Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1977::28 June, 1979::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 28 Meitheamh, 1979

Thursday, 28th June, 1979

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Ó Tuathail (i gCeannas), na Teachtaí Béalatún, U. Ó Brádaigh, Ó Murghaile, agus Ó hUadhaigh.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa 1977


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa don tréimhse 1 Eanáir 1977 go 31 Nollaig 1977. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—


An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste, Gnóthaí Eachtracha, Comhar Idirnáisiúnta, Turasóireachta agus Iompair.


4. Finnéithe a Ceistíodh


Ceistíodh P. L. Mac Domhnaill (Rúnaí, agus Stiúrthóir na hIniúchóireachta), A. Ó Ruairc (Rúnaí, An Roinn Gnóthaí Eachtracha), N. Mac Mathúna (Rúnaí, An Roinn Turasóireachta agus Iompair) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.20 p.m. go dtí 11 a.m. Dé Céadaoin seo chugainn.