Committee Reports::Report No. 65 - Export Refunds, Aid for Use of Butter in Industrial Fish Preparations and Co-ordination of Research into Quality and Nutritive Value of Food::19 December, 1979::Report

TUARASCÁIL

A. RÉAMHRÁ

Tograí a Scrúdaíodh

1. Tá breithniú déanta ag an gComhchoiste ar na tograí a rinne an Coimisiún do


(1) Rialachán ón gComhairle i dtaobh aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin ar tháirgí talmhaíochta áirithe (9513/79),


(2) Rialachán ón gComhairle maidir le cúnamh le haghaidh úsáid ime in ullmhóidí éisc tionscail (9603/79) agus


(3) Cinneadh ón gComhairle ag glacadh tionscadail chomhghníomhaíochta ar na héifeachtaí atá ag próiseáil agus dáileadh teirmeach ar cháilíocht agus fiúntas cothaithe bia (5148/79).


2. Rinne Fo-Choiste ar Chúrsaí Talmhaíochta agus Iascaigh de chuid an Chomhchoiste, faoi cheannas an Teachta Micheál Mac Gabhann, scrúdú mion ar na tograí sin don Chomhchoiste. Tá an Comhchoiste faoi chomaoin ag an Teachta Mac Gabhann agus ag a Fho-Choiste as a gcuid oibre. Chuaigh an Fo-Choiste i gcomhairle leis na Ranna Stáit lenar bhain ach chomh maith leis sin d’iarr sé tuairimí Chónaidhm Thionscail na hÉireann ar na trí thogra, tuairimí Fheirmeoirí Aontaithe na hÉireann maidir le míreanna (1) agus (3), tuairimí Chomhlachas Tionscal Déiríochta na hÉireann maidir le mír (2) agus tuairimí An Fhoras Talúntais agus an Bhord Náisiúnta Eolaíochta agus Teicneolaíochta maidir le mír (3).


3. Ba mhaith leis an gComhchoiste fíorbhuíochas a ghabháil leis na comhlachtaí a thug a dtuairimí ar na tograí. Ba mhór an chabhair don Choiste iad.


B. AISÍOCAÍOCHTAÍ ONNMHAIRIÚCHÁIN

Togra an Choimisiúin

4. Is gá cúnamh airgid i bhfoirm aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin a thabhairt le haghaidh onnmhairiú táirgí talmhaíochta chuig tríú tíortha mar chúiteamh sa difríocht a bhíonn idir phraghsanna arda an Chomhphobail agus praghsanna níos ísle ar an margadh domhanda. Is gá cúnamh den sórt sin a thabhairt ní amháin i leith onnmhairiú na mbuntáirgí talmhaíochta atá luaite in Iarscríbhinn II a ghabhann le Conradh CEE ach fós i leith táirgí próiseáilte nuair atá buntáirge ina chuid dá gcomhábhair. Tá na rialacha maidir le deonú aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin ar tháirgí próiseáilte den sórt sin agus na critéir chun méid na n-aisíocaíochtaí sin a shocrú le fáil i Rialachán (CEE) Uimh. 2682/72 ón gComhairle, a leasaíodh roinnt mhaith uaireanta. Molann an Coimisiún go gcuirfí Rialachán nua ina ionad anois do chomhdhlúthú agus do shoiléiriú na dtéacsanna atá ann faoi láthair agus do dhéanamh leasuithe teicniúla áirithe.


5. Cuireadh in iúl don Chomhchoiste nach bhfuil aon athrú prionsabail i gceist sa dréacht-Rialachán i gcomparáid leis na Rialacha atá anois ann ach go bhfuil roinnt leasuithe teicniúla á moladh. Tá athrú amháin á mholadh a bhféadfaí dá chionn aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin a fháil i leith cáise ach í a bheith ina comhábhar i dtáirgí nach gcumhdaítear le hIarscríbhinn II leis an gConradh (e.g. toirtín cáise, brioscaí). Baineann athrú eile le híocaíocht as anailís oifigiúil a fháil. Murab eol d’onnmhaireoir go baileach comhábhair na n-earraí atá á n-onnmhairiú aige, tig leis anailís oifigiúil a fháil agus ceanglaíonn an rialachán beartaithe air íoc aisti.


6. Tá liostaí de na táirgí lena mbaineann sna hIarscríbhinní le Rialachán (CEE) Uimh. 2682/72 ón gComhairle agus b’éigean iad sin a leasú ó am go ham lena chinntiú go mbeadh siad i gcomhréir leis na hIarscríbhinní a ghabhann leis na rialacháin ar chomheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta áirithe. Dá nglacfaí an Rialachán nua bheadh an Coimisiún in ann coigeartú den sórt sin a dhéanamh amach anseo.


Barúlacha an Chomhchoiste

7. Má ghlactar togra an Choimisiúin chun comhdhlúthú agus soiléiriú a dhéanamh ar na Rialacha atá anois ann is cóir go leanfadh buntáistí riaracháin as agus níl aon ní ag an gComhchoiste ina aghaidh. Maidir leis na hathruithe atá á moladh, cuireadh i bhfios don Chomhchoiste gur cosúil nach dtiocfadh aon ní astu a bheadh díobhálach d’Éirinn. Fad is a bhaineann leis an togra i dtaobh aisíocaíocht onnmhairiúcháin a bheith ar fáil i leith cáise mar chomhábhar de tháirgí próiseáilte, cuireadh in iúl dó gur beag an méid trádála a dhéanann Éire nsa táirgí sin faoi láthair ach dar ndóigh má ghlactar leis an togra is mó an dóchas go ndéanfar trádáil den sórt sin a fhorbairt.


C. CÚNAMH LE hAGHAIDH ÚSÁID IME IN ULLMHÓIDÍ ÉISC.

Togra an Choimisiúin

8. Déanann an togra foráil chun cúnamh a íoc i leith ime a úsáidtear in ullmhóidí éisc tionscail le súil go gcuirfear easrais bhreise ar fáil le haghaidh diúscairt ime. Cuireadh in iúl don Chomhchoiste go bhfuil athrú déanta ar an mbuntogra chun a shocrú go dtabharfaí cúnamh ar feadh tréimhse thrialach 2-bhliain agus le linn na tréimhse sin go gcuirfeadh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid na Comhairle i dtaobh an éifeachta a bheadh aige agus chun é a leathnú, b’fhéidir, ó thaobh ama agus réime.


9. Íoctar cúnamh faoi láthair (i bhfoirm cúnaimh i leith ime ó stóráil phríobháideach a fhaigheann cúnamh nó trí im as idirghabháil a dhíol ar phraghsanna ísle) i leith ime a úsáidtear ar bhealaí éagsúla. Faightear tuairim is 1,700 AAE/tona de chúnamh i leith ime a úsáidtear chun im thiubhaithe a mhonarú. Socraítear le tairiscint mhíosúil a dtugtar de chúnamh i leith ime a úsáidtear i dtionscail taosráin, uachtar reoite agus ábhair bheatha. Is iad na rátaí cúnaimh faoi láthair tuairim is 1,788 AAE/tona do tháirgí taosráin agus 1,300 AAE/tona d’uachtar reoite.


10. Faoin togra atá á phlé faoi láthair thabharfaí tuairim is 1,800 AAE/tona de chúnamh freisin i leith ime a úsáidtear i mbeatha ullmhaithe ina mbíonn bun éisc, crústaigh nó moilisc. Bhainfeadh an cúnamh, áfach, le him ón margadh agus ní gá go mbainfeadh sé le him ó stoc príobháideach agus poiblí. Meastar go mbainfí úsáid as an mbeart i leith 3,000 tona sa bhliain agus go gcosnódh sé 5.8m. ACE sa bhliain.


Barúlacha an Chomhchoiste

11. Ag féachaint don chor i margadh an ime faoi láthair creideann an Comhchoiste gur fiú breithniú go báúil ar aon togra a mbeadh d’aidhm leis cabhrú leis an mbarrachas ime ar an margadh inmheánach a chur de láimh. Cuireadh in iúl don Choiste nach dócha go mbainfí mórán úsáide in Éirinn as an gcúnamh atá beartaithe ag an gCoimisiún, dá mbeadh sé ar fáil, ach chuirfeadh sé easrais bhreise ar fáil d’im bhreise más beag féin í, agus laghdódh sé caiteachas stórála. Tugann an Coiste tacaíocht don togra mar sin ach tá sé tugtha le fios dó go bhfuil roinnt Ballstát ina choinne ar chúiseanna costas agus eile.


D. TAIGHDE I gCÁILÍOCHT AGUS I BHFIÚNTAS COTHAITHE BIA A CHOMHORDÚ

Togra an Choimisiúin

12. Faoin gCinneadh ón gComhairle atá á mholadh ag an gCoimisiún d’údarófaí don Choimisiún tionscadal comhghníomhaíochta a chur i ngníomh. Dá nglacfaí leis, dhéanfadh an Coimisiún comhordú feadh trí bliana ar an taighde atá á dhéanamh sna Ballstáit ar na héifeachtaí atá ag próiseáil agus dáileadh teirmeach ar fhiúntas cothaithe bia, agus go háirithe ar na héifeachtaí a thig de thoradh reo agus leasúchán teasa.


13. Dhéanfadh an Comhphobal comhordú freisin idir taighde an Chomhphobail agus an taighde atá á dhéanamh ag Stáit nach Ballstáit i ndáil le Taighde Eolaíoch agus Teicniúil (COST). Chuirfí Coiste comhordúcháin ar bun agus is tríd sin a dhéanfaí faisnéis faoi thorthaí an taighde a mhalartú idir na Stáit go léir a bheadh rannpháirteach ann.


14. Bheadh an tionscadal sin ag cur le tionscadal atá ar siúl ag COST faoi láthair chun scrúdú a dhéanamh ar éifeachtaí na próiseála ar airíona fisiciúla bia.


15. Bheadh Éire freagrach as taighde i ndáil le bainne, torthaí agus glasraí, gránaigh, iasc, feoil agus cothú. Meastar go dtitfeadh costas 12 mhilliún AC ar na tíortha go léir a bheadh rannpháirteach ann (lena n-áirítear roinnt Stát nach Ballstáit). Meastar go gcosnóidh sé 287,600 AC ar an gComhphobal. Tá forais taighde ar fud an Chomhphobail tar éis a chur in iúl go bhfuil siad sásta bheith páirteach sa tionscadal.


Barúlacha an Chomhchoiste

16. Dá nglacfaí le togra an Choimisiúin thabharfadh sé deis le haghaidh comhoibriú idirnáisiúnta chun staidéar a dhéanamh ar ghné próiseála bia atá an-tábhachtach don tionscal bia sa tír seo. Tugtar le tuiscint don Chomhchoiste go mbeadh roinnt eagraíochtaí Éireannacha rannpháirteach sa tionscadal agus ós rud é go ndéanfaí tuairimí agus torthaí taighde a mhalartú de dhroim an rannpháirteachais sin creideann sé go mbeadh dea-thionchar aige ar cháilocht agus ar raon sainchumas na hÉireann maidir le próiseáil teirmeach earraí bia. Cuireadh in iúl don Choiste nach taighde nua an taighde atá á bheartú agus go bhfuil taithí ag forais thaighde an Chomhphobail cheana féin ar ábhar an chláir. Tá súil aige, mar sin, go nglacfar an tionscadal gan mhoill.


(Sínithe) ALEXIS MAC GEARAILT,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


19 Nollaig 1979.