Committee Reports::Report No. 03 - Life Assurance Non-Life Assurance::07 February, 1978::Report

TUARASCÁIL

A. RÉAMHRÁ

Na Tograí a scrúdaíodh

1. Scrúdaigh an Comhchoiste na tograí seo a leanas le haghaidh treoracha ón gComhairle maidir le hárachas:—


Dréacht-Treoir, arna leasú, i dtaobh comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin maidir le gnó díor-árachas saoil a ghabháil de láimh agus a shaothrú [R/3247/73 arna leasú le R/3134/74 agus R/402/75].


Dréacht-Treoir i dtaobh comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin maidir le díor-árachas seachas árachas saoil agus ag leagan síos forálacha dá urasú an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar a fheidhmiú go héifeachtúil [R/95/76].


Bonn dlíthiúil

2. Tá an Treoir chomhordúcháin bheartaithe maidir le hárachas saoil bunaithe ar Airteagal 57(2) de Chonradh CEE a chumasaíonn don Chomhairle treoracha a eisiúint chun comhordú a thabhairt ar dhlíthe náisiúnta “i dtaobh gabháil le gníomhaíochtaí agus iad a shaothrú mar oibrithe ar a gconlán féin.” Is cuid é de chlár ginearálta na Comhairle chun deireadh a chur le sriantachtaí ar cheart bunaíochta. Tá an Treoir bheartaithe ar árachas neamh-shaoil bunaithe freisin ar Airteagal 57(2) sa mhéid go ndéanann sé forlíonadh ar Threoir 73/239/CEE an 24 Iúil 1973 ar cheart bunaíochta in árachas neamh-shaoil agus tá sé bunaithe ar Airteagail 59 agus 66 den Chonradh sa mhéid go mbaineann sé le seirbhísí a sholáthar i mBallstáit seachas an ceann ina bhfuil an gnóthas árachais bunaithe.


B. AN TREOIR CHOMHORDÚCHÁIN BHEARTAITHE MAIDIR LE DÍOR-ÁRACHAS SAOIL.

Réim an Togra

3. Is é an cuspóir atá leis an togra a chumasú do ghnóthais árachais saoil atá bunaithe nó a bhfuil brainsí acu in aon Bhallstát feidhm éifeachtúil a bhaint as a gceart chun brainse nó gníomhaireacht a bhunú in aon Bhallstát eile. Chuige sin tá sé ag iarraidh na coinníollacha faoina bhféadfaí gnó árachais saoil a sheoladh sna Ballstáit a chomhordú agus a léirscaoileadh.


4. Forálann an Dréacht-Treoir nach foláir údarás a fháil ón mBallstát caoifeach chun árachas saoil a sheoladh agus sonraíonn sé na coinníollacha a fhéadfaidh an Stát sin a chur ag gabháil le heisiúint údaráis. Leagann sé síos na rialacha a fhéadfaidh Ballstát a chur i bhfeidhm maidir le cúlchistí, achair shócmhainneachta agus cistí ráthaíochta agus maidir lena chúram ginearálta maoirseachta a fheidhmiú ar ghnó árachais saoil ina chríoch. Tá forálacha speisialta ann freisin a bhaineann le gnólachtaí árachais saoil ar lasmuigh den Chomhphobal dá gceannoifigí.


Sócmhainní a bheith sa Chríoch

5. Tuigtear don Chomhchoiste, ar a shon nach bhfuil faoi láthair aon oibleagáid dlíthiúil ar ghnólachtaí a bhíonn ag gabháil d’árachas saoil in Éirinn a gcuid cistí a choinneáil sa tír, go ndéanann siad mar sin féin cion de thuairim 80% díobh a infheistiú anseo de bhun réitigh deamheoin leis an Aire Tionscail, Tráchtála agus Fuinnimh. Tugann sé dá aire nach foláir, faoin Treoir bheartaithe, cúlchistí teicniúla, lena n-áirítear cúlchistí matamaiticiúla, a bheith cumhdaithe le sócmhainní coibhéiseacha comhfhreagracha i gcríoch gach tíre ina mbíonn gnó á sheoladh ach go bhféadfaidh Ballstáit, áfach, a cheadú go mbogfaí na rialacha i dtaobh sócmhainní comhfhreagracha agus sócmhainní a bheith á gcoinneáil sa chríoch. Dhealródh sé don Chomhchoiste, dá nglacfaí leis an Treoir bheartaithe, gur chóir oibleagáid reachtúil a dhéanamh de na sócmhainní a choinneáil sa chríoch agus creideann sé nár cheart an riail a bhogadh chor ar bith ag féachaint dar gcúinsí eacnamaíocha.


Speisialtóireacht

6. Tá Éire i bhfarradh formhór na mBallstát ar shon prionsabal na speisialtóireachta sa mhéid nach gceadaíonn dlí na hÉireann do ghnóthas árachais saoil aon fhiontair a fhrithghealladh sa réimse neamh-shaoil. Tá Ballstáit, ar a n-áirítear an Ríocht Aontaithe, a cheadaíonn do ghnólachtaí gníomhú mar ghnóthais chomhshuite ag cleachtadh árachais saoil agus árachais neamh-shaoil. Bhí togra an Choimisiúin aimsithe ar speisialtóireacht a chur in bhfeidhm i gcás gach uile ghnóthas a bhunófaí tar éis don Treoir teacht i bhfeidhm ach cead a bheith ag gnóthais chomhshuite láithreacha leanúint sa cháil sin ar choinníoll go dtabharfaidís isteach bainistíochtaí ar leithligh. Tuigeann an Comhchoiste go bhfuil an pointe sin faoi chaibidil go fóill ag an Meitheal Oibre de chuid na Comhairle a bhfuil an dréacht-Treoir á scrúdú aige.


7. B’fhearr leis an gComhchoiste go ndéanfaí na gnóthais chomhshuite atá ann a ligean i léig le himeacht aimsire. Creideann sé má theastaíonn ó aon ghnóthas comhshuite gnó árachais saoil a ghabháil de láimh in Éirinn gur chóir feidhm a bheith ina leith sin ag dlí na hÉireann mar atá sé agus gur chóir a cheangal air fochuideachta speisialtóireachta a bhunú sa tír seo.


Achar Sócmhainneachta

8. Chuir Comhlachas Árachais na hÉireann roinnt pointí faoi bhráid an Chomhchoiste i ndáil le ceanglais na Treorach i dtaobh an achair shócmhainneachta, eadhon (1) gur chóir 20% de theorainn maidir le hathárachas a lamháil agus an t-achar sócmhainneachta á ríomh, (2) gur chóir an t-achar sócmhainneachta maidir le dliteanas faoi árachas saoil téarma a ríomh de réir na foirmle faoi airteagal 19(b) de rogha ar airteagal 19(a) den dréacht-Treoir, agus (3) gur chóir a lamháil do chuideachtaí aonair rogha a dhéanamh idir an dá mhodh chun an chomhchuid intuigthe san achar sócmhainneachta a ríomh. Molann an Comhchoiste go ndéanfadh Meitheal Oibre na Comhairle na pointí sin a bhreithniú go báúil.


C. TREOIR BHEARTAITHE AR ÁRACHAS NEAMH-SHAOIL

Ceart bunaíochta

9. Ar an 24 Iúil, 1973 ghlac an Chomhairle le Threoir 73/239/CEE ag comhordú dlíthe náisiúnta ionas go gcuirfí ar chumas gnóthas a bhíonn ag plé le hárachas neamh-shaoil brainsí agus gníomhaireachtaí a bhunú i mBallstáit seachas an Ballstát ina bhfuil siad bunaithe go buan. Bhain sé sin amach d’árachas neamh-shaoil an rud céanna atá á lorg d’árachas saoil leis an dréacht-Treoir Chomhordúcháin a bhí faoi thrácht roimhe seo sa tuarascáil seo. Rinneadh forlíonadh ar Threoir 73/239/CEE sa tír seo le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Árachas Neamh-Shaoil), 1976 [I.R. Uimh. 115 de 1976].


Réim an Togra

10. Déanann an Treoir bheartaithe forlíonadh ar Threoir 73/239/CEE trí rialacha caighdeánacha a leagan síos nach foláir do Bhallstáit a urramú i gcás cúlchistí teicniúla a ríomh, rogha dlí a ghlacadh i gconarthaí árachais agus gnóthais árachais a mhaoirsiú. Tá sí ag iarraidh freisin go n-éascófaí feidhmiú éifeachtúil na saoirse chun seirbhísí a sholáthar i réimse an árachais slánaíochta. Gabhann leis sin go mbeadh gnóthais árachais ag déanamh gnó trasna teorainneacha náisiúnta gan brainse ná gníomhaireacht a bhunú sa Bhallstát ina bhfuil an fiontar atá á chumhdach. De réir na dréacht-Treorach níor ghá ach údarás an Stáit bhaile amháin a bheith le déanamh an ghnó sin ag gnóthas ach bheadh d’oibleagáid ar an ngnóthas rialacha sonraithe áirithe a urramú de chuid an Bhallstáit ina bhfuil an fiontar. Tá forálacha sa dréacht-Treoir freisin maidir le conarthaí árachais agus cuntais trádála speisialta. Maidir le cúlchistí teicniúla le haghaidh fiontair sa tír ghlacthach ní chaithfidís sin a bheith sa tír sin; ba leor iad a bheith sa Chomhphobal i gcoitinne.


Tuairimí an Chomhchoiste

11. Mar a thuigtear an scéal don Chomhchoiste tá sé bunaithe, le cinneadh na Cúirte Breithiúnais i gCás Van Binsbergen v Bestuur van de Bedrijfsvereniging voor de Metaalrijverheid (Cás 33/74 [1974] RCE 1299), nach cead go gcuirfeadh rialacha náisiúntachta nó cónaithe bacainní ar bith leis an gceart chun seirbhísí a chur ar fáil trasna teorainneacha náisiúnta laistigh den Chomhphobal. Dealraíonn sé, mar sin, go ndéanfar dlíthe náisiúnta a chomhordú chun go bhféadfar an ceart a fheidhmiú go héifeachtúil agus nach bhfuil aon dul uaidh sin.


12. Is ceart a lua go raibh saoirse sa tír seo suas go dtí 1976 chun seirbhísí a chur ar fáil sna réimsí muirí, eitlíochta agus idirthurais toisc nach raibh na haicmí sin rialaithe leis an Acht Arachais, 1936. Ó 1976 i leith ní foláir d’árachóirí tríú tíortha údarás a fháil ón Aire ch un an gnó sin a dhéanamh. Féadfaidh árachóirí CEE sin a dhéanamh ach fógra a thabhairt don Aire.


13. Tá an Comhchoiste tar éis fianaise a chloisteáil go ndéanfadh an Treoir Seirbhísí bheartaithe, dá nglacfaí leis, tionscal árachais na hÉireann a chur i gcomhrac le neart mór iomaíochta sa bhreis a dtiocfadh sé deacair air seasamh ina choinne. Go háirithe tá imní ar an tionscal, mar gheall ar laghad mhargadh árachais na hÉireann i gcomhthéacs domhanda na n-oibríochtaí a bhíonn ar bun ag cuid de na gnóthais mhóra árachais, go bhféadfaidís sin cleachtais éagóracha a imirt a rachadh chun dochair don tionscal anseo gan díobháil ar bith shroicheadh dá gcuid sócmhainneachta féin.


14. Cé nach bhfuil doicheall ar an gComhchoiste roimh iomaíocht bhreise ar mhargadh árachais na hÉireann a bheith á tuar measann sé gur chóir caoi réasúnach a thabhairt don tionscal Éireannach dul san iomaíocht sna cúinsí nua. B’fhearr leis, dá bhrí sin, go mbeadh roinnt blianta taithí ar cheart na Treorach bunaíochta agus freisin ar an Treoir chomhárachais bheartaithe sula nglacfaí le Treoir Seirbhísí. Ina theannta sin creideann sé gur cheart go mbeadh soláthar seirbhísí faoi réir dlí náisiúnta a rialódh cóir-thrádáil.


15. Measann an Comhchoiste fós, nuair a bhíonn idirghabhálaithe árachais ag soláthar seirbhísí thar ceann gnóthas lasmuigh, ar nós fógraíocht le haghaidh gnó a dhéanamh, foirmeacha tairisceana a eisiúint, suirbhéithe fiontar a sheoladh, cumhdach a eisiúint, préimheanna a bhailiú, agus éilimh a shocrú, gur chóir na seirbhísí sin a bheith faoi réir a maoirsithe ag an údarás maoirseachta sa tír seo ionann agus dá mba rud é go raibh brainse bunaithe ag an ngnóthas anseo.


Cóir-thrádáil

16. Tugann an Comhchoiste dá aire go ndéanfadh an Treoir Seirbhísí bheartaithe soláthar na seirbhísí a chur faoi réir na rialacha i dtaobh cóir-thrádála atá i bhfeidhm sa Bhallstát ina bhfuil an fiontar. Tuigtear dó nach bhfuil aon rialacha den sórt sin in Éirinn. Creideann sé go bhfuil práinn ghéar le rialacha den sórt sin a oibriú amach i gcomhairle leis an tionscal agus iad a chur i ngníomh sula dtiocfaidh aon Treoir Seirbhísí i bhfeidhm.


An Ciste Cúitimh Árachais

17. Bunaíodh an Ciste Cúitimh Árachais leis an Acht Árachais, 1964, chun freastal do dhliteanais áirithe de chuid árachóirí dócmhainneacha. Tá d’oibleagáid ar árachóirí in Éirinn ranníocaí a thabhairt don Chiste. Ní cuid de théarmaí tagartha an Chomhchoiste, ná níl d’inniúlacht sa Chomhchoiste, trácht ar fhorálacha an Achta maidir leis an gCiste a bheith nó gan a bheith ina leorchosaint do chuideachtaí, a dhéanann bainistíocht stuama ar a gcúrsaí, in aghaidh baol go mbainfeadh damáiste dá gcuid leasanna (agus do leasanna a gcuid sealbhóirí polasaí) mar gheall ar chuideachtaí nach mbíonn á mbainistí go stuama. Ach go dtí go mbunófar ciste den chineál céanna don Chomhphobal go léir, ba chóir a cheangal ar ghnóthais, a dteastaíonn uathu seirbhísí árachais a sholáthar anseo gan brainse nó gníomhaireacht a bhunú, ranníocaí a thabhairt don chiste náisiúnta.


Admháil

18. Is ró-mhór ag an gComhchoiste an chabhair fhairsing a fuair sé ó Chomhlachas Árachais na hÉireann agus na tograí seo á scrúdú aige agus ba mhaith leis a bhuíochas a chur in iúl don Chomhlachas.


(Sínithe) MARCUS MAC GIOLLA FHIONNTÁIN,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


7 Feabhra, 1978.