Committee Reports::Report No. 58 - Resources for Financing the Community Budget::08 November, 1979::Report

TUÁRASCÁIL

1. Ar an 30 Bealtaine 1979 thug an Comhchoiste tuarascáil (an seachtú tuarascáil is daichead) (Prl. 8085) do Thithe an Oireachtais ar Chumarsáid [R/3185/78 (FIN 855)] dar teideal “Maoiniú an bhuiséid Chomhphobail—an bealach romhainn” a chuir an Coimisiún chuig an gComhairle an 27 Samhain 1978. Is é atá sa doiciméad sin taifeach ag an gCoimisiún ar na hacmhainní a mbeidh fáil orthu do mhaoiniú an bhuiséid Chomhphobail sna blianta le teacht. Is é an tátal a bhain an Coimisiún as an taifeach a rinne sé nach leor na hacmhainní a bheidh ar fáil chun caiteachas Comhphobail a mhaoiniú tar éis 1981 fiú gan caiteachas a thig as fairsingiú agus as Coinbhinsiún Lomé a athnuachan a chur san áireamh ar aon chor.


2. Ar an 4 Deireadh Fómhair 1979 bhí deis ag comhaltaí an Chomhchoiste an t-ábhar a phlé sa Bhruiséil le Mr. Christopher Tugendhat, an Coimisinéir atá freagrach sa Bhuiséad. De thoradh an scéal a phlé leis an gCoimisinéir tá daingniú ag an gCoiste ar na tuairimí a cuireadh in iúl sa seachtú tuarascáil is daichead agus, go sonrach, an moladh a rinne sé go mbainfí leas as uachtaránacht na hÉireann ar an gcomhairle chun cinneadh a fháil go luath ar an ábhar sin: caithfidh na réamhchinntí a bheidh le glacadh ag an gCoimisiún an chéad leath den bhliain seo chugainn a bheith ag brath ar na hacmhainní a bheidh ar fáil tar éis 1981. Dá bhrí sin tá athlua agus athnuachan á dhéanamh ag an gCoiste ar na tuairimí atá curtha i bhfios aige cheana féin.


3. Ag féachaint do na cúrsaí mar atá luaite sna míreanna roimhe seo tá an Comhchoiste tar éis a chinneadh an tuarascáil seo a thabhairt d’fhonn aird na dTithe a tharraingt ar na nithe sin agus díospóireacht a iarraidh ar an tuarascáil seo i ngach Teach de réir Orduithe na Dála agus an tSeanaid dar dáta 17 Deireadh Fómhair 1979 agus 14 Feabhra 1979, faoi seach.


(Sínithe) ALEXIS MAC GEARAILT,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


8 Samhain 1979.