Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1975::16 February, 1978::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 16 Feabhra, 1978.

Thursday, 16th February, 1978.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Ó Tuathail (i gCeannas), na Teachtaí N. Mac Aindriú, Béalatún, V. de Valera, Ó Ciaragáin agus Mac Giolla Choille.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa 1975


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa don tréimhse 1 Eanáir 1975 go 31 Nollaig 1975. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—


Foraoiseacht, Iascaigh, Roinn na Gaeltachta, Gnóthaí Eachtracha, Comhar Idirnáisiúnta.


4. Finnéithe a Ceistíodh


Ceistíodh A. Ó Dúgáin (Rúnaí, An Roinn Iascaigh), L. Tóibín (Rúnaí, Roinn na Gaeltachta)„ R. Mac Donnchadha (Rúnaí, An Roinn Gnóthaí Eachtracha) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.15 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn.