|
TUARASCÁILA. RÉAMHRÁCinneadh ó Chomhairle na hEorpa1. Chinn Comhairle na hEorpa, ag a cruinniú i gCópanhágan an 7 agus 8 Aibreán, 1978 gur mór-chuspóir de chuid an Chomhphobail muirthruailliú, go háirithe muirthruaillú ag hidreacarbóin, a chosc agus a chomhrac. B’ugach é don Chomhairle, ag gníomhú di ar thograí ón gCoimisiún, agus do na Ballstáit gníomh a dhéanamh sa Chomhphobal agus comhthuairimeacha a bheith acu i gcomhlachtaí idirnáisiúnta le go n-áiritheofar (i) go gcuirfear i bhfeidhm na rialacha idirnáisiúnta atá ann faoi láthair, go háirithe maidir le caighdeáin íosta i ndáil le longa a oibriú, (ii) deireadh a chur le timpistí trí ghníomh comhoirdnithe i ndáil le rianta loingseoireachta éigeantacha agus árthaí fochaighdeáin a rialú, agus (iii) go ndéanfar bearta éifeachtúla le truailliú a chomhrac. 2. Déileálann an Comhchoiste sa tuarascáil seo leis na bearta a rinneadh agus na tograí a rinneadh i gComhphobal na hEorpa ó thráth chruinniú mullaigh Chópanhágain chun déileáil le muirthruailliú de dhroim iompair ola. Tá gearrnóta míniúcháin san Fhoscríbhinn a ghabhann leis an tuarascáil seo faoi na Coinbhinsiún idirnáisiúnta iomaí agus na comhaontuithe iomaí a luaitear sa tuarascáil féin nó a luann an Coimisiún tábhacht leo. Forálacha Conartha3. Ní mór tagairt do na forálacha Conartha iomchuí ionas go soiléireofar ceart an Chomhchoiste an t-ábhar sin a scrúdú faoina théarmaí tagartha. 4. De bhua Airteagal 84 (1) ní bhaineann forálacha Chonradh CEE i ndáil le hiompar ach le hiompar ar iarnród agus ar uiscí intíre. Ach, faoi Airteagal 84 (2) “féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d’aontoil, a chinneadh cé acu is féidir, cá mhéid is féidir, agus conas is féidir, forálacha iomchuí a leagan síos do mhuiriompar agus d’aeriompar”. Ní gá, dá bhrí sin, bearta i ndáil le muiriompar agus le haeriompar a bheith bunaithe ar thograí ón gCoimisiún agus, dá chionn sin, is féidir leis an gComhairle bearta a dhéanamh (agus rinne siad bearta) faoi Airteagal 84 nach bhfuil deis, ná teideal chun deise, ag an gComhchoiste iad a scrúdú ina ndréacht. 5. Meastar, áfach, na hábhair atá faoi thrácht sa mheabhrán seo a bheith faoi bhrí théarmaí tagartha an Chomhchoiste mar (a) gur féidir a mheas faoi Theachtaireacht an Choimisiúin go bhfuil treoracha inti le haghaidh reachtaíochta agus, a mhéid a bhaineann le téarmaí tagartha an Chomhchoiste, gur cosúil nach mbaineann sé le hábhar go bhféadfadh an reachtaíocht a bheith bunaithe ar Airteagal 84, (b) go ndéanfaidh “Gníomhartha de chuid na n-institiúidí” atá faoi réim na dtéarmaí tagartha de na bearta lena nglacfar faoi Airteagal 84 agus (c) go bhfuil dréacht-bhearta faoi Airteagal 84 curtha ar aghaidh ag an gCoimisiún ar an gComhairle á iarraidh sin agus gur cosúil freisin nach ndéanann sé difear ar bith maidir leis na téarmaí tagartha nach de dhroim oibleagáide dlí atá an Coimisiún ag gníomhú. B. SCRÚDÚ AN CHOIMISIÚINGníomh Idirnáisiúnta6. Sheol an Coimisiún, ar iarratas ó Chomhairle na hEorpa, Teachtaireacht go dtí Comhairle na nAirí faoin ábhar an 27 Aibreán, 1978 [R/1004/78]. Dhírigh sí aird ar shraith chasta rialacha agus rialachán idirnáisiúnta iomchuí i ndáil le truailliú ag tancaeirí a chosc, (b) sábháilteacht long agus loingseoireachta (agus ní hí saincheist iompair ola an t-aon ábhar atá ar áireamh ansin) agus (c) dliteanas agus cúiteamh i leith damáiste de bharr timpiste. Is léir ó shraith timpistí tancaerí agus ón méadú ar mhuirthruailliú gur rialacha mí-éifeachtúla na rialacha idirnáisiúnta sin. Deir an Coimisiún gurb é is cúis leis sin rialacha a bheith gan chur i bhfeidhm agus bearnaí a bheith sna rialacha féin. Tá aire dírithe, go háirithe, ag an gCoimisiúin: (i) go bhfuil formhór na gcoinbhinsiún agus na gcomhaontuithe iomchuí gan bheith i bhfeidhm cheal a ndaingnithe ag dóthain Stát, (ii) díth dóthain sásra rialacháin agus díth fíorchomhair idirnáisiúnta, (iii) neamhdhóthanacht na saoráidí atá ar fáil agus gan coinbhinsiún domhanda a bheith ann le saoráidí éigeandála a eagrú, (iv) an uireasa a bhíonn ann de bharr na freagrachta a bheith ar stát na brataí a áirithiú longa do chomhlíonadh caighdeán idirnáisiúnta, (v) gan córas a bheith ann dó chumasú do stáit chósta loingseoireacht long a rialáil agus (vi) an gá atá le caighdeáin foirne agus cáilíochtaí foirnt a fheabhsú. Mortabháil ar an gComhphobal7. Braitheann an Coimisiún go mbeidh mortabháil an-mhór eacnamaíochta agus dlí ar an gComhphobal i ndáil le bearta a dhéanamh maidir le sábháilteacht ar muir agus maidir le truailliú a chosc. Ní mheasann sé, áfach, gur chóir gur bhacainn an mhortabháil sin ar an gComhphobal sraith beartanna a ghlacadh. 8. Is díol spéise don Chomhphobal costas muiriompair a choinneáil íseal mar gheall ar bheith ag braith ar ola a allmhairítear. Ina theannta sin, is ionann cabhlach olathancaerí an Chomhphobail agus tuairim 20 faoin gcéad de chabhlach an domhain díobh agus iompraíonn a cabhlach tancaerí ní hé amháin soláthair na mBallstát ach 17 faoin gcéad agus 9 faoin gcéad faoi seach d’allmhairí na Stát Aontaithe agus na Seapáine. D’fhéadfadh gníomh aontaobhach ag an gComhphobal chun caighdeáin a fheabhsú dochar a dhéanamh dá thrádáil. Tá an Coimisiún, ar an ábhar sin, á shuíomh gur in eagraíochtaí idirnáisiúnta nó i gcomhpháirt le comhaltaí eile den Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíoch, le Stáit Aontaithe Mheirceá, agus an tSeapáin go háirithe, is cóir gníomh sa réimse sin a dhéanamh. 9. Tá mortabháil dlí ann freisin de dhroim na ceiste faoin dlínse atá, faoin dlí idirnáisiúnta, ag Stáit is bruachúinéirí, agus táthar ag déileáil leis an ábhar sin ag an Tríú Comhdháil ar Dhlí na Farraige. Thabharfadh an téacs atá á chaibidil ag an gComhdháil cead do thíortha cósta rialáil a dhéanamh ar sheoladh neamhchorthach trína n-uiscí teorann i ndáil le hábhair ar nós loingseoireacht, trácht a rialú, an comhshaol a chaomhnú agus truailliú a chosc. Cheadódh sé freisin do Stáit chósta truailliú a rialú de réir chaighdeán idirnáisiúnta sa limistéar eacnamaíoch 200 míle. I gcás truailliú a bheidh tagtha nó ag bagairt teacht de bharr timpiste ar muir tá cearta ag na Stáit go léir lasmuigh dá n-uiscí teorann lena gcóstaí agus a leasanna a chosaint. 10. Is í an Fhrainc an t-aon Stát amháin de na Ballstáit a bhfuil limistéar 200 míle mar aon le dlínse ar thruailliú bunaithe aige; níl ag an gcuid eile ach limistéar iascaireachta 200 míle. Ó 3 mhíle go 12 mhíle leithead uiscí teorann na mBallstát eile. Tograí an Choimisiún11. D’ainneoin na gceanglas, mhol an Coimisiún, sa Teachtaireacht uaidh an 27 Aibreán 1978, leis an an ngníomh seo a leanas:— (a) Clár gnímh Comhphobail, (b) An Comhphobal do thabhairt aontachais leis an bPrótacal a ghabhann le Coinbhinsiún Bharcelona i dtaobh truailliú sa Mheánmhuir agus dul i mbun caibidlíochta le síneoirí Chomhaontú Bhonn faoi thruailliú sa Mhuir Thuaidh. (c) Na Ballstáit do dhaingniú Coinbhinsiún MARPOL agus SOLAS mar aon lena bprótacail bhreise agus Coinbhinsiún ESI Uimh. 47. (d) Farraigí teorann na mBallstát uile a shíneadh go dtí 12 mhíle. (e) An Comhphobal do ghlacadh le Comhaontú Riaracháin a dhéanfaidh tíortha de chuid na Mara Thuaidh i ndáil le caighdeáin ar árthaí. (f) Comhghníomh ag na Ballstáit in IMCO (i) le córas rianta loingseoireachta a fheabhsú, (ii) le sabháilteacht loingseoireachta a fheabhsú, (iii) le córas comharchúnaimh a bhunú, agus (iv) lena áiríthiú go gcuirfear i ngníomh an coinbhinsiún faoi mharaithe a oiliúint agus deimhnithe a eisiúint. Ó Aibreán i leith chinn an Chomhairle na bearta a luaitear anseo ina dhiaidh seo. C. GNÍOMH COMHPHOBAILCruinniú den Chomhairle (Gnóthaí Eachtracha), Meitheamh, 197812. Ghlac an Chomhairle leis seo a leanas:— Clár gnímh Comhphobail a bhaineann go heisiatach le staidéir a ghlacfaidh an Coimisiún de láimh. Cruinniú den Chomhairle (Iompar), Meitheamh, 197813. Ghlac an Chomhairle leis seo a leanas:— (i) Moladh (nach gcuireann ceangal dlí) go ndéanfaidh na Ballstáit Coinbhinsiún MARPOL agus SOLAS mar aon leis na prótacail bhreise agus Coinbhinsiún ESI Uimh. 147, a dhaingniú mura bhfuil sin déanta acu cheana féin, agus (ii) Ráiteas faoi éifeachtúlacht an scrúdaithe a dhéantar ar longa agus ar fhoirne a neartú. Cruinniú den Chomhairle (Iompar), Samhain, 197814. Ghlac an Chomhairle leis seo a leanas:— (a) Moladh go síneodh agus go ndaingneodh na Ballstáit go léir Coinbhinsiún Idirnáisiúnta 1978 um Oiliúint, Deimhniú agus Aireachas Maraithe, (b) Treoir i ndáil le píolótaíocht árthach ag píolótaithe domhainmhara sa Mhuir Thuaidh agus sa Mhuir nIocht, (c) Treoir i ndáil leis na ceanglais íosta i gcás tancaeir ag teacht isteach i bpoirt Comhphobail nó ag fágáil port Comhphobail; agus (d) Cinneadh go dtabharfadh Éire agus an Iodáil aontachas le Comhaontú Riaracháin an 2 Márta, 1978 idir Udaráis Mhuirí áirithe ar chaighdeáin ar long marsantais a chothabháil. Cruinniú den Chomhairle (Comhshaol), Nollaig, 197815. D’aontaigh a Chomhairle, ar prionsabal, le cinneadh a rinneadh— —ar an údarás a thabharfaí don Choimisiún caibidil ar aontachas an Choimisiúin le Comhaontú Bhonn dar dáta 9 Meitheamh, 1969 chun comhoibriú ag déileáil le truailliú na Mara Thuaidh le hola, —críoch a chur ar an bprótacal a ghabhann le Coinbhinsiún Bharcelona chun an Mheánmhuir a chosaint ar thruailliú dar dáta 16 Feabhra, 1976, i ndáil le comhoibriú ag comhrac truailliú le hola agus le substaintí díobhálacha eile i gcásanna éigeandála. D’ordaigh sí don Bhuan-Choiste Ionadaithe an leagan deiridh ar na téacsanna riachtanna a ullmhú ionas go bhféadfar breith fhoirmiúil a thabhairt a luaithe is féidir. Tuairimí Ginearálta an Chomhchoiste16. Is rí-mhaith, ní nach ionadh, leis an gComhchoiste go bhfuil mór-chuspóir de chuid an Chomhphobail déanta ag an gComhairle de mhuirthruailliú, de bharr hidreacarbóin go háirithe, a chosc agus a chomhrac. Ach measann sé go bhfuil an scéal chomh holc sin anois nach é amháin é bheith i mbeartais a theastódh lena leigheas ach go dteastaíonn gníomh éifeachtúil críochnúil le sin a dhéanamh. Ba é an bealach ab inmholta, ar ndóigh, le tabhairt faoin bhfadhb tabhairt faoi ar an leibhéal idirnáisiúnta. Ach ní údar misnigh ina leith sin stair na dtorthaí ar iarrachtaí a rinneadh go nglacfaí le caighdeáin iomchuí tú mheán IMCO. Measann an Comhchoiste, dá bhrí sin, gur ceart, mar bheart tionscnaimh, gríosadh leis an gCoimisiún rialacha a bhfuil comhaontaithe go hidirnáisiúnta orthu a chur i dtograí le haghaidh reachtaíochta Comhphobail. Mar gheall ar Éire a bheith indocharaithe is é ár leas go cinnte dlús a chur leis an bhfadhb a réiteach go sásúil, agus feichtear don Choiste go gcaithfimid na coinbhinsiúin idirnáisiúnta iomchuí a dhaingniú ionas gur tréine ár gcás go nglacfaí leis an reachtaíocht Comhphobail iomchuí. Truailliú a Chomhrac17. Aontaíonn an Chomhchoiste leis an gCoimisiún nach ceart go mbeadh aon bhacainn ar an gComhphobal cibé gníomh is féidir leis a dhéanamh as a chonlán féin bíodh is gur ar bhonn idirnáisiúnta a d’fhéadfaí teacht ar réiteach uile na faidhbe. Is saothar mall, de riachtanas, saothar ag foirmliú rialacha a mbeadh glacadh idirnáisiúnta leo agus, mar atá luaite ag an gCoimisiún, is léire, ó thimpistí comhleanúnacha a tharla do thancaeir agus ó mhuirthruailliú a bheith ag méadú, nár bhféidir na coinbhinsiúin agus na comhaontuithe idirnáisiú nta atá ann a chur i bhfeidhm go héifeachtúil. Is é tuairim an Chomhchoiste gur mór ar fad an díol trua nach bhfuil aon choinbhinsiún domhanda ann le saoráidí éigeandála a eagrú chun déileáil le mórscairdeanna ola. Tugann sé faoi deara, áfach, go bhfuil socruithe i gcomhaontuithe réigiún áirithe chun Stáit chósta comhoibriú le chéile ag déileáil le muirthruailliú i Muir Bhailt, sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Thuaidh. Is é tuairim an Choiste gur ceart a bhreithniú ar ní indéanta ag an gComhphobal a bheith ar thús cadhnaíochta ag eagrú saoráidí éigeandála in uiscí eile de chuid an Chomhphobail. Measann an Coiste, maidir leis sin de, gur thábhachtach an rud é go mbeadh comhaontú sa Chomphobal ar na bearta iomchuí a dhéanfaí ag déileáil le scairdeanna ola. Tá comhairle faighte ag an gCoiste go mb’fhearr, ar mhaithe leis an iascaireacht, ola scairdte a aistriú as láthair le meicníocht nó í a scaipeadh, i ngach cás ar féidir, ná ceimiceáin a úsáid lena díthiú. Clár Gnímh Comhphobail18. Tá socrú sa chlár gnímh Comhphobail lenar ghlac an Chomhairle i mí Meithimh, 1978, maidir le sraith réamhstaidéir a ghlacfaidh an Coimisiúin de lámh chun na bearta a cheapadh is gá a dhéanamh ar leibhéal an Chomhphobail le truailliú na farraige le hola a rialú agus a laghdú. Tá curtha in iúl don Chomhchoiste gur mhór ar fad an tairbhe a d’fhéadfadh eascrú ó staidéar den sórt chun na hÉireann ar mhodh cúnamh teicniúil ab fhéidir a bheith ar fáil ó Bhallstáit eile chun déileáil le mór-scairdeadh ola. Ach b’fhearr leis an gCoiste an tábhacht a shamhlú le taighde i dtaobh cosc a chur le hola scairdeadh as longa nó de thoradh taiscealaíochta amach ó chladach ná le socruithe glantacháin tar éis scairdthe. Coinbhinsiúin a Dhaingniú19. Is é tuairim an Choimisiúin faoin réiteach ar a dtánthas ar leibhéal idirnáisiúnta, go hairithe sna Prótacail a ghabhann le Coinbhinsiún MARPOL agus le Coinbhinsiún SOLAS, gur réiteach iomlán é ar dheacrachtaí a bhaineann le ola-thruailliú. D’aontaigh an Chomhairle, sa mholadh go ndéanfadh na Ballstáit nach raibh Coinbhinsiún SOLAS agus MARPOL daingnithe acu na Coinbhinsiún sin mar aon lena bPrótacail bhreise a shíniú, gur féidir leis na Coinbhinsiún sin cabhair mhór a thabhairt, an chéad Choinbhinsiún díobh, le feabhas a chur ar chaighdeáin teicnice agus leasa a dhéanfaidh, faoi seach, difear do shábháilteacht long agus a dtrealaimh agus do dhála maireachtála agus oibre a bhfoireann agus, an dara Coinbhinsiún díobh, leis an gcomhshaol muirí a chosaint ar thruailliú ag longa, ag ola-thancaerí go háirithe. Ní leor, chun na Coinbhinsiúin sin a chur i bhfeidhm go hidirnáisiúnta, iad a dhaingnú ag na Ballstáit. Ach tá an Coimisiún ag déanamh scrúdaithe féachaint an bhféadfaí glacadh, ar leibheál an Chomhphobail, le forálacha na gCoinbhinsiún ach is dóigh nach gceapfaidh an Coimisiún aon tograí sonraithe mura ndaingneoidh na Ballstáit iad. 20. Molann an Comhchoiste, mar sin, go ndaingneoidh Éire an dá Choinbhinsiún agus na prótacail bhreise. Measann an Coiste nach ceart go mbainfeadh aon deacracht mhíchuí le daingniú a mhéid a bhaineann le SOLAS de ach nach mór reachtaíocht a rith lena dhéanamh. A mhéid a bhaineann le MARPOL de, tá curtha in iúl don Choiste nach bhfuil an trealamh teicniúil is gá le go bhféadfar éifeacht a thabhairt d’fhorálacha áirithe lán-fhorbartha fós. Ach is deacair leis an gCoiste a chreidiúint go gcomhaontódh an Chomhairle a mholadh go ndaingneofaí an Coinbhinsiúin sin murar dheimhin leí go bhféadaí na deacrachtaí teicnice a réiteach. 21. An Coinbhinsiún um an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair Uimh. 147 i ndáil le caighdeáin íosta i longa trádála is Coinbhinsiún uilechoiteann é a bhaineann le daingniú uimhir áirithe Conbhinsiún EIS a bhfuil roinnt acu daingnithe cheana féin ag Éirinn. Tuigeann an Comhchoiste go bhfuil curtha in iúl i gComhairle cheana féin ag Éireann go dtabharfaidh sí aontachas le Comhaontú Riaracháin an 2 Márta, 1979 idir ocht gcinn de thíortha na Mara Thuaidh agus nach mór dá bharr sin Coinbhinsiúin EIS Uimh. 147 a ráthú. Tá súil ag an gCoiste, dá bhrí sin, go rachfar ar aghaidh gan mhoill ag ullmhú na reachtaíochta is gá chun an Coinbhinsiún a chur i ngníomh. Tuigeann an Comhchoiste gur gearr go dtabharfar Bille um Mairnéalaigh a Dheimhniú isteach sa Dáil ionas go bhféadfar ceann de fho-Choinbhinsiúin EIS a dhaingniú. Tá sé curtha in iúl, freisin, don Choiste gur cheart go bhféadfadh an Bille sin a achtú a chumasú d’Éirinn an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta ar Oiliúint, Deimhniú agus Aireachas Maraithe a dhaingniú. Is é an rún atá leis gCoinbhinsiúin sin oiliúint agus deimhniú mairnéalachta ar bhonn domhanda a ardú go dtí an caighdeán idirnáisiúnta is airde lena bhfuil glacadh i gcoitinne agus tá sé curtha i bhfios don Choiste go bhfuil caighdeáin na hÉireann chomh hard cheana féin leis na caighdeáin dá bhfuil socrú sa Choinbhinsiún. 22. Maidir le Comhaontú Bhonn 1969 agus an Prótacal a ghabhann le Coinbhinsiún Bharcelona 1976 is mó de dhíol spéise díreach don tír seo Comhaontú Bhonn, ar comhaontú é a bhaineann le comhar ag déileáil le truailliú na Mara Thuaidh le hola. Tá seasamh féachadóra ag cruinnithe a tionóladh faoin gcomhaontú sin tugtha cheana féin d’Éirinn. Tuigeann an Coiste gurb é an t-aon ní amháin a thugann ceadú na Comhairle don Choimisiún sainordú chun aontachas an Chomhphobail a chaibidil agus toradh na caibidle sin a chur i bhfios don Chomhairle. Maidir leis an bPrótacal a ghabhann le Coinbhinsiún Bharcelona, prótacal a bhaineann le truailliú le hola agus le substaintí díobhálacha eile sa Mheánmhuir, tá curtha i bhfios don Choiste go bhfuil cumhacht tugtha don Choimisiún seasamh an Chomhphobail san ábhar a chur chun cinn ag cruinnithe de na páirtithe conarthacha, de réir cibé treoracha a thabharfaidh an Chomhairle don Choimisiún. Tuigeann an Coiste go bhfuil geallta ag an gCoimisiún comhairle a ghlacadh leis an gComhairle sula nglacfaidh sé aon fhreagracht airgeadais air féin seachas ranníoc i leith na gcostas rúnaíochta. Iarradh na gealltanais sin le bheith ar an aireachas ar an mbaol go dtiocfadh den Chomhphobal do thabhairt aontachais go mbeadh an Comhphobal faoi cheanglais airgeadais nach n-eascródh aon leas díreach as chun na hÉireann. Bearta eile de chuid an Chomhphobail23. Tá togra déanta ag an gCoimisiún le haghaidh Cinneadh ón gComhairle i dtaobh nósanna imeachta i ndáil le scrúdú ar longa [R/2928/78] arb é is cuspóir dó scrúdú ar longa i bpoirt uile an Chomhphobail a chomhchuibhiú trí fheidhmiú Rúin A321 (IX) agus A391 (X) ón Eagraíocht Chomhairleach Mhuirí Idir-Rialtasach (ECM I-R) a dhéanamh éigeantach sa Chomhphobal. Molann Rún A321 (IX) nósanna imeachta le longa a scrúdú i bpoirt de réir an Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteach Anama ar Muir, 1960, agus an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta um Ualachlínte, 1966. Tá an dá Choinbhinsiún sin daingnithe ag an tír seo agus tá curtha i bhfios don Chomhchoiste go bhfuil na nósanna imeachta atá leagtha amach sa Rún á bhfeidhmiú cheana féin. Molann Rún A391 (X) nósanna imeachta chun scairdeanna ola a rialú faoin gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thruailliú na Farraige le hOla a Chosc, 1954 arna leasú i 1962 agus i 1969. Tá an Coinbhinsiún agus na leasuithe daingnithe ag an tír seo. Tá comhairlithe, áfach, don Choiste go bhféadfadh go dteastódh reachtaíocht lena áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm na nósanna imeachta atá leagtha amach san aguisín a ghabhann leis an Rún i dtaobh tancaerí a scrúdú i bpoirt. 24. Tá d’oibleagáid ar na Ballstáit déanamh de réir na Treorach ón gComhairle a bhaineann le ceanglais íosta i dtaobh tancaeir áirithe ag teacht isteach i bpoirt, nó ag fágáil port, na Chomhphobal dóibh ón 1 Eanáir, 1980, amach. Tá coinníoll sa Treoir go gcaithfidh tancaeir ola. tancaeir gáis agus tancaeir ceimiceán, 1,600 mór-thonnáiste nó os a chionn sin a thiocfaidh isteach i bpoirt nó a fhágfaidh poirt teagmháil le húdaráis inniúla an Bhallstáit iomchuí agus —eolas a thabhairt faoi chineál agus toirt an lasta —seicliosta a chomhlánú ina mbeidh príomh-shonraí na loinge —seirbhísí stáisiún radair agus raidió a úsáid, —tuairisc a thabhairt ar aon teagmhas a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do shábháilteacht ar muir. Tá coinníoll freisin sa Treoir nach mór do Bhallstát a chuirfidh eolas ar chontúirt a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do Bhallstáit eile rabhadh a thabhairt, a luaithe is féidir, do na Ballstáit lena mbainfidh. Tá curtha in iúl don Chomhchoiste gur iondúil do longa a bhíonn ag teacht isteach i bpoirt in Éirinn nó ag dul amach astu go leor de cheanglais na Treorach a chomhlionadh agus go bhféadfaí cuid áirithe eile de na ceanglais sin a chomhlíonadh gan mórán dua cé gur dealraitheach go bhféadfadh gur gá reachtaíocht le roinnt ar a laghad de na ceanglais a chur i bhfeidhm. 25. Forálann an Treoir ón gComhairle a bhaineann le píolótaíocht árthach ag píolótaí sa Mhuir Thuaidh agus i Muir nIocht nach mór do Bhallstáit ar comhimeall leis an Muir Thuaidh nó le Muir nIocht na bearta a dhéanamh is gá lena áirithiú go gcuirfear píolóta leorcháilithe ar fáil do longa a iarrfaidh píolóta sa Mhuir Thuaidh agus sa Mhuir nIocht agus go ngríosfaidh gach Ballstát nach ndéanfaidh árthaí a mbíonn bratach an stáit sin in airde acu gan ach seirbhísí píolótaithe láncháilithe den sórt sin a úsáid. Tá curtha in iúl don Chomhchoiste gur féidir le hÉirinn an Treoir a chomhlíonadh trí árthaí Éireann a úsáideann seirbhísí na bpíolótaí i limistéar na Mara Thuaidh agus Mara nIocht leas a bhaint as píolótaithe láncháilithe a bhfuil an deimhniú inniúlachta riachtanach acu. Uiscí Teorann a Shíneadh Amach26. Tá curtha in iúl don Chomhchoiste nár tháinig an togra ón gComhairle faoi uiscí teorann na mBallstát go léir a shíneadh amach go dtí dhá mhíle dhéag os Comhair na Comhairle fós agus go mbaineann deacracht le cinneadh i ndáil leis an togra mar gheall ar agúis ó Bhallstát amháin go háirithe. Thiocfaidh de na farraigí teorann a shíneadh go dtí 12 mhíle nár mhór leasú a dhéanamh ar Alt 3 den Acht um Dhlínse Mhuirí, 1969, alt a bhunaíonn líne forimeallach na bhfarraigí teorann mar atá sin faoi láthair, trí mhíle farraige amach. Dá bhrí sin ní féidir aon athrú a dhéanamh gan deis a thabhairt do na Tithe ar an ábhar a bhreithniú. Tá comhairle faighte ar an gComhchoiste go dtiocfadh de na farraigí teorann sin againn a shíneadh amach tuilleadh oibleagáidí a chur ar an Stát i dteannta tuilleadh ceart a thabhairt, go mbeadh impleachtaí go leor dá bharr seachas truailliú a rialú, mar atá, slándáil, sláinte, rialacháin custam agus rialacháin custam agus rialacháin fioscacha agus polasaí coigríche agus nach bhfuil aon éileamh sa tír féin go sínfí amach na farraigí teorann. 27. Beidh ceisteanna ann faoi fharraigí teorann agus, go deimhin, faoi limistéir eacnamaíoch má éiríonn leis an Tríú Comhdháil um Dhlí na Farraige, atá ar tí dul i mbun a hochtú seisiún sa Gheinéiv, comhaontú ar Choinbhinsiún a léireoidh cúrsaí dlínse bruach-Stát. Admháil28. Ba mhaith leis an gComhchoiste a chur in iúl go bhfuil sé fíorbhuíoch faoin gcúnamh mór a fuair sé, le linn dó an t-ábhar seo a bheith á bhreithniú aige, ó Chomhar Ceardchumann na hÉireann agus freisin ó Bhord Port agus Duganna Bhaile Átha Cliath, ó Loingeas Éireann Teoranta agus ó Chomhlachas Loingeas Éireann. (Sínithe) MARCUS MAC GIOLLA FHIONNTÁIN, Cathaoirleach an Chomhchoiste. 7 Márta, 1979. |
||||||||||||