Committee Reports::Report No. 51 - Taxation, Mutual Assistance on, Duties repayment: Customs Debt::23 March, 1977::Report

TUARASCÁIL

A. RÉAMHRÁ

1. Tograí an Choimisiúin

Tá an Comhchoiste tar éis scrúdú a dhéanamh ar na tograí seo a leanas a rinne an Coimisiún chun na Comhairle agus a thagann faoi sciath na gCoimisinéirí Ioncaim:—


Togra do Threoir ón gComhairle maidir le cúnamh frithpháirteach ag údaráis inniúla na mBallstát i réimse an chánachais dhírigh (R/937/76);


Togra do Rialachán ón gComhairle faoi dhleachtanna allmhairithe nó onnmhairithe a aisíoc nó a mhaitheamh (R/121/76);


agus


Togra do Threoir ón gComhairle ar chomhchuibhiú forálacha a leagadh síos le dlí, rialachán nó beart riaracháin maidir le fiach custam (R/953/76).


Ghlac an Chomhairle le rún* ar an 10 Feabhra 1975 i dtaobh bearta a ghlacfaí in aghaidh seachaint cánach idirnáisiúnta. Is é an Treoir bheartaithe maidir le cúnamh frithpháirteach an chéad cheann de shraith beartanna atá ceaptha do chomhlíonadh an rúin.


Is é cuspóir atá leis an dá thogra eile cóir chomhionann a áirithiú d’onnmhaireoirí agus d’allmhaireoirí ar fud an Chomhphobail agus feictear an dréacht-Rialachán a bheith bainteach freisin leis na socruithe le haghaidh acmhainní dílse an Chomhphobail féin.


B. TREOIR CHÚNAIMH FRITHPHÁIRTIGH

2. Ábhar an Togra

Is é atá i bhfís sa togra na húdaráis inniúla i ngach Ballstát do mhalartú eolais atá ina seilbh nó atá ar a gcumas a fháil, agus a fhéadfadh cabhrú chun an dliteanas ceart a chinneadh i leith cánacha ar ioncam nó ar chaipiteal. Déanann sé foráil le haghaidh an eolais sin a thabhairt ar iarratas sonraithe nó de bhun toile in earnálacha sonraithe áirithe cásanna nuair a fhéadfaí tuiscint ón eolas féin go mb’fheidir go dtarlódh seachaint i mBallstát eile agus fós le haghaidh nós imeachta do dháil chomhairle trína bhféadfaí eolas a mhalartú go huathoibreach in earnálacha áirithe cásanna. Físítear ann freisin go bhféadfaidh Ballstáit, má theastaíonn uathu, údarás a thabhairt d’oifigigh ó riarachán cánach an Bhallstáit eile bheith i láthair ina gcríocha d’fhonn cabhrú leis an malartú eolais.


Tá rialacha sa togra le haghaidh rúndacht a choinneáil slán. Ionas go mba indéanta smachtbhannaí a ghearradh mar gheall ar aon sárú rúndachta cuireann an togra ag gabháil le heolas a fuarthas ó Bhallstát eile forálacha reachtaíochta baile iomchuí an Stáit ghlacthaigh. Toisc difir a bheith ann i réim agus i gcineál na bhforálacha rúndachta sna Ballstáit éagsúla, tá foráil eile ann, nuair atá rialacha rúndachta níos déine ag an Stát ar a n-iarrtar eolas a thabhairt ná mar atá ag an Stát glacthach, nach gá dó an t-eolas a thabhairt mura ngabhann an Stát glacthach air féin déanamh de réir na dteorainneacha diana sin agus an méid céanna rúndachta a choinneáil a bhí ag gabháil leis an eolas i Stát a thionscnaimh. Leagann an togra síos freisin gur mar a chéile na teorainneacha uileghabhálacha le malartú eolais agus iad sin atá i bhfeidhm ar gach Ballstát de réir a dhlí baile féin.


3. Barúlacha an Chomhchoiste

Chomh fada agus a bhaineann le hÉirinn de, cheapfadh an Comhchoiste go mba leor an freastal atá déanta cheana féin, trí na coinbhinsiúin déthaobhacha atá idir Ballstáit, ar mhalartú eolas idir údaráis ioncaim. Ó thaobh prionsabail níl tada aige in aghaidh na Treorach beartaithe, áfach, ach ba mhaith leis na socruithe atá i dtuar a fháisceadh suas sna slite seo a leanas:—


(a) Malartú ar é a iarraidh


I gcás reachtaíocht baile ag údarú aon fhiafraithe riachtanacha níor cheart go mbeadh d’éifeacht leis go leathnódh sé freisin na cumhachtaí fiafraithe atá faoi láthair ag na Coimisinéirí Ioncaim chun dliteanais cánach náisiúnta a chinneadh.


(b) Malartú Uathoibreach


Go ró-áirithe is feidhm reachtaíochta é earnálacha cásanna a chinneadh ina bhféadfar eolas a mhalartú go huathoibreach agus níor cheart é a fhágáil ar fad faoi na húdaráis inniúla i ngach Ballstát. Ba cheart don Treoir na teorainneacha a leagan amach a bhféadfadh siad oibriú dá réir.


(c) Malartú de dheoin


Ba cheart an téarma, aistriú saorga brabús, sa dréacht-Treoir a mhíniú go beacht ionas nach n-áireofaí ann oibríochtaí trádála bona fide. Ina theannta sin, féadfar a mheas, má aistríonn gnólacht i mBallstát eile cuid dá oibríochtaí go dtí fo-ghnólacht nua in Éirinn, go bhféadfadh caillteanas éigin cánach tarlú dá dhroim sa Bhallstát eile sin. Níor cheart déileáil leis an gcineál sin cás mar cheann a dhlíonn malartú uathoibreach eolais.


(d) Cánachas Dúbailte


Ba cheart foráil shonrach a bheith sa Dréacht-Treoir nach cead na brabúis chéanna a chur faoi cháin i dhá Stát.


4. Admháil

Ba mhaith leis an gComhchoiste a chur in iúl gur mór aige an chabhair a fuair sé ó Chónaidhm Thionscail na hÉireann agus ó Chónaidhm Baincéirí Éireann le linn an togra seo a bheith á bhreithniú.


C. RIALACHÁN FAOI DHLEACHTANNA A AISÍOC NÓ A MHAITHEAMH

5. Ábhar an Togra

Éiríonn an cheist i dtaobh dleachtanna custam, tobhaigh agus muirir den samhail sin a aisíoc nó a mhaitheamh nuair a tharlaíonn, mar shampla, gur trí dhearmad a íocadh iad nó nuair a dhiúltaítear do na hearraí sa chás mar earraí atá lochtach nó mar earraí nach bhfuil de réir an chonartha. Tá na coinníollacha faoina ndéantar an t-aisíoc nó an maitheamh sin faoi réir dlíthe náisiúnta gach Ballstáit ar leithligh. Dá nglacfaí leis an Rialachán beartaithe thiocfadh de go ndéanfaí na rialacha Comhphobail atá leagtha amach sa togra a chur in ionad na ndlíthe náisiúnta sin.


6. Barúlacha an Chomhchoiste

Tá an Comhchoiste sásta nach mbeadh aon tuarais thábhachtacha le teacht as d’Éirinn dá nglacfaí leis an togra. Creideann sé, áfach, go bhfuil na tréimhsí ar laistigh díobh a fhéadfar aisíoc dleachta a éileamh, mar atá sonraithe sa dréacht-Rialachán, go bhfuil siad ró-ghairid agus ba mhaith leo go bhfadófaí iad. Faoin Customs Consolidation Act, 1876 tá sé bliana ann chun aisíoc a éileamh ar dhleacht chustam a íocadh de dhearmad. Trí mhí nó sé mhí, de réir an sórt dearmaid, an tréimhse a bheadh ann faoin Rialachán beartaithe. De bhua alt 28 den Acht Airgid, 1933, tá sé lamháilte anois go n-aisíocfaí dleacht a íocadh ar earraí dár diúltaíodh, a damáistíodh le linn turais nó a díothaíodh agus níl aon teorainn ama chuige sonraithe san Acht sin. Sé mí nó dhá mhí dhéag na teorainneacha a cheadódh an dréacht-Rialachán cé go bhféadfaí iad sin a leathnú i gcúinsí neamhghnácha.


D. TREOIR FAOI FHIACH CUSTAM

7. Ábhar an Togra

Is é chiall atá le fiach custam an oibleagáid chun dleachtanna, tobhaigh agus muirir den sórt sin a íoc. Is rialacha náisiúnta a chinneann cad é an pointe áirithe a éiríonn an oibleagáid sin agus cé air a dtiteann an oibleagáid. Chuirfeadh an Treoir bheartaithe d’oibleagáid ar Bhallstáit a ndlíthe agus a gcleachtais a leasú ionas go mbeadh na rialacha sin mar a chéile ar fud an Chomhphobail.


8. Barúlacha an Chomhchoiste

Tá sé curtha in iúl don Chomhchoiste nach mbeadh aon tuarais thábhachtacha le teacht as d’Éirinn dá nglacfaí leis an Treoir cé go mb’fhéidir go mba ghá leasú éigin a dhéanamh ar na nósanna imeachta cuntasaíochta atá ann faoi láthair. Níl aon ní ag an gComhchoiste in aghaidh an togra.


(Sínithe) CATHAL Ó hEOCHAIDH,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


23 Márta, 1977.


*I.O. C35, 14 Feabhra, 1975.