Committee Reports::Report No. 36 - Limitation of Noise Emitted by Compressors and Sampling and Analysis of Surface Water intended for Abstraction of Drinking Water::13 December, 1978::Report

TUARASCÁIL

Réamhrá

1. Tá an Comhchoiste tar éis scrúdú a dhéanamh ar an dá thogra seo a leanas ón gCoimisiún le haghaidh Treoracha ón gComhairle, a bhfuil an dá cheann acu ag eascar as Clár Timpeallachta na gComhphobal 1977-81:—


An torann a astaíonn ó chomhbhrúiteoirí a mhaolú [R/804/78],


Tomhas agus Minicíochtaí Samplála agus Anailísiú paraiméadar na cáilíochta is gá a bheith in uisce uachtair a mbeartaítear uisce óil a thógáil as [R/2147/78].


Torann a astaíonn ó Chomhbhrúiteoirí

2. Is chuige an Treoir bheartaithe toirmeasc a chur le comhbhrúiteoirí a úsáidtear ar láithreáin tógála a chur ar an margadh mura gcomhlíonann siad coinníollacha áirithe i dtaobh astú torainn. Chaithfeadh Ballstáit cineál-cheadú nó cineál-fhíorú CEE a thabhairt do chomhbhrúiteoirí a bhíonn de réir na gcoinníollacha agus ní fhéadfaí díol ná úsáid na gcomhbhrúiteoirí sin a thoirmeasc le dlíthe náisiúnta ina dhiaidh sin.


3. Tá na coinníollacha a mholtar a bheith le comhlíonadh i gcás comhbhrúiteoirí le fáil ní amháin sa Treoir bheartaithe ach freisin i gcreat-Treoir bheartaithe i dtaobh comhfhorálacha do ghléasra agus trealamh atá os comhair na Comhairle ó mhí Eanáir, 1975, ach nach bhfuil glactha léi go fóill.


Ciallachais d’Éirinn

4. Tá sé curtha in iúl don Choiste nach bhfuil comhbhrúiteoirí den chineál atá i gceist á ndéanamh in Éirinn. Tá sé curtha i bhfios dó chomh maith nach bhfuil aon chodarsnacht idir forálacha na dréacht-Treorach agus forálacha na rialachán faoi na hAchtanna Monarchan atá i bhfeidhm sa tír seo.


Uisce Uachtair a shampláil agus a anailísiú

5. Tá forálacha i dTreoir 75/440/CEE ón gComhairle lenar glacadh i Meitheamh, 1975 maidir leis an gcáilíocht nach foláir a bheith in uisce uachtair a bhfuil sé beartaithe uisce óil a thógáil as. Ceanglaítear leis an Treoir go ndéanfaí foinsí uisce uachtair de sholáthairtí uisce óil phoiblí a aicmiú i gceann de thrí earnáil A1, A2 nó A3 de réir chaighdeáin shonraithe agus forálann sé go ndéanfaí an modh cóireála forordaithe oiriúnach a chur i bhfeidhm ar an earnáil chomhréire d’uisce uachtair. Cuireann sé srianadh freisin le huisce faoi bhun cháilíocht A3 a úsáid. Baineann na forálacha sin le cáilíocht an uisce uachtair (amh) roimh chóireáil a dhéanamh air agus ní le cáilíocht an uisce tar éis a chóireála i.e. nuair atá sé oiriúnach chun óil ag tomhaltóirí. Rinneadh suirbhé in Éirinn tar éis glacadh le Treoir 75/440/CEE agus taispeánann sé gur in earnáil A1 atá 85 faoin gcéad den fhoinse uisce uachtair de sholáthairtí uisce phoiblí atá ag freastal do líon daoine 3,000 nó thairis.


6. Níl forálacha teicniúla mionsonracha do rialú modhanna tomhais agus minicíochtaí samplála agus anailísiú foinsí uisce uachtair, níl siad sin i dTreoir 75/440/CEE. Déileálann an Treoir nua beartaithe (R/2147/78) leis na gnéithe teicniúla sin.


Ciallachais d’Éirinn

7. Tá sé curtha i bhfios don Chomhchoiste go bhfuil an oiread sin foinsí uisce uachtair de chórais soláthair uisce phoiblí ann nach bhféadfadh na saoráidí saotharlainne a bhí sa tír seo le déanaí freastal fiú d’iarratas ar anailísiú aonuaire i gcás gach ceann de na 46 pharaiméadar atá liostáilte sa Treoir bheartaithe do gach foinse. Tá sé curtha in iúl don Choiste go bhfuil sé riachtanach, dá bhrí sin, an Treoir bheartaithe a mhodhnú d’fhonn an réim samplála agus anailísithe a theorannú i gcásanna a bhfuil leibhéil substaintí in uisce uachtair i bhfad níos ísle ná mar a shainítear i dTreoir 75/440/CEE do na hearnálacha éagsúla foinsí uisce uachtair [A1, A2 agus A3].


8. Tá sé curtha in iúl freisin don Chomhchoiste gur chóir é a bheith de rogha ag an údarás inniúil (i.e. an t-údarás áitiúil) minicíocht na samplála a shocrú i gcás foinsí uisce uachtair de sholáthairtí poiblí atá ag freastal do líon daoine faoi bhun 10,000. Tuigtear go bhfuil an togra seo ar comhréir leis an leagan reatha de Threoir CEE bheartaithe ar cháilíocht uisce le caitheamh ag daoine—a thugann d’údaráis inniúla an rogha chun a shocrú cá minic a dhéanfaí sampláil ar sholáthairtí uisce óil a fhreastalaíonn do líon daoine is lú ná 5,000. Meastar é a bheith ceart go mbeadh, ó thaobh rogha tairseach níos airde, 10,000 sa Treoir bheartaithe ar uisce uachtair—a dhéileálann le caighdeán an uisce roimh an gcóireáil is gá chun é a dhéanamh oiriúnach le haghaidh óil fad is go bhfuil, ina choinne sin, an Treoir bheartaithe ar cháilíocht uisce lena chaitheamh ag daoine ag déileáil leis an gcaighdeán uisce tar éis a chóireála agus mar a shroicheann sé an tomhaltóir (rud a bheir gur cheart an tairseach ó taobh rogha a bheith níos ísle, eadhon, 5,000).


Barúlacha an Chomhchoiste

9. Maidir leis an Treoir bheartaithe i dtaobh comhbhrúiteoirí tugann an Comhchoiste dá aire gur orthu sin a chuireann na hearraí ar an margadh a thiteann, go príomha, de mhortabháil an Treoir a chomhlíonadh agus nach ndéantar na comhbhrúiteoirí sin in Éirinn. Tá an Coiste sásta leis na caighdeáin atá beartaithe agus measann sé gur féidir glacadh leis an Treoir.


10. Maidir le huisce uachtair a anailísiú agus a shampláil is dóigh leis an gComhchoiste go bhféadfaí glacadh leis an dréacht-Treoir freisin dá ndéantaí é a mhodhnú de réir mar atá leagtha amach i míreanna 7 agus 8 den tuarascáil seo.


Comhlachtaí lena ndeachthas i gcomhairle

11. Chuaigh an Comhchoiste i gcomhairle le Comhar Ceardchumann na hÉireann, le Cónaidhm Thionscail na hÉireann agus le Cumann Cónaidhme na bhFostóirí maidir le togra R/804/78. Ba mhaith leis a bhuíochas croí a ghabháil i dtaobh an chúnaimh a fuarthas uathu.


(Sínithe) MARCUS MAC GIOLLA FHIONNTÁIN,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


13 Nollaig, 1978.