Committee Reports::Report - Value-Added Tax (Amendment) Bill, 1977::11 October, 1978::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE SPEISIALTA.

PROCEEDINGS OF THE SPECIAL COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 11 Deireadh Fómhair, 1978.

Wednesday, 11th October, 1978.

1. Chruinnigh an Coiste ar 4 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An tAire Airgeadais, na Teachtaí Peadar De Barra, Uinsionn Ó Brádaigh, Ó Callanáin, Ó Cuagáin, Mac Síomóin, Ó hArgáin, Mac Riabhaigh, Ciarán Ó Murchú, Mac Raghnaill agus Mac Giolla Choille.


3. Cathaoirleach a Thoghadh.


Rinneadh tairiscint (An Teachta Mac Riabhaígh):


“That Deputy Reynolds be Chairman of the Committee.”


Cuireadh agus aontaíodh an Cheist.


Chuaigh an Teachta Mac Raghnaill i gCeannas an Choiste dá réir sin.


4. Fógra i dTaobh Leasuithe.


Ordaíodh: Go dtabharfar fógra i dtaobh leasuithe atá beartaithe tráth nach déanaí ná Dé Céadaoin, 18 Deireadh Fómhair, 1978: Ach go bhféadfar leasuithe a thairiscint gan fógra.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 5 p.m. go dtí 11 a.m., Déardaoin, 19 Deireadh Fómhair, 1978.