Committee Reports::Report - Rules relating to disorderly conduct in the Dáil::07 February, 1945::Report

TUARASCAIL ON gCOISTE AR NOS IMEACHTA AGUS PRIBHLEIDI.

Rialacha bhaineas le hIompar Mí-Ordúil sa Dáil.

1. Tá an Coiste ar Nós Imeachta agus Príbhléidí taréis gnéithe iomdha de na rialacha bhaineas le hiompar mí-ordúil sa Dáil do bhreithniú. Déanann na rialacha so, atá in Uimhreacha 49, 50 agus 51 de Bhuan-Orduithe na Dála bhaineas le Gnó Poiblí, an Ceann Comhairle do cheapadh ina aon-bhreitheamh ar ordú sa Dail agus dílsíonn cumhachta ann chun a chur fhiachaint ar chách géilleadh dá rialú. Is iad cumhachta iad san ná, sa chéad áit, an chumhacht chun a ordú do Theachta, a bheas á iompar féin go han-mhí-ordúil imeacht as an Dáil agus fanúint aisti ar feadh na coda eile de shuí an lae sin agus, sa dara háit, más dóich leis nach leor san, an chumhacht chun an Teachta do “ainmniú,” eadhon, an tslí atá ceaptha chun a iarraidh ar an Dáil an Teachta d’fhionnraí ó sheirbhís na Dála. Maireann an fionnraí ó sheirbhís na Dála seachtain nó coicíos, nó mí do réir mar is é an chéad ócáid, an dara hócáid nó aon ócáid ina dhiaidh sin é ag an Teachta bhíos i gceist. Féadfaidh an Dáil, laistigh den tréimhse sin, an t-ordú fionnraíochta do chur ar neambrí ar scríbhinn aiféala lena mbeifear sásta d’fháil ón Teachta.


2. Is deimhin leis an gCoiste gur leor na cumhachta atá ag an gCeann Comhairle, fé mar a tuairiscítear thuas, chun mí-ordú do chosc. Maidir leis na tréimhsí a mhaireann fionnraí Teachta, meastar go bhfuil na tréimhsí sin, le linn don Dáil bheith i siosón tráthrialta ó sheachtain go céile, ina gcomhartha réasúnta maith ar an táinseamh ba cheart a chur ar Theachta bheadh ciontach sa tsaghas mí-iompair mhí-ordúil a mbeadh an pionós san tuillte aige de ghnáth. Is léir, áfach, go gcailleann an pionós a lán dá éifeacht nuair is seal gearr roimh thréimhse sosa nó nuair ná bíonn suíonna tráthrialta ar siúl a déantar an cionta. I gcásanna den tsórt san thárlódh ná beadh éifeacht ag fionnraí Teachta ach ar feadh an lae a ndéanfaí an fionnraí. Molann an Coiste, dá réir sin, gur ceart ré Orduithe fionnraí Teachta do cheapadh do réir uimhir de laethe suite do bheadh ar comhréir, a mhéid is féidir, leis an uimhir do bheadh sna tréimhsí hordaítear fá láthair, dá mbeadh an Dáil i lán-tsiosón neambriste. Is é an leasú a moltar ná go scriosfaí as Buan-Ordú Uimhir 51 na focail seo leanas: “Má cuirtear aon chomhalta ar fionnraí fán mBuan-Ordú so, beidh sé seachtain ar fionnraí ar an gcéad ócáid, coicíos ar an dara hócáid, agus mí ar an tríú hócáid nó ar aon ócáid ina dhiaidh sin” agus go gcuirfí ina n-ionad na focail “Má cuirtear aon chomhalta ar fionnraí fán mBuan-Ordú so leanfaidh a fhionnraí go dtí an ceathrú lá ar a suífidh an Dáil taréis an lae ar cuireadh ar fionnraí é. Má thárlann, áfach, go gcuirfear comhalta ar fionnraí níos minice ná aon ócáid amháin in aon tréimhse de dhá mhí dhéag leanfaidh a fhionnraí ar an dara hócáid den tsórt san go dtí an t-ochtú lá den tsórt san agus, ar an tríú nó ar aon ócáid den tsórt san ina dhiaidh sin, go dtí an dóú lá déag den tsórt san.”


(Sínithe)


PROINNSIAS O FATHAIGH,


Cathaoirleach.


7ú Feabhra, 1945.