Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1977::27 June, 1979::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Dé Céadaoin, 27 Meitheamh, 1979

Wednesday, 27th June, 1979

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Ó Tuathail (i gCeannas), na Teachtaí N. Mac Aindriú, Ó Cinnfhaolaidh, Ó Murghaile, C. Ó Murchú agus Ó hUadhaigh.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa 1977


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa don tréimhse 1 Eanáir 1977 go 31 Nollaig 1977. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—


Teaghlachas an Uachtaráin, Oifig an Aire Airgeadais, An tSaotharlann Stáit, An tSeirbhís Sicréideach, Costais Ilghnéitheacha, Deontais Talmhaíochta.


4. Finnéithe a Ceistíodh


Ceistíodh T. F. Ó Cofaigh (Rúnaí, An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá


Chuaigh an Coiste ar athló ar 11.50 a.m. go dtí 11 a.m. amárach.