TUARASCÁIL
1. Faoi Bhuan-Ordú 63, féadfaidh an Coiste cúrsaí nós imeachta i gcoitinne a athbhreithniú agus féadfaidh sé aon bhreisiú nó leasú a mheasfar is gá a mholadh ar na Buan-Orduithe.
2. Tá an Coiste tar éis athbhreithniú ginearálta ar na Buan-Orduithe a chríochnú le cabhair ó Fho-Choiste arb iad a bhí air cúigear dá chomhaltaí. Chinn sé roinnt moltaí substainteacha a dhéanamh a bhfuil trácht orthu sna míreanna ina dhiaidh seo. Tá na leasuithe a thabharfaidh éifeacht do na moltaí sin leagtha amach i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Tuarascáil seo. I gCuid II den Sceideal tá leasuithe de chineál teicniúil nó dréachtóireachta atá á moladh ag an gCoiste.
Suíonna
3. An Seanad a chomóradh ar iarratas ó thríocha Seanadóir.
I gcás an Seanad a bheith tar éis dul ar athló sine die, forálann Buan-Ordú 18 go gcomórfaidh an Cathaoirleach tionól aon uair is dóigh leis is gá sin. Is dóigh leis an gCoiste, nuair a bhíonn an Teach ar athló sine die, gur cheart foráil a bheith ann á chumasú do chomhaltaí an tSeanaid iad féin a iarraidh go mbeadh tionól ann. Molann sé dá bhrí sin go ndéanfaidh an Cathaoirleach in imthosca den sórt sin tionól a chomóradh ar iarratas i scríbhinn, chun críche sonraithe a bheidh luaite san iarratas sin, agus é sínithe ag tríocha Seanadóir ar a laghad, do lá nach luaithe ná an deichiú lá nó nach déanaí ná an ceathrú lá déag i ndiaidh an lae a gheobhaidh sé an t-iarratas sin (mura bhfuil sé tar éis nó ar tí tionól a chomóradh le bheith ann laistigh den tréimhse suas go dtí an deichiú lá sin a dúradh). Tá leagan athbhreithnithe de Bhuan-Ordú 18 do thabhairt éifeacht don mholadh sin agus don chéad mholadh eile ina dhiaidh leagtha amach ag uimhir thagartha 1 i gCuid I den Sceideal.
4. Tionól a chur ar athló go dtí lá níos déanaí.
Tharla ócáidí go ndeachaigh an Seanad ar athló go dtí lá áirithe á cheapadh go mbeadh Billí ag teacht chuige ón Dáil agus nár tháinig na Billí chun an tSeanaid. Measann an Coiste gur chóir nós imeachta a bheith ann in imthosca den sórt sin chun go bhféadfaí an suí a chur ar athló go dtí lá níos déanaí. Molann sé, dá bhrí sin, i gcás an Seanad a bheith curtha ar athló go dtí lá áirithe agus go n-iarrfaidh ionadaithe na ngrúpaí (féach mír 8 thíos) go ndéanfaí tionól an lae áirithe sin a chur ar athló go dtí lá agus am níos déanaí a bheidh sonraithe san iarratas, déanfaidh an Cathaoirleach (a) fógra a thabhairt do na Seanadóirí uile go bhfuiltear tar éis an tionól sin a chur ar athló agus (b) tionól den Seanad a chomóradh don lá níos déanaí a bheidh sonraithe san iarratas sin. Tá leagan athbhreithnithe de Bhuan-Ordú 18 do thabhairt éifeacht don mholadh sin leagtha amach ag uimhir thagartha 1 i gCuid I den Sceideal.
Billí
5. An Chéad Chéim.
Ar an gCéad Chéim de Bhille, iarrtar cead an Tí lena thabhairt isteach. Ar chead a bheith tugtha, féadfar an Bille a chlóbhualadh agus a chur sa timpeall. Sa Dáil tá socrú á chumasú Billí Rialtais a thíolacadh, a chlóbhualadh agus a chur sa timpeall gan aon ghá le cead an Tí a lorg. Dá thoradh sin féadfar Billí Rialtais a chur sa timpeall, gan foirmiúlachtaí roimh ré, chomh luath agus a bhíonn siad ullamh, fiú nuair a bhíonn an Dáil ar sos. Níl an tsaoráid sin ar fáil don Seanad agus d’fhéadfadh a heaspa a bheith bainteach le cé acu Teach ina bhféadfaí aon Bhille áirithe a thionscnamh. Dá gcuirfí an tsaoráid sin i mBuan-Orduithe an tSeanaid d’fhéadfadh a theacht de go dtionscnófaí tuilleadh Billí Rialtais sa Seanad.
6. Rinneadh socrú freisin i mBuan-Orduithe na Dála á cheadú méid teoranta Billí Chomhaltaí Príobháideacha a thíolacadh gan iad a thabhairt isteach roimh ré. Tugadh de cheart do gach grúpa sa Dáil comhalta príobháideach den ghrúpa a ainmniú chun Bille a thíolacadh ar choinníoll nach mbeidh os comhair na Dála Bille eile arna thíolacadh ag comhalta a bheidh ainmnithe ag an ngrúpa. Tá socrú ann do chóras uainíochta maidir le dul ar aghaidh le céimeanna na mBillí sin.
7. Measann an Coiste go mba bhuntáiste do Sheanadóirí agus don Seanad an nós imeachta tíolactha a thabhairt isteach ar an dul céanna leis sin atá mínithe go comair thuas ach amháin an nós imeachta uainíochta. Ní mheastar gur gá nós imeachta uainíochta i gcás an tSeanaid.
8. Rinne an Coiste breithniú ar mhíniú an fhocail “grúpa” maidir leis an nós imeachta tíolactha. I mBuan-Orduithe na Dála mínítear é faoi threoir Pháirtithe nach lú a líon ná seachtar comhalta. Is grúpa amháin na comhaltaí go léir nach lú ná seachtar a líon agus nach comhaltaí de pháirtithe. Tuigtear, gan amhras, go bhfuil baint ag formhór na Seanadóirí le Páirtí. Níl aon tagairt do Pháirtí, áfach, i mBuan-Orduithe an tSeanaid ná i ndoiciméid oifigiúla eile an tSeanaid agus ní léir don Choiste go mbainfeadh aon bhuntáiste leis an staid foirmiúil sin a athrú. Tá sé beartaithe aige grúpa a mhíniú mar ghrúpa a bhfuil aitheantas sa chéill sin tugtha dó ag an gCathaoirleach agus a bhfuil cúigear Seanadóirí ar a laghad ann. D’fhéadfaí a bheith ag súil leis go dtabharfadh an Cathaoirleach aitheantas faoin míniú sin don cheithre ghrúpa follasacha a áirítear sa Seanad faoi láthair.
9. Tá sé beartaithe go gcloífear leis an nós imeachta atá ann faoi láthair chun Billí a thionscnamh trína dtabhairt isteach. Bheadh an nós imeachta tíolactha ann ansin mar bhreis ar an nós imeachta láithreach agus ní chuirfeadh sé isteach ar chearta atá ann cheana.
10. Cuireann Buan-Ordú 73 seisear seanadóirí mar theorainn leis an líon tairgtheoirí do Bhille a bheadh le tionscnamh trína thabhairt isteach sa Seanad. Ní léir don Choiste go mbeadh tada in aghaidh líon Seanadóirí is mó ná sin do thacú go foirmiúil le Bille agus molann sé go gcuirfí deireadh leis an teorainn uasta.
11. Chun moltaí an Choiste i dtaobh na Chéad Chéime a chur i ngníomh ní mór Buan-Ordú 73 a leasú agus Buan-Ordú nua a chur isteach. Tá siad sin leagtha amach ag uimhir thagartha 2 i gCuid I den Sceideal.
12. Billí a thit ar lár.
Billí Seanaid a bhíonn ar siúl agus nach mbíonn curtha de láimh ar théarma Seanaid do dhul in éag titeann siad ar lár. Níl aon fhoráil shonrach sna Buan-Orduithe chun Billí mar sin a chur ar ais ar Riar Oibre an tSeanaid nua. Is dóigh leis an gCoiste gur mhaith an rud é foráil iomchuí chuige sin a chur sna Buan-Orduithe agus tá sin á mholadh aige. Tá Buan-Ordú nua chun éifeacht a thabhairt dó sin leagtha amach ag uimhir thagartha 3 i gCuid I den Sceideal.
13. Céim na Tuarascála.
Bhreithnigh an Coiste an cheist i dtaobh an nós imeachta a thabhairt isteach a leantar sa Dáil faoina bhfágtar an Cheist: “Go nglacfar leis an mBille chun an Breithniú Deiridh a dhéanamh air” gan cur ar Chéim na Tuarascála. Murar tairgeadh aon leasuithe, déantar Ordú ag ceapadh lá don Chúigiú Céim. Má tairgeadh leasuithe, socraítear go rachaidh an Dáil ar aghaidh á mbreithniú. Glacann an Coiste leis gur beag is féidir tarlú ar Chéim na Tuarascála a bheadh bainteach le hábhar nuair nach mbíonn aon leasuithe. Tharla sé uaireanta, áfach, gur gheall Airí le linn imeachtaí Coiste ábhair áirithe a bhreithniú idir Céim an Choiste agus Céim na Tuarascála agus tuarascáil a thabhairt orthu ar Chéim na Tuarascála. Measadh gurbh imeacht é sin a bhain le hábhar agus is dóigh leis an gCoiste gur cheart an socrú chuige sin a choimeád. Dá bhrí sin, ní mholann sé aon athrú maidir le Céim na Tuarascála.
14. Teorainneacha Ama ar Bhillí.
Leasaíodh Buan-Orduithe na Dála chun go bhforáiltear, nuair a chuirfear i gcoinne tairisceana ag lorg cead chun Bille a thabhairt isteach, nach faide ná cúig nóiméad na ráitis ón gcomhalta a rinne an tairiscint agus ón gcomhalta atá ag cur ina coinne. Ní dhéanann Buan-Ordú an tSeanaid aon fhoráil i dtaobh teorainneacha sonracha ama maidir leis sin. Mar atá an scéal, fágtar an cheist faoi rogha an Chathaoirligh. Níor tharla aon deacrachtaí móra as an gcleachtadh atá ann faoi láthair agus dá bhrí sin ní mholann an Coiste aon athrú a dhéanamh. Mar an gcéanna, ní fheictear don Choiste go bhfuil aon chúis ann le teorainneacha a thabhairt isteach sa ghnáthchúrsa maidir leis na céimeanna eile de Bhillí.
Tairiscintí
15. Teorainneacha Ama.
Rinne an Teach Ordú an 7 Nollaig 1977 d’fhoráil teorainneacha ama maidir le tairiscintí nach tairiscintí Rialtais. D’fhoráil sé sin trí uaire an chloig san iomlán, ar a mhéid, a thabhairt do thairiscintí den sórt sin, agus tríocha nóiméad ar a mhéid a bheith ag an Seanadóir a mbeadh an tairiscint á moladh aige agus cúig nóiméad déag a bheith ag Seanadóirí eile. Níor cuireadh an teorainn deiridh sin i bhfeidhm i gcás Airí a bhí páirteach sna díospóireachtaí sin agus níor tharla aon deacracht maidir leis.
16. Is dóigh leis an gCoiste gur oibrigh an tOrdú chun sástacht na Seanadóirí agus molann sé dá bhrí sin é a chur isteach sna Buan-Orduithe. Tá a théacs leagtha amach i gCuid I den Sceideal ag uimhir thagartha 4.
17. Tairiscintí do thitim ar lár
Ní hannamh go mbíonn tairiscintí nach tairiscintí Rialtais ar Riar na hOibre ar feadh tréimhsí fada agus gur neamhdhóigh go ndéanfar iad toisc le himeacht ama go dtéann siad as dáta nó toisc nach dteastaíonn ó Sheanadóirí dul ar aghaidh leo ar chúis nó ar chúis eile. Measann an Coiste nach inmholta a leithéid toisc go dtugann sé léargas míthreorach ar an ngnó a bhíonn os comhair an tSeanaid. Mar leigheas air molann an Coiste go measfar tairiscint nach mbeidh déanta laistigh de dhá mhí dhéag ón dáta a céad-chuireadh ar Riar na hOibre í a bheith tite ar lár ach sin gan dochar do cheart Seanadóirí tairiscint mar sin a chur síos arís. Tá Buan-Ordú nua do thabhairt éifeacht dá réir sin leagtha amach i gCuid I den Sceideal ag uimhir thagartha 5.
Cur Ar Athló
18. Nithe a bhfuil deabhadh agus tábhacht phoiblí ag baint leo.
Faoi Bhuan-Ordú 26 féadfar tairiscint a dhéanamh chun an Seanad a chur ar athló “mar gheall ar ní áirithe a bhfuil deabhadh agus tábhacht phoiblí ag baint leis” má éiríonn Seanadóir ina áit, i dtosach Gnó Phoiblí, agus go ndéarfaidh sé go bhfuil sé ag iarraidh cead chun an ní sin a thairiscint agus leis sin déarfaidh sé cad é an ní é agus seachadfaidh don Chathaoirleach ráiteas i scríbhinn ar an ní a bheidh le plé. Le go n-éireodh leis an iarratas caithfidh an Cathaoirleach a bheith sásta gur tairiscint atá ann den sórt a luaitear sa Bhuan-Ordú. Tá tacaíocht ó chúigear Seanadóir sa bhreis ag teastáil freisin sula bhféadfar cead a thabhairt.
19. Nós imeachta é sin nár tharla sa Seanad ach go fánach. Ba mhar a chéile a bhí an scéal sa Teach eile geall leis. Ceapadh gurb é an chonstaic ba mhó a bhí sa tslí ar ní a chur i láthair a dheacra a bheadh sé a chur ina luí ar an gCeann Comhairle gur ní é “den sórt a luaitear sa Bhuan-Ordú”, go mb’éigean cinneadh an Cheann Comhairle a bheith de réir na bhfasach a leagadh amach i gcaitheamh na mblianta agus go raibh na fasaigh tagtha chun bheith ina mbac ró-mhór. D’fhonn a chinntiú nach mbeadh rialuithe feasta faoi chuing na bhfasach a bhí ann an tráth sin, cuireadh na focail “ní sonrach tábhachtach a bhaineann le leas an phobail agus nach foláir a bhreithniú go práinneach” in ionad na bhfocal “ní áirithe a bhfuil deabhadh agus tábhacht phoiblí ag baint leis”.
20. Baineann an cuspóir a bhí leis an athrú a dhéanamh sa Dáil leis an Seanad chomh maith céanna agus molann an Coiste go ndéanfaí athrú mar é i mBuan-Orduithe an tSeanaid.
21. Mheas an Coiste gné eile den nós imeachta a bheith ina bhac ró-mhór. Ní féidir é a chur sa tsiúl ach i dtosach Gnó Phoiblí agus an tráth sin amháin. Aon Seanadóir a dteastaíonn uaidh feidhm a bhaint as ina dhiaidh sin ní foláir dó fanúint go dtí an chéad lá suí eile.
22. Is é tuairim an Choiste go bhféadfadh an ceangal sin cuspóir an nós imeachta a chur ó mhaith. Beartaíonn sé dá bhrí sin an tréimhse inar féidir é a thionscnamh a fhadú go dtí 2.30 p.m. lá a thiocfaidh an Seanad le chéile roimh meán lae agus go dtí 4.30 p.m. lá a thiocfaidh an Seanad le chéile meán lae nó ina dhiaidh. Tá gá leis na teorainneacha sin mar áis don Teach agus ionas go mbeadh leor-fhógra ag an Aire lena mbainfeadh.
23. Cuirtear uair a chloig go leith ar leithligh do thairiscintí mar sin de ghnáth agus tá sé beartaithe foráil dá réir sin a chur sa Bhuan-Ordú.
24. An leasú is gá chun éifeacht a thabhairt do na moltaí sin tá sé leagtha amach i gCuid I den Sceideal ag uimhir thagartha 6.
25. Athló leathuair a chloig.
Breithníodh féachaint an bhféadfaí “nithe i gcóir Athló leathuair a chloig”, dá bhforáiltear i mBuan-Ordú 25, a thógaint tráth éigin eile seachas an leathuair deireanach den suí. Cinneadh gan athrú a moladh ar an mbonn dá socrófaí am cinnte eile seachas tráth an Athló go gcuirfeadh sé isteach go míthráthúil ar cheart-bhreithniú gnó.
Ráiteas ag Comhalta den Rialtas
26. Níl aon socrú ann faoi láthair maidir le ráitis ag Comhaltaí den Rialtas. Moltar go nglacfaí isteach sna Buan-Orduithe an cleachtas atá ann faoi láthair, cleachtas nach gceadaítear aon díospóireacht ar an ráiteas sin faoi, ach go bhféadfar tuilleadh ráiteas (ó Sheanadóirí) a cheadú de réir rogha an Chathaoirligh. Tá Buan-Ordú nua do thabhairt éifeacht don moladh sin leagtha amach ag uimhir thagartha 7 de Chuid I den Sceideal.
Cuidiú le Tairiscintí agus le Leasuithe
27. Ní foláir cuidiú a fháil le tairiscintí agus le leasuithe (ach amháin ar chéim an Choiste de Bhillí). Bhreithnigh an Coiste ar cheart an ceanglas sin a ligean ar lár mar a rinneadh sa Dáil. Shonraigh sé gur ghá, i gcás Billí, síniú triúr Seanadóir ar a laghad a bheith á údarú faoin nós imeachta a bhaineann lena thabhairt isteach agus i gcás an nós imeachta tíolactha atá beartaithe nach foláir an tairgtheoir a bheith ainmnithe ag grúpa nach lú a líon ná cúigear Seanadóir. Mheas sé go raibh an ceanglas gur ghá cuiditheoir i gcomhréir leis na ceanglais a bhaineann le Billí agus go mba cheanglas réasúnach ann féin é. Ní mholann sé dá bhrí sin go n-athrófaí an nós imeachta.
28. Roghchoistí agus Coistí Speisialta
Sa Tuarascáil a thug sé don Seanad, faoi dháta 13 Nollaig 1978, tharraing an Coiste aird speisialta an Tí ar a inniúlacht ar Choistí Speisialta agus Roghchoistí a cheapadh agus mhol sé go nglacfaí leis an deis aon tráth ab oiriúnach chun na nósanna imeachta sin a úsáid. Thagair an Tuarascáil do fhoráil láithreach maidir leis na Coistí sin ar ghá í a leasú, eadhon, an fhoráil gur go príobháideach a bheidh na Coistí sin ar siúl murar ordaigh an Coiste áirithe a mhalairt. Dúradh sa Tuarascáil gur cheart imeachtaí a bheith ar oscailt don phobal agus do lucht nuachtán de ghnáth díreach mar a bhíonn tionóil an tSeanaid. Molann an Coiste go leasófaí Buan-Ordú 70 dá réir sin.
29. Is é is cuspóir do Choistí Speisialta go háirithe Billí a bhreithniú. Mar a chuir an Tuarascáil in iúl, is nós imeachta é nach n-úsáidtear ach go fánach sa Seanad. Maidir leis an Dáil, mar a n-úsáidtear é níos minicí, dúradh go mb’fhéidir go mba chonstaic é go mbíodh ar an Rialtas go minic bheith ag brath ar thromlach duine amháin i gCoistí den sórt sin agus dá bhrí sin go bhféadfadh rí-thábhacht a bheith le freastal iomlán ar gach cruinniú. Tá a fhios ag Seanadóirí go maith go dtarlaíonn amanna nach bhféadann siad bheith i láthair ag cruinniú áirithe éigin mar gheall ar a ndualgais iomadúla. Tharlódh fadhb dá chionn sin a bheadh ina bhac dáiríre ar Bhillí a chur go dtí Coistí Speisialta. D’fhonn an fhadhb a réiteach leasaíodh Buan-Orduithe na Dála chun go bhforáiltear, nuair a bhíonn comhalta de Choiste Speisialta as láthair, go bhféadfaidh comhalta den Dáil a bheidh ainmnithe ag an bPáirtí ar de an comhalta as láthair páirt a ghlacadh sna himeachtaí agus vóta a chaitheamh ina ionad. Molann an Coiste go ndéanfaí a shamhail de leasú i mBuan-Orduithe an tSeanaid, agus “grúpa” a chur in ionad “Páirtí” ar na cúiseanna atá pléite i mír 8 thuas.
30. Tá na leasuithe is gá chun éifeacht a thabhairt do na moltaí faoin mírcheann seo leagtha amach i gCuid I den Sceideal ag uimhir thagartha 8.
(Sínithe) SÉAMUS Ó DÓLÁIN,
Cathaoirleach.
3 Iúil, 1979.
SCEIDEAL
CUID I
Uimh. Thagartha |
Buan-Ordú |
Leasú |
1 |
18 |
Míreanna (1) agus (2) a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina n-ionad:— |
|
|
“(1) Mura mbeartóidh an Seanad a mhalairt:— |
|
|
(a) tiocfaidh sé le chéile ar an Máirt, ar an gCéadaoin agus ar an Déardaoin, agus |
|
|
(b) beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le gach seachtain ina suífidh sé— |
|
|
(i) ar an gcéad lá suí tiocfaidh sé le chéile ar 2.30 p.m. agus |
|
|
(ii) ar aon lá suí ina dhiaidh sin tiocfaidh sé le chéile ar 10.30 a.m. |
|
|
ar choinníoll i gcás an Seanad a bheith ar athló go dtí lá luaite agus go n-iarrfaidh ionadaithe na ngrúpaí [féach mír 4 den B.O. nua ag uimhir thagartha 2] go gcuirfí tionól an lae luaite sin siar go dtí lá agus tráth níos déanaí a bheidh sonraithe san iarratas, déanfaidh an Cathaoirleach (a) fógra a thabhairt do gach Seanadóir go bhfuiltear tar éis an tionól sin a chur siar amhlaidh agus (b) tionól den Seanad a chomóradh don lá níos déanaí sin a bheidh sonraithe san iarratas sin. |
|
|
(2) Féadfaidh an Cathaoirleach tionól den Seanad a chomóradh do dháta is iuaithe ná mar a socraíodh nuair a cuireadh ar athló é ar chúiseanna speisialta a luafaidh sé san fhógra á chomóradh amhlaidh. |
|
|
(3) I gcás an Seanad a dhul ar athló sine die, déanfaidh an Cathaoirleach tionól den Seanad a chomóradh (a) aon uair is dóigh leis is gá sin, nó (b) ar iarratas i scríbhinn, chun críche sonraithe a bheidh luaite san iarratas sin, agus é sínithe ag tríocha Seanadóir ar a laghad do lá nach luaithe ná an deichiú lá nó nach déanaí ná an ceathrú lá déag i ndiaidh an lae a gheobhaidh sé an t-iarratas sin (mura mbeidh sé tar éis nó ar tí tionól a chomóradh le bheith ann laistigh den tréimhse suas go dtí an deichiú lá sin a dúradh). |
|
|
(4) Féadfaidh an Cathaoirleach, agus é ag feidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó le míreanna (2) agus (3), tionól a chomóradh do lá seachas an lá a shonraítear i mír (1).” |
2 |
73 |
I líne 1, “trína thabhairt isteach” a chur isteach i ndiaidh “tionscnamh”. |
|
|
I líne 3, “agus seisear ar a mhéad” a scriosadh. |
|
|
An t-ábhar i ndiaidh “Ach i gcás Bille Rialtais,” i líne 19 go dtí deireadh an Bhuan-Ordaithe a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina ionad: |
|
|
“féadfaidh Treoraí an Tí (nó Seanadóir eile a bheidh údaraithe ag an Rialtas chun críche an Bhuan-Ordaithe seo) an Bille a thionscnamh agus measfar é a bheith i mbun an Bhille chun na críche sin.” |
|
Nua |
An Buan-Ordú nua seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Bhuan-Ordú 73:— |
|
|
“(1) Féadfaidh Treoraí an Tí (nó Seanadóir eile a bheidh údaraithe ag an Rialtas chun críche an Bhuan-Ordaithe seo), nó féadfaidh Seanadóir arna ainminú faoi mhír (3) den Bhuan-Ordú seo, Bille a thíolacadh gan cead an tSeanaid a fháil. |
|
|
(2) Déanfar Bille a thíolacadh trí chóip den Bhille arna síniú ag an tairgtheoir a sheachadadh don Chléireach agus clóbhuailfear an Bille ansin. Cuirfear teideal an Bhille ar Riar na hOibre mar aon le gearrthuairisc ar a chuspóir, a d’ullmhaigh an tairgtheoir agus lenar ghlac an Cathaoirleach, agus déanfar ordú don dara léamh. |
|
|
(3) Beidh de cheart ag gach grúpa Seanadóir dá líon a ainmniú chun Bille a thíolacadh ar choinníoll nach mbeidh Bille os comhair an tSeanaid arna thíolacadh ag Seanadóir a bheidh ainmnithe ag an ngrúpa. |
|
|
(4) Is é is grúpa ann grúpa a bheidh aitheanta amhlaidh ag an gCathaoirleach agus arb é a líon cúigear Seanadóir ar a laghad.” |
3 |
Nua |
An Buan-Ordú nua seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Bhuan-Ordú 94:— |
|
|
“(1) Bille ar bith a thitfidh ar lár mar gheall ar olltoghchán don Seanad féadfar dul ar aghaidh leis tar éis an olltoghcháin ar an gcéim a bhí sroichte aige roimh an olltoghchán má ritear Rún á chur ar ais ar Riar na hOibre. |
|
|
(2) Mura n-ordaítear a mhalairt leis an Rún trína gcuirfear an Bille ar ais ar Riar na hOibre, rachfar ar aghaidh leis an mBille ó thosach na céime áirithe a bhí sroichte aige roimh an olltoghchán.” |
4 |
Nua |
An Buan-Ordú nua seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Bhuan-Ordú 36:— |
|
|
“Maidir le tairiscintí seachas tairiscintí Rialtais beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas— |
|
|
(a) ní thabharfar thar trí huaire a chloig ar fad le haghaidh na díospóireachta ar thairiscint, mura n-ordaíonn an Seanad a mhalairt, agus ar bheith caite don tréimhse sin, mura mbeidh na himeachtaí ar an tairiscint críochnaithe roimhe sin, cuirfidh an Cathaoirleach láithreach an cheist nó na ceisteanna is gá chun iad a chríochnú, |
|
|
(b) ní rachaidh óráid Seanadóra a mholfaidh tairiscint thar tríocha nóiméad, agus beidh an Seanadóir a rinne an tairiscint nó cibé Seanadóir eile, nach mbeidh labhartha cheana aige, a údaróidh sé chuige sin, i dteideal cúig nóiméad déag le haghaidh óráide freagartha; ní rachaidh óráid aon Seanadóra eile sa díospóireacht thar cúig nóiméad déag.” |
5 |
Nua |
An Buan-Ordú nua seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Bhuan-Ordú 23:— |
|
|
“Tairiscint nach ndéanfar laistigh de dhá mhí dhéag ón dáta a cuireadh í ar Riar na hOibre i gcéaduair measfar í a bheith tite ar lár, ach sin gan dochar do cheart Seanadóirí an tairiscint sin a chur síos arís.” |
6 |
26 |
Mír (1) a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina ionad:— |
|
|
“(1) Féadfar tairiscint a dhéanamh chun an Seanad a chur ar athló mar gheall ar ní sonrach tábhachtach a bhaineann le leas an phobail agus nach foláir a bhreithniú go práinneach má dhéanann Seanadóir, tráth nach déanaí ná 2.30 p.m. lá a thiocfaidh an Seanad le chéile roimh meán lae agus nach déanaí ná 4.30 p.m. lá a thiocfaidh an Seanad le chéile meán lae nó ina dhiaidh sin, fógra príobháideach i scríbhinn i dtaobh an ní sin a thabhairt don Chathaoirleach agus má éiríonn an Seanadóir sin ina áit ar an gCathaoirleach do ghlaoch air tráth nach déanaí ná uair a chloig i ndiaidh an ama a tugadh an fógra agus go ndéarfaidh sé go bhfuil cead á iarraidh aige chun a thairiscint go gcuirfear an Seanad ar athló d’fhonn ní sonrach tábhachtach a bhaineann le leas an phobail agus nach foláir a bhreithniú go práinneach a phlé, agus leis sin déarfaidh sé cad é an ní é.” |
|
|
An méid seo a leanas a chur le mír (2):— |
|
|
“Ní rachaidh an díospóireacht ar an tairiscint sin thar uair a chloig go leith.” |
7 |
Nua |
An Buan-Ordú nua seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Bhuan-Ordú 26:— |
|
|
“Má dhéanann comhalta den Rialtas ráiteas sa Teach ar ní ar bith, ní cheadófar aon díospóireacht ar an ráiteas sin ach féadfar ráitis bhreise a cheadú de rogha an Chathaoirligh.” |
7 |
70 |
Linte 6 go 9 a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina n-ionad:— |
|
|
“nó Coiste den Seanad uile nó ag suíonna Roghchoiste nó Coiste Speisialta (mura n-ordóidh an Roghchoiste nó an Coiste Speisialta sin a mhalairt).” |
|
Nua |
An Buan-Ordú nua seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Bhuan-Ordú 58:— |
|
|
“I gcás Seanadóir a bheidh ainmnithe ag an gCoiste Roghnóireachta chun fónamh ar Choiste Speisialta a bheith as láthair féadfaidh Seanadóir a ainmneoidh an grúpa lena mbaineann an comhalta a bheidh as láthair páirt a ghlacadh sna himeachtaí agus vótáil ina ionad.” |
SCEIDEAL
CUID II
Buan-Ordú |
Leasú |
Fáth |
1 |
An mhír seo a leanas a chur in ionad mhír (2):— “(2) Chomh luath is a bheidh torthaí na vótaíochtaí do na comhaltaí a toghadh in Olltoghchán don Seanad faighte ag an gCléireach agus ainmneacha na gcomhaltaí a ainmníodh curtha in iúl dó, tabharfaidh sé fógra do na comhaltaí uile nach foláir dóibh bheith i láthair in áit a cheapfaidh sé agus lá (nó laethanta) a ainmneoidh sé chun forálacha mhír (1) den Bhuan-Ordú seo a chomhlíonadh. |
Dá chumasú foráil a chur san fhógra a chuirfear go dtí Seanadóirí chun Rolla na gComhaltaí a shíniú go bhféadfaidh siad é a shíniú an chéad lá suí. Ní thagraíonn an Buan-Ordú atá ann faoi láthair ach do laethanta roimh an lá sin. Dréachtóireacht freisin. |
3 |
An Buan-Ordú a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina ionad:—
“Leagfaidh an Cléireach faoi bhráid an tSeanaid cóip de gach ceann de na deimhnithe ar thorthaí na vótaíochtaí do na comhaltaí a toghadh agus cóip den scéala ón Taoiseach ag lua ainmneacha na gcomhaltaí ainmnithe.” |
Ní thagraionn an Buan-Ordú atá ann ach do chomhaltaí tofa. Cuireann an leasú na comhaltaí ainmnithe leis sin. |
5 |
I líne 5 “a thoghadh” a chur in ionad “a cheapadh”; agus i líne 6 “Go dtí go dtoghfar” a chur in ionad “Go dtí go gceapfar”. |
Dréachtóireacht. |
6 |
I línte 4 go 7 “agus is ionann an nós imeachta chuige sin agus an nós imeachta i gcás an Cathaoirleach a thoghadh [B.O. 4] ach amháin nach bhféadfar” a scriosadh agus “féadfar” a chur ina ionad; i líne 8 “ach” a scriosadh. |
Ní hionann an nós imeachta sa mhéid (i) nach n-gníomhaíonn an Cléireach mar Fhear Ceannais le linn an Leas-Chathaoirleach a bheith á thoghadh; agus (ii) i gcás comhionannas vótaí chaithfeadh an Cathaoirleach a vóta cinniúna a thabhairt. |
7 |
An Buan-Ordú a scriosadh agus 2 Bhuan-Ordú nua mar a leanas a chur ina ionad:—
“Is é téarma an Chathaoirligh téarma an tSeanaid a bheidh ann tráth a thofa, ach chun críche na mBuan-Orduithe sin leanfaidh an Cathaoirleach dá oifig go dtí go dtoghfar a chomharba. Féadfaidh an Seanad, áfach, tráth ar bith, le Rún ar tugadh fógra tairisceana seacht lá glan ina thaobh, an Cathaoirleach a chur as oifig.” |
Chun foráil ar leithligh a dhéanamh do théarmaí an Chathaoirligh agus an Leas-Chathaoirligh. |
|
Mar a chéile leis sin thuas ach tagairt don Leas-Chathaoirleach a chun in ionad tagairt don Chathaoirleach agus na focail ó “ach” go dtí “a chomharba” a scriosadh. |
|
8 |
I líne 2, “Rúnai Parlaiminte” a scriosadh agus “Aire Stáit” a chur ina ionad. |
De dhroim an Achta Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2), 1977. |
10 |
Mír (2) a scriosadh. |
Baineann an Buan-Ordú atá ann le dhá ní ar leithligh, eadhon, (i) an socrú a bheidh le déanamh nuair is éigean don Chathaoirleach bheith as láthair ó shuí, agus (ii)gnáthuainíocht sa Chathaoir le linn suí. Chítear go mb’fhearr déileáil leis an dá ní i mBuan-Orduithe ar leithligh, agus foráil a bheith sa dara Buan-Ordú (a bheartaítear a chur isteach i ndiaidh Bhuan-Ordú 12) maidir le dualgais agus údarás na gCathaoirleach sealadach. |
11 |
I línte 9 agus 10, “ar feadh an lae sin amháin” a scriosadh agus “fad a bheidh siad araon as láthair” a chur ina ionad. |
D’fhonn is nár ghá toghadh a bheith ann gach lá suí le linn don Chathaoirleach agus don Leas-Chathaoirleach araon a bheith as láthair. |
Nua |
An Buan-Ordú nua seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Bhuan-Ordú 11:—
“Más cosúil go leanfaidh an Cathaoirleach de bheith as láthair, féadfaidh an Seanad Seanadóir eile a thoghadh le gníomhú mar Leas-Chathaoirleach fad a leanfaidh an Cathaoirleach de bheith as láthair amhlaidh.” |
Chun cúnamh a thabhairt don Leas-Chathaoirleach le linn an Cathaoirleach leanúint de bheith as láthair. |
12 |
Línte 4 agus 5 a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina n-ionad:— |
Ní gá cloí le triúr mar líon na gCathaoirleach sealadach. |
|
“Seanadóir ar a laghad, a bhféadfaidh aon duine díobh gníomhú mar Chathaoirleach sealadach sa Seanad nó”. |
Dréachtóireacht freisin. |
Nua |
An Buan-Ordú nua seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Bhuan-Ordú 12:— |
Féach na nótaí ag Buan-Orduithe 10, 42 agus 44. |
|
“Fad a bheidh an Leas-Chathaoirleach (nó Cathaoirleach sealadach) sa Chathaoir comhlíonfaidh sé na dualgais a chuirtear ar an gCathaoirleach, agus feidhmeoidh sé an t-údarás a thugtar don Chathaoirleach, leis na Buan-Orduithe seo, ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt iontu [féach B.O. 42 agus B.O. 44]”. |
|
13 |
Mír (2) a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina hionad:— |
Chun an Buan-Ordú a chur de réir chleachtais. |
|
“(2) Déanfar Riar na hOibre, Cín Lae Imeachtaí an tSeanaid agus gach doiciméad iomchuí eile a eisiúint i nGaeilge agus i mBéarla.” |
|
15 |
I linte 1 agus 2”, ar a n-áirítear an Cathaoirleach nó an Seanadóir ceannais,” a scriosadh. |
Níl gá leis. |
17 |
I líne 4, “go ceann seal nach lú ná trí nóiméad” a chur isteach i ndiaidh “an clog vótála”. |
Is gá fios a bheith ar thréimhse buailte an chloig chomh maith leis an tréimhse feithimh ina dhiaidh sin. |
|
I line 5, “trí” a chur in ionad “cúig”. |
Ba leor trémhse feithimh trí nóiméad ar a laghad ag féachaint don leasú roimhe seo. |
20 |
I line 3, “orthu” a scriosadh. |
I dteannta téacs na leasuithe ar thairiscintí a bheith ar Riar na hOibre, bíonn air freisin téacs na leasuithe ar Bhillí (bíonn liostaí clóbhuailte leasuithe ag gabháil mar fhorlíonadh le Riar na hOibre). |
22 |
An Buan-Ordú a scriosadh. |
Níl aon ghá leis an mBuan-Ordú seo. Tá na rialacha a bhaineann le hord Gnó Phríobháidigh sna Buan-Orduithe i dtaobh Gnó Phríobháidigh. |
23 |
An Buan-Ordú seo a leanas a chur in ionad Bhuan-Ordú 23:—
“23. Ach amháin tairiscintí a cheadaítear a dhéanamh agus leasuithe a cheadaítear a thairiscint leis na Buan-Orduithe seo gan fógra, ní foláir tairiscintí agus leasuithe a bheith i scríbhinn, faoi láimh Sheanadóra mar thairgtheoir agus Sheanadóra eile mar chuiditheoir. Ní cead tairiscintí a dhéanamh ná leasuithe a thairiscint aon lá áirithe mura mbeidh siad ag an gCléireach tráth nach déanaí ná 11 a.m. an ceathrú lá roimh an lá áirithe sin i gcás tairiscintí agus tráth nach déanaí ná 11 a.m. an dara lá roimh an lá áirithe sin i gcás leasuithe: Ach le cead an Chathaoirligh féadfar tairiscintí a dhéanamh agus leasuithe a thairiscint ar fhógra níos giorra a thabhairt [féach freisin B.O. 53].” |
Chiallódh an leagan atá ann faoi láthair nach bhféadfaí tairiscinti agus leasuithe a chur ar Riar na hOibre mura mbeadh tréimhse an fhógra caite. Is gnách iad a chur ar an gcéad Riar Oibre eile tar éis iad a fháil.
Faoin mBuan-Ordú atá ann faoi láthair ní áirítear Domhantaí agus laethanta saoire poiblí ar thréimhse an fhógra. Ní fhágann Buan-Orduithe na Dála na laethanta sin as an áireamh agus níl aon chúis speisialta ann go mbeadh nós imeachta an tSeanaid ar malairt leis sa ní sin. Dá bhrí sin, tá an Buan-Ordú beartaithe á chur ar aon dul le Buan-Ordú na Dála. |
24 |
I línte 3 go 5 “aon réamhrá ná argóint ann ná aon líomhnachas pearsanta” a scriosadh agus “aon líomhnachas pearsanta ann” a chur ina ionad. |
Le bheith de réir chleachtais. |
25 |
I line 4, “an Satharn ná” a chur isteach i ndiaidh “gan”. |
Faoin mBuan-Ordú atá ann faoi láthair, d’fhéadfaí fógra i dtaobh ní a tharraingt anuas ar an athló a thabhairt ar an Satharn agus bíonn an Oifig dúnta anois an lá sin. |
|
I leathanach 20, líne 3, “in imthosca neamhghnácha” a chur isteach i ndiaidh “féadfar”. |
Le bheith de réir chleachtais. Rinne an Chathaoir rialú nach ndéanfar, ach amháin in im thosca neamhghnácha, feidhm a bhaint as an rogha chun cead a thabhairt ní a tharraingt anuas ar fhógra níos giorra. |
31 |
I line 2, “ná ar leasú” a scriosadh agus i line 4, “nó leasú a thairg sé” a scriosadh. |
Is é an cleachtadh nach mbíonn ach díospóireacht amháin ann ar thairiscint le leasuithe. Dá bhrí sin, níl ceart ach amháin ag an duine a rinne an tairiscint an díospóireacht a chríochnú. |
33 |
An Buan-Ordú a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina ionad:— |
Cleachtadh. |
|
|
Dréachtóireacht. |
|
“33. Ní cead aon leasú a thairiscint ar Bhille a bhféadfadh d’éifeacht a bheith leis muirear a fhorchur nó a mhéadú ar an bpobal nó ar an ioncam ach amháin mar leasú ón Rialtas.” |
|
34 |
I líne 3, “a ligean ar lár” a scriosadh agus “a scriosadh” a chur ina ionad. |
Cleachtadh. |
35 |
I líne 2,“nó an Choiste” a scriosadh. |
Ní gá na focail sin ag féachaint do théarmaí Bhuan-Ordú 53. |
37 |
I líne 3, “an tSeanaid” a scriosadh agus “an Chathaoirligh” a chur ina ionad. |
Meastar gur chóir gurbh é an Cathaoirleach an t-údarás iomchuí chun a chinneadh an féidír míniú pearsanta a cheadú. |
38 |
I líne 9, “nó a leasú” a chur isteach i ndiaidh “a chealú”. |
Dréachtóireacht. |
39 |
I línte 4 agus 5, “,nó leis an gComhalta Ceannais,” agus i línte 6 agus 7 “,nó an Comhalta Ceannais,” a scriosadh. |
Dréachtóireacht. Tugtar “Comhalta Ceannais” nó “Cathaoirleach an Choiste” i roinnt áiteanna sna Buan-Orduithe mar mhalairt ar an gCathaoirleach. Tharla sé, is cosúil, trí chóipeáil a dhéanamh ar théarmaíocht Bhriotanach sa dréacht bunaidh de na Buan-Orduithe. I Westminister ní bhíonn án Spéicéir i gceannas ar an Teach i gCoiste. |
40 |
An Buan-Ordú a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina ionad:— |
Chun tagairt níos sonraí a dhéanamh do Roghchoistí nó do Choistí Speisialta. |
|
“40. Is é an Cathaoirleach an t-aon bhreitheamh ar ord sa Seanad agus i gCoiste den Seanad uile agus tá údarás aige mí-ord a chosc agus iallach a chur ar chách géilleadh go tapaidh dá rialú. I Roghchoistí nó i gCoistí Speisialta, is é Cathaoirleach an Choiste a choimeádfaidh ord, ach ní féidir mí-ord ná toirmeasc gnó i gCoistí a cháineadh trí Sheanadóir a chur ar fionraí [B.O. 42] ach amháin sa Seanad tar éis dó tuairisc a fháil.” |
|
41 |
An mhír seo a leanas a chur isteach: “
(2) Ní fhéadfar Seanadóir a ainmniú ach amháin nuair a bheidh an Cathaoirleach i gCeannas.”. |
Faoi Bhuan-Ordú 10 is don Chathaoirleach amháin a dhílsítear an chumhacht chun Seanadóir a ainmniú. Is inmhianaithe go ndéanfaí tagairt go sonrach don méid sin sa Bhuan-Ordú ina leagtar amach an nós imeachta maidir le Seanadóir a ainmniú. |
42 |
I leathanach 30, línte 5 go 7, “déanfaidh an Cathaoirleach láithreach na himeachtaí a chur ar fionraí agus na himthosca a thuairisciú don Seanad” a scriosadh agus “cuirfear na himeachtaí ar fionraí láithreach agus tuairisceofar na himthosca don Seanad” a chur ina ionad. |
Dréachtóireacht. Féach an nóta ag Buan-Ordú 39. |
44 |
An mhír seo a leanas a chur leis an mBuan-Ordú:—
“(3) Ní fhéadfaidh aon Seanadóir cead a éileamh chun a thairiscint, ‘Go gcuirfear an cheist anois’, mura mbeidh an Cathaoirleach i gceannas”. |
Faoi Bhuan-Ordú 10 ní féidir éileamh chun a thairiscint an clabhsúr a chur ar dhíospóireacht a dhéanamh ach amháin nuair a bheidh an Cathaoirleach i gceannas. Is inmhianaithe go ndéanfaí tagairt go sonrach don méid sin sa Bhuan-Ordú ina leagtar amach an nós imeachta maidir leis an tairiscint chun an clabhsúr a chur ar dhíospóireacht. |
45 |
É a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina ionad:— |
A bhfuil i mBuan-Ordú nua a glacadh an 7 Nollaig 1977. |
|
“Féadfaidh Aire Stáit nó Ard-Aighne atá ina Chomhalta den Dáil bheith i láthair agus éisteacht a fháil sa Seanad.” |
|
46 |
I mír (1), líne 3, “, nó an Comhalta Ceannais,” agus i mír (2), línte 1 agus 2, “, nó don Chomhalta Ceannais,” a scriosadh. |
Dréachtóireacht. Féach an nóta ag Buan-Ordú 39. |
47 |
An Buan-Ordú a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina ionad:— |
Le bheith de réir chleachtais. Dréachtóireacht freisin. |
|
“47. Nuair a éileofar vótáil, cuirfidh an Cathaoirleach faoi deara an clog vótála a bhualadh ar feadh seal nach lú ná trí nóiméad; i gceann nóiméad amháin buailfear an clog vótála arís agus chomh luath ina dhiaidh sin agus a ordóidh an Cathaoirleach amhlaidh cuirfear an glas ar dhoirse an tSeomra.” |
|
48 |
An Buan-Ordú a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina ionad:— |
Le bheith de réir chleachtais. Dréachtóireacht freisin. |
|
“48. Nuair a bheidh an glas curtha ar na doirse agus gach aon duine imithe as na pasáistí vótála ordóidh an Cathaoirleach don Seanad nó do Choiste den Seanad uile vótáil a dhéanamh agus ainmneoidh beirt áiritheoir do gach taobh: Ach féadfaidh an Cathaoirleach an cheist a chur arís, agus a fhógairt athuair cad é an toradh a bhí, dar leis, ar an gceist a chur, agus ní dhéanfar vótáil mura gcuirfear an t-athfhógra sin in amhras: Ar choinníoll freisin, go bhféadfaidh an Cathaoirleach, más dóigh leis nach gá vótáil, a iarraidh ar na Seanadóiri atá ag éileamh na vótála éirí ina n-áiteanna. Mura n-éireoidh cúigear Seanadóir ar a laghad amhlaidh fógróidh sé láithreach an toradh a bhí ar an gceist a chur, agus cuirfear ar Chín Lae Imeachtaí an tSeanaid ainmneacha na Seanadóirí a d’éirigh amhlaidh.” |
|
49 |
I líne 3 “, nó chuig an gComhalta Ceannais,” a scriosadh. |
Dréachtóireacht. Féach an nóta ag Buan-Ordú 39. |
52 |
I líne 4 i ndiaidh “vótála”, “ar feadh seal nach lú ná trí nóiméad” a chur isteach; agus i línte 5 agus 8 “trí” a chur in ionad “cúig”. |
De dhroim na leasuithe a mholtar ar Bhuan-Ordú 17. |
54 |
I líne 2, “agus go n-iarrfar cead chun suí arís” a scriosadh. |
Le bheith de réir chleachtais. |
|
I línte 3 agus 4, “Ach diúltóidh an Cathaoirleach” a chur in ionad “Ach féadfaidh Cathaoirleach an Choiste diúltú”. |
Dréachtóireacht. Féach an nóta ag Buan-Ordú 39. Chun bheith ar aon dul freisin le Buan-Ordú 60. |
55 |
I líne 9, “air” a chur in ionad “ar an gCoiste sin”. |
Dréachtóireacht. |
56 |
I líne 5, “féadfaidh sé freisin” a chur in ionad “fós”. |
Dréachtóireacht. |
57 |
An Buan-Ordú a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina ionad:—
“57. Déanfar leis an ordú ón Seanad ag cur Coiste Speisialta ar bun chun Bille a bhreithniú dáta a cheapadh don chéad chruinniú den Choiste, an líon Seanadóirí a shocrú a bheidh le fónamh air agus an líon is córam dó, agus féadfar, leis an ordú, dáta a shocrú don Choiste chun tuairisciú don Seanad.” |
Faoi láthair is ar Chléireach an Choiste atá an fhreagracht an chéad chruinniú a ghairm. Is oiriúnaí gurb é an Teach a chinnfeadh an cheist. |
61 |
An abairt dheiridh a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina hionad:— |
Dréachtóireacht. |
|
“Más ionann líon na vótaí ar an dá thaobh cinnfear gur freagra diúltach a tugadh ar an gceist.” |
|
63 |
Sa dara líne dheiridh i ndiaidh “Seanadóirí.” an méid seo a leanas a chur isteach:— |
Le bheith de réir chleachtais. |
|
“Féadfaidh an Coiste, freisin, breithniú a dhéanamh ar aon ní a bhaineann leis na dálaí, nó na háitribh, ina mbíonn a ndualgais á ndéanamh ag Seanadóirí agus nach gcuirtear go sonrach faoi bhráid aon choiste eile.” |
|
64 |
I líne 2, “Coiste” a chur in ionad “Coistí”. |
Dréachtóireacht. |
65 |
|
|
66 |
I líne 2, “na comhfhoirne” a chur in ionad “na gcléireach”. |
Dréachtóireacht. |
67 |
An Buan-Ordú a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina ionad:— “Nuair a bheidh an Cléireach as láthair comhlíonfaidh nó feidhmeoidh an Leas-Chléireach gach dualgas a chuirtear ar an gCléireach, agus gach cumhacht a thugtar dó, leis na Buan-Orduithe seo.” |
Is faoi reacht, agus ní faoi na Buan-Orduithe, atá sé a chinneadh a mhéid is féidir leis an Leas-Chléireach cumhachtaí reachtúla an Chléirigh a fheidhmiú. Dréachtóireacht freisin. |
69 |
I mír (1), líne 2, “do gach suí” a chur isteach i ndiaidh “an tSeanaid”. |
Le bheith de réir chleachtais. |
|
I mír (2), línte 2 agus 3, “páipéar, scríbhinn agus” a scríosadh. |
Dréachtóireacht. |
|
I mír (3), línte 1 agus 2, “Déanfar Tuairiscí Oifigiúla ar na Díospóireachtaí” a scriosadh agus “Déanfar eagrán ceartaithe de Thuairisc Oifigiúil na nDíospóireachtaí” a chur ina ionad. |
Le bheith de réir chleachtais. |
72 |
I mír (2), líne 4, “a cheapadh” a scriosadh agus “a thoghadh” a chur ina ionad. |
Dréachtóireacht. |
|
I mír (2), line 4, “comhbhrón,” a chur isteach roimh “cáineadh”. |
Le bheith de réir chleachtais. |
|
I ndeireadh mhír (2), an méid seo a leanas a chur isteach:— |
Le bheith de réir chleachtais. |
|
“Féadfaidh Treoraí an Tí, nó Seanadóir ag gníomhú dó thar a cheann, vóta comhbhróin a thairiscint, gan fógra a thabhairt.”. |
|
74 |
I mír (1), leathanach 52, an líne dheiridh, “cuirfear ar Riar na hOibre é don Dara Céim” a scriosadh agus “cuirfear síos don Dara Céim é ar an gcéid Riar na hOibre eile a ullmhófar tar éis é a fháil ón Dáil” a chur ina ionad. |
Le bheith de réir chleachtais. |
|
An mhír seo a leanas a chur in ionad mhír (2): |
De dhroim an leasaithe sin roimhe seo. |
|
“(2) Murar socraíodh an Seanad a thionól taobh istigh d’ocht lá ón lá a fuarthas Bille Airgid deimhnithe nó Bille a ndearnadh an tréimhse chun a bhreithnithe ag an Seanad a ghiorrú faoi Airteagal 24 den Bhunreacht, déanfaidh an Cathaoirleach an Seanad a chomóradh láithreach chun teacht le chéile ar thionól taobh istigh den ocht lá sin.”. |
|
76 |
An Buan-Ordú a scriosadh. |
Tugann an Buan-Ordú seo tosaíocht do Bhillí Rialtais. Toisc go bhforálann Buan-Ordú 19 an t-ord ina dtógfar gnó tá an Buan-Ordú seo iomarcach. |
77 |
I mír (1), líne 4 agus líne 9, “Rúnaí Parlaiminte” a scriosadh agus “Aire Stáit” a chur ina ionad. |
De dhroim an Achta Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2), 1977. |
|
I mír (2), líne 5, “scriosadh” a chur in ionad “ligean ar lár”. |
Dréachtóireacht. |
|
I mír (3), líne 4, “scriosadh” a chur in ionad “ligean ar lár”. |
Dréachtóireacht. |
79 |
I líne 3, i ndiaidh “tairiscint” “[B.O.23]” a chur isteach. |
Dréachtóireacht. |
81 |
Línte 5 agus 6 a scriosadh agus “cheist ar dtús.” a chur ina n-ionad. |
Le bheith de réir chleachtais. Go minic nuair a mholtar alt nua bíonn an t-alt atá ann le scriosadh agus breithnítear an dá cheann acu i dteannta a chéile. |
84 |
Ar leathanach 62, líne 2, “leis na leasuithe a tairgeadh” a scriosadh agus “le hailt nó leasuithe áirithe” a chur ina ionad; agus i líne 5 “maidir le leasuithe” a scriosadh. |
Le bheith de réir chleachtais. Dréachtóireacht freisin. |
85 |
|
|
86 |
I línte 2 agus 3, “dar tugadh cumhacht chun fios a chur ar dhaoine, ar pháipéir agus ar thaifid,” a scriosadh. |
Chuirfeadh focail an Bhuan-Ordaithe i gcéill nach gá Bille a tuairiscíodh ó Roghchoiste nár tugadh cumhacht dó chun fios a chur ar dhaoine, ar pháipéir agus ar thaifid, a chur chun Coiste den Seanad uile. Cuireann an leasú aon chiallachas den sórt sin i leataobh. |
88 |
I línte 2,3 agus 4, “a bhunóidh muirear ar na rátaí nó ualaí áitiúla ar an bpobal, nó a fhorchuirfidh pionóis airgid” a scriosadh agus “a bhunódh muirear ar an ioncam poiblí nó ar an bpobal” a chur ina ionad. |
Le bheith de réir chleachtais. |
89 |
I líne 3, i ndiaidh “tairiscint”, “[B.O.23]” a chur isteach. |
Dréachtóireacht. |
101 |
I mír 3, líne 1, “An comhalta den Rialtas atá i mbun na Roinne”a chur in ionad “An tAire atá freagrach sa Roinn”; agus i líne 4, “an comhalta sin den Rialtas” a chur in ionad “an tAire sin”. |
Dréachtóireacht. De dhroim an Achta Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2), 1977. |
|
I mír (3), líne 5, “an Rúnaí Parlaiminte a ghabhann lena” a scriosadh agus “Aire Stáit ag a” a chur ina ionad. |
|
104 |
I línte 2 agus 3, “gach Tí” a chur in ionad “an dá Theach”. |
Dréachtóireacht. |
109 |
Sa líne dheiridh, “ag an Seanad agus an dáta a cuireadh é chun na Dála”. a chur leis i ndiaidh “Bille”. |
Le bheith de réir chleachtais. |
110 |
Línte 5, 6 agus 7 a scriosadh agus “don Bhille sin. Déarfar sa Teachtaireacht gur mian leis an Seanad go gcomhaontódh an Dáil le dlí a dhéanamh den Bhille.” a chur ina n-ionad. |
Dréachtóireacht. |
114 |
Mír (1) a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina hionad:—
“(1) Aon uair a tharlóidh corrfholúntas i gcomhaltas an tSeanaid, fógróidh an Cathaoirleach é sin don Seanad ag an gcéad tionól ina dhiaidh sin.” |
Dréachtóireacht. Rialaítear le hAirteagal 18.9 den Bhunreacht na tosca inar féidir le corrfholúntas tarlú. |
|
I mír (3), línte 3 agus 4, “ar thairiscint a dhéanamh tar éis fógra a thabhairt” a scriosadh agus “ar ordachán ón Seanad” a chur ina ionad. |
Dréachtóireacht. “Ordachán ó Sheanad Éireann” an abairt a úsáidtear sna reachtanna iomchuí. |
|
I mír (3), líne 5, “Rialtais Áitiúil” a scriosadh agus “Comhshaoil” a chur ina ionad. |
De dhroim athainmniú na Roinne. |
|
I mír (4), 1íne 4, “(1)” a chur in ionad “(2)”. |
Dréachtóireacht. |
115 |
An Buan-Ordú a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina ionad:— |
|
|
“115. (1) Measfar doiciméad a bheith leagtha faoi bhráid an tSeanaid má dhéantar cóip den doiciméad a sheachadadh chun na críche sin don Chléireach. |
Meastar gurb inmhianaithe go leagfaí amach sna Buan-Orduithe an modh chun doiciméid a leagan faoi bhráid an tSeanaid. |
|
(2) Gach doiciméad a leagfar faoi bhráid an tSeanaid, measfar é a bheith infhoilsithe.”. |
Dréachtóireacht freisin. |
116 |
An Buan-Ordú a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina ionad:— |
Faoi mar atá sna Buan-Orduithe faoi láthair is gá aontoil an tSeanaid chun na Buan-Orduithe |
|
“116. (1) Féadfar aon cheann nó cinn de Bhuan-Orduithe an tSeanaid a chur ar fionraí ar feadh suí an lae, agus chun criche áirithe, má thairgtear sin tar éis fógra a thabhairt.
(2) Ach má bhíonn práinn leis, agus is é an Cathaoirleach a bheidh ina bhreitheamh air sin, féadfar aon Bhuan-Ordú nó Buan-Orduithe a chur ar fionraí ar thairiscint a dhéanamh gan fógra. Má chuirtear i gcoinne tairisceana den sórt sin ceadóidh an Cathaoirleach ráiteas mínitheach ón gcomhalta a rinne an tairiscint, agus ráiteas ó chomhalta atá ag cur i gcoinne na tairisceana, sula gcuirfidh sé an cheist uirthi.” |
a chur ar fionraí gan fógra. Thiocfadh dó go mbeadh an fhoráil faoi “aontoil” neamhphraiticiúil. Thairis sin, tá a bhailíocht faoin mBunreacht inchurtha in amhras toisc nach léir ón mBunreacht aon cheist a bheith le cinneadh amhlaidh.
Meastar gurb inmhianaithe, gcás riachtanais, teorainn a bheith le díospóireacht. |
117 |
I líne 2, “go n-athrófar,” a scriosadh. |
Dréachtóireacht. |
|