Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1975::23 February, 1978::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 23 Feabhra, 1978.

Thursday, 23rd February, 1978.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Ó Tuathail (i gCeannas), na Teachtaí N. Mac Aindriú, Béalatún, U. Ó Brádaigh, V. de Valera, Ó Ciaragáin, Ó Murghaile agus Ó Murchú.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa 1975


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa don tréimhse 1 Eanáir 1975 go 31 Nollaig 1975. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—


Roinn an Taoisigh, An Chomhairle Ealaíon, Dlí-Mhuirir, Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, An Phríomh-Oifig Staidrimh, Rialtas Áitiúil.


4. Finnéithe a Ceistíodh


Ceistíodh D. Ó Súilleabháin (Rúnaí, Roinn an Taoisigh), D. Ó Coigligh (Cúntóir Dlí Sinsearach, Oifig an Ard-Aighne), S. Ó Laoghaire (Cúntóir Dlí, Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí), T. Ó Luineacháin (Stiúrthóir, An Phríomh-Oifig Staidrimh), G. Ó Meachair (Rúnaí, An Roinn Comhshaoil) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.55 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn.