Committee Reports::Report No. 38 - Farm Animals, Convention on Protection: Pig Production Surveys::06 December, 1978::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOMHCHOISTE

PROCEEDINGS OF THE JOINT COMMITTEE

Dé Céadaoin, 30 Meitheamh, 1976

Wednesday, 30th June, 1976

1. Chruinnigh an Comhchoiste ar 4.30 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:


Na Teachtaí Ó hEochaidh (i gCeannas), Esmonde, Mac Domhnaill agus Ó Nualláin; na Seanadóirí Ó hUiginn, Ó Luineacháin, Bean Mhic Roibín agus Yeats. Fuarathas leithscéal ón Teachta Dockrell agus ón Seanadóir Mac Gearailt faoi nár fhéad siad beith i láthair.


3. Dréacht-Tuarascáil ar Chinneadh Beartaithe ón gComhairle chun an Coinbhinsiún Eorpach ar Chosaint Ainmhithe Feirme a chur i gcrích agus Treoir Bheartaithe ón gComhairle maidir le Suirbhéireachtaí a dhéanfaidh Ballstáit ar Tháirgeadh Muc.


Thug an Cathaoirleach Dréacht-Tuarascáil i láthair agus léadh í mar a leanas:—


(i) Mír 1.


Tairgeadh leasú (An Seanadóir Bean Mhic Roibín).


“To delete the final sentence and substitute the following:—


‘The Joint Committee understands that action by the Council on these proposals is likely in the near future’”.


Aontaíodh an leasú.


Aontaíodh an mhír mar a leasaíodh.


(ii) Aontaíodh Míreanna 2 go 6 go huile.


Aontaíodh an Dréacht-Tuarascáil mar a leasaíodh.


Ordaíodh: Tuairisciú dá réir sin.


4. Athlá.


Chuaigh an Comhchoiste ar athló ar 6.20 p.m.