Committee Reports::Report No. 14 - Economic and Monetary Union::28 June, 1978::Report

TUARASCÁIL

CUID I

Réamhra

1. Tá an Comhchoiste tar éis breithniú a dhéanamh ar chumarsáidí an Choimisiúin chun na Comhairle ar an ionchas atá le haontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta [Com (77) 620 an 17 Samhain 1977], ar an gclár gnímh eacnamaíoch agus airgeadaíochta do 1978 [Com (78) 52 an 14 Feabhra 1978], agus ar chomhordú beartais eacnamaíocha náisiúnta a fheabhsú [Com (77) 443 an 5 Deireadh Fómhair 1977].


2. Tugann tograí an Choimisiúin i dtrácht iarrachtaí roimhe sin ag an gComhphobal chun dul ar aghaidh i dtreo aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta [AEA]. Dá bhrí sin tagraítear i gCuid I den tuarascáil seo don chlár bunaidh do AEA agus do roinnt tuarascálacha tábhachtacha iomchuí. Tá achomaireacht i ndeireadh Chuid I de na tograí a rinne an Coimisiún le déanaí.


3. Gabhann tograí an Choimisiúin ar fud réimse iomlán an Chomhphobail geall leis agus ní féidir déileáil leo go léir i gcomhthéacs tuarascála amháin. Chinn an Comhchoiste a n-aire a dhíriú sa tuarascáil seo ar ghnéithe airgeadaíochta AEA. Baineann Cuid II den tuarascáil sin leis an ábhar sin. I gCuid III den tuarascáil tá tagairt do roinnt ciallachais a d’fhéadfadh a bheith ann d’Éirinn.


Tuarascáil Werner

4. Ag Comhdháil Mhullaigh an 1/2 Nollaig 1969 san Hág, chomhaontaigh Cinn Stáit agus Rialtais na mBallstát gur cheart don Chomhairle plean de réir chéimeanna a tharraingt suas i rith 1970 leis an gcuspóir go mbunófaí aontas eacnamaíochta agus airgeadaíochta. Cheap Comhairle na nAirí meitheal ar an 6 Márta 1970 arb iad féin Cathaoirligh príomhchoistí eacnamaíocha agus airgeadaíochta an Chomhphobail faoi cheannas M. Pierre Werner, arbh é Príomh-Aire Lucsamburg é an tráth sin, chun tuarascáil a ullmhú a thabharfadh le fios cad iad na ceisteanna bunúsacha a bhainfeadh le céimeanna aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta a bhaint amach sa Chomhphobal.


5. Foilsíodh Tuarascáil Werner i nDeireadh Fómhair 1970 agus chuir sé i bhfís go mbainfí amach aontas iomlán eacnamaíoch agus airgeadaíochta i dtrí chéim thar tréimhse deich mbliana. Is iad seo a leanas na moltaí a rinneadh sa Tuarascáil agus lenar ghlac an Chomhairle mar spriocanna i Márta 1971,—


(i) inchomhshóiteacht na n-airgeadraí éagsúla go hiomlán lándearfach, corrlaigh imathraithe ráta malairte a dhíchur, paradais a dhaingniú go lándearfach—airgeadra comhchoiteann amháin a theacht as na bearta sin ar deireadh thiar.


(ii) deireadh a chur leis na sriantachtaí go léir ar ghluaiseachtaí caipitil sa Chomhphobal, agus


(iii) beartais eacnamaíocha a chomhordú.


Clár AEA

6. Ag gníomhú di de réir Thuarascáil Werner ghlac an Chomhairle clár gnímh trí mblian ag tosú ón 1 Eanáir 1971. Bhain an clár sin le beartais eacnamaíocha, airgeadaíochta agus réigiúnacha chomh maith le beartais maidir le gluaiseachtaí caipitil agus comhchuibhiú cánach, eilimintí go huile atá lánriachtanach le AEA a bhaint amach. Cé gur bunaíodh fearas le haghaidh beartais eacnamaíocha gearrthéarma a chomhordú, níor tháinig de, mar a tharla, gur sroicheadh an oiread sin comhchuibhithe agus a ceapadh ar bheartais eacnamaíocha na mBall stát. Baineadh siar as léirscaoileadh gluaiseachtaí caipitil de réir mar a tugadh isteach arís sriantachtaí ar shaorghluaiseacht chaipitil. Is beag dul chun cinn a rinneadh ar chomhchuibhiú cánach agus ar bheartais réigiúnacha agus struchtúrtha a cheapadh amach. Rinneadh dul ar aghaidh éigin ar raon na hairgeadaíochta. I mí Aibreáin 1972 bunaíodh córas malairte Comhphobail á shocrú go gcúngófaí na corrlaigh imathraithe do rátaí malairte idir airgeadraí Comhphobail (an “nathair”), agus cuireadh Ciste Chomhar Airgeadaíochta na hEorpa (CCAE) ar bun i mí Aibreáin 1973. Cuireadh scéimeanna i ngníomh freisin do sholáthar cúnamh airgeadais do Bhallstáit a raibh fadhbanna comhardú íocaíochtaí gearrthéarma nó meántéarma acu.


7. Bhíothas le tosú ar an dara céim an 1 Eanáir 1974 ach cuireadh siar í mar gheall ar neamhaontú ar bheartais réigiúnacha agus struchtúrtha eile. San am sin ní raibh caoi maith ar chúrsaí eacnamaíochta. Mar gheall ar na géarchéimeanna airgeadaíochta idirnáisiúnta go luath i mblianta 1970 chuaigh rátaí malairte ar snámh, agus tháinig géarchéim na hola gairid ina dhiaidh sin.


Tuarascáil Marjolin

8. I dtosach 1974, d’iarr Coimisiún na hEorpa ar bhuíon saineolaithe i réimsí éagsúla eolaíochta staidéar ar AEA a tharraingt suas. Chruinnigh an bhuíon faoi cheannas M. Marjolin, a bhí tráth ina Leas-Uachtarán ar an gCoimisiún, i bhfeighil cúrsaí eacnamaíochta agus airgeadaíochta. An Tuarascáil ar Aontas na hEorpa a cuireadh ar fáil i Márta, 1975, thug sí chun suntais cúiseanna eile leis an easpa dul chun chinn i dtreo AEA. Tharla lagú ar thoil pholaitiúil agus ní raibh leorthuiscint ann ar cad a leanfadh as AEA agus ar cad nár mhór a dhéanamh chun é a bhaint amach.


Tuarascáil Tindemans ar AEA

9. Ag Cruinniú Mullaigh CEE i bPáras an 9/10 Nollaig, 1974 iarradh ar M. Leo Tindemans, Príomh-Aire na Beilge, tuarascáil ar Aontas na hEorpa a ullmhú roimh dheireadh 1975. Dúirt M. Tindemans ina thuarascáil sin nach bhféadfaí aon dul chun cinn ar fónamh a dhéanamh dá mbeifí á iarraidh go sroichfeadh gach uile bhallstát ag an am céanna na céimeanna céanna ascnaimh go léir i gcomhordú a gcuid beartas. Ballstáit a raibh cumas ascnaimh iontu bhí sé de dhualgas orthusan dul ar aghaidh. Ba cheart go bhfaigheadh na ballstáit eile cibé cabhair ó na stáit chinnrianacha a d’fhéadfaidís a thabhairt chun é chur ar a gcumas breith suas leo. Chuir M. Tindemans béim air nár chiallaigh sé sin “Eoraip déshraitheach”; bheadh gach tír faoi changal ag comhaontú coiteann maidir leis an gcuspóir deiridh agus ní bheadh ann ach nár mhar a chéile na tréimhsí a thógfadh sé an cuspóir a bhaint amach.


10. An clár gníomhaíochta a moladh do na tíortha sin a d’fhéadfadh gluaiseacht i dtreo AEA bhí sé bunaithe ar chomhdhúthú na “nathrach” agus ar leathnú na socruithe a ghabh leis. Sa mhéid a bhain leis na tíortha eile, níor chuir M. Tindemans aon chlár gníomhaíochta áirithe i láthair. Dúirt sé gur cheart bearta a cheapadh chun cabhrú leo ceangal leis an “nathair” ach go mb’fhéidir nach iad na bearta céanna a d’oirfeadh do gach tír; ba cheart go mbeadh beartais réigiúnacha, sóisialta, tionscail agus talmhaíochta, gach uile cheann acu, ina gcuidiú. Maidir le beartas réigiúnach, dúirt M. Tindemans nach foláir go gcaithfí dá chionn glanacmhainní a aistriú ó na limistéir ba rathúla den Chomhphobal go dtí na limistéir nach raibh bail ar fónamh orthu. Bhí ráiteas tábhachtach ann a dúirt go gcaithfeadh beartas réigiúnach leathnú diaidh ar ndiaidh ar comhchéim leis an dul chun cinn a dhéanfaí do chomhfhogasú beartais eacnamaíocha agus airgeadaíochta na mballstát. Dealraíonn gur fhéach sé ar leathnú an bheartais réigiúnaigh mar rud a chomhleanfadh as an ngluaiseacht chun cinn i dtreo AEA in ionad é a bheith ina rud nár mhór teacht roimh ré sula bhféadfaí dul chun cinn mar sin a dhéanamh.


11. Rinne M. Ortoli, a bhí ina Uachtarán ar an gCoimisiún an tráth sin, lochtú láidir ar thograí M. Tindemans. Mheas sé gur bail níos measa a chuirfidís ar na difríochtaí struchtúrtha idir Ballstáit in ionad iad a bheith ag comhlíonadh aidhm an Chomhphobail iad a dhíchur diaidh ar ndiaidh. Cheap M. Tindemans ina choinne sin, aon uair a gheobhadh Ballstát údarás gan a chuid oibleagáidí go léir a chur i ngníomh láithreach, go gcinnfeadh Comhairle na hEorpa i gcomhthráth leis sin cén cúnamh ba cheart a thabhairt don Bhallstát chun go bhféadfadh sé iad a chur i ngníomh; cinnte dearfa ní fhágfaí oibleagáidí gan cur i ngníomh ach go sealadach.


Óráid an Uachtaráin Jenkins ar Aontas Airgeadaíochta

12. Ar an 27 Deireadh Fómhair 1977 rinne an tUachtarán Jenkins athnuachan ar an díospóireacht ar aontas airgeadaíochta in óráid i bhFlórans inar chuir sé i láthair go hachomair na buntáistí a bhainfeadh le haontas mar sin ag plé le fadhbanna dífhostaíochta, boilsciúcháin agus maoinithe idirnáisiúnta. Luaigh sé seacht n-argóint ar shon aontais airgeadaíochta, eadhon :


(i) Bheadh aontas airgeadaíochta ina chabhair le réimniú tionscail agus tráchtála níos éifeachtúla agus níos forbartha ná mar a fhéadfaí a bhaint amach trí aontas custam leis féin. Mar gheall ar pheiriacail rátaí malairte agus éiginnteachtaí boilsciúcháin ní féidir leagan amach réasúnach Eorpach a phleanáil d’fhiontair.


(ii) Na buntáistí a thiocfadh d’airgeadra idirnáisiúnta nua mórthábhachtach a bhunú a mbeadh fairsinge agus neart eacnamaíoch an Chomhphobail laistiar de. Ba mhór an tairbhe a leanfadh as airgeadra na hEorpa a bheith ina thaca comhair agus ina thaca malairte leis an gcóras airgeadaíochta domhanda, agus is mó fós an gá atá leis sin mar gheall ar fhadhbanna reatha an dollair.


(iii) Thiocfadh comhráta praghas-ghluaiseachta as aontas airgeadaíochta agus thiocfadh dá chionn go scarfaí glan ón síor-mhíor-dúlacht bhoilsciúcháin atá ann faoi láthair.


(iv) Thiocfadh de chionn aontas airgeadaíochta athrú bunúsach chun feabhais ar na laigí institiúideacha atá ag baint siar as an gcumas chun neart fostaíochta a sholáthar arís i ndálaí cobhsaíochta praghais agus i staid teann íocaíochtaí eachtracha.


(v) Chabhródh aontas airgeadaíochta le fostaíocht agus dea-bhail eacnamaíoch a leathadh i measc réigiún na hEorpa. Ní foláir árachas tathagach a bheith ag réigiúin laga an Chomhphobail in aghaidh na heagla gur cor níos measa a chuirfeadh aontas airgeadaíochta ar a gcuid deacrachtaí geilleagair. Maidir leis na réigiúin láidre de, níor mhór a gcomaoin féin a bheith acusan i bhfoirm margaí níos cobhsaí, níos cinnte agus níos rathúla.


(vi) Tá gá le beartais airgeadaíochta a bheidh ina dtaca le geilleagar na hEorpa a dhlúth-tháthú agus le beartas réigiúnach a chothabháil.


(vii) Tá aontas airgeadaíochta ar tairiscint mar ghléas do dhlúththáthú polaitiúil na hEorpa.


Cumarsáid an Choimisiúin ar AEA

13. D’iarr an Coimisiún sa Chumarsáid uaidh an 17 Samhain 1977 go ndéanfaí athdhearbhú ar an ngealltanas do AEA. Dar leis an gCoimisiún bheadh aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta agus an modh rochtana chuige, sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma, ina chuidiú tathagach le feabhas a chur ar staid na fostaíochta, le praghsanna a chobhsú agus le cuidiú le cobhsaíocht airgeadaíochta idirnáisiúnta. Áitíonn an Coimisiún go bhfuil sé riachtanach comhghreamú an Chomhphobail a neartú ag féachaint dó go bhfuil súil le haontachas na Spáinne, na Portaingéile agus na Gréige. Tá plean cúig mbliana á mholadh ag an gCoimisiún ar cuid de cinntí bliantúla ar ábhair shonracha ag Comhairle na hEorpa. Chabhródh sé sin leis an bhfuinneamh polaitiúil a choinneáil ar bun, rud a bhí in easnamh cheana. Is iad na haidhmeanna bheadh ag an gclár:


(1) Buan-chomhghabháil Gheilleagar na mBallstát. Is iad na bearta a ghlacfaí chun é sin, príomhchuspóir an chláir, a bhaint amach—


(i) comhordú breise ar bheartais eacnamaíocha gearrthéarma;


(ii) comhghreamú sa bhreis idir airgeadraí na hEorpa, agus


(iii) acmhainní breise airgeadais don Chomhphobal chun a bheartais réigiúnacha, sóisialta, tionscail agus fuinnimh a chur i ngníomh.


(2) Margadh Aonair a bhunú.


Is iad na bearta a mholtar—


(i) cánacha, go háirithe cánacha indíreacha, a chomhchuibhiú,


(ii) saorghluaiseacht earraí agus seirbhísí a spreagadh trí reachtaíocht chustam a chomhchuibhiú agus a shimpliú, bacainní teicniúla trádála a dhíchur, tairiscintí Rialtas a oscailt le haghaidh iomaíochta dáiríre, gníomhaíochtaí ag comhlachtaí Eorpacha a urasú, a chinntiú go mbeidh saoirse ann chun seirbhísí baincéireachta agus árachais a chur ar fáil, saorghluaiseacht chaipitil a bhaint amach, suimeanna cúiteacha airgeadaíochta a dhíchur agus a chinntiú go bhfeidhmeofar ceart bunaíochta go hiomlan.


(3) Athruithe Struchtúrtha agus Sóisialta.


Tá sé i bhfís ag an gCoimisiún go ndéanfaidh an Comhphobal tuilleadh chun na hathruithe a thabhairt i gcrích is gá chun fás a áirithiú agus cumas iomaíochta a chothabháil go háirithe maidir le (a) tionscail atá i ngreim deacrachtaí, (b) tionscail foráis, (c) beartas fuinnimh, (d) infheistíocht phoiblí agus (e) beartas sóisialta.


14. I réimse na hairgeadaíochta, tá na nithe seo a leanas á moladh ag an gCoimisiún—


—breis chomhordú ar bheartais airgeadaíochta agus ráta malairte, agus cuspóirí ar leithligh a bhaint amach,


—sásra ráta malairte a bheith ar fud an Chomhphobail,


—scéimeanna cúnaimh fhrithpháirtigh a neartú maille le neartú coinníollachais,


—scrúdú a dhéanamh ar an smaoineamh faoi airgeadaíocht chomhthreomhar,


—gluaiseachtaí caipitil inmheánacha a léirscaoileadh, agus


—suimeanna cúiteacha airgeadaíochta a dhíchur.


Clár Gníomhaíochta do 1978

15. Maidir le breis chomhdhíriúcháin a dhéanamh ar bheartais eacnamaíochta, molann an Coimisiún go ndéanfadh an Comhphobal dul chun cinn maith mór i 1978 ag faireachán ar bhearta a cuireadh i gcrích agus ar eisréimneachtaí, comhordú beartais eacnamaíocha gearrthéarma a neartú, tosú ag saothrú i dtreo ábhar éigin cobhsaíochta a thabhairt ar rátaí malairte idir na hairgeadraí nathrach agus airgeadraí eile Comhphobail d’fhonn coibhnis níos ordúla ar rátaí malairte ar leibhéal Comhphobail a thabhairt i gcrích, agus deis nua Comhphobail a bhunú le haghaidh iasachtaí a ghlacadh agus a thabhairt do mhaoiniú cláir infheistíochta comhleasa, e.g. fuinneamh, tionscal agus obair foghréasáin.


16. Maidir le margadh aonair a bhunú tá an Coimisiún á iarraidh ar an gComhairle dréacht-treoracha atá os a comhair a ghlacadh i 1978 maidir le comhoibriú idir údaráis chustam náisiúnta, comhchuibhiú nósanna imeachta chun earraí a shaoradh le haghaidh saorchúrsaíochta, an scéim idirthuras sa Chomhphobal a shimpliú, deireadh a chur le bacainní teicniúla le trádáil i dtáirgí tionscail agus lónearraí, ligean isteach chun praghaslua oifigiúil stocmhargadh, gníomhaíocht i réimse an árachais, comhchuibhiú cánach agus dlí cuideachtaí.


17. Faoin gceannteideal beartais struchtúrtha agus sóisialta molann an Coimisiún go ndéanfaí i 1978 na hearnálacha cruach, teicstíleacha agus longthógála a atheagrú, staidéir a dhéanamh ar idirghabháil Chomhphobail a chomhordú, dul ar aghaidh chun breis neamhspleáchais i gcúrsaí fuinnimh a bhaint amach agus cómhargadh fuinnimh a bhunú, dul ar aghaidh i mbeartais ghréasáin talmhaíochta, beartas réigiúnach gníomhach a ghlacadh, cúnamh a sholáthar chun postanna a chur ar fáil do dhaoine óga, beart a dhéanamh ar ioncaim agus dálaí oibre, cosaint shóisialta feabhsaithe agus breis rannpháirtíochta ag lucht oibre ar leibhéal cuideachta.


Beartais Eacamaíocha Náisiúnta a Chomhordú

18. Tá an foras reachtach le comhordú beartas eacnamaíoch le fáil i gCinneadh ón gComhairle an 18 Feabhra 1974 ar ardchéim chomhdhíriúcháin a bhaint amach do bheartais eacnamaíocha Ballstát Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa. Is é is bonn cúraim do Chumarsáid seo an 5 Deireadh Fómhair 1977 ón gCoimisiún a áirithiú go gcuirfear an cinneadh sin i ngníomh le héifeacht níos sásúla.


19. Measann an Coimisiún go bhfuil gá, faoi chuimsiú an Chinneadh ón gComhairle i mí Feabhra 1974, le sainiú níos beaichte agus níos grinne ar chuspóirí beartais eacnamaígh. Beartais eacnamaíocha gearrthéarma a bheith ag luí isteach níos fearr le treoirlínte atá leagtha amach sa chlár meántéarma, sin rud atá molta, maraon le hathbhreithniú níos rianúla ar dhul chun cinn agus é sin a bheith bunaithe ar thuarascálacha ón gCoimisiún a ullmhaíodh chun na críche sin.


20. Tá coigeartuithe beartaithe sna réimsí a bhaineann le beartais bhuiséadachta, airgeadaíochta agus ráta-malairte. Tá sé beartaithe treoirlínte cainníochtúla maidir le hathruithe i gcomhiomlán airgeadaíochta tábhachtach i gcás gach ceann de na Ballstáit a shocrú agus a fhoilsiú. Ba cheart a iarradh ar Choiste Gobharnóirí Bhanc Ceannais CEE agus an Coiste Airgeadaíochta dlús a chur lena gcuid oibre ar fhorbairt chomhchomhairliúchán maidir le treoghluaiseachtaí ráta-malairte. Moltar go ndéanfadh an Chomhairle cur i ngníomh treoirlínte ráta-malairte a phlé go rialta agus go mbeadh an Coimisiún bainteach sna pléití i dtaobh baill na “nathrach”.


21. Ar na dréacht-thátail a d’ullmhaigh an Coimisiún (ach nach bhfuil glachta ag an gComhairle, atá ag feitheamh le barúlacha ó Choistí saineolaithe) áirítear an gealltanas i dtaobh cuspóirí le haghaidh beartas airgeadaíochta baile a leagan amach i dtéarmaí cainníochtúla. Tá sé molta freisin go n-iarrfadh an Chomhairle ar an gCoiste Gobharnóirí agus ar an gCoiste Airgeadaíochta tuarascáil a thabhairt ar thorthaí a gcomhchomhairlí go nuige seo ar rátaí malairte.


CUID II

Cobhsaíocht Airgeadais

22. Sa ráiteas a thug an Taoiseach sa Dáil an 11 Aibreán 1978 [T.O. Iml. 305, Col. 342-343] ag trácht ar chruinniú Chomhairle na hEorpa i gCópanhágan an 7-8 Aibreán 1978 dúirt sé gur mhothaigh an Chomhairle go raibh baint mhór ag an neamhchobhsaíocht dúthach airgeadaíochta le blianta beaga anuas le cruthú na bhfadhbanna atá ag cur as dúinn. Meastar go forleathan go raibh cuid mhór de phlé na Comhairle bainteach le cobhsaíocht airgeadaíochta a lorg agus dá bhrí sin níl sé míréasúnach a bheith in ionchas go mbeidh tograí cinnte faoin ábhar sin ag teacht gan ró-mhoill. Ar na hábhair a phléigh an Chomhairle, de réir tuairiscí nuachtán, bhí moltaí


(i) gur cheart do CEE tabhairt faoi rann nua cobhsaíochta airgeadaíochta a chruthú tríd an bpunt sterling, an lira agus franc na Fraince a áireamh ar “nathair” airgid reatha nua méadaithe. Leanfadh an “nathair” atá ann (comhfhuaidreamh na n-airgead reatha láidre CEE i gcoinne an dollair) gan athrú, ach bheadh na trí airgead laga ceangailte leis, cé go mbeadh achair níos leithne d’imathrú incheadaithe ag baint leo ná an 2.25% a bhaineann leis an nathair faoi láthair,


(ii) gur cheart Ciste Chomhar Airgeadaíochta na hEorpa a neartú go mór,


(iii) gur cheart gurb airgid reatha CEE a húsáidfí feasta i bhformhór na n-idirghabhálacha ag tacú le hairgeadraí CEE in ionad dollair, an príomh-airgead reatha a húsáidtear faoi láthair, agus


(iv) gur cheart socruithe idir bainc cheannais CEE a thomhas in aonaid chuntais Eorpacha. Cé nach bhfuil san aonad cuntas Eorpach ach meas-aonad, thiocfadh sé chun bheith ina airgead reatha cúltaca ar nós Cearta Tarraingthe Speisialta.


Comhar Airgeadaíochta

23. Tuigtear don Chomhchoiste go bhfuil scrúdú á dhéanamh sa Chomhphobal faoi láthair ar phleananna a d’fhéadfadh spreagadh nua a thabhairt do chomhar airgeadaíochta Eorpach. Tá sé i bhfís sna pleananna sin an “nathair” a choinneáil sa riocht ina bhfuil sé faoi láthair ach meicníocht nua éigin a thabhairt isteach a chuirfeadh airgid reatha Eorpacha eile i gcomhlachas leis. In agallamh a foilsíodh i L’Écho de la Bourse an 19 Aibreán 1978 rinne M. Jacques Van Ypersele, Cathaoirleach Choiste Airgeadaíochta CEE, tar éis dó bealaí áirithe a shonrú ina bhféadfaí sin a dhéanamh, rinne sé trácht ar an gceist faoi cén airgead reatha ba chóir do thíortha nach bhfuil san “nathair” a úsáid le haghaidh idirghabháil margadh-mhalairte choigríche. Chuir sé i láthair gur cheart meicníocht CCAE chun cúnamh gearrthéarma a thabhairt, meicníocht nach raibh á húsáid faoi láthair ach amháin i gcás airgeadraí sa “nathair”, gur cheart í a leathnú chun go n-áireofaí inti na hairgeadraí eile de chuid CEE. Dar leis gur cheart creidmheasaí CCAE a aisíoc, cuid áirithe díobh ar a laghad, in aonad airgeadaíochta Eorpach, comhionann leis an aonad cuntais Eorpach atá ag ionadú do chiseán airgeadraí CEE. CCAE a d’eiseodh an t-aonad seo agus bheadh taiscí óir ó bhaill an Chiste ina dtaca leis go páirteach.


24. Maidir leis an smaoineamh ar aonad airgeadaíochta Eorpach chítear don Chomhchoiste go n-ardaíonn sé ceist bhunúsach i dtaobh ascnaimh i dtreo aontas airgeadaíochta. Má theastaíonn dáiríre ó Bhallstáit druidim i dtreo a leithéid d’aontas dhealródh sé nár mhór glacadh le meicníocht éigin nach bhféadfaidh Ballstáit ar leithligh a athrú ar mhaithe le haon cheann áirithe acu. Shíl tráchtairí áirithe dá bhrí sin gur cheart airgead reatha comhthreomhar a thabhairt isteach. Gan aon amhras d’fhéachfaí ar a leithéid sin de bheart nua mar ghabháil doshéanta le haontas airgeadaíochta agus sa cháil sin d’fhéadfaí a bheith ag súil leis go rachadh sé i bhfeidhm go han-láidir ar aigne an Chomhphobail. D’eagraigh Comhlachas Staidéir Fhadhbanna na hEorpa Comhchomhairle ar Aontas Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta sa Bhruiséil le déanaí. Bhí an Seanadóir Ó Maolchatha ón gComhchoiste i láthair ag an gComhchomhairle, tráth a pléadh tionscadail éagsúla le haghaidh airgead reatha comhthreomhar agus is díol spéise tagairt do roinnt pleananna a bhfuil tacaíocht á thabhairt dóibh ag lucht eacnamaíochta ardchéime.


Forógra Lá Samhna” agus an “Europa

25. Foilsíodh “Forógra Lá Samhna le haghaidh Aontas Airgeadaíochta na hEorpa” san Economist an 1 Samhain 1975 faoi láimh naonúr éacnamaí céimiúla Eorpacha. Mhol sé go gcruthófaí airgead reatha comhthreomhar nó “Europa” a bheadh ina airgead Eorpach agus a mbeadh cumas ceannaigh seasamhach aige. Bainc cheannais CEE a d’eiseodh é de réir chonradh airgeadaíochta Eorpach agus d’fhéadfadh náisiúnaigh de thíortha CEE iad a cheannach lena gcuid airgid náisiúnta. Bheadh cumas ceannaigh cinnte ag an airgead reatha comhthreomhar. De réir an Fhorógra, is í an deis a bheadh ann chun airgead reatha comhthreomhar nó “Europa” a chothabháil sa tslí go mbeadh sé díonaithe in aghaidh boilscniú leibhéal na bpraghsanna a híocfaí ar chis earraí ionadaitheach a choinneáil buanseasmhach i dtéarmaí airgid “Europa”. D’fhéadfaí an chis earraí a mhíniú mar an chomhshuim mheáite de na ciseanna earraí náisiúnta a úsáidtear do ríomh praghas-treoracha tomhaltais náisiúnta. Ba cheart go n-áireofaí sa mheá scair choibhneasach gach tíre in OTN an Chomhphobail, trádáil Chomhphobail, etc. Sloinnfí an “Europa” féin i dtéarmaí chis (mheáite) de mhonaí náisiúnta. Nuair nach mbeadh sé á eisiúint ach in aghaidh monaí náisiúnta amháin ní chuirfeadh sé le stoc airgid iomlán an Chomhphobail. Mar gheall air sin ní fhéadfaí an “Europa” a eisiúint ar mhodh Bannaí Stáit a cheannach, nó trí aon fhoirmeacha eile do dheonú creidmheasa. D’fhéadfadh saoránaigh an “Europa” nó a n-airgead reatha náisiúnta féin a shealbhú agus a úsáid mar mheán malairte agus conarthaí a shonrú i dtéarmaí an “Europa” nó a n-airgead reatha náisiúnta. Mhéadódh praghas comhshó an airgid reatha chomhthreomhair, arna shlonnú in airgid reatha náisiúnta, mhéadódh sé i gcomhréir leis na rátaí boilscnithe a bheadh ag imeacht sna tíortha Eorpacha faoi seach. Dá dtarlódh sa deireadh thiar go gcuirfí an “Europa” in áit na n-airgead reatha náisiúnta go hiomlán agus go dtiocfadh sé chun bheith ina airgead reatha comhchoiteann don Chomhphobal ba cheart, de réir an Fhorógra, é a rialú de réir ráta fáis neamh-bhoilscneach chothrom.


An Conradh Eorpach do Chomhoibriú Eacnamaíoch

26. Tá an Conradh ag tathant gur anois an uain chun glacadh le hairgead reatha comhthreomhar mar bheart praiticiúil i dtreo aontais eacnamaíochta agus airgeadaíochta. Bheadh sé i bhfabhar “Europa” a bheadh bunaithe mar atá an tAonad Cuntais Eorpach ar chis d’airgid reatha CEE. Is é a mheasfadh sé don “Europa” é bheith ina mhalairt ar na hairgid reatha, go mór mhór an dollar, a úsáidtear san iomlaoid idirnáisiúnta, ach gan é do ghabháil ionad na n-airgead reatha sin. Ar deireadh d’fhéadfaí an “Europa” a úsáid in idirbhearta le tríú tíortha lena n-áirítear stáit OPEC. Thabharfadh athlansáil an “Europa” go bhféadfadh institiúidí baincéireachta cead a thabhairt dá gcustaiméirí cuntais a oscailt agus fiacha a íoc san airgead reatha nua.


Eurostable

27. Tá an Société d’Economie Politique tar éis tionscadal a fhorbairt le haghaidh consoirtiam Eurobanc chun aonad íocaíochta dá ngairtear an Eurostable a chur i gcúrsaíocht ina measc féin, ar bhonn triaileach. Bheadh na hairíona seo a leanas ag baint leis an Eurostable:


(a) Ní aonad cuntais amháin a bheadh ann ach aonad íocaíochta. Is é sin le rá, ghlacfaí leis díreach in idirbhearta agus d’fhéadfaí é a aistriú, a thaisceadh agus a thabhairt ar iasacht san áit nach bhfuil san aonad cuntas ach meán ríofa do íocaíocht a dhéantar san airgead reatha náisiúnta.


(b) Rud allcríche ar fad a bheadh ann agus ní úsáidfí é ach le haghaidh idirbhearta idirnáisiúnta.


(c) Bheadh cumas ceannaigh buanseasmhach aige. Is é a mheastar dó go mbeadh sé ina airgead reatha cumaiscthe comhionann le comhiomlán de chainníochtaí áirithe d’airgid reatha tagartha iomaí, agus túsmhéid gach airgid reatha acu sin á mhodhnú gach lá de réir treoir chostas mhaireachtála tír a eisithe. Dhéanfaí ráta athraithe an Eurostable go tríú airgeadra a ríomh gach lá trí fhoirmle ina bhfuil dhá fhoireann paraiméadar comhshuite, eadhon, rátaí trasmhalairte agus na praghas-treoracha tomhaltóirí i dtíortha na n-airgead reatha tagartha.


Buntáistí an Airgid Reatha Chomhthreomhair

28. Maidir leis na buntáistí a bhaineann le bealach an Airgid Reatha Chomhthreomhair ba mhaith leis an gComhchoiste tagairt do thuairimí an Dr. Roland Vaubel, Ollscoil Kiel. Dar leis an Dr. Vaubel tá ar a laghad naoi n-airíona i mbealach an airgid reatha chomhthreomhair is dual do phróis aontaithe airgid reatha den chineál is fearr. Is iad seo a leanas na hairíona a mheasann sé atá i mbealach an airgid reatha chomhthreomhair:


(i) oibríonn sé d’éagmais idirghabháil mhalairt choigríche agus d’éagmais fiontar chomhaontuithe ex-ante idirnáisiúnta ar rátaí náisiúnta fáis soláthair airgid,


(ii) innlíon sé deis uathoibreach a oibríonn neamhspleách de dheoin pholaitiúil,


(iii) cuireann sé ar fáil comhchaighdeán luacha, meán íocaíochta agus stór luacha ag céim an-luath, agus tríd sin urasaíonn sé lánpháirtiú margaidh ach fágann sé fós go mbíonn urláimh ag rialtais na mballstát ar bheartais airgeadaíochta náisiúnta,


(iv) tá buntáistí uile polaitiúla agus eacnamúla an chéimseachais ag gabháil leis,


(v) ligean sé do riachtanais an mhargaidh agus do chéim an mhímhuiníneachais airgid luas agus pátrún an aontais airgid reatha a shocrú,


(vi) seachnaíonn sé an dífhostaíocht shealadach a bhíonn á chruthú ag comhchuibhiú síos na rátaí boilscnithe faoi aontacht ráta malairte,


(vii) bacann sé boilscniú iomaíochta agus díluachú agus cuireann sé ó chumas Rialtas an boilcsniú a úsáid mar mhodh chun fáltais chánach a mhéadú,


(viii) seachnaíonn sé comórtasaíocht agus ceannasaíocht náisiúnta, agus


(ix) is sás spreagtha seasmhach é do rialtais na mballstát aontacht airgeadaíochta a ghlacadh chucu agus a iarraidh.


29. Ina theannta sin, dúirt an tOllamh Bela Balassa in alt dar teideal “Comhshocraíochtaí Airgeadaíochta i gCómhargadh na hEorpa” a foilsíodh Nollaig 1976 san Banca Nazionale del Lavoro go bhféadfadh airgead reatha comhthreomhar ar nós “Europa” freastal d’fheidhmeanna éagsúla sa réimse phríobháideach agus sa réimse phoiblí: “(a) d’úsáidfí é mar aonad cuntas conarthach, mar shocraíocht meán, agus mar chóir chun iarmhéideanna oibre a shealbhú in idirbhearta idirnáisiúnta príobháideacha, caipitiúla agus reatha; (b) d’úsáidfí é in idirbhearta idir rialtais bhalltíortha agus an Comhphobal; (c) thiocfadh sé chun bheith ina airgead reatha cúltaca agus idirghabhála; agus (d) dhéanfadh sé áis mar numéraire chun rátaí malairte náisiúnta a shainiú”. Maidir le luach an airgid reatha chomhthreomhair, is é tuairim an Ollaimh Balassa gur cheart é a shainiú “mar mheán meáite airgid reatha balltíortha CEE”.


Deacrachtaí Airgid Reatha Chomhthreomhair

30. Tá gan amhras deacrachtaí oibre éagsúla maidir leis an airgead reatha comhthreomhar curtha in iúl don Chomhchoiste, agus ar an gcuid is deacra de na fadhbanna sin tá (i) cé ráthódh buanseasmhacht chumas ceannaigh an airgid reatha chomhthreomhair, (ii) an dóchúlacht go gcaillfeadh tíortha a n-áthrófaí a n-airgead reatha go hairgead reatha comhthreomhar (agus is do na hairgid reatha laga a tharlódh sé ar dtús), go gcaillfidís ceannas ar a mbeartais airgeadaíochta féin, (iii) an dífhostaíocht a ionramháil a d’fhéadfadh tarlú i gcás tíortha le rátaí arda boilscnithe a dhul isteach in aontas airgeadaíochta a chiallódh comhionannú ar rátaí boilscnithe ar leibheál níos ísle ná mar a chleacht cuid acu, (iv) ciallachais cibé institiúide a riarfaidh an t-airgead reatha comhthreomhar a bheith saor ó urlámh polaitiúil, agus (v) institiúidí ar leithligh a bheith ann a bheadh freagrach i mbeartais airgeadaíochta agus beartais eacnamaíochta/fioscacha a cheapadh agus a chur i ngníomh.


Bealach Eile chuig Airgead Reatha Comhthreomhar

31. Tá sé curtha i láthair an Chomhchoiste, freisin, ar leithligh ó bhealach an airgid reatha chomhthreomhair chuig aontas airgeadaíochta, go mb’fhearr an straitéis a thabharfadh go dtáthófaí rátaí malairte na dtíortha rannpháirteacha i bhfoirm éigin choibhneasa a bheadh cinnte nó réasúnta cobhsaidh. Is é an bhuntáiste a bheadh le haon straitéis nó straitéisí den sórt sin go gcuirfidís ar chumas na rannpháirtithe, le linn dóibh a bheith ag comhordú a mbeartais eacnamaíochta agus airgeadaíochta, glacadh le haraíonacht na rannpháirtíochta ach san am céanna ligean d’aon tír nach bhféadann glacadh le dianas na rannpháirtíochta sách saor chun éirí as nó go mbeadh a cuid fadhbanna réitithe acu. Dhéalródh sé, dá bhrí sin, in ionad rogha a dhéanamh de bhealach an airgid reatha chomhthreomhair, rud nach bhfuil smaoineamh iomlán déanta fós ar na ciallachais phraiticiúla agus polaitiúla a bhainfeadh leis, dhealródh sé go mba phraiticiúla ag an gcor seo féachaint le feabhas a thabhairt ar chomhordú beartas eacnamaíochta a bheadh le ceangal le gluaiseacht i dtreo socrú de chineál “nathrach” idir airgid reatha na mballtíortha go léir.


CUID III

Ciallachais Aontais Airgeadaíochta d’Éirinn

32. Tá sé curtha i gcion go bhfuilimid le 150 bliain i leith in aontas airgeadaíochta leis an mBreatain agus ar feadh cuid mhaith den tréimhse sin in aontas eacnamaíochta léi. Is beag í comhairle na hÉireann, áfach, ar institiúidí airgeadais na Breataine. Ar a laghad bheimis rannpháirteach i mbeartais a chinneadh dá mbeimis in aontas airgeadaíochta Eorpach. Fairis sin, tá sé réasúnach a bheith ag súil leis go gcabhródh aontas airgeadaíochta le boilsniú a thabhairt faoi riail. Ar an leith eile tá cúiseanna ann le bheith eaglach go gcuirfeadh aontas airgeadaíochta bail níos measa ar na héagothromachtaí réigiúnacha atá cheana féin sa Chomhphobal. D’fhéadfadh an claonadh i dtreo comhionannú costas é a dhéanamh níos deacra do thionscal na hÉireann dul in iomaíocht le costais na réigiún tréanfhorbartha sa Chomhphobal. Ina theannta sin, b’fhéidir go dtiocfadh sé níos deacra ar Éirinn dul in iomaíocht do lorg na hinfheistíochta caipitil atá ag teastáil uaithi chomh géar sin. Is é is eagal dá bhrí sin go dtiocfadh tuilleadh dífhostaíochta agus imirce de chionn aontais airgeadaíochta. Is é barúil an Chomhchoiste nach bhféadfar aghaidh a thabhairt ar na contúirtí sin mura bhfuil an Comhphobal sásta beartas réigiúnach ionraic a ghabháil air féin a chinnteoidh go ndéanfar athdháileadh tábhachtach achmhainní ó na réigiúin saibhre chun na réigiún mbocht.


Díospóireacht sna Tithe

33. Ag glacadh dó leis an Tuarascáil seo, ba mhaith go mór leis an gComhchoiste díospóireacht a spreagadh mar gheall ar ábhar a fágadh leis na blianta gan trácht air ach a bheidh go luath, ní foláir, ina fhearas a mbeidh an Comhphobal ag brath air don am le teacht. Dá bhrí sin, iarrann an Comhchoiste go ndéanfadh na Tithe díospóireacht ar an Tuarascáil seo. I ndáil leis sin, tagraíonn an Comhchoiste d’Ordú an 3 Bealtaine, 1978, ó Sheanad Éireann faoin ábhar.


Admháil

34. Ba mhaith leis an gComhchoiste buíochas a ghabháil mar gheall ar an gcúnamh róluachmhar a fuair sé ag breithniú cumarsáidí an Choimisiúin dó ón Ollamh Dáithí Ó Mathúna, An Coláiste Ollscoile, Corcaigh, ón Dr. Roland Vaubel, Ollscoil Kiel, ó Bhreandán Ó Dúlaing, An Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta, Comhar Ceardchumann na hÉireann, agus ó Sheoirse Mac Raghnaill agus Pádraic Ó Conchúir, Banc Ceannais na hÉireann.


35. Ina theannta sin, bhain na comhaltaí den Chomhchoiste a thug cuairt ar an mBruiséil ar cuireadh ón gCoimisiún ón 9 to dtí an 11 Aibreán, bhain siad leas as an deis sin chun gnéithe airgeadaíochta AEA a phlé le hoifigigh de chuid an Choimisiúin. Ba mhaith leis an gComhchoiste buíochas a ghabháil leis an gCoimisiún as an teagasc eolasach a soláthraíodh dóibh.


(Sínithe) EOIN Ó RIAIN,


Leas-Chathaoirleach an Chomhchoiste.


28 Meitheamh, 1978.