Committee Reports::Report No. 03 - Life Assurance Non-Life Assurance::07 February, 1978::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOMHCHOISTE

PROCEEDINGS OF THE JOINT COMMITTEE

Dé Máirt, 7 Feabhra, 1978.

Tuesday, 7th February, 1978.

1. Chruinnigh an Comhchoiste ar 4.30 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na Comhaltaí seo a leanas i láthair:


Na Teachtaí Mac Giolla Fhionntáin (i gCeannas), Ó Dálaigh, Síle de Valera, Ó Gríofa, Lionard, Mac Riabhaigh, Ó Caoimh agus Mac Giolla Choille; Na Seanadóirí Mac Gearailt, Ní Athairne, Uí Eodhusa, Ó hAoláin, Bean Mhic Róibín agus Eoin Ó Riain.


Bhí an Teachta de Paor agus an Seanadóir Brugha, Comhaltaí de Pharlaimint na hEorpa, i láthair freisin.


6. Dréacht-Tuarascáil ar na Tograí le hAghaidh Treoracha ón gComhairle Maidir le hÁ rachas Saoil agus le hÁrachas Neamh-Shaoil.


Thug an Cathaoirleach Dréacht-Tuarascáil i láthair agus léadh í mar a leanas:—


(i) Aontaíodh míreanna 1 go 6 go huile.


(ii) Mír 7.


Tairgeadh leasú (An Seanadóir Mac Gearailt):


“In page 4, line 9, after “Ireland”, to add the following:—


‘the existing Irish law should apply and’.”


Aontaíodh an leasú.


Aontaíodh an mhír mar a leasaíodh.


(iii) Aontaíodh míreanna 8 go 16 go huile.


(iv) Mír 17.


Tairgeadh leasú (An Seanadóir Mac Gearailt):


“In page 8, paragraph 17 after “Fund” at the end of the second sentence to insert the following:—


‘It is not within the terms of reference or the competency of the Joint Committee to comment on whether the provisions of the Act relative to the Fund constitute an adequate safeguard for companies, which manage their affairs prudently, from the potential damage to their interests (and the interests of their policy holders) caused by companies not so managed. But’.”


Aontaíodh an leasú.


Aontaíodh an mhír mar a leasaíodh.


(v) Aontaíodh mír 18.


Aontaíodh an Dréacht-Tuarascáil mar a leasaíodh.


Ordaíodh: Tuairisciú dá réir sin.


7. Athlá.


Chuaigh an Comhchoiste ar athló ar 5.30 p.m.