifig na nOibreacha Poiblí a líonadh.


Poist agus Telegrafa—Cuntas Bainc

42. Fáiltíonn an Coiste roimh dhearbhú an Aire Airgeadais gurb é a bheartas i gcónaí cuntais Ranna Rialtais a choimeád, a mhéid is féidir, i mBanc Ceannais na hÉireann.


Glacann an Coiste leis an argóint a cuireadh i láthair chun cuntas an Aire Poist agus Telegrafa a choinneáil i mbanc tráchtála agus tugann dá aire nach dócha go ndéanfar aon athrú ar an socrú sin san am le teacht chomh fada agus is léir. Tugann sé dá aire freisin go ndéantar an t-ús a d’fhéadfadh fás ar na hiarmhéideanna cuntais reatha a fhritháireamh i gcoinne na n-éileamh a d’fhéadfadh an banc a bhaint amach i leith a sheirbhísí ach nach ndéanann. Is maith leis an gCoiste a chloisteáil go ndéanfar gach uile iarracht chun na hiarmhéideanna sa chuntas a choinneáil chomh híseal agus is féidir.


Tá an Coiste buíoch de chionn an mheabhráin ó Oifigeach Cuntasaíochta na Roinne Airgeadais ag léiriú na tagartha i Meamram an Aire Airgeadais don bhuíon staidéir idir-rannach. Tugann sé dá aire na cúrsaí inar cuireadh an bhuíon sin ar bun agus, ag féachaint dó do na buanchúiseanna oibríochta agus beartais a bhacann, de réir dealraimh, cuntas na Post-Oifige a aistriú chun an Bhainc Ceannais, bhí sé socraithe aige gan leanúint a thuilleadh den scéal. Tugann an Coiste dá aire freisin go bhfuil sé beartaithe go mbreathnódh an Roinn Poist agus Telegrafa arís cuíosach mion isteach sna socruithe baincéireachta don phostseirbhís i ndáil leis an ullmhú chun an tseirbhís a aistriú go dtí comhlacht Stát-tionscanta.


Meánoideachas—Teideal chun Láithreáin Scoileanna Cuimsitheacha agus Pobail a Chlarú

43. Tugann an Coiste dá aire an dul ar aghaidh atá déanta chun díol láithreán a chríochnú agus teideal a chlárú sna cásanna sin.


Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta leis an gCoiste i mBealtaine 1980 go raibh cás amháin ann nach raibh díol láithreáin críochnaithe go fóill mar gheall ar fhadhb a bhaineann le teorainn. Dúirt sé freisin gur laghdaíodh go naoi gcinn an méid cásanna a bhí ag feitheamh le clarú teidil. Tá an Coiste á thathant go ndéanfaí gach dícheall chun na cásanna atá fós le thabhairt chun críche a chríochnú a luaithe is féidir.


Caiteachais Ilghnéitheacha—Íocaíochtaí leis an Irish Trust Bank

44. Tugann an Coiste dá aire go bhfuil an tAire Airgeadais sásta go ndearnadh aisíoc go bailí leis an mBanc Ceannais as airgead vótáilte sa tsuim £1.8 milliún a chuir an Banc ar fáil do leachtaitheoir an Aire Airgeadais. Tugann an Coiste dá aire freisin nach bhfuil gá le reachtaíocht bhailíochta ach amháin i ndáil leis an gcuid sin de na cistí a sholáthraigh an Banc féin don leachtaitheoir agus ba mhaith leis go n-inseofaí dó cén dul chun cinn atá á dhéanamh ag achtú na reachtaíochta sin.


Tionscal, Tráchtáil agus Fuinneamh—Stiúdeonna Scannán Náisiúnta na hÉireann Teoranta

45. Tugann an Coiste dá aire go bhfuiltear tar éis reachtaíocht a thabhairt isteach i nDáil Éireann do dhéanamh socrú chun Bord Scannán na hÉireann a bhunú, a oibriú agus a mhaoiniú i gcaitheamh na gceithre bliana seo romhainn, bord a bheidh freagrach as déanamh scannán in Éirinn a chur ar aghaidh agus a fhorbairt.


Tionscal, Tráchtáil agus Fuinneamh—An tAcht um Fhorbairt Pheitriliaim agus Mianraí Eile, 1960

46. Is maith leis an gCoiste an scéala go bhfuil sé socair anois go mbeidh aon idirbhearta den chineál dá dtagraítear i dTuarascáil an Choiste (i.e. nach mbeadh íoc airgid leis an Roinn ag baint leo) a thig de dhroim ceadúnais taiscealaíochta a dheonú, go mbeidh siad ina n-ábhar do nóta sonrach sa Chuntas Leithreasa iomchuí agus go mbeidh siad ar áireamh freisin sa tuarascáil leath-bhliantúil a gcuirtear de cheangal ar an Aire iomchuí le hAlt 57 den Acht um Fhorbairt Pheitriliaim agus Mianraí Eile, 1960, í a leagan os comhair Thithe an Oireachtais.


Tugann an Coiste dá aire freisin nach meastar gur gá, agus cúrsaí mar atá siad, an reachtaíocht atá ann a leasú go sonrach maidir leis na hidirbhearta sin ach go gcuirfear an t-ábhar síos lena bhreithniú má tharlaíonn agus nuair a tharlóidh gur chóir aon athruithe reachtaíochta a dhéanamh ar aon chúiseanna eile.


CUID II—CUNTAIS SHONRACHA

OIFIG AN ARD-AIGHNE

Cta 14-17 23-27


47. Ceanglaítear le hAlt 9 den Acht fán gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí, 1975 ar an gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí, comhlacht reachtúil a bunaíodh faoin Acht sin, cuntais a choimeád ar an airgead go léir a fuair sé nó a chaith sé agus na cuntais sin a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste gach bliain lena n-iniúchadh roimh iad a thíolacadh don Aire Airgeadais, agus cuirfidh seisean faoi deara cóipeanna díobh a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas. Déantar soláthar sa vóta d’Oifig an Ard-Aighne le haghaidh deontais don Choimisiún chun go bhféadfaidh sé a fheidhmeanna a chomhlíonadh.


Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta leis an gCoiste, cé go ndéanann sé faireachas ar airgead vótáilte a eisítear chun an Choimisiúin, nach bhfeidhmíonn sé aon urlámhas ar a chaitheamh. Is dóigh leis an gCoiste, nuair atá airgead á sholáthar don Choimisiún faoi shocrú a d’áireofaí mar ghnáth-fhomhírcheann, ní hionann agus fomhírcheann deontas-i-gcabhair, go bhfágann sé sin an tOifigeach Cuntasaíochta i lúib na deacrachtra sa mhéid go bhfuil sé cuntasach i gcaiteachas nach bhfuil aon urlámhas aige air dáiríre. Cé go measann sé, tríd is tríd, nár cheart an deontas-i-gcabhair mar mhodh maoinithe a úsáid gan riachtanas, mar sin féin, ag féachaint do stádas an Choimisiúin um Athchóiriú an Dlí agus na ceanglais reachtúla i dtaobh a chuntais a choimeád, a iniúchadh agus a thíolacadh do Thithe an Oireachtais, tá an Coiste á mholadh go ndéanfaí airgead a vótáiltear don Choimisiún a sholáthar feasta ar mhodh deontas-i-gcabhair.


OIBREACHA POIBLÍ AGUS FOIRGNIMH PHOIBLÍ

48. Iocadh táillí comhaontaithe ab fhiú £49,500 le hailtirí i leith foireann pleananna a d’ullmhaigh siad do cheannáras nua don Roinn Cosanta ach a tréigeadh ina dhiaidh sin. Measann an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste, sna cúrsaí sin, gur cheart ceadú sonrach na Roinne Airgeadais a iarraidh don íocaíocht sin, ag féachaint dó go háirithe go bhféadfadh na hailtirí a bheith ag súil leis na gnáth-tháillí nuair a bheadh an obair á dhéanamh ar bhonn foireann eile pleananna a d’ullmhódh siad.


Cuir an tOifigeach Cuntasaíochta in iúl don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste go raibh na pleananna ar íocadh an £49,500 ina leith ag freagairt do riachtanais Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí agus gur shásaigh siad an Roinn Cosanta agus fós Bardas Bhaile Átha Cliath, mar Údarás Pleanála. Ach mar gheall ar bheart de chuid an Bhardais ina dhiaidh sin, a rinneadh toisc é bheith ar intinn acusan bóthar in aice an láithreáin a leathnú don tionscadal seo agus toisc gur dhiúltaigh siad leor-mhéadú láithreáin a thabhairt do na Coimisinéirí, b’éigean dearadh na scéime foirgníochta a athrú ó bhonn, rud nach bhféadfaí bheith ag coinne leis. Mheas na Coimisinéirí, dá réir sin, go raibh táillí le híoc i leith na bpleananna tréigthe sa ghnáthchúrsa.


Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta leis an gCoiste ina chuid fianaise gur ullmhaíodh céadphleananna an fhoirgnimh seo tar éis dul i gcomhairle leis an mBardas, ach gur athraigh an Bardas a bpleananna ar raonú bóthair ina dhiaidh sin. Ní raibh sé cinnte, áfach, an raibh an bóthar a bhí i gceist marcáilte ar dhréacht-phlean forbartha an Bhardais.


Tá míshásamh rómhór ar an gCoiste go mb’éigean £49,500 d’airgead poiblí a íoc i leith pleananna nárbh fholáir tréigean ar an gcúis go ndealraíonn sé nach raibh comhchomhairle ná comhoibriú idir Bardas Bhaile Átha Cliath agus Oifig na nOibreacha Poiblí. Tuigtear dó go ndéantar móroibreacha bóthair i bpleananna forbartha Bhardas Bhaile Átha Cliath a phleanáil tamall maith roimh ré agus tá iarracht d’iontas air fios a fháil nach bhfuarthas amach faoin athrú ar raonú an bhóthair sa chás seo i láthair sular tarraingíodh suas na pleananna ailtire a caitheadh a thréigean. Ba mhaith leis a thuilleadh eolais ar an scéal a fháil. Go háirithe, ba mhaith leis a fháil amach an raibh an bóthar atá i gceist marcáilte ar phlean forbartha an Bhardais; an dáta a chomhaontaigh an Bardas an fhoireann pleananna ab éigean a thréigean; an dáta a chinn an Bardas a phleananna i dtaobh an bhóthair a athrú; an dáta a fuair Oifig na nOibreacha Poiblí fios go raibh athrú déanta ar phleananna an Bhardais; agus an dáta a dúradh leis na hailtirí éirí as obair ar na pleananna a tréigeadh.


Chuir an tOifigeach Cuntasaíochta ráiteas i scríbhinn faoi bhráid an Choiste á rá gurbh é costas measta an tionscadail sin de réir phraghsanna Márta 1980 ná £7.318 milliún, gan táillí agus costais feistiúchain a áireamh. Tugann an Coiste faoi deara gur £4.3 milliún an costas measta i gcéaduair, ar fhoras an fhoireann pleananna lenar glacadh sa deireadh agus ba mhaith leis eolas a fháil ar na príomh-ábhair a bhí leis an méadú rí-mhór sin a chur ar chostas measta an tionscadail. Ba mhaith leis an gCoiste a chluinstin freisin an bhfuil glactha fós le tairiscint don tionscadal seo agus, má tá, costas an tionscadail ar fhoras na tairisceana lenar glacadh agus na táillí is iníochta leis na hailtirí ar fhoras an chostais sin.


49. B’ionadh leis an gCoiste nár shínigh Bord an Choláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha comhaontú agus nach raibh aon chíos íochta ag an mBord i leith tionóntacht áitribh i Sráid Chill Dara, Baile Atha Cliath, a thug Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí dó amhail ó 1 Bealtaine 1972. Mhínigh an tOifigeach Cuntasaíochta gur tharla an mhoill ag comhlíonadh an chomhaontaithe sa chás seo go formhór mar gheall ar bhroid leanúnach sa Rannán Maoine d’Oifig na nOibreacha Poiblí, agus dá chionn sin gur charnaigh dlús mór seanriaráistí agus go ndeachaigh roinnt comhad amú agus orthu sin bhí an comhad a bhain le tionóntacht an Choláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha. Dúirt sé go raibh feabhas tagtha ó shin ar chúrsaí foirne sa Rannán Maoine agus go raibh na riaráistí i gcoitinne glanta.


Is maith leis an gCoiste a chlos ón Oifigeach Cuntasaíochta go bhfuil cúrsaí sa Rannán Maoine sásúil. Cé nár bhain aon chaillteanas don Státchiste sa chás seo mar gheall ar gan comhaontú tionóntachta a chomhlíonadh agus gan cíos a bhailiú dá dhroim sin, toisc gur ó airgead vótáilte go formhór a mhaoinítear an dá pháirtí sna hidirbhearta, d’fhéadfadh caillteanas mar sin tarlú mar gheall ar mhoill ag síniú comhaontaithe i leith tionóntachta a tugadh do ghníomhaireacht nach maoinítear amhlaidh. I ndáil leis sin ba mhaith leis an gCoiste fios a fháil ar tharla aon chaillteanas den sórt sin in aon cheann de na cásanna a bhain leis an gcarn sean-riaráistí dar thagair an tOifigeach Cuntasaíochta.


Ba mhaith leis an gCoiste a fháil amach freisin an bhfuil an comhaontú i leith tionóntacht an áitribh i Sráid Chill Dara sínithe fós ag Bord an Choláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha.


Asbhaintí ó Thuarastail Foirne a íoc anonn

50. Cáin ioncaim agus ranníocaí Árachais Shóisialaigh páchoibhneasa a asbhaineadh ó thuarastail foireann Oifig na nOibreacha Poiblí sna blianta 1973-74 go dtí 1976-77, ní raibh siad íochta anonn leis na Coimisinéirí Ioncaim faoin 31 Nollaig 1978. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta leis an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste nárbh fhéidir, mar gheall ar dheacrachtaí foirne ina Oifig, na suimeanna a chinntiú a bhí ag dul do na Coimisinéirí Ioncaim agus gur leasc leosan íocaíocht a ghlacadh ar cuntas fad a bheifí ag feitheamh le socrú críochnaitheach.


Cuir an tOifigeach Cuntasaíochta in iúl don Choiste ina chuid fianaise gur i 1975-76, tráth nach raibh go leor foirne san oifig aige chun déileáil leis na hathruithe a rinneadh ar chóras íoctha na n-asbhaintí anonn leis na hÚdaráis Ioncaim, gurbh shin é an tráth a tharla beagnach na riaráistí go léir a bhí ag dul do na Coimisinéirí Ioncaim. Dúirt sé, ar a shon go raibh na riaráistí á nglanadh le linn breisama, go raibh iomathrú neamhghnách foirne ag tarlú i mBrainse na gCuntas agus go raibh fadhbanna ann dá chionn. Ceapadh oifigeach eagraíochta le déanaí agus bhreithneodh seisean cúrsaí san áit agus bhíothas á bhreithniú an dtabharfaí isteach sonra-phróiseáil uathoibreach chun déileáil le cuid den obair.


Tugann an Coiste dá aire go ndeirtear gur deacrachtaí foirne i mBrainse na gCuntas ba chúis le gan na hasbhaintí cánach agus Árachas Shóisialaigh a íoc anonn. Is cuimhin leis nuair a tharla go bhfuair an Coiste um Chuntais Phoiblí ina Thuarascáil ar an Cuntais Leithreasa do 1977 locht ar Oifig na nOibreacha Poiblí toisc nár íoc siad anonn leis na hUdaráis Ioncaim cáin a asbhaineadh ó íocaíochtaí cíosa le gníomhaireachtaí lasmuigh, go ndúirt an tOifigeach Cuntasaíochta an t-am sin freisin gur fadhbanna foirne i mBrainse na gCuntas ba phríomhchúis le gan sin a bheith déanta. Ní foláir don Choiste a rá gur cás leis na deacrachtaí foirne sin a bheith ag leanúint ar aghaidh agus ba mhaith leis tathant ar Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí, fara le Roinn na Seirbhíse Poiblí, gach dícheall a dhéanamh chun iad a réiteach. Mura réitítear fadhbanna mar sin sa chéim tosaigh nuair ab fhéidir sin a dhéanamh go héasca is amhlaidh a tharlóidh fadhbanna níos mó, agus má ligtear dóibh sin a bheith ann aon fhad maith aimsire, thiocfadh de nach mbeadh réiteach ar bith orthu d’ainneoin go leor ama a chaitheamh leo, agus sin é gan dabht mar a tharla sa chás seo i láthair ní amháin in Oifig na nOibreacha Poiblí ach freisin in Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim.


Glacann an Coiste leis an méid a deir an tOifigeach Cuntasaíochta, is é sin nár bhain aon chaillteanas don Státchiste mar gheall ar gan Oifig na nOibreacha Poiblí d’íoc anonn asbhaintí cánach agus Árachais Shóisialaigh leis na hÚdaráis Ioncaim sa mhéid gur fhéad a Oifigsean úsáid a bhaint as na hasbhaintí nár íocadh anonn agus tríd sin gur fhéad sé laghdú a thabhairt ar na suimeanna a bhí á dtarraingt aige as an Státchiste. Ní fhéadfadh sé a admháil, áfach, gur argóint é sin a d’fhágfadh é a bheith ceart gan na hasbhaintí a íoc anonn go prap. San am atá caite rinne an Coiste trom-lochtú ar fhostóirí príobháideacha nár íoc anonn go prap asbhaintí cánach agus Árachais Shóisialaigh agus tá cúis aige le tagairt don ábhar sin arís i mír 61 den Tuarascáil seo. Gan amhras bheadh sé de leithscéal ag cuid de na fostóirí sin freisin deacrachtaí foirne a bheith acu; bheadh sé de leithscéal ag a thuilleadh acu go raibh fadhbanna sruthaíochta airgid acu, fadhbanna nach bhfuil ag Oifig na nOibreacha Poiblí. Ní foláir don Choiste a bheith daingean air go gcloífidh Ranna agus Oifigí go dlúth i gcónaí de réir na rialachán a bhaineann le hasbhaintí cánach agus Árachas Shóisialaigh a íoc anonn láithreach bonn.


IASCACH

Éilimh ar Dheontais CEE

Cta 124-127 644-645


51. Críochnaíodh oibreacha feabhsúcháin i 1974, 1976 agus 1977, faoi seach, ar thrí chuan iascaireachta, ar chostas iomlán £530,000, ar ceadaíodh i 1974 deontais i leith a gcostas as cistí FEOGA. Chuir an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste i bhfáir gur tharla moill ag cur éilimh faoi bhráid Choimisiún na hEorpa ar na deontais a ceadaíodh.


Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta ina chuid fianaise leis an gCoiste gur cuireadh na héilimh sin chun na Bruiséile i mí na Nollag 1979 ach nach raibh íocaíocht faighte go fóill. Chomh fada agus ab eol don Roinn, bhí na héilimh go léir i gceart-ordú agus bhí súil le híocaíocht in 1980. Mhínigh sé gur tharla an mhoill ag cur na n-éileamh sin isteach go háirithe mar gheall ar a dheacra a bhí sé na suimeanna costais a chomhaontú le hOifig na nOibreacha Poiblí, a rinne na hoibreacha feabhsúcháin thar ceann na Roinne Iascaigh. Níor comhaontaíodh na suimeanna ar deireadh go dtí an dara cuid de 1979 agus cuireadh na héilimh ar aghaidh chun na Bruiséile chomh luath agus bhí na suimeanna comhaontaithe ar fáil.


Is cás ró-throm leis an gCoiste an mhoill a tharla ag cur na n-éileamh ar dheontais faoi bhráid Choimisiún na hEorpa i gcás na n-oibreacha feabhsúcháin sin ar na cuanta iascaigh go speisialta ó bhí baol ann go bhféadfaí airgead deontais CEE a chailleadh ar an Státchiste de dheasca na moille sin. Téann sé de a thuiscint conas a d’fhéadfadh moill ó dhá bhliain go cúig bliana tarlú ag comhaontú na suimeanna i leith costas na n-oibreacha feabhsúcháin sa trí chuan iascaigh. Tá súil aige nach de dheasca easnaimh i dtaifid nó i gcóras rialaithe airgeadais na Roinne Iascaigh agus Foraoiseachta nó Oifig na nOibreacha Poiblí a tharla an mhoill sin agus ba mhaith leis dearbhú a fháil san ábhar sin.


B’éigean don Choiste tagairt don bhaol go gcaillfí airgead mar sin ina Thuarascáil ar Chuntais Leithreasa 1977 agus is cás leis go mb’fhéidir nach bhfuil Ranna agus Oifigí Rialtais ag tabhairt na hard-tosaíochta a thuilleann siad d’éilimh a chur ar aghaidh chun an Choimisiúin Eorpaigh. Ba mhaith leis an gCoiste eolas a fháil ar na socruithe atá ann do dhéanamh faireachais ar na héilimh ar dheontais as cistí éagsúla an Choimisiúin Eorpaigh. Ba mhaith leis freisin go n-inseofaí dó ar cailleadh aon deontais mar sin ar an Státchiste mar gheall ar na héilimh iomchuí a chur isteach ró-dhéanach.


I ndáil leis sin tugann sé dá aire gur dhiúltaigh CEE i dtosach d’éileamh ó Choiste Gairmoideachais, a rinneadh tríd an Roinn Oideachais, ag lorg cúnaimh Chomphobail faoi chomhair chostas oibrithe a oiliúint, a athoiliúint agus a athlonnú toisc nach raibh sé curtha isteach faoin dáta deiridh.


FORAOISEACHT

Cúnamh a Sholáthar do Irish Board Mills Limited (Faoi bhráid an Ghlacadóra)

52. Tar éis don Rialtas a chinneadh go gcuirfí airgead sealadach ar fáil d’fhonn go bhféadfadh Irish Board Mills Limited, a bhí i láimh an ghlacadóra ó 28 Meán Fómhair 1978, a choimeád ar bun mar chomhlacht gníomhach suas go dtí 31 Nollaig 1978, ritheadh Meastachán Forlíontach do sholáthar an airgid ba ghá i nDáil Éireann i Nollaig 1978. Ar an ionchas go rithfí an meastachán sin, áfach, íocadh suimeanna ab fhiú £350,000 le Glacadóir na cuideachta ar scór billí malairte arna dtarraingt ar an Roinn Iascaigh agus Foraoiseachta agus lenar ghlac an Roinn. Ar an Meastachán Forlíontach a rith aisíocadh suim £350,000, fara le hús ab fhiú £17,172, leis an gCuideachta Cairde Thionscail agus íocadh suim breise £200,000 leis an nGlacadóir ó airgead vótáilte.


Chuir an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste in iúl go raibh amhras air i dtaobh soláthar airgid don chuideachta phríobháideach seo a bheith faoi réim Vóta na Foraoiseachta agus dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta leis gur thug alt 9 den Acht Foraoiseachta, 1946 cumh-acht don Aire Iascaigh agus Foraoiseachta chun cabhrú le tionscal coille a sheoladh. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta leis an gCoiste ina chuid fianaise gur chomhairligh an tArd-Aighne gur tháinig cúnamh a thabhairt do Irish Board Mills Limited faoi réim cúnamh a thabhairt chun “tionscal coille” a sheoladh. Dá bhrí sin glacann an Coiste leis gur tháinig maoiniú sealadach Irish Board Mills Limited faoi réim an Vóta Foraoiseachta.


Tá gné níos bunúsaí ag baint leis an scéal seo, is é sin, an tslí inar cruinníodh an £350,000 a íocadh leis an nGlacadóir. Chuir an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste in iúl, ar a shon gurbh é an Chuideachta Chairde Tionscail Teoranta a d’íoc an t-airgead sin leis an nGlacadóir, gur suim í a fuair an Roinn Iascaigh agus Foraoiseachta ar iasacht ar í do ghlacadh le billí malairte arna dtarraingt uirthi ag an gCuideachta Cairde Tionscail Teoranta. Bhí dhá locht mhóra le fáil ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar an mbeart sin. Sa chéad áit ní raibh aon údarás ag an Roinn Iascaigh agus Foraoiseachta airgead a thógaint ar iasacht agus sa dara háit, tar éis di airgead a thógaint ar iasacht chun críocha Státchiste gan údarás, níor íoc an Roinn na fáltais isteach sa Phríomhchiste, mar a cheanglaítear le hAirteagal 11 den Bhunreacht, ach ina ionad sin shocraigh sí iad a eisiúint chun críocha Roinne.


Ghlac an tOifigeach Cuntasaíochta leis nach raibh aon údarás sonrach ag a Roinn airgead a thógáil ar iasacht, agus dúirt sé leis an gCoiste gur ar bhonn caothúlachta a rinneadh beart sa chás seo. Bhí treoir tugtha ag an Rialtas gur cheart Irish Board Mills Limited a mhaoiniú go sealadach agus, tar éis dul i gcomhairle leis an Roinn Tionscail, Tráchtála agus Fuinnimh agus leis an Roinn Airgeadais, loirg an Roinn Iascaigh agus Foraoiseachta deis chun an t-airgead ba ghá a chur ar fáil. Chuir Alt 9 den Acht Foraoiseachta, 1946, ar chumas na Roinne an t-airgead a chur ar fáil ach ní raibh aon soláthar d’airgead den sórt sin sa Vóta Foraoiseachta. Le toiliú na Roinne Airgeadais tógadh an t-airgead ar iasacht ón gCuideachta Cairde Thionscail Teoranta trí ghlacadh le billí malairte arna dtarraingt ar an Roinn. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta nach raibh aon deis eile ag an Roinn chun an t-airgead ba ghá a fháil; b’éigean é a fháil ar iasacht fad a bheifí ag feitheamh leis an Meastachán Forlíontach ba ghá a fháil.


Is ró-thromaí leis an gCoiste an rud a rinne an Roinn Iascaigh agus Foraoiseachta sa chás seo. Le fada riamh meastar gur ag an Aire Airgeadais amháin atá an ceart chun airgead a fháil ar iasacht chun críocha Státchiste agus caitheann seisean fiú amháin údarás an Oireachtais a fháil roimh ré chun na hiasachta sin agus, ar é a bheith tógtha ar iasacht aige, tá sé de cheangal air na fáltais a íoc isteach sa Phríomhchiste mura bhfuil údarás sainráiteach ó reacht aige a mhalairt a dhéanamh. Tuigeann an Coiste an cor ina raibh an Roinn Iascaigh agus Foraoiseachta sa mhéid gur cuireadh de fhreagracht uirthi déanamh de réir chinneadh an Rialtais agus an t-airgead a fháil chun sin a dhéanamh, Ach ní féidir leis an gCoiste glacadh leis go raibh sin ina cheart-chúis ar bith leis an mbeart a rinneadh. Ní fheadair don Choiste, dá nglactaí an Meastachán Forlíontach chomh luath agus a d’atosaigh Dáil Éireann tar éis sos Samhradh 1978, an mbeadh aon ghá ann airgead a fháil ar iasacht le tabhairt do Ghlacadóir Irish Board Mills Limited.


Sa mhéid gur ghá airgead a fháil ar iasacht téann sé den Choiste a thuiscint cén chúis nár thóg an tAire Airgeadais an t-airgead ar iasacht ó bhí údarás aigesean cheana féin iasacht a fháil chun críocha Státchiste.


Is measa fós a dhéanann sé go raibh ceadú roimh ré ón Roinn Airgeadais leis an mbeart a rinne an Roinn Iascaigh agus Foraoiseachta. Má bhíonn airgead á thógáil ar iasacht gan údarás ag Ranna, go háirithe nuair a úsáidtear na fáltais ón iasacht sin chun críocha roinne, ní bheidh de thoradh air sin ach lagú bunúsach a thabhairt ar rialú gnóthaí airgeadais an Stáit. Shaoilfeadh an Coiste go mbeadh faire ghéar á dhéanamh de shíor ag an Roinn Airgeadais sa scéal, os í an Roinn a bhfuil freagracht chomhlán uirthi sa rialú sin.


Sa mhéid is eol don Choiste is é seo an chéad ócáid a cuireadh faoi bhráid an Choiste um Chuntais Phoiblí go ndearnadh airgead a thógáil ar iasacht chun críocha Státchiste agus tá súil ag an gCoiste gur cás aonair é. Tá an Coiste á iarraidh go ndéanfaí an cás maidir le hairgead a fháil ar iasacht chun críocha Státchiste a chur i bhfáir ar gach Oifigeach Cuntasaíochta agus go n-iarrfaí orthu sin arís é a chur i bhfáir ar gach oifigeach dá gcuid foirne ar dóigh dó a bheith bainteach le rudaí mar sin.


Airgead a Eisíodh chun an Ghlacadóra a Ghnóthú

53. An t-airgead ab fhiú £550,000, a airleacadh chun Ghlacadóir Irish Board Mills Limited (féach mír 52) cuireadh ar fáil dó é ar an tuiscint go ndéanfaí an barrachas ar thrádáil in earraí a monaraíodh de thairbhe an airgid sin a úsáid chun an t-airgead mar aon leis an ús air a aisíoc dá mbeadh breis ag an mbarrachas ar an airgead a airleacadh. Chuir an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste in iúl don Choiste gurb é suim a d’aisíoc an Glacadóir suas go dtí Márta 1980 ná £251,000 agus go ndearnadh an tsuim sin a aisíoc ar an tuiscint go bhféadfadh an Glacadóir é go léir nó aon chuid di a éileamh ar ais go dtí cibé am a bheadh an cuntas críóchnaitheach socraithe agus comhaontaithe. Dúirt sé freisin gur mhar a chéile an £251,000 agus iarmhéid an airgid Stáit a bhí fágtha tar éis an t-easnamh ar thrádáil a ghlanadh agus soláthar a dhéanamh do chaiteachais eile de chuid an Ghlacadóra.


Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta leis an gCoiste ina chuid fianaise nach raibh an cuntas críochnaitheach faighte go fóill ón nGlacadóir ach go rabhthas ag coinne leis nár dhóigh don méid a ghnóthódh an Roinn do dhul thar £300,000.


Tá an Coiste ag tathant go dtabharfaí an gnó seo chun críche go luath agus ba mhaith leis scéala a fháil nuair a bheidh sin déanta.


Díol Adhmaid

54. Mar gheall ar dheacrachtaí i dtrádáil an adhmaid i 1974 thug an Roinn Iascaigh agus Foraoiseachta, le ceadú an Aire Airgeadais, córas díol creidmheasa isteach a cheadaigh do chustaiméirí a raibh bonn creidmheasa acu adhmad a cheannach ar chreidmheas dhá mhí in ionad airgead síos mar ba ghnáth.


Tharraing an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste aird ar shuimeanna ab fhiú £186,000 a bhí amuigh fós an 1 Feabhra 1979 i leith adhmaid a díoladh i 1977 agus 1978 le trí chuideachta, a raibh dhá cheann acu faoi bhráid an Ghlacadóra, agus arbh é Irish Board Mills Limited atá luaite sna míreanna sin roimhe seo ceann acu.


Ghlac an tOifigeach Cuntasaíochta leis ina chuid fianaise gur dhealraigh sé nach bhféadfaí an fiach a bhí dlite de Irish Board Mills Limited a ghnóthú agus, maidir leis an bhfiach a bhí dlite den dara cuideachta a bhí faoi bhráid an Ghlacadóra. chuir sé in iúl don Choiste go raibh cúrsaí na cuideachta seo gan críochnú fós agus ní fhéadfadh sé aon léas a thabhairt ar cén chríoch a bheadh leis. Maidir leis an tríú cuideachta a bhí i dtrácht ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta go raibh a Roinn féin ag déileáil fós leis an gcuideachta sin mar chustaiméir agus go raibh socrú déanta chun méid a chuid fiacha a laghdú in aghaidh na seachtaine.


Tharraing an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste aird freisin ar fhiach £16,377 a bhí dlite i leith adhmaid a tugadh do Chuideachta ó fhoraois Stáit i Samhain 1977 gan údarás. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta leis an gCoiste go ndearna oifigeach in ionad foraoiseachta na háite an t-adhmad sin a scaoileadh amach gan údarás ón gceannoifig. Dúirt sé nár ceapadh go raibh aon dul ar an tsuim a bhí dlite a ghnóthú.


Glacann an Coiste leis go bhfuil na deacrachtaí atá ag brú ar thionscal an adhmaid á dhéanamh deacair don Roinn fiacha a bhailiú atá amuigh i leith adhmaid a díoladh. Ba mhaith leis, áfach, go bhféachfaí leis na cásanna sin a thabhairt chun críche a luaithe is féidir tríd an t-airgead atá dlite a bhailiú nó trí dhíscríobh, le toiliú an Aire Airgeadais, in aon chás nach féidir é a bhailiú. Tá súil ag an gCoiste go sonrófar sa Chuntas Leithreasa aoin tsuim a dhíscríobhfar amhlaidh.


TIONSCAL, TRÁCHTÁIL AGUS FUINNEAMH

55. Faoi na socruithe Ráthaíochta Onnmhairiúcháin, a rinne sé de réir fhorálacha alt 2 den Acht Árachais, 1953 (arna leasú) deánann an tAire Tionscail, Tráchtála agus Fuinnimh (an tAire Tionscail, Tráchtála agus Turasóireachta anois) polasaithe árachais onnmhairiúcháin chreídmheasa a eisiúint trí chuideachta árachais ag gníomhú mar ghníomhaire dó. Déantar éilimh ó onnmhaireoirí faoi na polasaithe a íoc sa chéad ásc trí airleacain ón bPríomh-Chiste a aisíoctar ina dhiaidh sin as airgead vótáilte.


Ar na héilimh a íocadh i 1977 bhí suim £169,961 i leith íocaíochtaí tráthchoda nár íocadh as trealamh a sholáthraigh cuideachta Éireannach do dhá Aireacht Rialtais sa tSúdáin. Chuir an tOifigeach Cuntasaíochta in iúl don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, cé go bhféadfadh suim £1,069,007 de dhliteanas uasta a thitim ar an Aire in aghaidh na tréimhse ó 1977 go 1980, go ndéantar ábhar dlí de gach mainniú íocaíochta de réir mar a tharlaíonn sé d’fhonn íoc a chinntiú. Dúirt sé freisin go ndeachthas i dtadhall le Rialtas na Súdáine d’fhonn íocaíochtaí a luathú.


Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta leis an gCoiste ina chuid fianaise go mbíonn an-chuid gnó á dhéanamh ag an Roinn faoi na socruithe Ráthaíochta Onnmhairiúcháin agus go mbíonn, dar ndóigh, ardphriacal ag baint le cuid mhór den ghnó sin. Dá bhrí sin, bíonn cásanna ó am go ham ina dtarlaíonn mainniú nó moill íocaíochta. Dúirt sé freisin nach bhféachfadh an Roinn ar na riaráistí sa chás seo mar shuimeanna a bheadh le díscríobh toisc go raibh sí ag caibidlíocht le Rialtas na Súdáine d’fhonn na suimeanna a bhí amuigh a athsceidealú agus bheadh súil aici cuid mhaith acu a ghnóthú.


Is maith leis an gCoiste dearbhú a fháil ón Oifigeach Cuntasaíochta go bhfuil súil ag an Roinn cuid mhaith de na híocaíochtaí tráthchoda atá amuigh a ghnóthú as chás seo agus ba mhaith leis scéala a fháil ar an dul ar aghaidh atá á dhéanamh á ngnóthú.


56. An Chuideachta Árachais a ghníomhaíonn mar ghníomhaire an Aire ag eisiúint polasaithe faoi na socruithe Ráthaíochta Onnmhairiúcháin bailíonn sí an t-ioncam préimhe i leith na bpolasaithe agus coinníonn sí céatadán comhaontaithe chun a costais agus a caiteachais riaracháin a ghlanadh.


I 1977, i dteannta an chéatadáin chomhaontaithe d’ioncam préimhe, choinnigh an chuideachta suim £25,289 lena híoc le gnólacht a bhí tar éis seilbh a ghlacadh ar ghnó de chuid onnmhaireora árachaithe a bhí faoi bhráid an ghlacadóra agus a raibh comhaontaithe aice i leith na suime sin go ndéanfadh sí seirbhísiú ar threalamh lenar ghabh ráthaíocht sheirbhíse a bhí tugtha ag onnmhaireoir árachaithe roimh dhul faoi bhráid an ghlacadóra.


D’fhiafraigh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste an raibh toil shonrach na Roinne Airgeadais leis an íocaíocht sin toisc nár dhealraigh gur bhain sé le mainniú íocaíochta ag ceannaitheoir iasachta agus dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta leis gur ghlan an chuideachta árachais na costais lenar bhain as ioncam préimhe le ceadú a Roinne faoi théarmaí chomhaontú a síníodh leis an gcuideachta sin trína bhféadfadh an tAire a shocrú leis an gCuideachta an méid a d’fhéadfadh sí a choinneáil i leith costais agus caiteachais riaracháin. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta freisin gurbh é a bhí go formhór sa tsuim £25,289 suim réitithe arna ríomh ar bhonn an chostais a measadh do sheirbhísiú inneall lenar ghabh ráthaíocht sheirbhíse agus dá mbeadh aon fhaillí i soláthar na seirbhíse sin go bhféadfadh sé an £222,000 d’iarmhéid i leith caillteanais árachaithe a chur i bpriacal agus tríd sin seasamh an Aire mar árachóir déanach a chur i mbaol. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta freisin gur áiríodh mar ghnáth-ní faoi théarmaí na scéime costais bainistíochta a asbhaint agus nach raibh aon ábhar lena mheas go ndearnadh rud sa chás seo ar malairt leis an ngnáth-chleachtadh agus a dteastódh toiliú sonrach na Roinne Airgeadais dó.


Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta leis an gCoiste ina chuid fianaise toisc go raibh an chuideachta a rinne na hinnill sa chás seo tar éis dul i leachtú, go scoirfeadh aon chearta a bheadh ag na ceannaitheoirí ina gcoinne ar leachtú. An gnólacht a thóg an gnó ar láimh agus nár ghá dó a chuid dliteanas a thógáil air féin bheadh a thoil féin aige lena chinneadh nach mbeadh baint acu le seirbhísiú na n-inneall agus, dá gcinnfeadh sé gan baint a bheith aige, ní dócha go ndéanfadh na ceannaitheoirí a raibh airgead amuigh orthu i dtaobh na n-inneall a n-oibleagáidí a ghlanadh. Sa mhéid a bhain leis an Roinn ba cheist í £25,289 a íoc ar an seirbhísiú, a dhéanamh ar an ionchas go ngnóthófaí an t-iarmhéid £222,000 d’iarmhéid a bhí amuigh agus, mar a tharla, gnóthaíodh é ó shin.


Nuair a cheistigh an Coiste ionadaí na Roinne Airgeadais i dtaobh cén dearcadh a bhí ag a Roinn i leith an cháis seo ní raibh ar a chumas barúil a lua toisc nach dtángthas á phlé chucu agus nár tugadh aon eolas dóibh ar an idirbheart.


Is maith leis an gCoiste a chlos go bhfuarthas ar ais sa chás seo an t-iarmhéid a bhí amuigh, £222,000, ach ba mhaith leis a bheith cinnte go raibh sé beartaithe go ndéanfaí íocaíochtaí den chíneál a rinneadh sa chás seo a ghlanadh as ioncam préimhe. Cé go bhfuil súil aige nach dtarlóidh cásanna dá shamhail san am le teacht, measann sé, ar eagla go dtarlódh, go mba chiallmhar an rud é deireadh a chur le haon amhras i dtaobh léiriú na scéime agus molann sé go gcuirfí an t-eolas go léir ar an gcás seo faoi umhail na Roinne Airgeadais.


Kilkenny Design Workshops Limited

57. Phléigh an Coiste leis an Oifigeach Cuntasaíochta cé mhéid maoirseachta a bhí á feidhmiú ag an Roinn ar ghnóthaí Kilkenny Design Workshops Limited go háirithe maidir leis an ioncam a fríth óna saothar dearthóireachta. Mhínigh an tOifigeagh Cuntasaíochta nach mbeadh an Roinn ag iarraidh urlámhas fairsing a fháil ar ghnóthaí chuideachta den sórt sin agus sa mhéid a bhain le gníomhaíochtaí i gcoitinne ní bheadh súil aici go mbeadh sí ag tuilleamh brabús. Dúirt sé gur bunaíodh an chuideachta d’fhonn freastal ar riachtanas a bhí curtha i dtábhacht ag comhairligh idirnáisiúnta a rinne staidéar dearthóireachta agus bhí súil leis i gcónaí, dá bhrí sin, go mbeadh méid glan d’airgead poiblí á íoc amach a bhfaighfí luach ina choinne i bhfoirm onnmhairí ag gnólachtaí a bhain leas as an tseirbhís dearthóireachta a soláthraíodh. Ghlac an tOifigeach Cuntasaíochta leis, áfach, go raibh seirbhís mhaith á cur ar fáil do lucht tionscail agus go mb’fhéidir go raibh cás ann lena chur in iúl don Chuideachta nár mhiste breathnú féachaint an bhféadfaí ioncam níos airde a bhaint amach de thoradh na dtáillí dearthóireachta a ghearrfaí. Bhíothas le blianta beaga anuas ag tathant ar ghníomhaireachtaí a bhain leis an Roinn a n-ioncam a mhéadú oiread ab fhéidir agus, cé nár féadadh táillí a mhéadú i ngach cás ar eagla go dtiocfadh laghdú ar ghnó dá dheasca, gheall an tOifigeach Cuntasaíochta an cás maidir le Kilkenny Design Workshops Limited a scrúdú.


Ba mhaith leis an gCoiste go n-inseofaí toradh an scrúdaithe sin dó.


GINEARÁLTA

Orduithe iníoctha gan réiteach a thabhairt chun réitigh

58. Chuir an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste i bhfáir nach ndearna na Ranna Dlí agus Cirt agus Oideachais na figiúirí d’orduithe iníoctha gan réiteach, mar a háiríodh iad ó thaifid roinne, a chomhréiteach leis na figiúirí a thug Oifig an Phámháistir Ghinearálta trína chóras ríomhairithe i leith na vótaí éagsúla atá á riaradh ag na Ranna sin. Is chuige a ceapadh an córas ríomhairithe sin chun tuairisceáin mhíosúla a chur ar fáil do Ranna agus liosta a thabhairt i gcás gach vóta de na horduithe iníoctha a sóinseáladh, de na horduithe a cealaíodh agus de na horduithe gan réiteach. Ar chúiseanna éagsúla féadann míréireachtaí tarlú idir an figiúr d’orduithe gan réiteach a thugann Oifig an Phámháistir Ghinearálta agus an figiúr comhréire a dhéanann Roinn amach óna taifid féin. Tá sé riachtanach, dá bhrí sin, go ndéanfadh na Ranna comhréitigh mhíosúla ionas go ndeimhneofaí cruinneas na n-iarmhéideanna a bheidh le tabhairt suas mar a thaispeántar sna Cuntais Leithreasa iomchuí. Toisc nach ndearna an dá Roinn sin na comhréitigh ba ghá níorbh fhéidir leis an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste a bheith cinnte i dtaobh chruinneas na n-iarmhéideanna sin i gcás na vótaí lena mbaineann.


Chuir Oifigeach Cuntasaíochta na vótaí a riarann an Roinn Dlí agus Cirt in iúl don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste go raibh comhréitigh déanta ag an Roinn i leith na vótaí sin do 1977 agus go raibh comhréitigh mhíosúla á ndéanamh anois.


Maidir leis na difríochtaí a tharla roimh 1977, dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta nár mheas sé, mar gheall ar an gcostas a bheadh i gceist, go mba chóir breis iarrachtaí comhréitigh a dhéanamh, toisc nach raibh aon deimhin ann go dtabharfaí comhréiteach iomlán i gcrích agus toisc go gcaithfí an fhoireann a theastódh do na comhréitigh a aistriú ó obair chuntas riachtanach eile. Dúirt sé gur lorgaíodh treoir ar an Roinn Airgeadais san ábhar sin.


Dúirt an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste leis an gCoiste gur ordaigh an tAire Airgeadais, maidir leis na míréireachtaí roimh 1977, gur cheart na hiontrálacha iomchuí i dtaifid na Roinne Dlí agus Cirt a choigeartú ar fhoras na bhfigiúirí a bhí tugtha ag Oifig an Phámháistir Ghinearálta.


Chuir Oifigeach Cuntasaíochta na vótaí atá faoi riaradh na Roinne Oideachais in iúl don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste go dtéann na míréireachtaí i gcás na vótaí seo siar roinnt blianta agus meastar gur tharla siad go háirithe toisc nach ndearnadh orduithe as dáta, a raibh orduithe eile curtha ina n-ionad, a chealú in Oifig an Phámháistir Ghinearálta.


Dúirt sé go ndearna na stailceanna bainc i 1970 agus 1976 an cás níos measa agus fairis sin, cé go rabhthas i gcónaí ag iarraidh na míréireachtaí a thabhairt chun réitigh lena chéile, gur dheacair a shamhlú go ndéanfaí comhréiteach iomlán.


D’aontaigh an tOifigeach Cuntasaíochta, ina chuid fianaise os comhair an Choiste, go raibh riocht míshásúil ar an scéal maidir le horduithe iníoctha a chomhréiteach. Sular tugadh ríomhairiú isteach ní raibh aon deacrachtaí i dtaobh comhréiteach iomlán a dhéanamh idir figiúirí na Roinne agus figiúirí Oifig an Phámháistir Ghinearálta. Tar éis ríomhairiú a thabhairt isteach laghdaíodh an líon foirne a bhí fostaithe sa Roinn ag eisiúint orduithe iníoctha ach tháinig de sin nach raibh go leor foirne ann le haghaidh obair chomhréitigh. Bhí tuairim aige nach bhféadfaí córas ríomhairithe a oibriú in Oifig an Phámháistir Ghinearálta agus córas láimhe don obair chomhréitigh sa Roinn Oideachais.


Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta gur éirigh leis an Roinn comhréiteach a dhéanamh i gcás an dá vóta bheaga a bhí á riaradh aici. Dúirt sé freisin go raibh sé dodhéanta comhréiteach a thabhairt i gcrích i gcás príomh-vótaí na Roinne agus gur bheartaigh sé dul chun cainte leis an Roinn Airgeadais agus leis an bPhámháistir Ginearálta maidir le cad eile ba cheart a dhéanamh faoin scéal.


Is cás rómhór leis an gCoiste nach ndearna an Roinn Dlí agus Cirt ná an Roinn Oideachais comhréiteach idir na figiúirí d’orduithe gan réiteach a fuarthas ó Oifig an Phámháistir Ghinearálta agus na figiúirí a rinneadh amach ó thaifid na ranna. Ba mhaith leis go n-inseofaí dó cén toradh a bheidh ar na cainteanna idir an Roinn Oideachais agus an Roinn Airgeadais agus tá sé á thathant go dtabharfaí an cheist sin chun críche a luaithe is féidir.


Chítear don Choiste, ón tslí nach ndearnadh comhréiteach sna cásanna sin, gur fianaise eile fós é sin ar an gcuma mhíshásúil ina bhfeidhmíonn an córas imréitigh orduithe iníoctha atá á oibriú ag Oifig an Phámháistir Ghinearálta. Tá súil aige nuair a thabharfar isteach san Oifig sin an córas ríomhairithe nua dá dtagraítear i mír 6 den Tuarascáil seo go ndéanfaidh sé freastal éifeachtúil ar riachtanais na Ranna go léir sa limistéar cuntasaíochta seo.


TALMHAÍOCHT

Mairteoil Idirghabhála a Stóráil agus a Iompar

59. Cuir an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste i bhfáir nach ndearna an Roinn Talmhaíochta, mar Ghníomhaireacht Idirghabhála, aon chonarthaí foirmiúla leis na fuarstórais inar stóráladh mairteoil idirghabhála. Chuir sé i bhfáir freisin nach ndearnadh na rátaí stórais a d’íoc an Roinn i leith na mairteola sin a chinneadh de thoradh tairiscintí comórtais agus gurb amhlaidh a comhaontaíodh iad ó am go ham idir an Roinn agus an comhlachas a bhí ina ionadaí do na fuarastórais.


Chuir an tOifigeach Cuntasaíochta in iúl don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, cé nach síníonn an dá pháirtí aon doiciméad áirithe ina mbíonn téarmaí uile an chonartha, go mbíonn an conradh á chur i bhfianaise trí dhoiciméid agus treoracha a eisiúint chun na stóras agus, cé nach nglacann na stórais dliteanas go sonrach i leith caillteanas mar gheall ar ghoid, meath, etc, tá na caillteanais sin á slánú acu. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta go rabhthas ag breithniú féachaint an bhféadfaí doiciméad caighdeánach conartha a úsáid ina mbeadh tagairt do dhliteanas na bhfuarstóras i leith caillteanas ach go raibh an méid fuarstóras lenar bhain agus méid na ndlínsí ina bhfuil siad á dhéanamh sin deacair.


Maidir leis na rátaí stórais, dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta leis an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste go ndearnadh, i gcás stóras na hÉireann, lár-chaibidlí lena gcomhlacht ionadaíochta, gurb iad na nithe a cuireadh i gcuntas na treoghluaiseachtaí náisiúnta i gcostais oibreachais, muirir leictreachais, costais riartha agus, sa mhéid go bhfuil rochtain ag an Roinn orthu, na rátaí atá á ngearradh i láthair na huaire ar úsáidirí tráchtála. I gcás stóras coigríche déantar caibidlí i dtaobh rátaí stórais a sheoladh ar fhoras chuideachta go cuideachta agus tugtar aird ar na rátaí a íocann gníomhaireachtaí idirghabhála sna Ballstáit ina bhfuil na stórais sin agus ar an leibhéal ginearálta rátaí a bhíonn á mbaint amach i ngach tír.


Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta leis an gCoiste ina chuid fianaise gur chuir comhlacht ionadaitheach na bhfuarstóras in iúl le déanaí gur dóigh go gcaithfidís a gcuid táillí a ardú dá mbeadh an Roinn teann ag iarraidh clásal dliteanais foirmiúil a bheith sna doiciméid stórais. Is í an cheist a bhí le réiteach ag an Roinn, bheith teann ar an gclásal dliteanais foirmiúil agus íoc as trí tháillí méadaithe nó leanúint, mar atá á dhéanamh, gan a leithéid de chlásal agus bheith ag brath ar na fuarstórais aon éilimh a thiocfadh a fhreastal. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta go rabhadar fós ag scrúdú an scéil féachaint an bhféadfadh siad, ina gcaibidil le hionadaithe na stóras, teacht ar chonradh foirmiúil éigin a thabharfadh cosaint níos fearr don Roinn. Dúirt sé gur lórg sé tairiscintí le déanaí ar roinnt comhairleach chun staidéar a dhéanamh ar chóras idirghabhála mairteola iomlán na Roinne, staidéar a bhainfeadh leis na rialuithe fisiciúla, doiciméadachta agus cuntasaíochta agus go dtiocfadh an cheist i dtaobh conradh caighdeánach ar fhód a bhreithnithe nuair a bheidís á chinneadh cad ba chóir a dhéanamh de thoradh an staidéir sin.


Chuir an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste i bhfáir freisin nach ndéantar conarthaí foirmiúla leis na monarchana ná na gnólachtaí tarlaithe ar leithligh a iompraíonn mairteoil idirghabhála. Déantar rátaí caighdeánacha d’iompar na mairteola sin go fuarstórais sa Bhreatain Mhór nó ar mhór-roinn na hEorpa a chomhaontú ó am go ham le Cumann Onnmhaireoirí Feoil Úr na hÉireann. I gcás mairteola a iompraíodh laistigh d’Éirinn íocadh rátaí éagsúla leis na monarchana nó na gnólachtaí tarlaithe ar leithligh lenar bhain.


Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta leis an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste go ndearnadh cuid mhór den mhairteoil a cuireadh i bhfuarstórais in Éirinn agus sa choigrích a iompar díreach ó na monarchana feola agus gurbh é an tslí b’éifeachtúla chun cóir tarlaithe a chur ar fáil do na gluaiseachtaí sin ligean do na monarchana an lucht tarlaithe a fhruiliú agus an costas a ghnóthú ón Roinn. Dúirt sé freisin gur shocraigh an Roinn go bhfruileofaí cóir iompair chun mairteoil chnáimhe a thabhairt ó fhuarstórais phoiblí áirithe in Éirinn go dtí fuarstórais sa choigrích agus go rabhthas ag smaoineamh ar lucht tarlaithe a fhostú go díreach ar chonarthaí marthanacha do na gluaiseachtaí sin go léir sa séasúr geimhridh 1979/80 ach go raibh neart deacrachtaí praiticiúla le sárú agus áirítear ar cheann acu cumas an lucht tarlaithe chun saoráidí a chur ar fáil d’iompar cainníochtaí móra feola ar ghearrfhógra.


I ndáil leis sin dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta leis an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste gur iarradh ar chuid de na tarlaitheoirí cuisnithe ba mhó in Éirinn i Lúnasa 1979 praghas a lua ar mhairteoil chnáimhe a iompar ó fhuarstórais tráchtála in Éirinn go dtí fuarstórais mór-roinne. Mar a tharla, níor éirigh amanna leis na tarlaitheoirí in Éirinn a luaigh praghas agus a gcumas go hiomlán á chur chuige, an méid mairteola a bhí le hiompar a aistriú agus b’éigean roinnt tarlaitheoirí ón gcoigrích a fhruiliú. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta freisin gurbh é a chosain sé an mhairteoil sin a iompar ó £1,000 go dtí £1,475 an choinsíneacht, le meánchostas ualaithe £1,129, agus sa tréimhse chéanna go raibh coinsíneachtaí mairteola cnáimhe á n-iompar go fuarstórais sa mhór-roinn ag tarlaitheoirí a bhí fruilithe ag na monarchana féin de réir ráta cothrom £1,075 an choinsíneacht, ráta a comhaontaíodh leis na monarchana i dtús an tséasúir.


Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta ina chuid fianaise leis an gCoiste, sa mhéid a bhain leis na rátaí iompair agus, go deimhin, leis na rátaí stórais a bhí i dtrácht roimhe seo, gurbh í an fhadhb an cumas tarlaithe agus an toilleamh stórála a bhí ar fáil. Baineann an Roinn úsáid as a mbíonn le fáil agus, nuair is mar sin atá, ní fhéadfadh an oiread sin iomaíochta a bheith ann. Mheas sé gurbh é an tátal is mó a bhí le baint as an gcleachtadh sin ar mhairteoil idirghabhála a iompar gur mhar a chéile an costas ba chuma cé acu córas a úsáideadh.


Tuigeann an Coiste na deacrachtaí a bhíonn le hionramháil ag an Roinn i ndáil le mairteoil idirghabhála a stóráil agus a iompar, ag féachaint go háirithe do na mórchainníochtaí a bhíonn i gceist agus a laghad saoráidí stórála agus tarlaithe atá ar fáil. Is dóigh leis an gCoiste, áfach, gur fearr go mór conarthaí foirmiúla a dhéanamh i ndáil le mairteoil idirghabhála a stóráil agus a iompar araon. Tugann an Coiste dá aire go bhfuil an scéal á scrúdú go fóill ag an Roinn sna cainteanna atá ar bun aici leis na hionadaithe fuarstórais féachaint an bhféadfaí teacht ar ghnáth-chonradh maidir le stóráil mairteola agus ba mhaith leis fios a fháil ar thoradh na gcainteanna sin. Ba mhaith leis eolas a fháil freisin ar thorthaí an staidéir a dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta a bhí le déanamh ag lucht comhairle ar an gcóras iomlán idirghabhála mairteola. Maidir le mairteoil idirghabhála a iompar, measann an Coiste gur cheart dlúth-fhaireachas a dhéanamh i gcónaí ar na rátaí a íocfar as an iompar sin go dtí cibé am a bheifear in ann conarthaí foirmeálta a dhéanamh ar bhonn tairiscint iomaíochta le gnólachtaí tarlaithe.


CBL ar Idirbhearta Idirghabhála

60. Tharraing an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste aird ar mhíréireacht sa chuma inar déileáladh chun críocha cánach breisluacha le híocaíochtaí a rinne an Roinn Talmhaíochta, mar Ghníomhaireacht Idirghabhála, i leith táillí stórála. D’íoc an Roinn táillí CBL a bhí ar áireamh sna héilimh stórála ó na fuarstórais thráchtála ach níor íocadh táillí CBL a bhí ar áireamh sna héilimh stórála ó na monarchana feola. Tá riail déanta ag na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuil CBL dlite ar na táillí stórála sin go léir agus dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta leis an gCoiste, ina chuid fianaise, gurbh é ciall na rialach sin go bhfuil airgead ag na monarchana ar an Roinn. Dúirt sé, áfach, gur thuig sé go raibh cainteanna ar siúl idir na monarchana agus na Coimisinéirí Ioncaim i dtaobh dliteanas san ábhar sin agus go raibh an Roinn ag feitheamh le cinneadh críochnaitheach.


Tá súil ag an gCoiste go réiteofar an cheist seo gan mhoill agus ba mhaith leis fios a fháil ar cad a tharla sa deireadh thiar.


OIFIG NA gCOIMISINÉIRÍ IONCAIM

Riaráistí ÍMAT agus Éalú Ó Cháin

61. Taispeánann na figiúirí a thug na Coimisinéirí Ioncaim don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste maidir le bailiú cánacha, figiúirí atá ar áireamh aige ina Thuarascáil ar na Cuntais Leithreasa (féach mír 33), taispeánann siad go raibh suas le £8.5 milliún, tuairim, de cháin ioncaim, a d’asbhain fostóirí faoin gcóras ÍMAT as luach saothair fostaithe gan íoc fós an 31 Bealtaine 1979. Shonraigh an tOifigeach Cuntasaíochta ina chuid fianaise gurbh shin é an méid riaráistí de réir a gcuid taifead ach dúirt sé, mura mbeadh an mhoill ag seachadadh na ndoiciméad de dheasca an stailc phoist a bhí ann roinnt mí roimh 31 Bealtaine 1979, gur dóigh go mbeadh an méid riaráistí ÍMAT níos airde.


Ag trácht ar cheist an éalaithe ó cháin go ginearálta chuir an tOifigeach Cuntasaíochta in iúl don Choiste nach raibh aon tslí ag na Coimisinéirí chun an méid cánach a bhí i gceist a áireamh ar a shon go raibh a fhios acu go raibh éalú ar siúl. Dúirt sé gur méadaíodh leis an dá bhliain roimhe sin ar iarrachtaí na gCoimisinéirí chun teacht ar an éalú trína thuilleadh oifigeach seachtrach a fhostú. Dúirt sé freisin go raibh líon maith sa bhreis curtha acu leis an bhfórsa machaire a bhí ag saothrú ar limistéar cánach ÍMAT agus freisin i limistéar na ranníocaí leasa shóisialaigh pá-ehoibhneasa agus bhí toradh tairbheach ag teacht dá bharr.


San am atá caite thug an Coiste le fios nach raibh meas dá shuaraí aige ar bheart na bhfostóirí nár íoc leis an Roinn lenar bhain na suimeanna a bhí bainte as luach saothair a bhfostaithe. Molann sé an dícheall breise atá á dhéanamh ag na Coimisinéirí Ioncaim chun breith ar na fostóirí faillíocha sa limistéar sin, agus ar lucht seachanta cánach i gcoitinne, agus ba mhaith leis na hiarrachtaí sin a choinneáil ar bun agus más gá, dlús breise a chur leo lena chinntiú go laghdófar ceist na cánach neamhíoctha go dtí an phingin is ísle mura réiteofar glan amach í.


Cánacha Neamh-bhailithe a Dhíscríobh

62. De réir an nós imeachta cheadaithe in Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim chun cáin neamhíoctha a áireamh mar cháin nach féidir a ghnóthú ní foláir aon chás nach bhfuil dealramh dóchais ann go bhféadfaí cáin neamhíoctha a bhailiú a chur faoi bhráid na gCoimisinéirí go foirmiúil chun an cháin sin a áireamh mar cháin nach féidir a ghnóthú agus go ndéanfar sceidil de na cásanna sin go léir a bhaineann le cailleadh £100 cánach nó os a chionn sin a chur go dtí an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste. Déanann seisean scrúdú tástála ar na cásanna go léir a bhíonn ann agus tugann sé tuairisc ar a chinneadh do Dháil Éireann ina Thuarascáil ar na Cuntais Leithreasa.


Tharraing an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste aird ar mhoill in Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim ag leanúint an nós imeachta cheadaithe sin i roinnt cásanna inar fágadh cáin láimhdeachais gan íoc agus a áiríodh a bheith tugtha chun críche. Chuir an tOifigeach Cuntasaíochta in iúil dó go raibh fo-rannóg bheag foirne ag déileáil leis an méid a bhí fágtha de chásanna cánach láimhdeachais, ar obair láimhe cuid mhaith de, agus go raibh sé ag iarraidh gach cás a thabhairt chomh fada leis an gcéim go bhféadfaí teacht ar chinneadh i dtaobh cén dóchas a bhí ann go bhfaighfí íocaíocht. Mura mbíonn aon dealramh ann go bhfaighfear íocaíocht féachtar ar an gcás mar chás críochnaithe ar a shon go leanfadh na taifid ríomhaire den cháin a lua mar cháin nár íocadh go dtí go gcuirtear an cás ar aghaidh ar deireadh thiar go n-áireofaí an cháin neamhíoctha mar cháin nach féidir a ghnóthú. Mar gheall ar an líon beag foirne a bhí ar fáil b’éigean ullmhú na n-aighneachtaí sin a chur siar sa tslí go ndéanfaí cásanna a bhí ar bun a phróiseáil.


Chuir an tOifigeach Cuntasaíochta in iúl don Choiste gur tharraing an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste aird ar na cásanna sin agus dá bharr sin go rabhthas á dtabhairt níos luaithe go dtí an pointe ag a bhféadfaí iad a bhaint de na taifid. Chuir sé in iúl, cé gur thábhachtach an rud go dtabharfaí an obair sin chun críche, nach mbeadh tairbhe ar bith le breith ag an Státchiste dá bharr.


Tuigeann an Coiste nach mbéarfaidh críochnú na gcásanna sin aon tairbhe don Státchiste. Mar sin féin, measann sé gur chóir na cásanna go léir nach bhfuil aon dóigh go mbaileofaí cáin neamhíoctha iontu a thabhairt chun críche tríd an gcáin a áireamh go foirmiúil mar cháin nach féidir a ghnóthú agus gur cheart, más gá, iad a áireamh sna sceidil a chuirfear faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste le haghaidh scrúdú tástála.


CBL

Cta 315-319 322


63. Chaith an Coiste tamall maith ag breithniú ar easnaimh áirithe sna nósanna imeachta a bhí á gcur i ngníomh do bhailiú CBL, easnaimh a bhí curtha i bhfáir ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus a bhféadfadh go mbeadh de thoradh orthu go gcaillfeadh an Státchiste ioncam dá ndeasca. Ar na heasnaimh a luadh áirítear—


(a) nach ndearnadh athbhreithniú go rialta ar chásanna inar fágadh ar fionraí ar feadh roinnt blianta aon bheart do ghnóthú cánach;


(b) nach ndearnadh athphróiseáil ar chásanna inar dhiúltaigh an ríomhaire d’iarratais ar chlárú chun críocha CBL; agus


(c) nár bunaíodh roimh ré go raibh trádálaithe, a bhí ag fáil aisíocaíochtaí cánach faoi bhun leibhéil áirithe, i dteideal na n-aisíocaíochtaí sin.


Maidir le gan athbhreithniú a dhéanamh ar chásanna inar fágadh bailiú na cánach ar fionraí ar feadh roinnt blianta thug an tOifigeach Cuntasaíochta insint chomair ar na dálaí ina bhféadfadh an fhionraí sin tarlú agus dúirt sé go bhfuil réiteach déanta na cásanna sin go léir a athbreithniú dhá uair sa bhliain. Mhínigh sé gur dhiúltaigh an ríomhaire d’iarratas an trádálaí ar chlárú toisc go raibh uimhir chláraithe tugtha don trádálaí cheana féin agus go raibh an uimhir sin á húsáid. Dúirt sé freisin go raibh glactha le nósanna imeachta nua do scrúdú iarratais diúltaithe agus go gcinnteodh siad sin nach bhfágfaí na hiarratais sin gan clárú feasta. Is maith leis na gCoiste deimhniú an Oifigigh Chuntasaíochta go gcinnteoidh na nósanna imeachta sin go mbeidh na cásanna go léir inar fágadh bailiú cánach ar fionraí á n-athbhreithniú go rialta agus go ndéanfar cásanna ina ndiúltóidh an ríomhaire iarratais ar chlarú a athphróiseáil agus nach bhfágfar gan clárú iad.


Tá súil ag an gCoiste go mbeidh na nósanna imeachta nua éifeachtúil.


Maidir le gan fírinneacht éileamh ar aisíocaíochtaí CBL faoi leibhéil áirithe a chinntiú, thug an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste dá aire go raibh na héilimh sin á bhfreastal gan cinntiú a dhéanamh ar dtús go raibh an t-éilitheoir i dteideal na haisíocaíochta. Dá thoradh sin, ba léir go raibh baol ann go n-íocfaí éilimh neamhrialta ar aisíocaíocht, go háirithe ag féachaint do chomh héasca agus is féidir le trádálaithe clárú chun críocha CBL. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta leis an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste gur mheas na Coimisinéirí Ioncaim, fiú sular tugadh isteach CBL i Samhain 1972, é a bheith riachtanach tús a thabhairt do scrúdú na dtuairisceán CBL a thaispeáin aisíocaíochtaí a bheith dlite ach, ó ba léir nach bhféadfadh an fhoireann a bhí ann aisíocaíochtaí a dhéanamh laistigh d’am réasúnta ach amháin i leith cuid bheag de na héilimh má bhíothas le gach éileamh a fhíorú, socraíodh go bhféadfaí éileamh, nó roinnt éileamh ón trádálaí céanna, a aisíoc gan seiceáil roimh ré más rud é nár mhó ná £1,000 comhshuim an éilimh reatha agus na n-éileamh roimhe sin sa tréimhse dhá mhí dhéag is déanaí.


Socraíodh freisin go bhféadfadh Cigire, tar éis dó taifid trádálaí a scrúdú, aon mhéid ba lú ná £20,000 an t-éileamh a údarú le haghaidh aisíoc uathoibreach sa tréimhse dhá mhí dhéag ina dhiaidh sin. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta gur tugadh faoi deara, faoi mhí Iúil 1973, go raibh aisíoc na n-éileamh ag titim i ndiaidh láimhe agus fuaireadh gur ghá an méid éileamh a bhí á gcur go dtí Cigirí a laghdú tríd an bhforáil i dtaobh comhlán an dá mhí dhéag a chur ar ceal ionas go bhféadfaí aon éileamh faoi £1,000 an tréimhse inchánach dhá mhí a aisíoc go huathoibreach agus tríd an tréimhse a fhadú go dtí ocht mí dhéag a bhféadfaí ar a feadh éilimh suas go £20,000 a aisíoc go huathoibreach tar éis taifid trádálaí a scrúdú. Ach nuair a tugadh isteach zero-rátú do bhia, earraí leighis béalchaite. etc, i Meán Fómhair 1973, tháinig dá chionn méadú ar líon na gcásanna aisíocaíochta agus nuair a tháinig ardú ar rátaí eile cánach i 1976 tháinig méaduithe eile dá chionn sin agus, dá thoradh sin, b’éigean i mí Bealtaine 1977 an leibhéal don aisíocaíocht uathoibreach a ardú ó £1,000 go dtí £2,500 an tréimhse inchánach agus san am céanna rogha an Chigire chun aisíoc éileamh a údarú a mhéadú ó £20,000 go dtí £40,000.


Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta freisin gur tugadh isteach in Eanáir 1979 rialuithe níos déine ar aisíocaíochtaí uathoibreacha i gcás trádálaithe ar thosaigh a gclárú CBL i mí na Samhna 1978 nó ina dhiaidh sin. Faoi na socruithe nua sin níl freastal uathoibreach á dhéanamh ar na chéad éilimh aisíocaíochta os cionn £100 ach cuirtear iad faoi bhráid na gCigirí CBL chun a bhunú go bhfuil trádáil ann. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta freisin, cé gur beartaíodh go ndéanfaí athbhreithniú ar an triail sin tar éis dó a bheith ag feidhmiú roinnt míonna féachaint conas a bhí an obair bhreise a bhain leis á hionramháil ag na Ceantair Chánach agus Oifig an Ard-Bhailitheora, nach ndearnadh an t-athbhreithniú sin fós toisc gur tharla, mar gheall ar an stailc poist, nach raibh na nósanna imeachta athbhreithnithe ag obair go hiomlán ar fud na tíre ar feadh achair ama fada go leor le go bhféadfaí a mheas ar éirigh leo nó nár éirigh.


Caithfidh an Coiste a rá gur cás ró-mhór leis nár bhunaigh Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim go bhfuil trádálaithe a éilíonn aisíocaíochtaí CBL faoi bhun leibhéal áirithe i dteideal na n-aisíocaíochtaí sin. Nuair nach mbunaítear teideal a bheith ann i gcásanna mar sin roimh ré b’fhéidir gurb é toradh a thiocfadh de go mbeadh éilimh chalaoiseacha ar áisíocaíocht á gcur isteach, ag féachaint go háirithe do chomh héasca agus is féidir le trádálaithe clárú chun críocha CBL.


Mar a fheictear an scéal don Choiste, dealraíonn go ndéantaí suas go dtí Iúil 1973 éilimh trádálaí nár mhó ná £1,000 a n-iomlán i rith tréimhse dhá mhí dhéag a íoc go huathoibreach gan a theideal a bhunú ar dtús. Ó Iúil 1973 go dtí Bealtaine 1977 rinneadh an aisíocaíocht CBL iomlán a fhéadfadh trádálaí a éileamh, agus a fhéadfaí a íoc gan a theideal a bhunú ar dtús, a mhéadú go dtí £1,000 an tréimhse inchánach, rud ab ionann agus £6,000 i rith tréimhse dhá mhí dhéag agus ó Bhealtaine 1977 ardaíodh na teorainneacha sin go dtí £2,500 an tréimhse inchánach nó £15,000 i rith tréimhse dhá mhí dhéag. Cé go nglacann sé leis go mba chabhair éigin na rialúcháin níos déine a tugadh isteach i mí Eanáir 1979 mar leigheas ar chor a bhí fíormhíshásúil, tugann an Coiste dá aire nach bhfuil feidhm ag na rialúcháin nua seo ach amháin i gcásanna a céad-chláraíodh chun críocha CBL i mí Samhna 1978 nó dá éis sin. Tuigeann an Coiste a thábhachtaí atá sé aisíocaíochtaí cánach a dhéanamh gan ró-mhoill ach is deacair leis a chreidiúint gur ciallmhar an ní na haisíocaíochtaí sin a dhéanamh gan a bheith cinnte de i dtús báire go bhfuil siad dlite ó cheart. Maidir leis an gceist i dtaobh teideal trádálaithe chun aisíocaíochta a bhunú, chítear don Choiste gurbh é an méid foirne a bhí acu an bonn ba thábhachtaí ag Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim leis an leibhéal seiceála a bhí le déanamh acu a chinneadh. Mheasfadh an Coiste gurbh é an riachtanas a bhí leis an Státchiste a chosaint in aghaidh éilimh chalaoiseacha a gheobhadh tús tábhachta sa cheist seo.


Ba mhaith leis an gCoiste a fháil amach an ndearnadh go fóill an t-athbhreithniú ar na nósanna imeachta nua a tugadh isteach i mí Eanáir 1979 agus, má rinneadh, ba mhaith leis fios a fháil ar a thoradh. Ba mhaith leis a fháil amach freisin ar tharla aon athrú ar leibhéal an fhíoraithe roimh ré ar éilimh i gcás trádálaithe a chéad-chláraigh chun críocha CBL roimh Shamhain 1978.


Ba mhaith leis an gCoiste fios a fháil i dtaobh ar fionnadh gur aisíocadh CBL de bhun éilimh chalaoiseacha agus, má fionnadh, cé mhéid cás sin a tharla agus cé mhéid CBL ar fad a bhí i gceist.


COMHSHAOL

Deontais do Thithe Príobháideacha

64. Cheistigh an Coiste an tOifigeach Cuntasaíochta i dtaobh na gcúiseanna gur sábháladh £2.5 milliún as iomlán £17 milliún a cuireadh ar fáil le haghaidh deontais do thithe príobháideacha. Mhínigh sé gur tharla an tsábháil mar gheall ar nach raibh mórán iarratas ceadaithe ag teacht chun aibíochta i rith na bliana i ndáil le deontais feabhsúcháin agus deontais do thithe nua araon. Dúirt an tOifigeach Cuntasíochta go raibh cúis eile leis an tsábháil sin, is é sin, ganntanas ábhair thógála a bheith ann mar gheall ar aighnis thionscail sa dá phríomh-láthair táirgthe earraí coincréite i bhFómhar 1978. D’aontaigh sé, áfach, maidir le fadhbanna foirne a bheith ina gcúis le moill do bhaint do phróiseáil iarratas, gur gnáth-rud é sin agus go dtarlaíonn moill freisin toisc go gcaitheann cigirí roinnt turas a dhéanamh chun an tí chéanna mar nach mbíonn an t-iarratasóir ar an láthair chun cead a thabhairt an scrúdú a dhéanamh. De thoradh moltaí a rinne an Coiste cheana, bhí beart déanta ag an Roinn chun an scéal a fheabhsú trína chinntiú go ndéanfadh Cigire, tar éis turas in aisce, a chur in iúl don iarratasóir gur tháinig sé agus go dtabharfaidh sé fógra roimh ré faoina chéad choinne eile ionas go bhféadfadh sé a chinntiú go mbeadh an t-iarratasóir ann níos déanaí. Dá ainneoin sin bhí d’fhadhb ag an Roinn fós nach mbíodh iarratasóirl ag baile nuair a thagadh na Cigirí.


Mhol an Coiste arís gur cheart don Roinn córas a thabhairt isteach ag tabhairt fógra roimh ré d’iarratasóirí faoin dáta a bheartaíonn siad scrúdú a dhéanamh, mar go luathódh sé sin próiseáil na n-iarratas agus fós go seachnódh sé an diomailt airgid a bhaineann le turais in aisce.


Gheall an tOifigeach Cuntasaíochta an moladh sin a bhreithniú ach i meamram a chuir sé chun an Choiste ina dhiaidh sin chuir sé in iúl go raibh sé de choinníoll ag gabháil leis an deontas £1,000 do thithe nua a íoc nach foláir don iarratasóir an teach a áitiú, ar é a bheith críochnaithe, mar ghnáth-áit chónaithe dó féin i gcaitheamh na bliana agus gurb é cuspóir an choinníll sin a áirithiú go n-íocfar deontais le daoine a cheannaíonn nó a thógann tithe chun áitíochta acu féin agus nach le daoine a dhéanann sin chun iad a ligean ar cíos mar infheistíocht. Faigheann Cigirí na Roinne amach go rialta go mbíonn tithe is ábhar d’iarratais ar dheontas á ligean ar cíos nó á n-áitiú ag daoine seachas na hiarratasóirí. Mar gheall air sin, tharlódh nach bhféadfaí an coinníoll i dtaobh áitíochta a chur i ngníomh i gceart dá ndéarfaí roimh ré le gach iarratasóir ar dheontas do theach nua go raibh an Cigire ag teacht. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta freisin, áfach, go ndéantar gach dícheall chun freastal ar iarratais ionraice ar choinne roimh ré.


Maidir le deontais feabhsaithe tithe dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta go gcaitheann gach iarratasóir a uimhir theileafóin a thabhairt mar éascaíocht don Chigire a dteastódh uaidh teagmháil leo nuair a iarrtar coinne. Féadann cigirí turais thíosacha a shocrú le deis a bheith acu scrúduithe eile a dhéanamh má bhíonn turas áirithe in aisce acu agus mura bhfaighidh siad rochtain ar theach ní gá, dá dheasca sin, go mbeadh aon chostas breise. I gcás turais in aisce bíonn treoir faighte ag an gCigire teacht arís an chéad uair eile a bhíonn sé sa cheantar agus gheobhaidh an t-iarratasóir fógra roinnt laethanta roimh ré ar dháta an scrúdaithe nua sin.


Is leasc leis an gCoiste glacadh le hargóint an Oifigigh Chuntasaíochta i gcoinne fógra a thabhairt roimh ré do gach iarratasóir ar dheontas do theach nua sula dtiocfaidh an Cigire ag fiosrú. Measann sé gur chóir go bhféadfadh an Roinn a chinntiú ar bhealaí eile go mbíonn tithe a n-íoctar na deontais sin ina leith á n-áitiú ag lucht faighte na ndeontas. Molann sé go mbreithneodh an Roinn an scéal a thuilleadh agus ba mhaith leis eolas a fháil faoina thoradh sin i dtráth cuí.


POIST AGUS TELEGRAFA

Ioncam ó Theileafóin

65. Tharraing an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste aird ar roinnt laigí i gcomhlíonadh na nósanna imeachta ceadaithe le haghaidh ioncam teileafóin a bhailiú, agus orthu sin bhí—


(a) gan srian a chur le seirbhís do rannpháirtithe a bhfuil a gcuntais i ndiaidh láimhe;


(b) moill fhada ag cur cuntais tosaigh agus deiridh amach go dtí rannpháirtithe, agus


(c) moill fhada ag cur cuntais deiridh, a bhíonn thar am a n-íoca, ar aghaidh go dtí rannóg na n-éileamh le bailiú.


Chuir an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste in iúl go rabhthas go mór i ndiaidh láimhe ag cur amach cuntais i 1976 agus dá dheasca sin go raibh laghdú mór ar an ioncam i 1977 agus gur ghá bearta speisialta chun an t-ioncam ceaptha a chruinniú don bhliain sin. Áiríodh orthu sin gur maolaíodh ar an srianadh seirbhíse ionas go mb’éigean é a fhionraí ar fad i 1978 mar gheall ar bhearta tionscail éagsúla. Dhearbhaigh an tOifigeach Cuntasaíochta ina chuid fianaise leis an gCoiste go raibh atosaithe ar an ngnáth-chleachtadh srianta seirbhíse.


Mhínigh an tOifigeach Cuntasaíochta don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste gurbh é an phríomh-chúis a bhí leis an moill ag cur amach cuntais tosaigh agus deiridh go dtí rannpháirithe nár chuir Brainse Innealtóireachta na Roinne ar aghaidh ar an bpointe go dtí Brainse na gCuntas na nótaí faisnéise riachtanacha á chur in iúl go raibh an tseirbhís teileafóin curtha ar fáil i gcás na gcuntas tosaigh nó foirceanta i gcás na gcuntas deiridh. Ó am go chéile tharlódh gurbh é cúis na moille gur cailleadh nóta faisnéise ar bealach dó nó go ndeachaigh sé amú i mBrainse na gCuntas. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta ina chuid fianaise leis an gCoiste go raibh feabhas an-mhór tar éis teacht ar chúrsaí maidir le nótaí faisnéise a chur amach ach go raibh faire á dhéanmh i gcónaí mar gheall ar an mbaol, go háirithe i gcás cuntais deiridh, go gcaillfí ioncam ar an Státchiste.


Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta go raibh roinnt cúiseanna ann leis an moill ag cur cuntais thar am ar aghaidh go dtí Rannóg na nÉileamh lena gcruinniú agus orthusan go raibh, cuntais a bheith curtha amach déanach i 1976, an méid neamhghnách ceisteanna a d’ardaigh rannpháirtithe faoina gcuid cuntas agus brú oibre fara le deacrachtaí foirne. Dúirt sé le linn fianaise go raibh cúrsaí faoi láthair i dtaobh cuntais deiridh a chur ar aghaidh go dtí Rannóg na nÉileamh sásúil go maith agus chuir sé in iúl gur mheas an Roinn nach raibh aon tábhacht lenar cailleadh d’ioncam mar gheall ar an moill sin.


Cé gurb eol don Choiste go rí-mhaith na fadhbanna troma a bhí le hionramháil ag an Roinn le blianta beaga anuas, go háirithe fadhbanna mar gheall ar theirce foirne agus gníomh tionscail i roinnt limistéar, is cúram dó caillteanais ioncaim theileafóin a choinneáil chomh híseal agus is féidir agus, chuige sin, tá súil aige go gcuirfear nósanna imeachta bailiúcháin ceadaithe i ngníomh go hiomlán.


Is maith leis dearbhú an Oifigigh Chuntasaíochta go bhfuil na laigí ar ar tharraing an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste aird ceartaithe cuid mhór agus go bhfuil maoirseacht leanúnach á dhéanamh ag an Roinn ar na limistéir áirithe a bhí i gceist.


Táillí Ceadúnas Craolacháin

Foscríbhinn


66. Chuir an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste i bhfáir go raibh cuid mhór déileálaithe teilifíse, a cláraíodh faoin Acht Raidio-Theileagrafaíochta, 1972, nach raibh ag comhlíonadh a n-oibleagáidí reachtúla i dtaobh tuairisceáin mhíosúla ar an méid gléas teilifíse a dhíol siad nó a lig siad ar cíos a thabhairt don Roinn agus chuir sé in iúl, nuair nach raibh sin á dhéanamh acu, gur cheil sé ar an Roinn slí amháin chun lucht éalaithe ó íoc táillí ceadúnas teilifíse a aimsiú. Nuair a scrúdaíodh an clár déileálaithe atá á choinneáil sa Roinn fionnadh go raibh 720 déileálaí cláraithe ann, go ndúirt 103 díobh sin gur beag má bhí aon díol ná ligean ar cíos acu, go raibh 93 acu nár thug tuairisceán chor ar bith, go raibh 211 acu suas go bliain i ndiaidh láimhe, go raibh 281 acu os cionn bliana i ndiaidh láimhe agus nach raibh ach 32 acu cothrom le dáta ag tabhairt tuairisceáin reachtúla. Chuir an tOifigeach Cuntasaíochta in iúl don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, ó thugadh éifeacht an 1 Márta 1973 d’fhorálacha an Achta Raidio-Theileagrafaíochta, 1972, go raibh 450,000 idirbheart curtha in iúl don Roinn, agus gur bhain breis agus 52,000 díobh sin leis an mbliain 1978, agus gur mhór go léir an tairbhe an t-eolas sin ag déileáil le cásanna nár ceadúnaíodh gléasanna téilifíse nó nach ndearnadh ach ceadúnú neamhleor orthu. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta freisin gur mar gheall ar bhrú oibre eile, agus teirce foirne le taithí, a tharla na riaráistí, agus fairis sin deacracht eile fós, is é sin, nach bhféadfaí le linn na stailce poist a iarraidh ar dhéileálaithe cláraithe a gcuid gnó maidir le gléasanna teilifíse a chur in iúl. Bhí sé sin á dhéanamh anois agus mura bhfaighidh an Roinn freagra sásúil ar a hiarratas go dtabharfaí an t-eolas sin di, dhéanfaí iniúchadh ar thaifid chuid de na déileálaithe cláraithe is mó nach raibh tuirisceáin rialta á bhfáil uathu, lena fháil amach an raibh an dlí á shárú acu agus chuirfí an dlí orthu dá mba ghá.


D’aontaigh an tOifigeach Cuntasaíochta ina chuid fianaise nach raibh na bealaí miondíola go léir do ghléasanna teilifíse ar áireamh sna 720 déileálaithe cláraithe agus chuir sé in iúl go raibh an líon cláraithe tar éis titim go 680. Cuireadh feachtas fógraíochta ar bun lena chur in iúl do dhéileálaithe teilifíse go raibh d’oibleagáid orthu clárú agus bhí toradh éigin air sin ach cé go raibh an tOifigeach Cuntasaíochta deimhin de go raibh roinnt déileálaithe gan clárú fós, ní raibh aon tslí ina bhféadfadh sé a fháil amach cé mhéid. Shíl sé, áfach, san fheachtas ó dhoras go doras a bhí á sheoladh ag an Roinn chun gléasanna teilifíse neamhcheadúnaithe a aimsiú, go mbeadh sé de cheart ag na Cigirí fiafraí i dtaobh bealaí miondíola inar ceannaíodh gléasanna teilifíse. Ba é cuspóir na Roinne tabhairt ar na déileálaithe cláraithe na tuairisceáin reachtúla a thabhairt agus a chur ina luí ar dhéileálaithe a bhí toilteanach ar chlárú déanamh amhlaidh ach ní raibh go leor foirne le haghaidh iniúchta agus níor mhór an fhoireann a mhéadú chuige sin.


Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta freisin gur pléadh an fhadhb le RTE agus go raibh spéis mhór acusan sa mhéid a bhí á dhéanamh ag an Roinn ach mheas sé téin go gcaithfeadh cibé dream ar a gcuirfí de fhreagracht táillí ceadúnas a chruinniú dul i muinín chóras iniúchta éigin ó dhoras do doras. Ní raibh aon chóras níos fearr ná sin ceaptha ag an Roinn ná ní thangthas ar aon cheann de thoradh a gcuid cainte le RTE. Ba é meastachán RTE go raibh easnamh £3 milliún ar ioncam mar gheall ar dhaoine nár íoc, ach dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta nach raibh aon fhianaise ag an Roinn á chruthú nó á bhréagnú sin. Chuir sé in iúl, áfach, gur fionnadh 17,000 gléas teilifíse gan cheadúnas nó le ceadúnas mícheart sa chéad choicís d’fheachtas lorgaireachta na Roinne agus, ina theannta sin, díoladh 38,000 ceadúnas ar fad sa tréimhse sin i gcomparáid leis an méid a dhíoltaí de ghnáth, 18-20,000 ceadúnas, in imeacht coicíse.


Glacann an Coiste leis go bhfuil an-chuid daoine nach n-íocann táillí ceadúnais teilifíse agus molann sé go ndéanfaí gach dícheall chun a fháil amach cérbh iad sin a raibh gléasanna teilifíse gan cheadúnas nó le ceadúnas mícheart acu. Aontaíonn sé gurb é an scrúdú ó dhoras go doras an bealach lorgaireachta is éifeachtaí faoi láthair. Ar bhealaí eile lorgaireachta a bhféadfaidh an Roinn leas a bhaint astu tá iniúchadh na dtuairisceán a thugann na hoibritheoirí cábla teilifíse a luaitear i mír 14 den Tuarascáil seo agus iniúchadh na dtuairisceán a thugann déileálaithe teilifíse cláraithe. Ba mhaith leis an gCoiste an Roinn do dhul ar aghaidh lena hiarrachtaí chun go dtabharfaí ar gach uile dhéileálaí teilifíse clárú agus lán-úsáid a bhaint as tuairisceáin na ndéileálaithe sin agus as tuairisceáin na n-oibritheoirí cábla teilifíse.


LEAS SÓISIALACH

Riaráistí Ranníocaí Leasa Shóisialaigh a ghnóthú

67. Tugann an Coiste dá aire, cé gur cuireadh 425 cás go dtí an Príomh-Aturnae Stáit i 1978 chun imeachtaí sibhialta a thionscnamh i gcoinne fostóirí chun riaráistí ranníocaí leasa shóisialaigh a ghnóthú, nár críochnaíodh sa bhliain ach 53 chás. Thuigfí as na figiúirí sin go bhféadfadh farrasbarr mór cásanna a bheith fágtha leis an bPríomh-Aturnae Stáit ag feitheamh le beart a dhéanamh fúthu agus ba mhaith leis an gCoiste fios a fháil faoin méid cásanna atá ar láimh ag feitheamh le beart dlí mar aon le heolas i dtaobh cá fhad atá siad ar láimh, agus an méid iomlán airgid ata i gceist sna cásanna sin.


Tugann an Coiste dá aire gur gnóthaíodh £4.9 milliún riaráistí ó fhostóirí i 1978 de thoradh na n-iarrachtaí a rinne foireann sheachtrach na Roinne gan bheith orthu dul chun dlí agus molann sé na hiarrachtaí sin agus an toradh ar fónamh a bhí leo. Is tuigthe, áfach, ó mhéid na suime a gnóthaíodh amhlaidh go raibh neamhchomhlíonadh fairsing ar fhorálacha na nAchtanna Leasa Shóisialaigh ar siúl ag fostóirí. Molann an Coiste don Roinn leanúint dá hiarrachtaí chun na fostóirí sin a fháil amach agus gach uile riaráiste a ghnóthú, le dlí más gá.


Ró-Íocaíochtaí Cúnaimh Shóisialaigh

68. Tugann an Coiste dá aire gur tháinig méadú ó £825,376 an 31 Nollaig 1977 go dtí £1,215,524 an 31 Nollaig 1978 ar an iarmhéid róíocaíochtaí cúnaimh shóisialaigh nár diúscraíodh trí ghnóthú nó díscríobh. Mhínigh an tOifigeach Cuntasaíochta ina chuid fianaise, go bhféadfadh gur mar gheall ar dhearmad roinne a tharla na róíocaíochtaí sin, mar shampla, íocaíochtaí a eisiúint de réir an ráta mícheart nó d’fhéadfadh gur mar gheall ar chalaois a tharla siad de dheasca ceilt a n-acmhainní ag lucht a bhfála. Chuir sé in iúl gur cúnamh dífhostaíochta agus pinsin seanaoise na míreanna ba mhó a bhí san iarmhéid sin a bhí gan réiteach agus gur bhain a mbunáite sin le cásanna ina ndearnadh acmhainní a cheilt. Dúirt sé freisin go raibh líon ró-ghann foirne le tamall de bhlianta i mbrainse seachtrach na Roinne agus go mb’éigean aird a thabhairt ar dhámhachtainí nua nó athbhreithnithe seachas sean-chásanna a imscrúdú. De thoradh measúnachtaí fíriciúla a rinneadh ar acmhainní ghabháltasóirí beaga ó 1975 d’fhoilsigh cásanna inar ceileadh acmhainní agus nuair a tugadh an fhoireann suas go lán a nirt mhéadaigh ar an éifeachtúlacht san imscrúdú ionas gur tháinig méadú ar na ró-íocaíochtaí a fionnadh.


Glacann an Coiste leis, má tharlaíonn méadú ar na ró-íocaíochtaí a thaifeadtar lena ngnóthú, go bhféadfadh sin breis éifeacht a chomharthú san fhoireann imscrúdúcháin. Chomharthódh sé freisin go raibh breis ro-íocaíochtaí á ndéanamh. Is cás leis an gCoiste an méadú mór ar iarmhéid an chúnaimh shóisialaigh nár diúscraíodh, méadú geall le 50% in aon bhliain amháin, agus molann sé rud éigin a dhéanamh gan mhoill chun na ró-íocaíochtaí sin atá gan réiteach a dhiúscairt go mór mór toisc gur lúide an dóigh a bheadh lena ngnóthú dá ndéantaí moill.


Ranníocaí Sláinte a Bhailiú

69. Tharraing an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste aird ar aisíocaíochtaí ranníocaí sláinte áirithe le fostóirí a bailíodh tríd an gcóras stampála Árachais Shóisialaigh thar ceann na Roinne Sláinte agus ab fhiú £644,430 agus £832,369 i 1977 agus 1978, faoi seach. Bailíodh na ranníocaí sin i leith fostaithe árachaithe nach raibh a n-íoc dlite díobh mar gheall ar a leibhéal tuarastail. Dealraíonn gur íocadh na héilimh ar aisíoc gan fíorú a dhéanamh faoi threoir taifead ranníocaí árachais na bhfostaithe. Bá chás leis an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste go mb’fhéidir go bhfuarthas agus gur íocadh éilimh chalaoiseacha. Chuir an tOifigeach Cuntasaíochta in iúl dó gur socraíodh an córas aisíoca i gcomhar leis an Roinn Sláinte agus Cónaidhm na bhFostóirí agus bhí súil leis go dtiocfadh éilimh ó fhostóirí measúla i leith oibrithe neamhláimhe ard-tuarastail agus gan mórán dóighe go ndéanfaí éilimh chalaoiseacha. Seiceáladh éilimh lena chinntiú go rabhadar ceart ó thaobh uimhríochta de agus d’fhonn dúbailt aisíocaíochta a sheachaint ach, toisc nach raibh taifid ar ranníocaí fostaithe ar fáil go dtí deireadh na bliana ranníoca, ní fhéadfaí iad a úsáid chun éilimh reatha a sheiceáil. De thoradh seiceáil post factum ar na taifid sin, áfach, fionnadh nár aisíocadh ach 175 ranníoc barrachais, méid ab ionann agus 0.38 faoin gcéad de na ranníocaí a íocadh i leith an 902 ranníocóir sin.


Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta freisin, cé go bhféadfadh na taifid ranníocaíochta a insint go cúlamharcach, cad iad na ranníocaí a íocadh i leith gach fostaí, nár mhór féachaint ar thaifid an fhostóra féin freisin d’fhonn a chinntiú an mar fhostaí láimhe nó neamhláimhe a aicmíodh an fostaí agus an raibh a luach saothair, ag an tráth iomchuí, os cionn na teorainn forordaithe le cáiliú le haghaidh aisíoc den ranníoc sláinte.


Tuigeann an Coiste nach raibh taifid ranníocaí árachais na bhfostaithe leanar bhain ar fáil ag an Roinn tráth a bhí na haisíocaí sin á ndéanamh aici agus tuigeann sé freisin a dheacracht atá sé na fíorais bhunaidh i dtaobh stádas agus luach saothair fostaithe a fhionnadh, go cúlamharcach, i rith na tréimhse ar ina leith a aisíocadh ranníocaí le fostóirí. Ag féachaint do na suimeanna móra a aisíocadh le fostóirí i 1977 agus 1978 gan fíorú roimh ré trí fhéachaint ar na taifid ranníocaíochta iomchuí, is cás leis tabhairt dá aire nár tosaíodh ar an seiceáil teoranta a rinne an Roinn go cúlamharcach ar thaifid árachais an ranníocóra go dtí go raibh aird tarraingthe cheana féin ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar an ábhar sin agus nach ndearnadh é go formhór ach i gcás taifead fostaithe i gcomhlachtaí Stát-tionscanta nó i gcuid de na comhlachtaí móra measúla ar lú dóigh dóibh éilimh chalaoiseacha a dhéanamh. Measann an Coiste go bhféadfadh an Roinn a bheith níos dúthrachtaí ag déanamh na seiceálacha tástála sin agus iad a dhéanamh níos fairsinge.


AN GARDA SÍOCHÁNA

Airleacain a Ghlanadh

70. Tharraing an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste aird ar mhoill ag glanadh airleacain a rinneadh le comhaltaí den Gharda Síochána i leith liúntais taistil agus costais finnéithe; tá suas le deich mbliana ó rinneadh cuid acu agus tugadh dearbhú ina leith do Choiste roimhe seo go nglanfaí iad go luath.


Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta leis an gCoiste ina chuid fianaise nach raibh cor lánsásúil ar an scéal go fóill cé go raibh feabhas anmhór tagtha air maidir le cásanna a bhain le hairleacain suas go 1977, go raibh a líon sin laghdaithe geall le 70% i 1979. Is le cásanna reatha a bhain an deacracht agus is é an chúis a bhí leis sin go raibh sé deacair tuairisceáin a fháil ó na Gardaí. Chuir údaráis an Gharda roinnt treoracha chun siúil i dtaobh éilimh a chur isteach ach, toisc go raibh Gardaí aistrithe go dtí limistéir teorann mar a rabhadar ag obair i ndálaí deacra, nach raibh fonn rómhór brú a chur orthu i dtaobh an ábhair sin. I 1978 bhí ar an meán cúig mhí moille idir airleacan thabhairt agus an t-éileamh a bhain leis a chur isteach ach i 1979, d’ainneoin gach dícheall chun réiteach níos luaithe a dhéanamhair, mhéadaigh an mhoill sin go 6 mhí. Dúirt an tOifigeach Cuntasalochta leis an gCoiste freisin go mbeadh sé deacair cuid de na suimeanna a bhí gan réiteach i leith costais finnéithe a ghlanadh toisc go raibh airleacain ar áireamh orthu ba chóir a bheith glanta roinnt blianta ó shin. Ina theannta sin, ó d’fhéadfadh go bhfuil cuid de na Gardaí a fuair airleacain a bheith tar éis bháis nó imithe as an bhFórsa, ba deacair a fheiceáil conas a fhéadfaí an fhadhb a réiteach ar fad sa ghnáth-shlí agus b’fhéidir go gcaithfí dul i gcomhairle leis an Roinn Airgeadais agus leis an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste i dtaobh conas a fhéadfaí cruthúnacht a thabhairt i dtaobh caitheamh na n-airleacan sin. I gcás éilimh reatha, áfach, bhí roinnt sraith treoracha curtha amach ag an gCoimisinéir d’fhonn is go gcuirfí isteach níos luaithe iad.


Is cás leis an gCoiste, d’ainneoin go ndearna údaráis an Gharda athbhreithniú arís agus arís agus gur chuir siad treoracha amach ó am go ham i rith na mblianta i dtaobh éilimh a chur isteach, nach bhfuil cor ró-shásúil ar airleacain thar ré a ghlanadh a rinneadh le comhaltaí den Gharda Síochána i leith liúntais taistil agus costais finnéithe agus gur neamhdóigh anois go bhféadfar cuntas sásúil a thabhairt sna hairleacain sin go léir. Tugann an Coiste dá aire go bhfuil tuilleadh iarrachtaí ar bun chun na riaráistí a ghlanadh agus éilimh reatha a thabhairt níos tapúla. Ba mhaith leis scéala a fháil i dtaobh aon dul chun cinn a dhéanfar sa dá réimse sin.


CÚIRTEANNA

Airgead Bannaí a Chur de Láimh

71. Tharraing an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste aird ar airgead bannaí a bhí ag carnadh in Oifigí Cúirte Dúiche Bhaile Átha Cliath, airgead a bhí taiscthe in imeacht roinnt blianta i leith daoine cúisithe nár chomhlíon ina dhiaidh sin coinníollacha na gcúirtbhannaí faoina ndeachaigh siad os comhair na gCúirteanna. Chuir an tOifigeach Cuntasaíochta in iúl dó go ndéantar an t-airgead bannaí go léir a fhaightear sna hOifigí Cúirte a thaisceadh chun creidiúna chuntas airgid ghinearálta na nOifigí Cúirte Dúiche agus, i gcás neamhchomhlíonadh ar choinníollacha chúirtbhanna, tionscnaíonn na Gardaí imeachtaí i leith eistréatadh bannaí de réir na Rialacha Cúirte Dúiche. Airgead bannaí ar a ndéanann an Chúirt eistréatadh íoctar é isteach i gCuntas Fíneálacha na Roinne Dlí agus Cirt.


Chuir an tOifigeach Cuntasaíochta in iúl ina chuid fianaise leis an gCoiste go raibh an t-airgead bannaí in Oifigí Cúirte Dúiche Bhaile Atha Cliath ag carnadh ansin le breis agus 21 bliain, ar a laghad, agus gur bhain sé go formhór le cásanna a bhain le daoine narbh eol aon seoladh a bheith acu sa Stát nó le daoine ab fhéidir nach raibh cónaí orthu sa Stát agus nach bhféadfaí, dá chionn sin, teagmháil leo. Tar éis don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste an cheist sin a ardú cheap údaráis an Gharda cigire speisialta chun tabhairt faoin gcor a réiteach ach níor fhéad sé aon dul chun cinn ar fónamh a dhéanamh. Dá dtabharfaí faoi dhul siar na blianta chun an fhadhb sin a réiteach chosnódh sé go deimhin níos mó ná an tsuim airgid a bhí i gceist, suim tuairim £30,000. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta go raibh sé beartaithe orduithe diúscartha a iarraidh ar an gCúirt i leith an airgid sin agus bhí súil leis go mbeadh an Chúirt ullamh ar fheidhm a bhaint as an gcumhacht atá aici chun a dhearbhú go bhfuil an t-airgead sin á fhorghéilleadh don Stát. Maidir leis an scéal faoi airgead bannaí reatha, tá sé geallta go lándearfa ag údaráis an Gharda nach ligfear do rud mar sin tarlú arís agus tá treoracha curtha amach ag an gCoimisinéir á chur in iúl cad ba cheart a dhéanamh i gcásanna mar sin as seo amach.


Tá ag dul den Choiste a thuiscint conas a fhéadfadh airgead bannaí neamh-eistréata carnadh i gcuntais Oifigí Cúirte Dúiche Bhaile Átha Cliath feadh tréimhse 21 bliain gan aon aird a bheith tugtha air ag na hoifigigh Cúirte freagracha ná ag foireann cuntais na Roinne. Tugann sé dá aire na bearta atá ar intinn chun an cheist sin a thabhairt chun críche go sásúil agus ba mhaith leis fios a fháil ar an dul chun cinn a bheidh á dhéanamh. Cúis áthais dó go bhfuil dearbhú tugtha ag údaráis an Gharda nach ligfear don chor míshásúil sin tarlú arís.


Ba mhaith leis an gCoiste a fháil amach cad iad na torthaí a bhí ar an scrúdú a rinne scrúdaitheoirí na Cúirte Dúiche ar an scéal maidir le diúscairt airgid bhannaí i gCúirteanna Dúiche lasmuigh de limistéar Bhaile Átha Cliath.


Ar cheist níos ginearálta, ba mhaith leis an gCoiste dearbhú a fháil nach bhfuil aon airgead eile ag carnadh i gcuntais faoi urlámhas na gCúirteanna nach bhfuil á dhiúscairt go rialta.


COSAINT

Costais na bhFórsaí do Chaomhnú Síochána a Ghnóthú ó na Náisiúin Aontaithe

Chuir an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste i bhfáir go raibh suimeanna ab fhiú £3,080,528 dlite ar an 31 Nollaig 1978 de na Náisiúin Aontaithe i leith caiteachais a tháinig de chionn iarratais ar fhórsaí chun fónamh thar lear agus gur bhain £2,989,000 (measta go páirteach) den iomlán sin leis na fórsaí do chaomhnú síochána sa Liobáin.


Chuir an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste in iúl freisin go raibh £434,000 dlite de na Náisiúin Aontaithe i leith pinsin, liúntais, etc., agus gur bhain £392,000 de sin le fórsaí a cuireadh chun na Cipire.


Thabhaigh an Roinn Cosanta tuilleadh caiteachais ab fhiú £804,144 trí chúltacairí Airm a sholáthar sa bhaile in ionad na dtrúpaí a cuireadh chun na Cipire. Taisceadh éilimh foirmiúla leis na Náisiúin Aontaithe i leith £274,920 den chaiteachas sin ach cé go bhfuil éilimh ullmhaithe i leith na coda eile, £529,224, níor taisceadh iad fós. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta leis an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste gur socraíodh, tar éis uiríolla a fháil ó na Náisiúin Aontaithe, ceadú an Rialtais a lorg chun na costais sin a iompar ar an tuiscint go ndaingneodh na Naisiúin Aontaithe a chomhaontú go raibh na héilimh sin inghlactha agus go bhféachfaí orthu mar éilimh a bhí iompartha ag Rialtas na hEireann. Ba mhaith leis an gCoiste fios a fháil an ndearnadh cinneadh críochnaitheach ar an ábhar sin. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta ina chuid fianaise leis an gCoiste go raibh ag méadú i gcónaí ar an tsuim a bhí gan réiteach i leith fórsaí sa Liobáin mar gur bheart leanúnach é sin agus ar a shon go bhfuarthas £3.68 milliún d’íocaíochtaí, go raibh an méid a bhí gan réiteach méadaithe go dtí £4.8 milliún. Caitear cuid mhór ama ag ullmhú éileamh i leith na stóras a chaitheann na fórsaí coimeádta síochána ach bhí an Roinn ag dul ar aghaidh leo sin an t-am go léir.


Ag féachaint do na suimeanna móra a bhí dlite de na Náisiúin Aontaithe i rith tréimhse fada fiafraíonn an Coiste ar smaoiníodh ar iarraidh ar an eagraíocht sin íocaíochtaí rialta ar cuntas a dhéanamh go dtí go gcuirfí éilimh isteach i leith an chaiteachais a tabhaíodh iarbhír.


Earcaíocht do na Buan-Óglaigh

73. Shonraigh an Coiste, maidir le sábháil £2.7 milliún ar Fho-Mhírcheann B. Na Buan-Óglaigh—Pá go ndúradh gur tharla sé mar gheall ar laghdú ar neart na ranganna eile san Fhórsa. Chuir an tOifigeach Cuntasaíochta in iúl ina chuid fianaise go bhféadann saighdiúirí liostáil go ceann trí bliana, agus cé gur tháinig cuid mhaith fear isteach sa tréimhse trí bliana suas go 1978, níor fhadaigh tuairim 45% díobh sin a seirbhís. Tógann dualgais throma, ar a n-áirítear dualgais teorann agus dualgais slándála, breis ama suas agus is lúide sin a mbíonn d’am saor ag na fir. Nuair a bhíonn comhaltaí den Fhórsa míshona le méid na ndualgas fágann siad, agus tagann de sin go mbíonn ualach níos troime le hiompar ag na fir a fhanann san Fhórsa. Chuir an Roinn feachtas earcaíochta costasach ar siúl ar an teilifís agus sna nuachtáin agus, cé go raibh earcaigh á bhfáil acu, níor éirigh leo oiread a fháil agus a bhí ag fágáil. Rinneadh taifeach ar an laghdú daonchumhachta san Fhórsa Cosanta agus fionnadh dá thoradh gur troime na ndualgas an t-ábhar ba mhó ba chúis dóibh imeacht. Go teoiriciúil bíonn saighdiúir ar dualgas 24 uaire sa ló seacht lá na seachtaine agus cé go bhfaigheann siad breis phá i leith rudaí ar nós dualgas teorann nó dualgas slándála, sin suim shocraithe nach dtomhaistear de réir mhéid na n-uaire a oibrítear agus is méid é sin a d’fhéadfadh a bheith i bhfad níos mó ná an méid a bhfuil glacadh leis i gcúrsaí tionscail.


Is cás leis an gCoiste, fara leis an Roinn, an diomailt daonchumhachta cuíosach ard sin san Fhórsa Cosanta agus is léir go gcaitear an-chuid airgid dá dheasca ar fheachtais earcaíochta agus ar fhir nua ag teacht isteach a oiliúint. Glacann sé leis gur ábhar an-mhór sa diomailt sin mórmhéid na ndualgas, agus ba léir go raibh méadú ag teacht orthu sin le blianta beaga anuas. Cé nach bhfeictear dó go mbeidh aon fheabhas mór ar an scéal sin go luath measann sé gur chóir go bhféadfaí slí bheatha san Fhórsa Cosanta a dhéanamh níos taitneamhaí ná mar a dhealraíonn sé faoi láthair, i gcomparáid le slí bheatha in áiteanna eile sa tseirbhís phoiblí.


OIDEACHAS

Teaghlaigh Chónaitheacha agus Scoileanna Speisialta—Lochtaí Déanmhais ar Scoil Oiliúna

74. Thagair an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste ina Thuarascáil do lochtaí déanmhais a fionnadh i 1974 i bhfoirgneamh scoil oiliúna a bhí á thógáil faoi chonradh a rinneadh i 1972 agus a chosain £324,962. Nuair a fionnadh na lochtaí sin bhí an obair geall le bheith críochnaithe ach dhiúltaigh an conraitheoir iad a leigheas, cé gur measadh é sin a bheith dlite de, agus shocraigh an Roinn Oideachais, le ceadú ón Roinn Airgeadais, go ndéanfadh conraitheoir eile an obair cheartúcháin. Tráth níos déanaí, i 1976, chuaigh an conraitheoir bunaidh chun leachtaithe.


Nuair a bhí an conradh bunaidh á dhéanamh cheangail an Roinn Oideachais ar an gconraitheoir banna comhlíonta a sholáthar, trí chuideachta árachais, ab fhiú £86,250 agus bhí sé ina choinníoll sa bhanna sin, dá loiceadh an conraitheoir ina chomhlíonadh, go dtabharfadh an Roinn Oideachais fógra cuí air sin don chuideachta árachais laistigh de mhí. Nuair a dhiúltaigh an conraitheoir na lochtaí a leigheas ar measadh dliteanas ina leith a bheith air níor chuir an Roinn é sin in iúl don chuideachta árachais laistigh den tréimhse shonraithe agus, dá dheasca sin, bhí an chuideachta árachais sa chor gur fhéad sí dliteanas faoin mbanna a shéanadh.


Chuir an tOifigeach Cuntasaíochta in iúl don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste go mb’fhéidir go bhféadfaí ceist amhrais a dhúiseacht faoin gcuideachta árachais a bheith ag séanadh dliteanais. Chuir sé in iúl freisin gurb é costas iomlán na n-oibreacha a rinne an conraitheoir bunaidh £542,848 agus gur íocadh £513,325 de sin, ionas go raibh £19,523 fágtha d’iarmhéid le fritháireamh i gcoinne caiteachais ar na hoibreacha ceartúcháin ar bhain costas £37,928 leo suas go dtí 31 Nollaig 1978 ach dúirt sé go mb’fhéidir go mbeadh an Glacadóir in aghaidh aon socrú chun airgead a choinneáil a bhí ag dul don chonraitheoir bunaidh. Dúirt sé freisin go raibh cuntas críochnaitheach faighte i leith na n-oibreacha ceartúchain agus go rabhthas á scrúdú.


Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta leis an gCoiste ina chuid fianaise go bhféadfadh an cás seo dul chun Cúirte agus dá bhrí sin nach bhféadfadh sé aon trácht a dhéanamh air. Bhí iarratas curtha chun an Ghlacadóra ag an Roinn, áfach, le fáil amach an raibh aon airgead ar fáil.


Ba mhaith leis an gCoiste scéala a fháil ar aon rud a tharlóidh sa chás seo.


Ar cheist níos fairsinge, ba mhaith leis an gCoiste go n-inseofaí dó an mbíonn bannaí comhlíonta ag teastáil i gcás gach uile chonradh ag Ranna Rialtais i gcoitinne.


GINEARÁLTA

75. Le linn a chuid caibidlíochta bhí ar an gCoiste suntas a chur ann nach raibh eolas mionchruinn ar fáil i dtaobh deontais chaipitiúla agus neamhchaipitiúla d’fhorais phríobháideacha. Is dóigh leis an gCoiste go gcuirfeadh sé le prionsabal na cuntasachta poiblí an t-eolas sin a chur ar fáil maidir le gach deontas den sórt sin.


PÁDRAIG Ó TUATHAIL


Cathaoirleach


3 Nollaig 1980.