Committee Reports::Report No. 57 - Statutory Instruments [4] made under the European Communities Act 1972; Penalty Provisions::23 March, 1977::Report

TUARASCÁIL

1. Forálacha Pionósacha

Forálann Acht na gComhphobal Eorpach, 1972, nach mbunóidh rialacháin ó Airí faoin Acht sin cionta indíotála. Dá dhroim sin, níor chóir go mbeadh na pionóis dá bhforáiltear sna rialacháin sin níos troime ná mar ba réasúnach maidir le cion is intriailte go hachomair. Sa triochadú tuarascáil ón gComhchoiste (Prl. 5419) dar dáta an 28 Aibreán 1976, mheas an Comhchoiste go bhféadfadh fíneáil uasta £500 a bheith iomarcach i ndáil leis an gcion sin.


Sa naoú tuarascáil is daichead ón gComhchoiste (Prl. 5940) dar dáta an 9 Nollaig, 1976, tarraingíodh aird ar dhá ionstraim ina bhforáiltear fíneálacha uasta £500, agus gheall sé tuilleadh eolais a chur ar fáil faoin scéal. Idir dhá linn fuair an Comhchoiste le fios nach bhfeictear aon ní don Ard-Aighne in aghaidh na bhfineálacha sin ó thaobh an dlí.


Tugtar faoi deara sa Bhille um Fhaisnéis do Thomhaltóirí, 1976, atá os comhair na Dála faoi láthair, go bhforáiltear fíneail £500 nó 6 mhí príosúnachta nó an fhíneáil agus an phríosúnacht sin le chéile mar phionóis uasta i gciontú achomair. Má tá glacadh ag na Tithe leis an bhforáil sin, níl ar intinn ag an gComhchoiste agóidí a thionscnamh feasta, ar bhonn prionsabail, in aghaidh pionóis den sórt sin i rialacháin ó Aire. Má mheasann sé pionós a bheith miréasúnach amach is amach i gcás ciona áirithe, cuirfidh sé an méid sin in iúl do Thithe an Oireachtais.


£500 an fhíneáil is mó atá tugtha faoi deara ag an gComhchoiste i rialacháin faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972, agus dá dhroim sin ní mór a mheas gur fínéail í a bhaineann leis na cionta is tromchúisí dá mbunaítear leis na rialacháin sin.


Tá an Comhchoiste amhrasach an mbaineann sárú ar Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Suirbhéireachtaí Staidrimh), 1976, leis an earnáil sin. Forálann an ionstraim sin fíneáil uasta £500 nó suas le 6 mhí phríosúnachta, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht sin le chéile, má loiceann fostóirí tionscail nó talmhaíochta faisnéis áirithe a chur ar fáil i dtaobh tuilleamh oibrithe, nó má loiceann siad ceisteanna áirithe a fhreagairt go fírinneach agus go tráthúil, nó má úsáidtear an fhaisnéis a cuireadh ar fáil chun críocha seachas críocha staidrimh.


Cé go mb’fhéidir go mbeadh na pionóis sin tuillte má dhéantar an fhaisnéis as an tsuirbhéireacht a úsáid le haghaidh cánachais nó chun críocha neamhstaidrimh eile nó má thugtar an fhaisnéis sin do thríú páirtithe, ní aontaíonn an Comhchoiste go bhfuil fíneáil £500 ar a mhéid tuillte má mhainnítear faisnéis a thabhairt nó ceisteanna a fhreagairt go fírinneach, go hiomlán agus go tráthúil, go háirithe nuair a chuirtear forálacha píonósacha i rialacháin eile faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972, san áireamh. Mar shampla, £50 an fhíneáil uasta atá ceadaithe faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Trácht ar Bhóithre) (Árachas Éigeantach), 1975 (I.R. Uimh. 178 de 1975) as gluaisteán atá lonnaithe de ghnáth i mBallstát eile a úsáid sa tír seo gan a thaispeáint go bhfuil sí faoi árachas. Thairis sin, má sháraítear Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Feoil Úr Éanlaithe Clóis), 1976 (I.R. Uimh. 317 de 1976) agus Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Margú Éisc), 1977 (I.R. Uimh 114 de 1977), a mbaineann gach ceann díobh le caighdeáin atá leagtha síos chun tomhaltóirí ábhar bia a chosaint, ní ghabhann leis an sárú sin ach fíneálacha £200 ar a mhéad.


Is deacair leis an gComhchoiste a mheas gur lúide míthaitneamh na gcionta sin ó thaobh an phobail ná mainneachtain faisnéis a chur ar fáil nó a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis a thugtar beacht agus curtha ar fáil in am trátha.


2. Ionstraimí a Scrúdaíodh

Ón uair a d’eisigh an Comhchoiste a naoú tuarascáil is daichead ar ionstraimí reachtúla, scrúdaigh sé cúig ionstraim eile a rinneadh faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972. Déileáiltear le ceann amháin díobh sin i dtuarascáil ar leithligh agus leis na cúig cinn eile sa tuarascáil seo.


3. Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Árachas Neamh-Shaoil) (Leasú), 1976 (I.R. Uimh. 276 de 1976).

Leasaíonn an ionstraim seo I.R. Uimh. 115 de 1976, a bhí faoi chaibidil ag an gComhchoiste ina naoú tuarascáil is daichead. Tugann an leasú éifeacht d’athrú ar mhodh ríofa aonad cuntais an Chomhpobail de dhroim Treoir Uimh. 76/580/CEE ón gComhairle, faoinar athraíodh modh luachála an aonaid chuntais a úsáidtear chun críocha árachais. Níl aon chur in aghaidh an leasaithe ag an gComhchoiste.


4. Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Iompar ar Bhóithre) (Leasú), 1977 (I.R. Uimh. 34 de 1977).

Foráiltear in Ionstraim Reachtúil Uimh. 57 de 1974 (a dhéanann forlíonadh ar rialachán roimhe sin) nach gá do dhuine a bhfuil údarás aige ón gComhphobal ceadúnas marsantais ná pláta feithicle a bheith aige faoi na hAchtanna um Iompar ar Bhóithre, agus go bhféadfar pionóis a chur air as Rialachán Uimh. 2829/72 ón gComhairle a sharú. Gabhann Rialachán Uimh. 3164/76 ón gComhairle a ionad anois agus ní dhéanann an ionstraim atá faoi chaibidil ach an leasú iarmartach is gá ar I.R. Uimh. 57 de 1974. Níl aon ní le rá ina thaobh ag an gComhchoiste.


5. Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Stoic Íosta Olaí Peitriliam), 1977 (I.R. Uimh. 78 de 1977).

Baineann an ionstraim seo le hábhar a bhí faoi chaibidil ag an gComhchoiste sa cheathrú tuarascáil agus sa daicheadú tuarascáil dá chuid, is é sin, stoic íosta de tháirgí peitriliam a chothabháil. Chuir Treoracha Uimh. 68/414/CEE agus Uimh. 72/425/CEE ón gComhairle d’oibleagáid, faoi réir eisceachtaí áirithe, ar Bhallstáit stoic íosta shonraithe de tháirgí peitriliam a chothabháil go buan. Cuireadh na Treoracha sin i bhfeidhm go páirteach sa tír seo le rialacháin roimhe seo. Cuireann na rialacháin atá faoi chaibidil anois Treoracha CEE i bhfeidhm go hiomlán. Is áthas leis an gComhchoiste an méid sin.


6. Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Aitheantas do Cháilíochtaí Liachta), 1976 (I.R. Uimh. 288 de 1976).

Sa chúigiú tuarascáil is tríocha ón gComhchoiste, a glacadh an 30 Meitheamh, 1976 (Prl. 5591) déileáladh leis na Treoracha a d’éascódh feidhmiú cheart bunaíochta agus saoirse chun seirbhísí a sholáthar. Thacaigh an Comhchoiste le moladh ó choiste a d ainmnigh an tAire Sláinte i mí Iúil, 1975, agus mhol sé ina thuarascáil freisin gur chóir dhá Threoir faoi dhochtúirí a chur i bhfeidhm le reacht ag leasú Achtanna na Lia-Chleachtóirí in ionad é a dhéanamh le rialacháin arna ndéanamh faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972. Tá na Treoracha áirithe sin curtha i bhfeidhm cheana leis na rialacháin thuasluaite. Tá ráite ag an Roinn Sláinte, áfach, go bhfuil an obair ar na tograí le haghaidh reachtaíochta go maith chun tosaigh agus nach bhfuil ceaptha do na rialacháin ach na Treoracha a fheidhmiú go dtí go n-achtófar an reachtaíocht sin.


Sa dóú tuarascáil déag agus sa naoú tuarascáil is daichead uaidh, chuir an Chomhchoiste in iúl go raibh sé ag diúltú cumhacht a beith ag rialacháin táillí a mhuirearú gan méid na dtáillí sin a lua, rud a d’fhágfhadh go bhféadfadh an t-údarás muirearúcháin na táillí a athrú dá rogha féin. Tá curtha i bhfios ag an gComhchoiste ó thaobh na bhforálacha sin gur chóir a mholadh go gcuirfí an ionstraim ar neamhní.


Cuireann Rialachán 14 den ionstraim atá faoi chaibidil anois ar chumas Chomhairle Chláraitheachta na nDochtúirí Leighis “cibé táillí a mhuirearú de réir mar a chinnfidh sí ó am go ham, le toiliú an Aire Sláinte” chun deimhnithe speisialtóireachta a thabhairt do dhochtúirí speisialtóireachta Éireannacha ag gabháil go dtí na Ballstáit dóibh. Deir an Roinn go bhfuil gá leis na táillí sin mar nach bhfuil aon chistí eile ag an gComhairle lena costais a íoc, ach ní féidir leibhéal na dtáillí a chinneadh go dtí go mbeidh réim ghluaiseachta na ndochtúirí sa Chomhphobal ar eolas. Níl glacadh ag an gComhchoiste leis an míniú sin. Muirearófar táille éigin ar na chéad daoine a lorgóidh an tseirbhís, agus ba chóir go sonrófaí an méid sin sna rialacháin. Dá bhfaighfí amach ar ball nár leor an táille, d’fhéadfaí ionstraim nua a dhéanamh ag ardú na táille. Is é bun agus barr na hagóide atá ag an gComhchoiste in aghaidh forála den sórt atá i gceist i Rialachán 14 go gceadaíonn sí táillí a athrú gan sin a chur faoi bhreithniú na parlaiminte.


Bhí sé ar intinn ag an gComhchoiste a mholadh go gcuirfí an ionstraim ar ceall mar gheall ar rialachán 14. Chinn sé áfach gan sin a dhéanamh mar gur rialacháin shealadacha iad, agus beidh ceist na dtáillí os comhair Tithe an Oireachtais nuair a bheidh an Bille atá á ullmhú anois faoi phlé.


(Sínithe) CATHAL Ó hEOCHAIDH,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


4 Bealtaine, 1977.