Committee Reports::Report No. 52 - European Export Bank, Establishment::23 March, 1977::Report

TUARASCÁIL

1. Réamhrá

Tá an Comhchoiste tar éis scrúdú a dhéanamh ar an togra a rinne an Coimisiún i mí Feabhra, 1976 le haghaidh Rialachán ón gComhairle (CEE) ag bunú Banc Eorpach Onnmhairiúcháin (S/349/76).


Rinneadh lua i gcéaduair ar Bhanc Eorpach Onnmhairiúcháin a bhunú i gcumarsáid a chuir an Coimisiún chun na Comhairle i mí Iúil 1975. Tharraing an Coimisiún aird ar na fadhbanna a bhaineann le hárachas creidmheasa onnmhairiúcháin agus airgead a fháil do na tionscadail mhóra ilnáisiúnta atá á seoladh i gcomhpháirt ag cuideachtaí atá bunaithe i mBallstáit éagsúla, tionscadail a bhfuil a lán acu ann agus a bhfuil a líon ag dul i méid. Dar leis an gCoimisiún tá ilchuideachtaí na hEorpa ar mhídheis iomaíochta mar gheall ar an gcúlneart atá ar fáil ag a gcéilí iomaíochta Meiriceánacha agus Seapánacha. Tharraing an Coimisiún aird ar na mórdhifríochtaí idir chleachtais eagraíochtaí éagsúla creidmheasa onnmhairiúcháin náisiúnta na mBallstát agus chuir sé i láthair gur chóir Banc Eorpach Onnmhairiúcháin a bhunú agus ghabh sé ar láimh dul i gcomhairle le hárachóirí creidmheasa onnmhairiúcháin agus le lucht tionscail agus baincéireachta sa Chomhphobal i dtaobh an scéil. Tar éis dul i gcomhairle amhlaidh rinne an Coimisiún an togra foirmiúil i mí Feabhra 1976.


2. Ábhar an togra

Tá sé i dtuar sa togra Banc Eorpach Onnmhairiúcháin a bhunú a d’oibreodh laistigh de threoirlínte beartas tráchtála, eacnamaíocha agus airgeadais an Chomhphobail agus de réir treoracha ón gCoimisiún a fhéadfadh an Chomhairle a leasú nó a chur ar ceal. Is é aidhm a bheadh leis onnmhairí earraí agus seirbhísí go tríú tíortha a éascú trí ghnóthai a bheadh bunaithe i dhá Bhallstát nó níos mó i gcás inarbh oibríochtaí iad na honnmhairí sin a mbeadh leas Eorpach comhchoiteann ag baint leo. Thabharfadh sé cúnamh ar mhodh airgid (ach coinníoll a bheith ann saoráidí maoinithe eile a bheith ar fáil) nó árachas creidmheasa, i gcás inarbh iomchuí sin, i gcomhar le hinstitiúidí árachais creidmheasa sna Ballstáit.


Is é an Comhphobal a chuirfeadh an caipiteal tosaigh 100 milliún aonad cuntais ar fáil ach bheadh teideal ag an mBanc formhór a chuid airgid a chruinniú trí iasachtaí a fháil ar na margaí airgeadais a bheadh urraithe ag ráthaíocht Chomhphobail.


Bheadh an Banc faoi stiúradh bhord stiúrthóirí, a ndéanfadh gach Ballstát agus an Coimisiún comhalta amháin de a ainmniú; bheadh cumhacht ag ainmní an Choimisiúin urbhang a fheidhmiú. Is iad a bheadh ina gCoiste Bainistíochta Cathaoirleach agus ceathrar eile a bheadh ceaptha ag na Stiúrthóirí.


3. Inchialla d’Éirinn

Dealraíonn sé gurb é atá i bhfís ag an gCoimisiún go bhféachfadh an Banc, nuair a ghníomhódh sé mar árachóir creidmheasa onnmhairiúcháin, le é féin a athárachú go hiomlán nó go páirteach le hárachóirí sna hearnálacha poiblí nó príobháideacha. Má bheartaítear go loirgeodh an Banc cuid na hÉireann de chonradh árachaithe a athárachú leis an árachóir creidmheasa onnmhairiúcháin náisiúnta, tuigtear don Choiste go mba indéanta é sin a réiteach faoi fhorálacha an Achta Árachais, 1953, arna leasú. An scéim árachais chreidmheasa atá ann faoi láthair agus a oibrítear trí ghníomhaireacht Chorparáid Árachais na hÉireann tá sí bunaithe ar na forálacha sin.


Sa mhéid a bhaineann leis an gcaipiteal tosaigh, tuairim £253,000 a bheadh i ranníoc na hÉireann ach ní féidir ar an gcor seo a rá go sonrach cén dliteanas sa bhreis a tharlódh i ndáil le socrú le haghaidh ráthaíochtaí, costais tosaigh agus aon chomhardú dochair a thiocfadh de na hoibríochtaí. Tá údarás dlíthiúil i Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Idirbhearta Airgeadais Stáit), 1972 le haghaidh cibé íocaíochtaí a dhéanamh is gá.


Sa mhéid a bhaineann leis na hinchialla praiticiúla do onnmhaireoirí tá sé curtha i bhfios don Choiste gurb é is mó a bheadh ina chúram ag an mBanc mórthionscadail earraí caipitil lena mbainfeadh breis agus cúig bliana creidmheasa, is é sin, de bhreis ar an ngnáth-thréimhse uasta creidmheasa le haghaidh na gcineálacha earraí caipitil a bhíonn á dtáirgeadh in Éirinn faoi láthair.


Tá tacaíocht iomlán á thabhairt ag Cónaidhm Thionscail na hÉireann don togra, áfach. Deir an Chónaidhm go bhfuil méadú tagtha ar onnmhairiú earraí caipitil ó bunaíodh i 1970 an scéim náisiúnta atá ann faoi láthair le haghaidh árachas creidmheasa onnmhairiúcháin agus gur i réimse na n-earraí caipitil atá cuid mhaith tionscail nua a bunaíodh le blianta beaga anuas. Is dóigh leo, fiú d’éagmais an spreagadh a mbeadh súil leis a thabharfadh Banc Eorpach Onnmhairiúcháin, go rachaidh an t-éileamh ar mhaoiniú deontasach chun tacú le honnmhairiú earraí den sórt sin thar £60 milliún faoi cheann achar beag blianta. In theannta sin, deir an Chónaidhm go bhfuil éirithe go maith le gnólachtaí anseo tionscadail chomh-fhiontair a chaibidil le gnólachtaí i mBallstáit eile ó cheangail Éire le CEE. Creideann an Chónaidhm dá mbunófaí Banc Eorpach Onnmhairiúcháin go gcuirfeadh sé sin deiseanna ar fáil le haghaidh tuilleadh fiontar mar iad agus, go háirithe, go gcabhródh sé le gnólachtaí anseo dul i bpáirtíocht mar pháirtithe fhó-chonarthacha i dtionscadail ilnáisiúnta. Creideann an Chónaidhm go gcabhródh forbairtí den sórt sin le teicneolaíocht nua a thabhairt go hÉirinn agus le tuilleadh infheistíochta a tharraingt.


Chuaigh an cás a rinne an Chónaidhm i bhfeidhm ar an gComhchoiste. Creideann sé, dá bhrí sin, gur chóir tacú leis an togra má thaispeántar de thoradh scrúdú teicniúil a dhéanamh air go bhfuil dóigh réasúnach ann go mbainfeadh an Banc amach an cuspóir atá ar intinn ag an gCoimisiún.


4. Buíochas

Ba mhaith leis an gComhchoiste buíochas a ghabháil le Cónaidhm Thionscail na hÉireann agus le Cónaidhm Baincéirí Éireann as ucht a gcúnaimh le linn an togra seo a bheith á phlé.


(Sínithe) CATHAL Ó hEOCHAIDH,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


23 Márta, 1977