Committee Reports::Report No. 60 - Research and Development in Textiles and Clothing::19 December, 1979::Report

TUARASCÁIL

Togra a Scrúdaíodh

1. Tá an Comhchoiste tar éis breithniú a dhéanamh ar thogra an Choimisiúin le haghaidh Cinneadh ón gComhairle ag glacadh leis an dara clár ilbhliantúil taighde agus forbartha do CEE maidir le teicstílí agus éadaí (beart indíreach) [6150/79]. Rinne Fo-Choiste ar Chúrsaí Eacnamaíochta, Tráchtála agus Airgeadais de chuid an Chomhchoiste, faoi cheannas an tSeanadóra Nollaig Ó Maolchatha, scrúdú ar an togra. Tá an Comhchoiste faoi chomaoin ag an Seanadóir Ó Maolchatha agus ag a Fho-Choiste as a gcuid oibre. Chuaigh an Fo-Choiste i gcomhairle leis an Roinn Pleanála agus Forbartha Eacnamaíochta, leis an mBord Náisiúnta Eolaíochta agus Teicneolaíochta agus le Cónaidhm Thionscail na hÉireann.


2. Baineann an togra le clár a mbeadh i gceist ann sraith tionscadal taighde agus forbartha i ndáil le teicstílí/éadaí a bheadh le cur i ngníomh trí bheartaíocht indíreach feadh tréimhse trí bliana. Tá sé ceaptha don chlár beartaithe sin a bheith ag leanúint as tionscadal a chríochnaigh i mí na Nollag, 1978. Chuirfí i ngcrích é trí chonradh costas-rannach l Comitextil (Cónaidhm Theicstílí na hEorpa) i bpáirteachas le comhlachtaí taighde náisiúnta agus tionscail phríobháideacha. Chabhródh Coiste comhairleach leis an gCoimisiún an clár a chur i gcrích.


3. Is é cuspóir an chláir bheartaithe teicníochtaí agus teicneolaíocht thionscal teicstíleacha an Chomhphobail a fheabhsú agus a athnuachan ionas go bhféadfaidh sé a chumas iomaíochta a fheabhsú ag féachaint do na deacrachtaí i gcúrsaí eacnamaíochta de dheasca géarchéim na hola agus na n-amhábhar agus na deacrachtaí atá ag tarlú sa trádáil idirnáisiúnta, go háirithe le tíortha forásacha agus tíortha Stát-trádála a dhíolann a gcuid táirgí ar phraghsanna i bhfad níos ísle ná mar is gnách.


Ábhair an Chláir

4. Is iad seo a leanas na réimsí taighde a bheartaítear:—


(i) Comhdhéanamh agus déanamh ball éadaigh,


(ii) Cáilíocht faibricí agus earraí cniotáilte,


(iii) Teicneolaíochtaí nua sníomhadóireachta a chur i bhfeidhm i dtionscal na holla,


(iv) Uasghrádú línéadaigh,


(v) Cóireáil truailliúcháin agus athrothlú uisce i bhfiontair chríochnúcháin teicstíleacha.


5. Beartaítear 50% de chostais taighde (costais 8.25m. ACE. de réir mar a mheastar) a íoc as cistí an Chomhphobail agus an fuílleach a íoc as ranníocaí airgeadais na n-eagraíochtaí teicstíleacha sna tíortha a bheidh rannpháirteach sa chlár.


Barúlacha an Chomhchoiste

6. Tugadh le fios don Chomhchoiste gurb é an Coimisiún, i gcomhairle le Comitextil, a d’oibrigh amach an clár beartaithe gan na comhchomhairliúcháin neamhfhoirmiúla a bhíonn leis na Ballstáit de ghnáth sula ndéantar tograí den chineál sin. Ag féachaint do na comhréitigh a rinneadh leis an tionscal creideann an Coiste gurb éard atá i gceist anois an clár mar atá sé faoi láthair a ghlacadh nó diúltú dó. Is olc leis an gCoiste é sin mar is réimsí taighde na cinn a bheartaítear nach mbeadh gnólacht Éireannach nó saotharlann taighde Stáit ar bith in ann bheith páirteach iontu. Is é tuairim an Choiste go mb’fhearr é dá mbeadh an clár dírithe níos mó ar fheabhas a chur ar tháirgiúlacht thionscal teicstíleacha na hEorpa, tionscal a chaithfidh dul i ngleic dian iomaíochta le hallmhairí saora ó thríú tíortha. Má ghlactar an clár mar atá sé faoi láthair, áfach, tá súil ag an gComhchoiste go gcuimhneofar go bhféadfaí, b’fhéidir, roinnt obair fho-chonartach a fháil ó shaotharlanna sa R.A. a bheadh rannpháirteach sa chlár.


Buíochas

7. Is mian leis an gComhchoiste buíochas a ghabháil le Cónaidhm Thionscail na hÉireann as an gcúnamh fíorthábhachtach a thug sé dó le linn an togra a bheith á scrúdú.


(Sínithe) ALEXIS MAC GEARAILT,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


19 Nollaig, 1979.