Committee Reports::Report No. 38 - Farm Animals, Convention on Protection: Pig Production Surveys::30 June, 1976::Report

TUARASCÁIL

A. RÉAMHRÁ

1. Tograí a Scrúdaiodh

Tá an Comhchoiste tar éis a bhreithniú ar na tograí seo a leanas ón gCoimisiún a chríochnú:—


(a) Cinneadh Beartaithe ón gComhairle chun an Coinbhinsiún Eorpach ar Chosaint Ainmhithe Feirme a Chur i gCrích (R/1102/76).


(b) Treoir Bheartaithe ón gComhairle maidir le Suirbhéireachtaí a dhéanfaidh Ballstáit ar Tháirgeadh Muc (R/1110/76).


Tuigtear don Chomhchoiste gur cosúil go ndéanfaidh an Chomhairle beart faoi na tograí sin sa neastodhchaí.


B. AINMHITHE FEIRME A CHOSAINT

2. Coinbhinsiún Eorpach

Tá Coinbhinsiún Eorpach do Chosaint Ainmhithe Feirme tarraingthe suas faoi choimirce Chomhairle na hEorpa ar oscailt le haghaidh sínithe agus daingnithe ón 8 Márta 1976. Is é cuspóir an Choinbhinsiúin sin ainmhithe a choinnítear le haghaidh saothar feirme a chosaint go háirithe i ndianchórais stoc-fheirmeoireachta nua-aimsire. Sonraíonn sé bunrialacha maidir le tithíocht, bia, soilsiúchán, teocht, aerúchán, etc., agus ceanglaíonn sé ainmhithe agus trealamh teicniúil a iniúchadh in aghaidh an lae. Tá sé i bhfaisnéis go mbunófar Buan-Choiste a mbeadh sé de cheart ag gach páirtí conarthach ionadaí a cheapadh air. Bheadh sé de fhreagracht ar an mBuan-Choiste moltaí a dhéanamh faoin gCoinbhinsiún a chur i gcrích, faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí i dtaighde eolaíochta agus ar mhodhanna nua in oiliúnt ainmhithe, chun réiteach muinteartha a dhéanamh idir na páirtithe conarthacha agus chun tuairimí comhairlitheacha a lua ar iarratas páirtí chonarthaigh. Tá roinnt reachtaíochta Comhphobail ann cheana féin a bhaineann le substaint an Choinbhinsiúin ach measann an Coimisiún go bhfuil comhchuibhiú níos iomláine ag teastáil. Chuige sin measann sé gur mhaith an rud an Comhphobal do cheangal leis. I gcás é a cheangal leis, bheadh an Coimisiún ag ionadú don Chomhphobal ar an mBuan-Choiste.


Níl an Coinbhinsiún sínithe ag Éirinn go fóill.


3. Scrúdú an Chomhchoiste ar an Togra

Tuigtear don Chomhchoiste ón Roinn Talmhaíochta agus lascaigh nach léir go bhfuil aon rud in aghaidh substaint an Choinbhinsiúin chomh fada agus a bhaineann leis an tír seo.


Chuaigh an Comhchoiste i gcomhairle le Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann agus dúradh leis nach bhfuil aon rud in aghaidh an Choinbhinsiúin ag an gComhlachas.


Chuir Cumann Cosanta na nAinmhithe in iúl don Chomhchoiste go measann sé go bhfuil an Coinbhinsiún “an-sásúil chomh fada agus a théann sé”. Dar leis go mbeidh “go leor ag brath ar chomhdhéanamh an Bhuanchoiste”.


4. Admháil

Ba mhaith leis an gComhchoiste a bhuíochas a chur in iúl as ucht na cabhrach a fuair sé ó Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann agus ó Chumann Cosanta na nAinmhithe agus an t-ábhar sin á scrúdú aige.


C. SUIRBHÉIREACHTAÍ AR THÁIRGEADH MUC

5. Treoir Bheartaithe

De thoradh oibleagáidí a d’fhorchuir an Conradh agus Rialachán Uimh. 2759/75 ón gComhairle a bhaineann leis an margadh muiceola a chomheagrú, tá eolas beacht á lorg ag an gCoimisiún i gcás gach Ballstáit i dtaobh líon a chuid muc agus a tháirgeadh muiceola maraon le réamhaisnéisí gearrthéarma faoi sholáthairtí muiceola don mhargadh. Chun na críche sin ní foláir suirbhéireachtaí a dhéanamh go comhthráthach sna Ballstáit a bhainfidh le hearnálacha den tsamhail chéanna agus a mbeidh ina dteannta sin fós réamhaisnéisí i leith tréimhsí comhionanna. Tá foráil sa Treoir bheartaithe i dtaobh suirbhéireachtaí tréimhsiúla ar líon na muc de réir earnnálacha sonraithe (in imthosca áirithe, féadfar na suirbhéireachtaí a dhéanamh trí shampláil amasach), i dtaobh torthaí a mhionsonrú de réir earnálacha meáchain agus i dtaobh staidreamh maruithe. Soláthróidh an Coimisiún tuarascálacha i dtráth cuí ar thorthaí na suirbhéireachtaí agus na réamhaisnéisí.


6. Inchialla d’Éirinn

Tuigtear don Comhchoiste ón bPríomh-Oifig Staidrimh nach ndéanfadh an Treoir bheartaithe go formhór ach comhdhlúthú ar Threoracha agus Cinntí atá ann cheana féin agus atá á gcur chun feidhme cheana féin sa tír seo.


(Sínithe) CATHAL Ó hEOCHAIDH,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


30 Meitheamh, 1976.