Committee Reports::Report - Value-Added Tax (Amendment) Bill, 1977::16 November, 1978::Orders of Reference

ORDUITHE TAGARTHA

22 Meitheamh, 1978:—Ordaíodh: Go n-urscaoilfear Ordú an 30 Samhain, 1977, ón Dáil go ndéanfar an Bille Cánach Breisluacha (Leasú), 1977, a bhreithniú i gCoiste den Dáil uile agus go ndéanfar an Bille a chur faoi bhráid Choiste Speisialta ar a mbeidh cúig Chomhalta dhéag a ainmneoidh an Coiste Roghnóireachta roimh Shos an tSamhraidh;


Gur seisear is córam don Choiste; agus


Go dtionólfar an chéad chruinniú den choiste an chéad lá suí tar éis Sos on tSamhraidh [An tAire Airgeadais].


29 Meitheamh, 1978:—Ainmníodh dá réir sin Coiste arb iad atá air na Teachtaí Peadar De Barra, Uinsionn Ó Brádaigh, Seán Ó Callanáin, Barra Ó Cuagáin, Seoirse Ó Colla (An tAire Airgeadais), Éamonn Ó Coileáin, Séamus Mac Síomóin, Breandán Ó Gríofa, Seán Ó hArgáin, Cathal Mac Riabhaigh, Ciarán Ó Murchú, Fearghas Ó Briain, Mícheál Ó Laoire, Ailbhe Mac Raghnaill agus Mícheál Mac Giolla Choille.