Committee Reports::Report No. 66 - Statutory Instruments [12]::19 December, 1979::Report

TUARASCÁIL

Réamhrá

1. Ó eisíodh an caogadú tuarascáil uaidh (Prl. 8088) an 30 Bealtaine 1979, tá scrúdú déanta ag an gComhchoiste ar dhá ionstraim déag reachtúla eile. Tá liosta de na hionstraimí sin san Fhoscríbhinn a ghabhann leis an tuarascáil seo. Ag éirí as an scrúdú a rinne sé ar thrí cinn de na hionstraimí sin ba mhaith leis an gCoiste aird na dTithe a tharraingt ar na nithe seo a leanas.


Reachtaíocht Chomhphobail a Lua

2. San fhichiú tuarascáil (Prl. 7279) agus sa naoi tuarascáil is fiche (Prl. 7530) uaidh rinne an Comhchoiste gearán i dtaobh ionstraimí áirithe a bhain le rialú allmhairí toisc nach raibh tagairt ar bith iontu don reachtaíocht thánaisteach Chomhphobail a airbheartaigh siad a chur i ngníomh. Is maith leis nach féidir an gearán sin a dhéanamh i dtaobh rialacháin na gComhphobal Eorpach (Teicstíleacha Ilghnéitheacha agus Gréasáin Theicstíleacha Ilghnéitheacha), 1979 [I.R. Uimh. 255 agus 256 de 1979] ós rud é go luaitear go hiomlán iontu an reachtaíocht thánaisteach Chomhphobail go léir lena mbaineann.


Treoracha ón gComhairle a chur i ngníomh le hlonstraimí Reachtúla

3. Cuireadh i ngníomh Treoir 72/160/CEE ón gComhairle, a bhaineann le Scéim CEE um Scor Feirmeoirí, trí rialacháin na gComhphobal Eorpach (Scor Feirmeoirí), 1974 [I.R. Uimh. 116 de 1974]. Foráiltear le hAirteagal 13 de Rialacháin 1974 go bhféadfar an bhlianacht is iníoctha faoin scéim “a mhéadú ó am go ham de réir mar is gá chun foráil d’aon mhéadú sa Treoirphraghas do Thomhaltóirí”. Cuireadh méaduithe den sórt sin in éifeacht ó am go ham le rialacháin a rinneadh faoi alt 3 d’Acht na gComhphobal Eorpach, 1972, agus tá an Comhchoiste díreach tar éis scrúdú a dhéanamh ar an gceann is déanaí díobh sin, eadhon, Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Scor Feirmeoirí), 1979 [I.R. Uimh. 198 de 1979].


4. Ós rud é go bhfuil an Scéim um Scor Feirmeoirí corpraithe in ionstraim reachtúil ní foláir dá chionn sin na hathruithe tréimhsiúla ar mhéid na blianachta is iníoctha faoin scéim a dhéanamh le hionstraimí reachtúla freisin. Sa tslí sin tá an Comhchoiste in ann faireachán iomlán a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil an Scéim á cur i ngníomh sa tír seo. Os a choinne sin ar fad ní féidir mion-scrúdú parlaiminteach ar bith den sórt sin a dhéanamh ar na hathruithe a dhéantar ar an Scéim Nuachóiriúcháin Feirmeacha agus ar Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste, mar a oibrítear anseo iad. Cé go bhfuil na Scéimeanna sin bunaithe ar Threoracha ón gComhairle chomh maith dealraíonn sé nach bhfuil reachtaíocht náisiúnta ar bith ann chun tacú leo cé is moite den Acht Leithreasa bliantúil a chuireann in áirithe cibé airgead náisiúnta is gá do na Scéimeanna sin. Is féidir dá bhrí sin athruithe a dhéanamh ar na rialacha náisiúnta a rialaíonn na Scéimeanna sin gan deis a thabhairt don Chomhchoiste scrúdú a dhéanamh orthu. Ar an ábhar sin féachtar ar an aonú tuarascáil déag (Prl. 4669) agus ar an tríochadú tuarascáil (Prl. 5419) ón sean-Chomhchoiste ina luaitear go sonrach Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste.


5. Is é tuairim an Chomhchoiste nach féidir é a bheith ceart Treoracha ón gComhairle a bhaineann le heagair thalmhaíochta a chur i ngníomh go dlíthiuil sa tír seo ar bhealaí éagsúla. Cibé scéal é mar gheall ar an staid dlíthiúil, áfach, is é an rud is tábhachtaí ó thaobh rialú parlaiminteach de go bhféadfaidh an Comhchoiste scrúdú a dhéanamh ar aon athruithe ar fhorálacha sonraithe na Scéime um Scor Feirmeoirí, mar a oibríonn sí sa tír seo, ach nach bhféadfaidh sé athruithe ar an Scéim Nuachóiriúcháin Feirmeacha ná ar Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste a scrúdú. Tugtar le fios don Choiste go ndearnadh deich leasú ar an Scéim Nuachóiriúcháin Feirmeacha ó 1974 i leith agus gur leasaíodh Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste cúig uaire ó 1975 i leith. Is ar mhodh riaracháin a cuireadh na hathruithe sin go léir in éifeacht agus ní raibh deis ag an gCoiste aon cheann díobh a scrúdú.


6. Measann an Comhchoiste nach bhfuil an cleachtas éagsúil atá ann i ndáil leis na Treoracha sin ceart ná cóir agus iarrann sé ar an Roinn Talmhaíochta an cheist a athbhreithniú. Tá sé ar intinn aige an cheist a ardú arís leis an Roinn i dtráth cuí agus, ag féachaint don toradh a bheidh air sin, beartaítear tuarascáil eile a chur faoi bhráid an dá Theach agus, más gá, díospóireacht ar an ábhar i ngach Teach díobh a iarraidh.


Dleachtanna Frithdhumpála ar Tháirgí CEGC

7. Tar éis don Chomhchoiste scrúdú a dhéanamh ar Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Dleacht Frithdhumpála Shealadach ar Earraí Áirithe Iarainn agus Cruach) (Foirceannadh), 1979, fuair sé nach dtig leis bheith sásta leis an gcor atá ann maidir le dleachtanna frithdhumpála ar tháirgí a chumhdaítear le Conradh an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach (CEGC). Le míniú a thabhairt ar an gcaoi ar tharla an cor sin ní mór tagairt ghearr a dhéanamh don staid dlíthiúil i ndáil le dleachtanna custam ar tháirgí CEGC.


8. Cé go bhfuil taraif aontaithe CEGC ann anois, tá dleachtanna custam ar earraí ó thríú tíortha a chumhdaítear leis an gConradh sin faoi réir reachtaíochta náisiúnta fós; cuireann an Conradh d’oibleagáid ar Bhallstáit a gcuid dleachtanna a choinneáil laistigh d’uasteorainneacha agus íosteorainneacha a shocraítear le cinneadh ón gComhairle (Airteagal 72). Faoi Airteagal 75 den Chonradh cumhachtaítear don Choimisiún Moltaí a dhíriú chuig Rialtais Ballstát i gcoinne dumpála ó thríú tíortha. Tá dlúthchosúlacht idir Moltaí faoi Chonradh CEGC agus Treoracha faoi Chonradh CEE. Tá siad ina gceangal maidir leis na haidhmeanna atá le gnóthú ach fágtar fúthu siúd chun a ndírítear iad modhanna iomchuí a roghnú. Dá bhrí sin ní mór iad a chur i ngníomh trí reachtaíocht náisiúnta.


9. Cuireann I.R. Uimh. 191 de 1979, a rinneadh faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972, deireadh le dleachtanna frithdhumpála áirithe i gcomhréir le Moladh ón gCoimisiún. Forchuireadh na dleachtanna sin le hionstraimí reachtúla roimhe sin, ionstraimí a chuir i ngníomh Moltaí roimhe sin ón gCoimisiún d’forchur na ndleachtanna. Seo mar a tharla.


10. I mí Feabhra na bliana seo ghlac an Coimisiún Moltaí CEGC [Uimh. 267 agus 294/79] chun dleachtanna frithdhumpála a fhorchur ar earraí áirithe de thionscnamh na Brasaíle agus na Spáinne, agus tháinig na Moltaí sin in éifeacht ar an 13 (an Spáinn) agus an 16 (an Bhrasáil) Feabhra 1979. Forchuireadh na dleachtanna sin in Éirinn le héifeacht ón 2 Aibreán 1979 le I.R. Uimh. 84 de 1979 a rinneadh an 22 Márta 1979.


11. Níos deireannaí i mí Feabhra ghlac an Coimisiún Moladh eile [Uimh. 433/79] chun dleacht frithdhumpála a fhorchur ar earraí eile de thionscnamh na Spáinne, agus tháinig an Moladh in éifeacht an 3 Márta 1979. Forchuireadh an dleacht sin in Éirinn le héifeacht ón 25 Aibreán 1979, le I.R. Uimh. 143 de 1979 a rinneadh an 17 Aibreán 1979.


12. Ansin ghlac an Coimisiún Moladh eile [787/79] a tháinig i bhfeidhm an 21 Aibreán 1979. Foirceannadh leis sin, le héifeacht ón 11 Aibreán 1979, na dleachtanna thuasluaite i gcás táirgí a thionscnaítear sa Spáinn agus a choinsínítear uaithi ach coinníodh i bhfeidhm iad i leith earraí seachadta a thionscnaítear sa Spáinn ach a choinsínítear ó thríú tíortha eile. Is leis an ionstraim reachtúil a luadh thuas, I.R. Uimh. 191 de 1979, a cuireadh an Moladh sin i ngníomh. Chuir sé deireadh leis na dleachtanna lenar bhain le héifeacht ón 11 Aibreán 1979 i gcás na dleachta a forchuireadh ar an 2 Aibreán 1979, agus le héifeacht ón 25 Aibreán 1979, i gcás na dleachta a forchuireadh ar an dáta sin.


13. Ghlac an Coimisiún Moladh freisin [Uimh. 72/79] a chuir deireadh, le héifeacht ón 26 Márta 1979, leis an dleacht a fhorchureadh ar earraí seachadta a thionscnaítear sa Bhrasaíl agus a choinsínítear uaithi ach coinníodh i bhfeidhm í i leith na dtáirgí sin ón mBrasaíl más ó thíortha eile a choinsínítear iad. Sa mhéid a bhain le hÉirinn chuir I.R. Uimh. 191 de 1979 deireadh freisin leis an dleacht sin le héifeacht ón 2 Aibreán 1979, is é sin, an dáta a tháinig sé in éifeacht.


14. Is léir gurb é an toradh a bhí air sin ná go raibh dleachtanna fríthdhumpála áirithe a d’fhéadfadh, de réir dlí na hEorpa, a bheith in éifeacht ón 16 Feabhra 1979 go dtí an 26 Márta 1979 agus ón 3 Márta 1979 go dtí an 11 Aibreán 1979, nach raibh i bhfeidhm in Éirinn ar chor ar bith agus go raibh dleacht eile nach raibh i bhfeidhm ach ón 2 Aibreán 1979 go dtí an 11 Aibreán 1979, tar éis go mbeadh sé ceadaithe, faoin Moladh iomchuí ón gCoimisiún, í a bheith á forchur ón 13 Feabhra 1979 go dtí an 11 Aibreán 1979.


15. Chuir an Roinn Tionscail, Tráchtála agus Fuinnimh in iúl don Chomhchoiste “go dtarlaíonn de riachtanas go mbíonn moill éigin le Moltaí ón gCoimisiún a chur in éifeacht ar leibhéal náisiúnta nuair is gá, tar éis Iris Oifigiúil na gComhphobal Eorpach ina bhfuil an Moladh foilsithe a fháil, Rialacháin a ullmhú i gcomhairle leis an Dréachtóir Parlaiminte agus leis na Coimisinéirí Ioncaim agus gur gá am a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim treoracha a thabhairt dá gcuid oifigeach custam”. Thug an Roinn le fios go dtuigeann Seirbhísí an Choimisiúin sa Bhruiséil go bhfuil an mhoill sin ann agus go nglacann siad léi.


16. Ní théann sé i bhfeidhm mórán ar an gComhchoiste go dtuigeann an Coimisiún conas atá an scéal. Is é is ábhar imní dó gur cosúil go dtig le tríú tíortha táirgí iarainn agus cruach a dhumpáil anseo agus nach féidir cur ina gcoinne de dheasca deacrachtaí dlíthiúla agus riaracháin. I gcás dumpála is léir nach mór gníomhú ar an bpointe. Mura féidir gníomhú ar an bpointe faoin reachtaíocht náisiúnta atá i bhfeidhm faoi láthair measann an Coiste gur chóir bheith ag smaoineamh ar reachtaíocht leasaitheach a mholadh. Is dóigh leis chomh maith gur chóir go mbeadh an Coimisiún in ann fógra a thabhairt do na húdaráis náisiúnta i dtaobh beart frithdhumpála sula bhfaigheann siad an Iris Oifigiúil. Molann sé go bpléifí an cheist sin leis an gCoimisiún.


(Sínithe) ALEXIS MAC GEARAILT,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


19 Nollaig, 1979.