Committee Reports::Report No. 37 - Fishing, Restructuring of Non-Industrial Inshore Industry::06 December, 1978::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOMHCHOISTE

PROCEEDINGS OF THE JOINT COMMITTEE

Dé Céadaoin, 30Meitheamh, 1976

Wednesday, 30th June, 1976

1. Chruinnigh an Comhchoiste ar 4.30 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:


Na Teachtaí Ó hEochaidh (i gCeannas), Esmonde, Mac Domhnaill agus Ó Nualláin; na Seanadóirí Ó hUiginn, Ó Luineacháin, Bean Mhic Roibín agus Yeats. Fuarthas leithscéal ón Teachta Dockrell agus ón Seanadóir Mac Gearailt faoi nár fhéad siad bheith i láthair.


3. Dréacht-Tuarascáil ar Rialachán Beartaithe ón gComhairle maidir le Clár chun an Tionscal Iascaireachta Neamhthionsclaíoch cois Cladaigh a Athchóiriú.


Thug an Cathaoirleach Dréacht-Tuarascáil i láthair agus léadh í mar a leanas:—


(i) Aontaíodh míreanna 1 go 5 go huile.


(ii) Mír 6.


Tairgeadh leasú (án Seanadóir Bean Mhic Roibín):


“To add the following to the first sub-paragraph:—


‘The Joint Committee urges that Department to proceed as quickly as possible with the preparation of a suitable development programme’”.


Aontaíodh an leasú.


Aontaíodh an mhír mar a leasaíodh.


(iii) Aontaíodh mír 7.


Aontaíodh an Dréacht-Tuarascáil mar a leasaíodh.


Ordaíodh: Tuairisciú dá réir sin.


4. Athlá.


Chuaigh an Comhchoiste ar athló ar 6.20 p.m.