Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1978::03 December, 1980::Orders of Reference

ORDUITHE TAGARTHA

5 Nollaig, 1979:—Ordaíodh: Go ndéanfar, de bhun Buan-Ordú Uimh. 126 de na Buan-Orduithe i dtaobh Gnó Phoiblí, an Coiste um Chuntais Phoiblí a cheapadh; agus


Go ndéanfar na Cuntais Leithreasa maille le Tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 1978 a chur faoi bhráid an Choiste chun iad a scrúdú agus tuarascáil a thabhairt orthu.


27 Feabhra, 1980:—Ainmníodh Coiste dar comhaltaí na Teachtaí Niall Mac Aindriú. Lúcás Béalatún, Uinsionn Ó Brádaigh, Seán Ó hArgáin, Liam Ó Cinnfhaolaidh, Toirdhealbhach Ó Loideáin, P. Ó Murghaile, Fearghas Ó Briain, Ruairí Ó hAnnluain, Pádraig Ó Tuathail, Séamus Mac Pháidin agus Micheál Mac Gabhann.


7 Bealtaine, 1980:—Ceapadh an Teachta Éamonn Filgate in ionad an Teachta Uinsionn Ó Brádaigh a urscaoileadh.