Committee Reports::Interim - Procedure for consideration by the Dáil of the Estimates for Public Services::18 July, 1979::Report

TUARASCÁIL EATRAMHACH

1. D’aontaigh an Dáil leis an tairiscint seo a leanas an 13 Feabhra, 1979:


“Gurb é tuairim Dháil Éireann gur chóir an nós imeachta faoina mbreithníonn an Dáil na Meastacháin i gcóir Seirbhísí Poiblí a athbhreithniú agus go n-ordaíonn sí don Choiste um Nós Imeachta agus Pribhléidí breithniú a dhéanamh agus moltaí a leagan amach laistigh de shé mhí faoi cibé feabhsuithe, más ann, a mheasann sé is inmhianaithe.”


2. De bhun ordú na Dála tá an t-ábhar a tarchuireadh chuig an gCoiste á bhreithniú aige. Níl an breithniú críochnaithe ag an gCoiste, áfach, agus mar gheall ar an Dáil do dhul ar athló inniú do shos an tSamhraidh go dtí an 17 Deireadh Fómhair, ní bheidh an Coiste in ann a mholtaí a thuairisciú don Dáil laistigh den tréimhse sé mhí atá leagtha síos sa tairiscint.


3. Uime sin, tá an Coiste á iarraidh ar an Dáil sé mhí eile d’fhad a chur leis an tréimhse.


(Síniú) SEOSAMH Ó BRAONÁIN,


Cathaoirleach.


18 Iúil, 1979.