Committee Reports::Report No. 38 - Community Action in regard to Marine Pollution arising from the Carriage of Oil::07 March, 1979::Appendix

FOSCRÍBHINN

COINBHINSIÚIN AGUS COMHAONTITHE IDIRNÁISIÚNTA

1. An Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir 1974 (SOLAS 1974)


Ghair an Eagraíocht Comhairleacht Idir-Rialtasach Mhuirí (fochomhlacht de na Náisiúiní Aontaithe) Comhdháil Idirnáisiúnta i Londain ó 21 Deireadh Fómhair-1 Samhain, 1974. Is é an cuspóir a bhí leis sin Coinbhinsiúin nua a bhunú le cur in ionad an Choinbhinsiún um Shábháilteacht Anama ar Muir, 1960. Chlac an Chomhdháil, faoi dheoidh, leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir (SOLAS), 1974.


Tá SOLAS 1960 cealaithe ag SOLAS 1974 agus a ionad glactha aige. Tá 13 Airteagal sa Choinbhinisún ar de ghné nós imeachta a bhformhór agus a ceapadh ar shlí a d’éascódh do Stát glacadh, agus iad a ghríosadh chun glacadh, níos scafánta le leasuithe ar an gCoinbhinsiún. Tá formhór an Choinbhinsiúin san Fhoscríbhinn a ghabhann leis, Foscríbhinn ar cuid dílis den téacs deiridh í féin. Bhíothas roinnt blianta ag dréachtú na n-ábhar teicniúil atá san Foscríbhinn agus saineolaithe a rinne formhór an tráchta, go háirithe na codanna a bhain le hábhair mhuirí, mar gheall ar a chasta iad.


Déiléalann an Fhoscríbhinn le Rialacháin faoi na mírchinn seo a leanas:


(i) Forálacha Ginearálta


—feidhm, mínithe, suirbhéireachtaí, deimhnithe agus taismigh;


—foroinnt agus cobhsaíocht, innealra agus gléasanna taismigh;


(ii) Foirgniú (Long)


—foroinnt agus cobhsaíocht, innealra agus gléasanna leictreachais;


(iii) Foirgniú (Long)


—Cóiríochtaí sábháilteachta in aghaidh dóiteán do longa paisinéirí a iompraíonn níos mó ná/líon nach mó ná 36 phaisinéir,


—Cóiríochtaí sábháilteachta in aghaidh dóiteán do longa luicht.


—Cóiríochtaí sábháilteachta in aghaidh dóiteán lena n-áirítear córais faoi chomhair gáis tháimh a bheith i bhfearas,


—Cóiríochtaí speisialta sábháilteachta in aghaidh dóiteán do longa paisinéirí láithreacha.


(iv) Fearais Sábháilteachta Daoine


—Longa paisinéirí amháin.


—Longa luicht amháin;


(v) Raidiótheileagrafaíocht agus Raidió-theileafónaíocht;


(vi) Sábháilteacht Loingseoireachta;


(vii) Iompar Arbhair;


(viii) Iompar earraí contúirteacha;


(ix) Longa eithneacha.


Tá roinnt moltaí ag gabháil freisin leis an bhFoscríbhinn i ndáil le longa eithneacha. Moltaí iad atá beartaithe mar threoir do Rialtais ag cur na rialachán i bhfeidhm dóibh.


Tiocfaidh Coinbhinsiún SOLAS 1974 i bhfeidhm dhá mhí dhéag tar éis an dáta a mbeidh 25 Stát ar a laghad, ar cuid nach lú ná 50% do thonnáiste iomlán cabhlach ceannaíochta an domhain tonnáiste a gcabhlach ceannaíochta i dteannta a chéile, tagtha chun bheith ina bpáirtithe sa Choinbhinsiún sin.


2. Prótacal (1978) a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir, 1974.


Ghlac Comhdháil IMCO faoi shábháilteacht tancaerí agus truailliú leis an bPrótacal sin i bhFeabhra 1978. Is modhnú agus méadú é ar Choinbhinsiún SOLAS 1974 mar a bhaineann le suirbhéireacht agus deimhniú. Déileálann sé freisin le foirgniú long faoi na mírchinn seo a leanas—foroinnt agus cobhsaíocht, innealra agus suiteálacha leictreachais, cosaint in aghaidh dóiteán, braitheadh dóiteán, múchadh dóiteán, cóiríochtaí sábháilteachta in aghaidh dóiteán do thancaerí agus ábhar i ndáil le sábháilteacht loingseoireachta.


Tiocfaidh an Prótacal i bhfeidhm 6 mhí tar éis an dáta a mbeidh 15 Stát ar a laghad, ar cion nach lú ná 50% de thonnáiste iomlán cabhlach ceannaíochta an domhain tonnáiste a gcabhlaigh ceannaíochta i dteannta a chéile, tagtha chun bheith ina bpáirtithe ann. Tá sin faoi réir an choinníll nach nglacfaidh an Prótacal éifeacht sula mbeidh Prótacal SOLAS tagtha i bhfeidhm.


3. Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thruailliú ó Longa a Chosc 1973 (MARPOL 1973)


Tá i gCoinbhinsiún MARPOL 1973 forálacha ar cuspóir dóibh deireadh a chur le truailliú na farraige le hola agus le hábhair nimihiúla eile a d’fhéadfaí a scairdeadh le linn oibhíochtaí, agus laghdú go mór ar an méid ola a scairdfeadh de mhíthapa le linn timpistí ar nós iombualadh nó bualadh talún. Neartódh sin Coinbhinsiún 1954 um Thruailliú na Farraige le hOla a Chosc, agus, leis an aimsir, is fearr a bheadh sé agus ghlacfadh sé a áit, trí scairdeadh ola i bhfarraige le linn oibhríochtaí a shrianadh tuilleadh agus bheadh ann, den chéad uair ar an gcothrom sin, sriantachtaí idirnáisiúnta le ceimicí contúirteacha. séarachas agus bruscar tirm a scairdeadh as longa, ach ní dhéileálfadh sé le dumpáil bheartaithe i bhfarraige ní atá faoi réim na gCoinbhinsiún um Dumpáil i bhFarraige, Londain agus Oslo.


Baineann an Coinbhinsiún le haon long d’aon sórt, lena n-áirítear duill-bháid, feithiclí aer-chuisín, intumairí, árthí snámba agus fosardáin nó ardáin snámha a oibríonn sa chomhshaol muirí.


Is iad seo a leanas príomh-ghnéithe an Choinbhinsiúin:—


(i) Tá de cheangal ann umair bhallasta leithleacha a bheith in ola-thancaerí nua,


(ii) Tá an chainníocht uasta ola is cead a scairdeadh le linn turais bhallasta laghdaithe ó 1/15,000ú go dtí 1/30,000ú den chumas luchtmhaireachta i gcás ola-thancaerí nua,


(iii) Tá an Mheánmhuir, Muir Bhailt, an Mhuir Rua, agus Limistéar an Mhurascaill, lena n-áirítear Muir Oman, ainmnithe mar limistéir shonraithe a bhfuil toismeasc iomlán ar ola a scairdeadh iontu, ach amháin i gcás longa beaga,


(iv) Beidh de cheangal ar gach long a mbeidh ola ar iompar aici bheith i gcumas oibriú leis an modh coinneála ar bord agus leis an gcóras last-ar-uachtar díluchtaithe amach in áiseanna glactha,


(v) Tá ceanglais speisialta sa Choinbhinsiún i ndáil le truailliú ag substaintí leachtacha nimhiúla a iompraítear i mbaile a rialú,


(vi) Tá, freisin, sa Choinbhinsiúin forálacha a bhaineann le cosc le truailliú ag substaintí díobhálacha a iompraítear ar muir ina bpacáistí, nó i gcoimeádáin, in umair iniompair nó in umarbhaigíní bóthair agus in umarbhaigíní iarnróid,


(vii) Baineann forálacha eile atá sa Choinbhinsiún le truailliú ag séarachas agus dramháil ó longa a chosc,


(viii) Gné thábhachtach eile den Choinbhinsiún an socrú atá ann do nós imeachta níos simplí agus níos scafánta le leasú a dhéanamh.


Tiocfaidh Coinbhinsiún MARPOL 1973 i bhfeidhm dhá mhí dhéag tar éis a dhaingnithe ar 15 Stát ar leo 50% ar a laghad de loingeas ceannaíochta an domhain.


4. Prótacal (1978) a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Chosaint a Thabhairt in Aghaidh Truailliú ó Longa 1973 (MARPOL 1973)


Forálann an Prótacal a ghabhann le MARPOL 1973 mar a leanas:—


(a) Ní foláir umair bhallasta leithleacha (UBL), umair bhallasta ghlana (UBG) agus nó ábhar níocháin amh-ola (NA) mar a leanas a bheith i ngach tancaer, nua agus láithreach:—


(i) Ní foláir (UBL) agus (NA) a bheith i ngach tancaer amh-ola nua 20,000 meálasta nó os a chionn;


(ii) Ní foláir (UBL) a bheith i ngach iompróir nua táirgí 30,000 meálasta;


(iii) Ní foláir UBL nó UBG nó NA a bheith i ngach tancaer amh-ola láithreach, 40,000 meáliosta nó os a chionn;


(iv) Ní foláir UBL nó UBG a bheith i ngach iompróir táirgi láithreach 40,000 meáliosta nó os a chionn.


(b) D’fhéadfadh tancaerí ola láithreacha a bhíonn ag gabháil do thrádálacha sonracha go heisiatach a bheith díolmaithe ó na ceanglais maidir le UBL, UBG agus NA ar choinníoll gur ó phoirt a bhfuil leor-shaoráidí glacadóireachta iontu a oibríonn said, agus d’fhéadfadh tancaerí ola láithreacha a bhfuil socruithe ballasta iontu a bheith díolmhaithe ó cheanglais UBL


5. An Coinbhinsiún um Loingeas Ceannaíochta (Caighdeáin Iosta) An Eagraíocht Oibreachais Idirnáisiúnta 1976 (Coinbhinsiún Uimh. 147)


Tá glactha le coinbhinsiúin iomaí a raibh gabháil láimhe ag an Eagraíocht Oibreachais Idirnáisiúnta leo agus ar coinbhinsiún iad a bhain go sonrach, leis an gcor maidir le socrú sóisialach, sábháilteacht na foirne, go háirithe (inniúlacht na foirne, slándáil shóisialach, dála oibre ar bord etc.) a dhéanfadh difear do shábháilteacht na loinge.


Is é Coinbhinsiún Uimh. 147 um Chaighdeáin Iosta (loingeas ceannaíochta) an ceann is tábhachtaí díobh. Glacadh leis sin i nDeireadh Fómhair 1976 agus is coinbhinsiún imlíne é a dtugann Stáit gealltanas faoi dlíthe a achtú, nó féachaint a bhfuil ceanglas ina dlíthe d’áirithiú caighdeáin socraithe shóisialaigh agus sábháilteachta ar coimhréir leis na rialacha atá cheana féin i gcoinbhinsiúin idirnáisiúnta EOI. Coinbhinsiúin iad sin a bhaineann le:


—aois íosta (Uimh. 7,58 agus 138);


—oibleagáidí úinéirí i gcás tinnis agus timpiste agus i ndáil le sochair bhreoiteachta (Uimh. 55, 56 agus 130);


—scrúdú dochtúra ar mharáithe (Uimh. 73);


—timpistí a chosc (maraithe) (Uimh. 134);


—cóiríocht agus bia d’fhoirní (Uimh. 68 agus 92);


—deimhnithe inniúlachta d’oifigigh agus airteagail comhaontaithe mairnéalach (Uimh. 22 agus 53);


—maraithe a chur ar ais ina dtíortha féin (No. 23 etc.).


6. Comhaontú Riaracháin ocht dTíortha na Mara Thuaidh.


An 2 Márta, 1978 shínigh Stáit na Mara Thuaidh seo a leanas Meamram Comhthuisceana faoi chaighdeáin ar longa ceannaíochta a chothabháil—An Ríocht Aontaithe, An Fhrainc, An Bheilg, An Isiltír, An Danmhairg. An Iar-Ghearmáin, An Ioruaidh agus An tSualainn. Comhaontú riaracháin idir údaráis mhuirí an Meanram. Is í eithne an chomhaontaithe go bhfeidhmíonn na húdaráis mhuirí córas aireachais ina bpoirt ar na longa go léir, agus freisin go dtugann na stáit is síneoirí faisnéis dá chéile faoi longa íoschaighdeáin. Tá sé ceaptha do Stáit páirt a ghlacadh sa chomhaontú trí reachtaíocht náisiúnta atá ann faoi láthair a úsáid agus é a ghlacadh laistigh de réim inniúlachta an údaráis mhuirí.


Is iad na gnéithe is mó den Mheamram an ceanglas aireachais agus é bheith diongbháilte ann go ngabhann le haontachas a thabhairt dó an Coinbhinsiún um Loingeas Ceannaíochta, an Eagraíocht Idirnáisiúnta Oibreachais (Caighdeáin Iosta) (Coinbhinsiún Uimh. 147) a dhaingniú an dáta is luaithe is féidir.


7. Coinbhinsiún Idirnáisiúnta 1978 um Oiliúint, Deimhniú agus Aireachas Maraithe


Tá ceanglais bhunaidh bunaithe sa Choinbhinsiún i ndáil le hoiliúint, deimhniú agus aireachas maidir le maraithe, ar chothrom idirnáisiúnta. Tá ceanglais íosta shainorclaithe leagtha síos ann maidir le hoifigigh, innealtóirí agus raidió-oifigigh a dheimhniú. Ina theannta sin tá ceanglais íosta shainordaithe ann maidir le hoiliúint agus cáilíochtaí máistrí, oifigigh agus gnáth-mhairneálagh tancaerí ola. Tiocfaidh an Coinbhinsiún i bhfeidhm 12 mhí tar éis do 25 stát ar leo, eatarthu, 50% de mhórthonnáiste chabhlach ceannaíochta an domhain glacadh leis.


Féachann an Coinbhinsiún le hoiliúint agus deimhniú maraithe, ar fhoras domhanda, a ardú go dtí na caighdeáin is airde a bhfuil glacadh i gcoitinne leo go hidirnáisiúnta.


8. Prótacal a ghabhann le Coinbhinsiún Bharcelona dar dáta 16 Feabhra, 1976


Tá socrú sa Phrótacal faoi chomhair páirtithe comhoibriú le chéile i gcás mór-chontúirt tarlú do chomshaol muirí na Meánmhara ó chainníochta fíor-mhóra ola nó ó shubstaintí díobh álacha eile i gcásanna éigeandála. Forálann sé go ndéanfaidh na Páirtithe Conarthacha (tíortha na Meánmhara agus CEE) a bpleananna teagmhais a chothabháil agus a chur ar aghaidh le truailliú den sórt sin a chomhrac, go ndéanfaidh said gníomhaíochtaí faireacháin a fhorbairt agus a chur i ngníomh, go dtabharfaidh siad faisnéis iomchuí áirithe dá chéile, go dtabharfaidh siad orduithe áirithe do longa áirithe agus d’aerárthaí áirithe, go ndéanfaidh siad beartanna áirithe i gcás truailliú tarlú mar a samhlaíodh, agus go bhféadfaidh siad cúnamh a iarraidh ar Pháirtithe eile.


9. Comhaontú Bhonn, 9 Meitheamh, 1969


Tá socrú sa Chomhaontú sin faoi chomhair páirtithe comhoibriú ag déileáil le truailliú na Mara Thuaidh le hola. Tháinig sé í ngníomh 9 Lúnasa, 1969. Is páirithe sa Chomhaontú na tíortha seo a leanas— An Bheilg, An Danmhairg, An Fhrainc, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, An Isiltír, An Ioruaidh, An tSualainn agus An Ríocht Aontaithe. Tá socrú sa Chomhaontú chun Stáit na Mara Thuaidh do thabhairt faisnéise dá chéile i gcásanna ola a dhóirteadh (ó longa nó ó aon áit eile), chun sleonna ola a mheasúnú agus a thuairisciú agus chun cúnamh comhair a thabhairt i gcás timpistí. Tá an Mhuir Thuaidh roinnte ina limistéir faoin gComhaontú sin, agus tá sé curtha ar iontaoibh gach páirtí chonarthaigh an measúnú riachtanach a dhéanamh a inseoidh aon dochar, agus méid aon dochair, a bheidh tar éis tarlú ina limistéar féin.


10. Coinbhinsiún Helsinki um Chomhshaol Muirí Limistéar Mhuir Bhailt A Chosaint (1974)


An 22 Márta, 1974, ghlac an Danmhairg, An Fhionlainn, Poblacht Daonlathach na Gearmáine, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, Daonphoblacht na Polainne, an tSualainn agus Aontas na bPoblacht Sóibhéideach Sóisialach leis an gCoinbhinsiún ar Chomhshaol Muirí Limistéar Mhara Bailt a Chosaint ar a dtugtar Coinbhinsiún Helsinki. Tá an Coinbhinsiún ceaptha le truailliú a chosc agus a laghdú agus le comhshaol muirí Mhuir Bhailt a chosaint agus a fheabhsú. Go háirithe:


—tá rialacháin leagtha síos i dtaobh substaintí guaiseacha áirithe teacht isteach i Limistéar Mhuir Bhailt;


—tá bearta ceaptha le truailliú a bhfuil bonn talún leis a rialú agus a laghdú;


—tá socrú déanta do chláir chomhair agus rialachán maidir le dumpáil, do cháilíocht an chomhsaoil agus táirgí ina bhfuil substaintí nimhiúla; tá cuid de na substaintí sin nach cead, gan údárás roimh ré iad a ligean isteach ina gcainníochta réasúnta mór;


—tá rialacha leagtha síos le truailliú ó longa a chosc agus le dumpáil neamhbheartaithe substaintí a chosc;


11. An Coinbhinsiúin Idirnáisiúnta um Ualach-Línte 1966


Tháinig an Coinbhinsiún sin i bhfeidhm i 1968 agus leagann sé síos rialacha iomaí i dtaobh uasualú long d’áirithiú cobhsaíocht mar aon seiceálacha a bhaineann leis sin, deimhnithe ar ualú agus fiosruithe tar éis timpiste.


12. An Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shabháilteacht Anama ar Muir. 1690 (SOLAS)


Is é an Coinbhinsiún sin is bonn do SOLAS 1974 dá dtagraítear i mír 1 den Fhoscríbhinn seo.


13. Coinbhinsiúin Londain 1960 agus 1972 um Iombualadh ar Muir a Chosc


Tá glactha le rúin iomaí ag IMCO i ndáil le SOLAS 1974 agus le MARPOL 1973 agus i ndáil leis na Coinbhinsiúin a luaitear roimhe seo do dhéanamh socrú le haghaidh raonta loingseoireachta agus creasa sábháilteachta i limistéir a mbíonn trácht mór loingseoireachta iontu agus a gcastar aonta loingseoireachta le chéile iontu. Ach ní níor a lua nach féidir na raonta a cheapfaí dá dhroim sin a dhéanamh éigeantach ach amháin in uiscí teorann aon tíre áirithe: níl aon chumhacht ag bruach-Stát féachaint ar na raonta a bhítear ag gabháil ar an mórmhuir ná ina crios eacnamaíoch féin ach an oiread.


14. An Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thruailliú na Farraige le hOla a Chosc 1954


Rialálann Coinbhinsiún Londain (ar a dtugtar OILPOL), arna leasú i 1962 agus i 1969, scairdeadh hiodracarbóin nuair a bhíonn tancaerí ag díghású a dtancanna agus ag díluchtú ballasta, rud atá toirmiscthe a dhéanamh i gcreasa áirithe. Braitheann sárú ar scairdeadh nach bhfuil aon amhras faoi; ní féidir leis na húdaráis aon ghníomh a dhéanamh go mbíonn scairdeadh déanta agus ní féidir leo é a dhéanamh ansin féin ach nuair a bhraitear an sárú agus gur féidir an bhaint a bhí ag an long leis an scairdeadh a chruthú. Geallann na Stáit is síneoirí dlíthe a achtú iad féin do shocrú pionós i leith longa faoina ndlínse i gcás a sáraítear forálacha na gCoinbhinsiún sin.


Cuireadh an Coinbhinsiún i bhfeidhm go luath agus tá sé daingnithe ag na naoi mBallstát. Is iad na lochtaí is mó atá air nár bhunaigh sé córas idirnáisiúnta le sáruithe a bhunú agus gur fhág sé ceart inchúisimh ag Stát na brataí.


Chruthaigh Coinbhinsiún OILPOL uireasa a bheith air le scairdeadh a chosc de dhroim nach mbaineann sé le cúiseanna scairdthe, is é sin, gan deighilteoirí agus trealamh scríobaidh, nó gan sáith díobh sin, a bheith ar bord le hiarmhairtí ola a chóireáil. Breithníodh an t-ábhar sin le linn an tríú leasú ar OILPOL a cheapadh i 1971, leasú a shocraíonn eagrú agus méid tancanna ola. Níl an leasú sin i bhfeidhm fós.


15. Coinbhinsiúin agus Comhaontuithe Príobháideacha maidir le Dliteanas agus Cúiteamh i nDamáiste mar gheall ar Truailliú Timpisteach


Tá sé ceaptha do dhá Choinbhinsiún a síníodh sa Bhruiséil an 29 Samhain, 1969 go leagann siad síos rialacha le haghaidh gníomh ar an mórmhuir má tharlaíonn timpiste ar cúis é, nó ar dóigh dó bheith ina chúis, le truailliú le hola, agus córas cúitimh i leith damáiste mar gheall ar thruailliú le hola a leagan síos.


Tá sa chéad Choinbhinsiún foráil fíor-thábhachtach a thugann aitheantas do cheart an Stáit atá i mbaol de bharr timpiste den sórt sin gníomh a dhéanamh ar an mórmhuir. Beidh de cheangal ar an Stát cósta comhairle a ghlacadh le Stát na brataí agus le Stáit eile lena mbainfidh sula ndéanfaidh sé na bearta a bheidh ceaptha aige a dhéanamh, ach amháin i gcás éigeandála.


Cuireann an dara Coinbhinsiún díobh sin cúiteamh in aon damáiste ó thruailliú de dhliteanas ar an úinéir. Dliteanas gan locht é sin; ach tá an t-uas-suim ro-bheag mar chúiteamh i ndamáiste a dhéanann olltancaerí. Forlíonadh an Coinbhinsiún sin i 1971 agus i 1976 le dhá phrótacal a bhunaigh cúiteamh i leith damáiste de bharr truailliú le hola.


Os rud é nach bhfuil na forálacha forlíontacha sin i bhfeidhm fós, tá a gcomhaontuithe féin déanta ag cuideachtaí loingseoireachta príobháideacha (TOVALOP, agus CRISTAL ina dhiaidh sin) a áirithíonn go n-íocfar an costas, go dtí teorainn $30 milliún, a bhainfidh le cóstaí a ghlanadh.