|
TUARASCÁILRéamhrá1. Scrúdaigh an Comhchoiste na tograí a rinne an Coimisiún i mí Eanáir seo caite [R/30/78 (Soc 2)] le haghaidh dhá Rialachán ón gComhairle chun oiriúnú a dhéanamh ar Rialacháin (CEE) Uimh. 1408/71 ón gComhairle dar dáta 14 Meitheamh, 1971 i dtaobh scéimeanna árachais shóisialaigh a fheidhmiú maidir le daoine fostaithe agus a dteaghlaigh ag gabháil dóibh ó áit go chéile sa Chomhphobal, d’fhonn é a chur i bhfeidhm maidir le hoibrithe ar a gconlán féin agus a dteaghlaigh, agus chun oiriúnú a dhéanamh ar na hIarscríbhinní a ghabhann le Rialacháin (CEE) Uimh. 1408/71 ón gComhairle. 2. Chun saoirse ghluaiseachta a áirithiú d’oibrithe, chuir Airteagal 51 de Chonradh CEE d’oibleagáid ar an gComhairle bearta a ghlacadh i réim na slándála sóisialaí a thabharfaidh d’oibrithe agus dá dteaghlaigh (a) comhshuimiú ar na tréimhsí árachais agus na tréimhsí a ndéileáiltear leo amhlaidh, agus (b) íocaíocht sochair ar fud chríocha an Chomhphobail. Baineann Rialacháin (CEE) Uimh. 1408/71 agus Uimh. 574/72 ón gComhairle leis na nithe sin. Níl aon socrú dá réir sin sa Chonradh i dtaobh oibrithe ar a gconlán féin. Tá an Coimisiún á rá, áfach, nach foláir comheagrú a dhéanamh anois ar scéimeanna árachais shóisialaigh na mBallstát maidir le hoibrithe ar a gconlán féin mar gheall ar an dul chun cinn atá déanta chun feidhm a thabhairt do shaoirse bhunaíochta agus saoirse chun seirbhísí a sholáthar, agus thairis sin mar gheall ar an bhforbairt atá déanta ar chórais slándála sóisialaí na Sé Bhallstát bunaidh agus an méadú atá ag teacht orthu ag cur cumhdach árachais shóisialaigh ar fáil d’fhostaithe ar a gconlán féin, agus toisc teideal a bheith ag fostaithe ar a gconlán féin an t-árachas céanna, nó beagnach an t-árachas céanna, is atá ag daoine fostaithe a fháil i dhá cheann de na Ballstáit nua. 3. Is mian leis an gCoimisiún go nglacfadh an Chomhairle leis na tograí um dheireadh na bliana. Tuigtear don Chomhchoiste go bhfuil na tograí á scrúdú ag Gasra Fadhbanna Sóisialacha na Comhairle ach go bhfuil tugtha le fios dó nach eol go baileach cathain atá faoin gComhairle cinneadh a dhéanamh. Tograí an Choimisiúin4. Is é is aidhm do Rialacháin na Comhairle a dhéileálann le slándáil shóisialach d’oibrithe imirceacha ná féachaint chuige— (i) go mbeidh cumhdach slándála sóisialaí le fáil ag náisiúnaigh Bhallstáit a bheidh ag obair i mBallstát eile díreach mar a bhíonn cumhdach le fáil ag náisiúnaigh na tíre ina bhfuil an fhostaíocht; (ii) go bhféadfar tréimhsí árachais i mBallstáit éagsúla a chomhshuimiú chun cáilitheacht duine a chinneadh le haghaidh sochar slándála sóisialaí, agus (iii) go bhféadfar sochair shlándála sóisialaí a ghlacadh in aon áit sa Chomhphobal. Go ginearálta, is é is aidhm do thograí an Choimisiúin fostaithe ar a gconlán féin a thabhairt isteach sa chóras seo, sa mhéid go dtugann córais shlándála sóisialaí náisiúnta cumhdach dóibh. 5. Ar leith ó roinnt eisceachtaí bheadh oibrithe ar a gconlán féin cumhdaithe, de réir tograí an Choimisiúin, ag an scéim chéanna de chuid an Chomhphobail atá ar fáil do dhaoine fostaithe maidir le (a) cóireáil ar aon dul leis an gcóireáil a thugtar do náisiúnaigh faoi reachtaíocht bhaile na mBallstát; (b) cinneadh i dtaobh na reachtaíochta is infheidhme; (c) comhshuimiú ar na tréimhsí árachais a thugann teideal do dhuine sochar a fháil a chuirtear ar fáil faoi árachas breoiteachta agus máithreachais, faoi árachas easláine, faoi árachas seanaoise, faoi árachas marthanóirí agus faoi árachas dífhostaíochta, agus thairis sin deontais bháis agus sochair theaghlaigh; (d) sochair in airgead agus a chomhchineál a chur ar fáil amhail mar atá ar fáil faoi árachas breoiteachta agus máithreachais, faoi árachas in oirchill tionóiscí le linn oibre, faoi árachas báis (deontais bháis), agus faoi shochair theaghlaigh, gan féachaint don Bhallstát ina bhfuil an duine áirithe sin nó lucht a theaghlaigh ag cur fúthu nó ina gcónaí; (e) pinsin i leith easláine, seanaoise, marthanóirí agus tionóiscí le linn oibre, a sheoladh go dtí críocha aon Bhallstáit eile sa Chomhphobal; (f) modh ríofa pinsean i leith easláine, seanaoise agus marthanóirí, i gcás an duine áirithe, a bheith faoi bhrí reachtaíochta ag níos mó ná Ballstát amháin. Baineann na heisceachtaí a luadh go formhór le (a) roinnt mionsonraí i dtaobh comhshuimiú ar na tréimhsí árachais chun duine bheith i dteideal pinsin a fháil; (b) sochair dhífhostaíochta a fháil lasmuigh den Stát áirithe. Thairis sin, mar gheall ar a gcáilíocht speisialta, d’fhágfaí scéimeanna árachais pinsin áirithe d’fhostaithe ar a gconlán féin i roinnt Ballstát as an scéim de thuras na huaire. Tionchar maidir le hÉirinn6. Tá tograí an Choimisiúin ceaptha chun oiriúnú a dhéanamh ar Rialacháin CEE i dtaobh daoine fostaithe lena gcur feidhme maidir le hoibrithe ar a gconlán féin agus a dteaghlaigh ag gabháil dóibh ó áit go chéile sa Chomhphobal. Bhraithfeadh sé ar réim na slándála sóisialaí a chuirtear ar fáil d’oibrithe ar a gconlán féin sna Ballstáit éagsúla cá mhéad a d’fhéadfaí oibrithe ar a gconlán féin a chur ar aon chéim le daoine fostaithe sa tslándáil shóisialach. In Éirinn, níl oibrithe ar a gconlán féin cumhdaithe fós ag an gcóras árachais shóisialaigh agus, dá bhrí sin, ní bheidh aon éifeacht ag tograí an Choimisiúin i ndáil le gnáthshochair an chórais sin, eadhon, sochair airgid bhreoiteachta agus mháithreachais, sochar easláine, sochar seanaoise, sochar marthanóra, sochar díobhálacha ceirde, deontas báis, agus sochar dífhostaíochta. Baineann scéim ghinearálta na liúntas leanaí le daoine fostaithe agus le hoibrithe ar a gconlán féin. Uime sin, má ghlactar le tograí an Choimisiúin, bheadh teideal chun na scéimeanna liúntas leanaí ag oibrithe ar a gconlán féin ar ghabháil dóibh as Éirinn go dtí Ballstáit eile agus ag daoine mar iad ar ghabháil dóibh ó Bhallstáit eile go hÉirinn. 7. Chomh fada is a bhaineann le seirbhísí sláinte, foráiltear go ginearálta le rialacháin CEE i dtaobh slándáil shóisialach d’oibrithe imirceacha go bhfuil duine atá árachaithe faionár nAchtanna Leasa Shóisialaigh (lena n-áirítear duine a bhfuil pinsean leasa shóisialaigh ranníocach á fháil aige) agus a chleithiúnaithe i dteideal, le linn dóibh bheith i dtír eile de chuid CEE, aireachas liachta a fháil díreach mar a bhíonn le fáil ag oibrí de chuid na tíre sin: mar chómhalairt, tá oibrithe na tíre sin agus a gcleithiúnaithe i dteideal, le linn dóibh a bheith anseo in Éirinn, réim iomlán seirbhísí sláinte na hÉireann a fháil saor in aisce. Titeann costas na seirbhísí ar institiúid leasa shóisialaigh an oibrí féin. Faoi thograí an Choimisiúin, bhainfeadh na comhshocraíochtaí sin le hoibrithe ar a gconlán féin (i.e. i gcás na hÉireann, duine ag a bhfuil nó ag a raibh gairm nó gníomhaíocht thrádála nach raibh conradh seirbhíse i gceist inti) a bhfuil láncháilitheacht nó cáilitheacht theoranta acu faoin Acht Sláinte, 1970. Dearcadh an Chomhchoiste8. Tugann Conradh CEE an ceart d’oibrithe ar a gconlán féin ar náisiúnaigh iad de Bhallstát gabháil agus cloí lena ngníomhaíochtaí i mBallstát eile de réir na gcoinníollacha atá leagtha síos ag dlíthe an Bhallstáit dheiridh sin dá náisiúnaigh féin. Tá dul ar aghaidh déanta chun a áirithiú gur féidir an ceart sin a fheidhmiú go héifeachtach trí ghlacadh le reachtaíocht de chuid an Chomhphobail ina bhforáiltear go dtabharfar aitheantas do cháilíochtaí. Ós mar sin atá, is den chríonnacht é, dar leis an gComhchoiste, comheagrú a dhéanamh ar na scéimeanna slándála sóisialaí sin de chuid na mBallstát is infheidhme maidir le hoibrithe ar a gconlán féin. Go ginearálta, tá an chuma air go bhfuil réasún le tograí an Choimisiúin maidir leis an gcomheagrú sin. 9. Lasmuigh d’Éirinn, cuirtear a bheag nó a mhór de cumhdach árachais shóisialaigh ar fáil i ngach Ballstát d’oibrithe ar a gconlán féin. Má ghlactar leis na Rialacháin atá beartaithe ní chuirfear d’oibleagáid ar Éirinn oibrithe ar a gconlán féin a thabhairt isteach sa scéim árachais shóisialaigh. Tá an scéal á bhreithniú faoi láthair, áfach, agus caithfear, ar ndóigh, a chur san áireamh gur dócha go mbeidh glacadh leis na Rialacháin atá beartaithe. Thairis sin, tá sé ceaptha don Chlár Gníomhaíochta Sóisialaí lenar ghlac an Chomhairle i 1974 daoine nach bhfuil cumhdaithe nó nach bhfuil dóthain de chumhdach acu a thabhairt de réir a chéile isteach sna scéimeanna slándála sóisialaí. Dá bhrí sin, féadfar bheith ag coinne le tograí deimhneacha ón gComhphobal ina leith sin. 10. Is léir ón bPáipéar Díospóireachta ón Rialtas faoi Árachas Sóisialach don Fhéin-Fhostaí (Prl. 6772) go mbaineann a lán crua-cheisteanna le hárachas sóisialach a chur ar fáil don oibrí ar a chonlán féin sa tír seo. Tugadh le fios don Chomchoiste i ndearcadh amháin, mar gheall ar na bearnaí idir sochair árachais shóisialaigh agus sochair chúnaimh shóisialaigh a bheith á ndúnadh, go measfadh a lán d’oibrithe ar a gconlán féin gur ualach cánach orthu féin é dá dtabharfaí orthu bheith rannpháirteach i scéim árachais. Bhíothas den bharúil freisin, dá bhfágfaí tástáil acmhainne as an áireamh, gur bheag an líon díobh ar díol spéise leo é. Ach is dearbh leis an gComhchoiste go bhfuil oibrithe ar a gconlán féin ann a bhfuil gá acu leis an gcosaint a thabharfadh árachas sóisialach dóibh agus go mbeadh fáilte acu roimhe. Creideann sé, dá bhrí sin, gur cheart scéim a bhunú dóibh ach bheadh luí aige le scéim ina mbeadh de rogha ag an oibrí ar a chonlán féin bheith páirteach inti nó fanacht lasmuigh di. Ar ndóigh tharraingeodh an socrú sin anuas na deacrachtaí a bhfuil cur síos orthu sa Pháipéar Díospóireachta, ach measann an Comhchoiste go gcaithfear éascaíocht éigin a chur i scéim chuimsitheach éigeantach le go mbeadh bá léi. Buíochas11. Gabhann an Comhchoiste a bhuíochas le Cumann Cónaidhme na bhFostóirí agus le Breandán Ó Dúlaing ón Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta as an gcuidiú as miosúr a thug siad dó ag scrúdú tograí an Choimisiúin. (Sínithe) EOIN Ó RIAIN, Leas-Chathaoirleach an Chomhchoiste. 28 Meitheamh, 1978. |
||||||||||||