Committee Reports::Report No. 37 - Fishing, Restructuring of Non-Industrial Inshore Industry::30 June, 1976::Report

TUARASCÁIL

1. Réamhrá

Tá scrúdú déanta ag an gComhchoiste ar thogra maidir le Rialachán ón gComhairle ar chlár chun an tionscal iascaireachta neamhtionsclaíoch cois cladaigh a athchóiriú [R/2988/75].


Samhlaíonn togra an Choimisiúin go nglacfaidh an Chomhairle leis an Dréacht-Rialachán ionas go dtiocfadh sé i bhfeidhm 1 Iúil, 1976. Tá tosaithe ag Meitheal Oibre Saineolaithe ón gComhairle ar an togra a bhreithniú ach tuigtear nach mbeidh an breithniú sin críochnaithe i dtráth le go bhféadfadh an Chomhairle cinneadh a dhéanamh roimh 1 Iúil.


2. Brí an Togra i gcoitinne

Togra é le haghaidh Rialachán ón gComhairle faoi thuairim an tionscal iascaireachta neamhthionsclaíoch cois cladaigh a fheabhsú trí chóir nua-aimseartha a chur ar bháid iascaireachta agus ar dheiseanna eile táirgthe.


Samhlaítear go n-ullmhódh Ballstáit, agus go gcuirfidís faoi bhráid an Choimisiúin lena gceadú, cláir ar cláir iad de rún an tionscal a fhorbairt agus a athchóiriú i mBallstát amháin nó níos mó. Chuirfeadh Ballstát, freisin, faoi chuimsiú an chláir, scéimeanna forbartha faoi bhráid an Choimisiúin a dhéanfadh cinneadh ina dtaobh de réir critéar sonraithe. Uimhir tionscadal forbartha comhoirdnithe a bheadh i scéim forbartha.


Thiocfadh go n-áireofaí gur tionscadal forbartha infheistiú le haghaidh athchóirithe i ndáil le táirgeadh, próisiú agus margú nó, dá mba ghá é le haghaidh athchóirithe, i ndáil le taighde agus atraenáil. Bheadh cúnamh airgid le fáil ó FEOGA le haghaidh tionscadal den sórt sin.


Má bhíonn socrú i gclár ceadaithe i dtaobh laghdú ar iascaireacht mar gheall ar an iomarca iascaireachta, cuótanna gabhála a shocrú nó i dtaobh truaillithe, féadfaidh Ballstáit bearta a cheapadh le hiascairí a bhrostú chun scor d’iascaireacht. Bheadh cúnamh airgid le fáil ó FEOGA le haghaidh na mbearta sin freisin.


3. Tionscadail Forbartha

Ní foláir gurb iad na daoine a sheolfaidh na tionscadail a bhainfidh le gléasra agus trealamh daoine a bhí ag iascaireacht le cúig bliana i mbáid ar lú ná 24 mhéadar dá líne snámha nó a bhíonn ag feirmeoireacht éisc, crústach nó maorach. D’áireofaí ar ghléasra agus trealamh báid iascaigh, déanmhais cois cladaigh agus iascfheirmeacha a chomhlíonann ceanglais shonraithe. Tá dhá chineál bád iascaigh a fhéadfar a áireamh i dtionscadal forbartha a mbeadh deontais iníoctha ina leith, mar atá, trálaeir, báid a mbeadh saighean bradóige iontu agus báid ilfhóinteachta a mbeadh 12 mheádar ar a laghad de líne snámha acu agus báid eile a mbeadh idir 6 mhéadar agus 12 mhéadar de líne snámha acu.


4. Scor d’Iascaireacht

Is iad na bearta a shamhlaítear (a) blianachtaí a dheonú do dhaoine idir 55 agus 65 bliana d’aois a bhuanscoireann d’iascaireacht agus (b) préimheanna cnapshuime a dheonú do dhaoine a dhíolann báid 15 bliana ar a laghad d’aois lena mbriseadh. Bheadh de rogha ag Ballstáit na bearta sin a fheidhmiú nó gan iad a fheidhmiú.


5. Forálacha Airgeadais

Bheadh an cúnamh airgid seo a leanas le fáil ó FEOGA:—


Fóirdheontais chaipitiúla

..

..

..

..

25%

Taighde agus Atraenáil

..

..

..

..

5%

Scor de bhearta Iascaireachta

..

..

..

25%

I gcás tionscadail forbartha bheadh ar fháltóirí 50% den chostas a íoc agus dhlífeadh na Ballstáit cuid nach lú ná 40% de dheontas FEOGA a ranníoc.


I gcás ina scoirtear de bhearta iascaireachta, bheadh an ranníoc ó FEOGA bunaithe ar na híocaíochtaí uastu seo a leanas, is é sin, i gcás (a) blianachtaí go dtí 65 bliana d’aois: 900 a.c. (£375) do dhuine pósta agus 600 a.c. do duine singil nó do bhaintreach mná, agus (b) i gcás préimhe i leith bád a bhriseadh: 200 a.c. (£83) in aghaidh gach mór-thonna chláraithe.


Seo síos sonraí an chaiteachais atá beartaithe do thréimhse cúig bliana:—


 

a.c.

(a) Tonnáiste nua (40,000 tonna marbh-mheáchan)

..

40 m.

(b) 6,000 iascaire a thréigfidh iascaireacht

..

..

26 m.

(c) Scartáil (80,000 tonna marbh-mheáchan)

..

..

16 m.

(d) Pórú éisc agus maoracha a fhorbairt

..

..

20 m.

(e) Trealamh ar tír le haghaidh caomhainte, próisithe,

agus margaíochta

..

..

..

..

..

15 m.

(f) Taighde agus traenáil

..

..

..

..

..

1 m.

6. Tuairimí an Chomhchoiste

Is í Éire amháin an t-aon cheann de na Ballstáit a bhfuil a thionscal iascaireachta ag méadú agus is dóigh gur riachtanaí dúinn ár gcumas tógála a mhéadú má leathnaítear amach teorainneacha ár n-iascaigh eisiataigh náisiúnta, rud is dóigh a tharlóidh. Beidh fáilte roimh aon chúnamh faoi chomhair na deacrachta sin a réiteach agus tá fáilte ar leith ag an gComhchoiste roimh an ngné sin den Rialachán beartaithe a shamhlaíonn tosaíocht a bheith le tabhairt do scéimeanna a bheadh cáilithe le cúnamh a fháil as an gCiste Forbartha Réigiún. Chuir an Roinn Talmhaíochta agus Iascaigh in iúl don Comhchoiste nach mbainfeadh aon deacracht leis an tír seo i ndáil leis an gceanglas go gcuirfí faoi bhráid an Choimisiúin clár forbartha a ndéanfaí tionscadail a chur ar aghaidh faoina réim ar lorg cúnaimh. Molann an Comhchoiste go láidir deifriú chomh tapaidh agus is féidir le clár forbartha oiriúnach a ullmhú.


Is í an chuid den togra is mó a bhfuil spéis ag Éirinn inti an socrú atá molta deontais a bheith le fáil ó FEOGA le híoc as suas le 25% de chostas báid iascaigh a cheannach, gléasra próiseála a dhéanamh ar tír, agus le haghaidh feirmeoireachta éisc mhara. Go dtí seo bhí fáil ag tionscadail den sórt sin ar dheontais comhphobail faoin scéim deontais FEOGA áirithe (Rialachán 17/64) a bhaineann leis na ranna go léir atá faoi réim an Chomhpholasaí Talmhaíochta ach ní bhíonn aon suim leagtha síos sa bhuiséad don scéim sin aon bhliain le haghaidh tionscadail iascaigh go háirithe, agus bhí na tionscadail sin, dá bhrí sin, i gcoimhlint le gnáththionscadail talmhaíochta ar lorg an airgid a bhí ar fáil. Ach déanfaí, de réir an togra atá á phlé faoi láthair, scéim chinnte airgid a chur in áirithe do thionscadail iascaigh in imeacht 5 bliana.


Is giorra ná 24 mhéadar de líne snámha atá ag na báid iascaigh Éireannacha go léir faoi láthair beagnach, rud a d’fhágfadh go bhféadfadh formhór tionscal iascaireachta mara na hÉireann a bheith cáilithe le deontais athchóirithe a fháil. Ní chuirfear aon teorainn, áfach, leis na deontais cúnaimh faoin togra sin le báid a fháil in ionad báid.


Maidir leis an socrú le blianachtaí a dheonú d’iascairí idir 55 agus 65 a gheallann scor d’iascaireacht, agus préimheanna a dheonú i leith báid 15 bliana nó níos mó a bhriseadh (agus FEOGA do shlánú 25% den chaiteachas) d’fhágfaí de rogha ag na Ballstáit na scéimeanna sin a bhunú nó gan iad a bhunú. Na bearta sin le brostú le hiascairí scor d’iascaireacht is faoi chomhair tíortha iad a mbaineann deacrachtaí leo in ndáil le hiomarcacht gabhála éisc agus a dteastódh uathu laghdú ar a líon bád iascaigh agus iascairí. Ní bhaineann an deacracht sin le hÉirinn.


Cé go bhfuil fáilte ag an gComhchoiste roimh an Rialachán beartaithe i gcoitinne tá roinnt leasuithe ba mhaith leis a dhéanfaí air. Tugann sé dá aire nach mór iarratais ar chúnamh a bheith ag an gCoimisiún roimh 1 Iúil gach bliain ach go dtabharfar go dtí an 30 Meitheamh an bhliain dá éis don Choimisiún le cinneadh a dhéanamh. Tréimhse ró-fhada í sin, tráth a bhfuil airgead ag bolgadh agus costais ag méadú, a ligean le cinneadh a dhéanamh. B’fhearr leis an gComhchoiste dá ligfí do na Ballstáit féin cinneadh a dhéanamh i ndáil le tionscadail leith ar leith de réir treoirlínte a bheadh i dTreoir ón gComhairle. Ach más ag an gCoimisiún a bheidh sé gach cinneadh a dhéanamh, is ceart go n-áiteofaí go ndéanfaí cinneadh níos scafánta ná mar atá samhlaithe sa togra.


Tugann an Comhchoiste dá aire go moltar tosaíocht a thabhairt do scéimeanna arb amhlaidh dóibh, inter alia, gur cuireadh i gcionn iad i réim gníomhaíochta eagras aitheanta táirgeoirí nó a gcomhlachas. Is é tuairim an Chomhchoiste gur ceart aitheantas a thabhairt i gcomhthéacs na forála sin do fheidhm comharchumann iascairí sa tír seo. Molann sé dá bhrí sin go leasófaí an fhoráil trí na focail comharchumainn iascairí nó comhlachais iascairí a chur inti.


7. Admháil

Ba mhaith leis an gComhchoiste buíochas a ghabháil faoin gcúnamh mór a fuair sé ó Eagras Iascairí na hÉireann le linn dó a bheith ag scrúdú an togra sin.


(Sínithe) CATHAL Ó hEOCHAIDH,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


30 Meitheamh, 1976.