Committee Reports::Report No. 55 - Weight of Goods Vehicles::27 June, 1979::Report

TUARASCÁIL

Togra a Scrúdaíodh

1. Tá an Comhchoiste tar éis scrúdú a dhéanamh ar an togra seo a leanas a rinne an Coimisiún faoi Airteagal 75 de Chonradh CEE a bhaineann leis an gcomhbheartas iompair a chur i ngníomh:—


Dréacht-Treoir ón gComhairle ar mheáchain agus gnéithe áirithe eile (gan tuisí a áireamh) feithiclí bóthair a úsáidtear chun earraí a iompar [4088/79 (COM (78) 728)].


2. Tá sé curtha in iúl don Choiste nach féidir a rá ag an gcéim seo cathain is dóigh a bheidh breithniú an togra críochnaithe ag na hinstitiúidí Comhphobail. Tá an Coimisiún ag iarraidh an Treoir bheartaithe a thabhairt i bhfeidhm, áfach, an 1 Eanáir, 1983.


Comhlachtaí lena ndeachthas i gcomhairle

3. Le linn don Chomhchoiste a bheith ag breithniú an togra, d’iarr sé a dtuairimí ar Chónaidhm Thionscail na hÉireann, Comhar Ceardchumann na hÉireann, Comhlachas Iompair Trasmhara na hÉireann, Comhlachas Tarló Bóthair na hÉireann, Córas Iompair Éireann, Gasra Chros an Deiscirt agus Cumann Cónaitheoirí na Dothra. Ba mhaith leis an gCoiste a bhuíochas a chur in iúl as an mórchúnamh a fuair sé uathu.


Gearrthuairisc ar an Togra

4. Baineann an dréacht-Treoir le meáchain agus gnéithe eile (gan tuisí a áireamh) feithiclí earraí agus leantóirí. Beartaíonn sé nach cead do Bhallstáit toirmeasc a chur ar dhíol, clárú ná úsáid feithiclí a bhíonn de réir na bhforálacha a shonraítear. Cheadódh na forálacha sin do lucht tarló bóthair agus d’oibritheoirí ar a gconlán féin feithiclí a úsáid de mheáchain incheadaithe uasta is mó ná iad sin is cead dóibh a oibriú faoi dhlí thrácht bóithre na hÉireann mar atá sé ach na feithiclí a bheith de réir cheanglas CEE maidir le cumraíocht acastóra, coscánaíocht, torann, bearta frith-thruailliúcháin, etc. Is iad na codanna is tábhachtaí den togra iad sin a mholann uasmheáchan acastóra 11 tonna agus uasmheáchan comhlán feithicle 44 tonna. 10 dtonna agus 32 tonna faoi seach na teorainneacha comhréire faoi dhlí na hÉireann. Cheadófaí do Bhallstáit feithiclí a úsáidtear chun earraí contúirteacha a iompar a eisiamh ó fhorálacha na Treorach agus ina theannta sin feithiclí a chomhlíonann an Treoir a eisiamh ó bhealaí nó ó struchtúir áirithe ar mhaithe le sábháilteacht, nó ar mhaithe leis an mbonneagar nó an timpeallacht a chosaint.


Ciallachais d’Éirinn

5. Má ghlactar leis an togra beidh athruithe éagsúla le déanamh, athruithe méadúcháin go formhór, sna teorainneacha acastóra agus sna teorainneacha uasmheáchan feithicle do na cumraíochtaí acastóra éagsúla, mar atá forordaithe sna Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Déanamh, Trealamh agus Úsáid Feithiclí), 1963. Tá taifeach ar fhorálacha na Rialachán sin i bhFoscríbhinn I a ghabhann leis an tuarascáil seo agus taispeánann Foscríbhinn II an méid feithiclí earraí atá faoi cheadúnas faoi láthair. Dealraíonn sé go leanfadh rialacháin náisiúnta d’fheidhm a bheith acu maidir le feithiclí a bheadh ag obair i gcríocha náisiúnta agus ag gabháil chucu agus uathu i gcásanna nach mbeadh na feithiclí de réir cheanglas na Treorach beartaithe.


6. Dá nglacfaí leis an Treoir chuirfeadh sé ar chumas lucht tarló bóthair na hÉireann a n-acmhainn tuillimh feithicle a mhéadú agus feidhmiú ar aon chóir, chomh fada agus a bhaineann le meáchan ualaithe feithiclí, le lucht tarló bóthair i Stáit mhór-roinne CEE agus sa réimse idirnáisiúnta. Na tarlaitheoirí ó Stáit mhór-rinne CEE a bhfuil srian orthu faoi dhlí na hÉireann um thrácht ar bhóithre maidir le meáchan ualaithe na bhfeithiclí a fhéadfadh siad a thiomáint chun na hÉireann agus uaithi bheadh cead acu feithiclí a thiomáint chun na tíre seo agus uaithi laistigh de na leibhéil mheáchain atá beartaithe.


7. Tá sé curtha in iúl don Chomhchoiste nach mbeadh aon chiallachas tábhachtach ag an Treoir, dá nglacfaí leis, maidir le monaróirí nó cóimeálaithe na hÉireann.


8. Ar rudaí a thagann faoi réim na Roinne Comhshaoil agus nach foláir a chur san áireamh nuair a bheidh an togra á bhreithniú áirítear an costas breise a bhainfeadh le bóithre agus droichid a dhéanamh agus a chothabháil, lena n-áirítear sábháilteacht droichid chun na hualaí breise a iompar; an éifeacht a bheadh aige ar dhálaí trácht ar bhóithre go háirithe maidir le damáiste á bhainfeadh do sheanfhoirgnimh mar gheall ar chrith; baol breise tionóiscí; an drochéifeacht a bheadh aige ar thimpeallacht agus ar cháilíocht na maireachtála i mbailte, i gcathracha agus faoin tuath; an bhféadfaí na rialacha meáchain a chur i bhfeidhm go héifeachtúil agus cad a chosnódh sé.


Barúlacha Comhlachtaí Leasmhara

9. Tá fáilte roimh an togra ag an dá chomhlachas a ionadaíonn do na tarlaitheoirí bóthair; fáiltíonn CIE roimhe freisin ach mhol sé roinnt leasuithe ar shonraí áirithe de. Má ghlactar leis an Treoir, ba mhaith le CIE gurb é an Coimisiún a chuirfeadh i bhfeidhm í i gcás feithiclí ag dul isteach sa Chomhphobal ó thríú tíortha agus cuireann sé i láthair gur mhaith an rud comhchuibhiú a dhéanamh idir reachtaíocht na Breataine agus na hÉireann.


10. Tá sé curtha in iúl ag Cónaidhm Thionscail na hÉireann gur sa Chomhphobal atá os cionn 80 faoin gcéad d’onnmhairí na hÉireann á ndíol anois agus gur ar na seirbhísí rothlú ann/rothlú as atá cuid mhór den trádáil á hiompar anois go dtí na príomhmhargaí. Measann sé go bhfuil tábhacht mhór ag baint le hacmhainn iompair bhreise chun arduithe ar chostais a chomhrac agus freastal ar mhéadú trádála. Tá sé ag tathant go dtacófaí leis an togra agus freisin go nglacfaí le hualaí ceadaithe den sórt céanna le haghaidh iompair bhaile.


11. Bhí deis ag comhaltaí den Choiste freisin gnéithe timpeallachta a phlé le T. Ó Crualaoich, Cathaoirleach Chumann Cónaitheoirí na Dothra, agus meastar gurb ionann barúlacha dó féin agus do Ghasra Chros an Deiscirt, a bhfuil a Chumann i gceangal leis. Níorbh é méid na bhfeithiclí ann féin ba chúram don Uasal Ó Crualaoich ach go mba cheataí rómhór do limistéir chónaithe an trácht atá faoi láthair ag gabháil tríothu. Measann sé, sa mhéid a bhaineann sé lena limistéar féin, go bhfuil sé lán-riachtanach bóthar ceangail a thógáil amach ó na ceantair chónaithe i mBaile Átha Cliath Theas d’fhonn freastal ar an trácht sin.


Barúlacha an Chomhchoiste

12. Tá an Comhchoiste suite de go hiomlán go bhfuil gá le costais iompair a choinneáil chomh híseal agus is féidir go háirithe ag féachaint don ardú atá ag teacht ar chostais fuinnimh. Creideann sé gurb é leas sonrach lán-tábhachtach na hÉireann an aidhm sin a chur ar aghaidh ag féachaint don chuid mhór dár dtrádáil leis an gcuid eile den Chomhphobal atá á hiompar ar na seirbhísí rothlú ann/rothlú as. Is é cuspóir na dréacht-Treorach cead a thabhairt go méadófaí acmhainn iompair feithiclí, agus tá sé sin ag gabháil leis an aidhm sin. Ina theannta sin tá an togra ar aon dul le haidhmeanna an chomhbheartais tionscail lena dtacaíonn an Coiste go hiomlán. Ach is é an deacracht sa mhéid a bhaineann le hÉirinn nach leor an córas bóithre atá ann do thrácht trom feithiclí agus dá gceadófaí d’fheithiclí earraí níos troime fós ó Bhallstáit eile na bóithre seo againne a úsáid chuirfeadh sé sin go deimhin bail níos measa ar na fadhbanna timpeallachta atá ann. Glacann an Coiste leis nach foláir tacú leis an togra ar mhaithe leis an gcomhbheartas iompair ach san am céanna creideann sé go gcuireann sé chun suntais an cás láidir atá ann go bhfaigheadh Éire cúnamh Comhphobail le haghaidh forbairt bhonneagair mar dá éagmais sin beidh sé dodhéanta go fisiciúil freastal do na meáchain acastóra a bheartaítear in go leor limistéar den tír seo againne.


13. Tá sé curtha in iúl don Choiste go bhféadfadh tuilleadh costas bonneagair titim ar an tír seo de dhroim an Treoir bheartaithe a chur i ngníomh e.g. maidir le (a) caitheamh agus cuimilt na gcosán bóthair agus (b) ualaí droichid níos troime mar gheall ar mheáchain feithicle níos troime agus mar gheall ar an ualach acastóra a fhoráiltear inti. Ach tá sé curtha i láthair an Choiste go bhféadfadh sé bheith deacair na torthaí sin a fheiceáil mar gheall ar ró-ualú mídhleathach a bheith á chleachtadh faoi láthair agus fós go bhféadfaí fritháireamh éigin ina n-aghaidh a dhéanamh faoi thograí CEE atá á leagan amach maidir le táillí a ghearradh ar fheithiclí i leith costas bonneagair.


14. Tá sé aitheanta cheana féin nach leor córas bóithre na hÉireann le freastal fiú don trácht atá air faoi láthair agus tá an tAire Comhshaoil tar éis Plean Forbartha Bóithre deich mbliana a fhógairt a bhfuil sé ceaptha dó feabhsuithe móra a dhéanamh ar an gcóras. Cé go n-admhaítear nach dóigh go mbeidh aon éascaíocht mhór ar an scéal go dtí go mbeidh an plean curtha i ngníomh go hiomlán, creideann an Coiste gur chóir féachaint le beart éigin mionfheabhsúcháin a chur i gcrích idir an dá linn.


15. Molann an Coiste go bhféadfaí breithniú go speisialta féachaint an bhféadfaí trácht feithiclí troma a choinneáil amach as limistéir chónaithe ar fad nó i rith na hoíche. Chítear don Choiste go bhfuil cumhacht chuige sin ag an Aire Comhshaoil cheana féin faoi alt 94 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1961, agus go mbeadh cead an chumhacht sin a úsáid faoi Airteagal 7 den Treoir bheartaithe má ghlactar léi.


16. Molann an Coiste freisin gur cheart feidhmiú an dlí in aghaidh ró-ualú mídhleathach a athbhreithniú. Mura leor na cumhachtaí atá in ailt 15 agus 16 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1961, measann an Coiste gur cheart tograí le haghaidh reachtaíocht leasaitheach a dhéanamh.


(Sínithe) MARCUS MAC GIOLLA FHIONNTÁIN,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


7 Meitheamh, 1979.