Committee Reports::Report No. 58 - Resources for Financing the Community Budget::30 May, 1979::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOMHCHOISTE

PROCEEDINGS OF THE JOINT COMMITTEE

Dé Céadaoin, 31 Deireadh Fómhair, 1979

Wednesday, 31st October, 1979

1. Chruinnigh an Comhchoiste ar 7 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na Comhaltaí seo a leanas i láthair:


An Seanadóir Mac Gearailt (i gCeannas), na Teachtaí Ó Dálaigh, Ó Dorchaidhe*, Ó Flanagáin, Mac Aodhagáin, Lionard, Mac Riabhaigh, Ó Nuanáin, Ó Caoimh, Ó Cuinn, agus Mac Gabhann; na Seanadóirí Uí Eodhusa, Ó hAoláin agus Mhic Róibín.


7. Maoiniú an Bhuiséid Chomhphobail. Rinneadh tairiscint (An Seanadóir Mhic Róibín):


“That, in view of the serious situation as regards the financing of the Communities revealed in the discussion which Members of the Joint Committee had with Commissioner Tugendhat on 4th October, 1979, the Joint Committee should ask for an urgent debate in each House on its forty-seventh report with a view to seeking urgent Government action on the matter during the currency of the Irish presidency.”


Tarraingíodh siar an leasú, faoi chead.


Beartaíodh: Go ndéanfar Tuarascáil chuig an dá Theach ag tarraingt aird ar an seachtú tuarascáil is daichead ón gComhchoiste ar acmhainní do mhaoiniú an bhuiséid Chomhphobail agus ag iarraidh díospóireachta sa Dáil agus sa Seanad; gurb é an Cathaoirleach a dhréachtóidh an Tuarascáil agus go gcuirfear sa timpeall í chuig Comhaltaí uile an Chomhchoiste; agus mura mbeidh aon leasuithe faighte nó aon agóidí déanta i gcoinne an dréachta laistigh de 48 n-uaire go measfar gurb é an Dréacht sin Tuarascáil an Chomhchoiste. [An Seanadóir Mac Gearailt].


8. Athlá.


Chuaigh an Comhchoiste an athló ar 8.15 p.m.


* In ionad an Teachta Mac Giolla Fhionntáin de réir na nOrduithe Tagartha ó Dháil Éireann an 13 Nollaig, 1977.