Committee Reports::Report No. 36 - Imports of Personal Property and of Certain Means of Transport Tax Exemptions::30 June, 1976::Report

TUARASCÁIL

A. RÉAMHRÁ

1. Tograí a scrúdaiodh

Tá an Comhchoiste tar éis scrúdú a dhéanamh ar na tograí seo a leanas ón gCoimisiún le haghaidh Treoracha ón gComhairle:—


(a) Díolúintí cánach is infheidhme maidir le maoin phearsanta de chuid pearsana aonair a bhuan-allmhairiú ó Bhallstát (R/2689/75); agus


(b) Díolúintí cánach laistigh den Chomhphobal do chóracha iompair áirithe a allmhaireofar go sealadach (R/2688/75).


Tá na tograí bunaithe ar Airteagal 99 de Chonradh CEE a bhaineann le comhchuibhiú a dhéanamh ar dhlíthe náisiúnta maidir le cánacha láimhdeachais, dleachtanna máil agus cineálacha eile cánachais indírigh.


Cosúil leis na liúntais saor ó cháin do lucht taistil atá i bhfeidhm cheana féin i ngach Ballstát, is é cuspóir ginearálta na dtograí seo atá i dtrácht cabhrú le go n-aireodh pobal na mBallstát i gcoitinne gur rud feidhmitheach an Comhphobal. D’fhonn an cuspóir sin a bhaint amach tá an Coimisiún ag iarraidh foirmiúlachtaí teorann a laghdú a mhéid is féidir agus cánachas dúbailte a chosc, oiread agus is féidir sin, i gcás daoine agus a gcuid maoin phearsanta do ghluaiseacht laistigh den Chomhphobal.


Tá an Coimisiún tar éis a iarraidh ar an gComhairle beart a dhéanamh i dtaobh na dtograí sin sa chéad leath de 1976.


B. MAOIN PHEARSANTA

2. Maoin le haghaidh Úsáide Pearsanta

Is é feidhm atá leis an togra a iarraidh ar gach Ballstát maoin a bheidh á hallmhairiú go buan ó Bhallstát eile ag pearsa aonair lena húsáid go pearsanta aige féin, ag a theaghlach nó ag a fhostaithe a dhíolmhú ó cháin láimhdeachais, ó dhleacht máil agus ó chánacha tomhaltais eile. Caithfidh an mhaoin a bheith ina maoin úsáidte agus é a bheith ceaptha í a fheistiú in áit chónaithe is de chuid an allmhaireora féin nó a mbeidh tionóntacht naoi mí ar a laghad glactha aige uirthi. Ní foláir cánacha áitiúla a bheith íoctha ar an maoin sa Bhallstát inar ceannaíodh í agus is coinníoll nach le haghaidh onnmhairithe a ceannaíodh í. Ar feadh dhá mhí dhéag tar éis a allmhairithe ní cead í a dhiúscairt, a chur ar fruiliú ná a thabhairt ar iasacht go saorálach.


Maidir le mótar-fheithiclí agus le modhanna eile iompair, lena n-áirítear capaill mharcaíochta agus peataí, ní bhfaighfí díolúine ina gcás sin ach amháin nuair a bheadh an t-allmhaireoir ag aistriú a phríomh-áit chónaithe go dtí Stát an allmhairithe. Ní fholáir mótar-fheithiclí (lena n-áirítear leantóirí), carbháin, teaghaisí inghluaiste, báid aeraíochta agus eitleáin phríobháideacha a bheith faighte sé mhí ar a laghad roimh a n-allmhairiú agus ní fóláir cánacha áitiúla a bheith lán-íoctha.


Thabharfadh an dréacht-Treoir cead freisin do phearsa aonair earraí nua a allmhairiú saor ó cháin dá mbeadh beartaithe aige nó aici, ar phósadh, a phríomh-áit nó a príomh-áit chónaithe a bhunú sa Stát. I gcás aon earra ab fhiú thar 125 aonad cuntais níor mhór don allmhaireoir a chruthú go raibh cáin íoctha air go hiomlán i mBallstát.


Baineann an togra freisin le maoin phearsanta duine éagtha i mBallstát. Aon duine a gheobhaidh úinéireacht tairbhiúil ar mhaoin den sórt sin ar mhodh oidhreachta féadfaidh sé í a allmhairiú saor ó cháin isteach i mBallstát eile laistigh de shé mhí ó sheilbh a ghlacadh uirthi.


I gcríoch dála thabharfadh an dréacht-Treoir cead do Bhallstát socruithe níos liobrálaí a dhéanamh ná iad sin dá bhforáiltear sa togra más áil leis sin.


3. Dlí na hÉireann faoi láthair

Is é an dlí a dhéanann rialú faoi láthair ar allmhairí atá beartaithe le haghaidh lonnú in áit chónaithe, allmhairí ar phósadh agus allmhairí tiomnachtaí, ailt 17, 18(a) agus 18(b), faoi seach, den Acht Airgid, 1936 arna leathnú le hachtacháin ina dhiaidh sin, agus is mar a leanas a fhorálann siad:—


(a) lonnú in áit chónaithe:—Ar áit chónaithe bhuan a athrú chun an Stáit, féadfar earraí, seachas stoc trádála, á d’úsáid an t-allmhaireoir nó a mhuirín nó a theaghlach, roimh theacht isteach, a ligean isteach saor ó dhleacht custam agus ó CBL le haghaidh úsáide leanúnaí den sórt sin.


(b) pósadh:—Duine ar a raibh gnáthchónaí lasmuigh den Stát roimh pósadh agus a bheartaíonn cónaí go buan sa Stát tar éis pósta féadfar cead a thabhairt dó bronntanais phósta iniompair a allmhairiú saor ó dhleacht agus ó cháin.


(c) tiomnachtaí:—Duine a bhfuil gaol fola nó pósta aige leis an éagach agus a thiocfaidh i gcomharbas ar mhodh oidhreachta ar earraí is cuid de eastát pearsanta duine a gheobhaidh bás lasmuigh den Stát féadfar cead a thabhairt dó iad a allmhairiú saor ó dhleacht agus ó cháin.


Dá nglacfaí leis an togra níor mhór na forálacha sin a leasú ionas nach mbainfeadh siad ach le hallmhairí ó stáit nach Ballstáit agus níor mhór forálacha nua a achtú le haghaidh allmhairí ó thíortha Comhphobail.


Faoin Acht um Mótar-Fheithiclí (Allmhaireoirí a Chlárú), 1968 tá cumhacht lánroghnach ag an Aire Tionscail agus Tráchtála údarás a thabhairt dó dhuine mótar-fheithicil a allmhairiú.


Tá cumhacht aige faoi reachtaíocht tharmligthe faoin Acht d’Fhorchur Dleacht, 1957 agus faoin Acht Airgeadais, 1962, laghdú a thabhairt i ráta na dleachta custam.


Ó mhí Iúil 1977 amach ní bheidh dleachtanna custam ina mbac a thuilleadh ar ghluaiseacht maoine pearsanta laistigh den Chomhphobal, mar beidh deireadh leis na dleachtanna sin i gcás na n-earraí lena mbaineann na tograí seo go formhór. Fanfaidh rátaí náisiúnta CBL agus dleachtanna máil áirithe.


4. Tuairimí an Chomhchoiste

Má ghlactar leis an togra, d’fhéadfaí maoin phearsanta úsáidte a allmhairiú gan cánacha na hÉireann a íoc lena feistiú in áit chónaithe anseo fiú muran áit chónaithe bhuan í. Athrú eile a thiocfadh dá bharr nár ghá gur earraí iniompair a bheadh i mbronntanais phósta le go mbeadh teideal an díolmhú a fháil ina leith. Athruithe iad sin de chineál a mbeadh súil leo ó aon bhealach a cheapfaí chun saorghluaiseacht daoine sa Chomhphobal a chur chun cinn agus ba chóir aon mhí-bhuntáistí a bhainfeadh dá chionn don tír seo a chúiteamh leis na buntáistí a shroichfeadh do chónaitheoirí Éireannacha agus iadsan ag aistriú go dtí Ballstáit eile.


Ní hionann ar fad an scéal maidir le mótar-fheithiclí, a bhfuil sé i bhfaisnéis sa togra go n-allmhaireofaí iad, gan cánacha na hÉireann a íoc má bhíonn buan-athrú á dhéanamh ar áit chónaithe agus sa chás sin amháin. I bPrótacal Uimh. 7 den Chonradh Aontachais rinneadh forálacha speisialta chun tionscal cóimeála gluaisteán na hÉireann a chosaint agus ag féachaint do na forálacha sin níor cheart don Treoir, chomh fada agus a bhaineas le hÉirinn, leathnú a dhéanamh ar na saoráidí atá ann faoi láthair i gcás gluaisteán. Aon srianta a bhfuil teideal ag na Coimisinéirí Ioncaim agus ag an Aire Tionscail agus Tráchtála iad a fhorchur faoi na cumhachtaí reachtúla atá acu faoi láthair ba cheart leanúint dá gcur i bhfeidhm. Tuigtear don Chomhchoiste, mar shampla, nach foláir do chónaitheoir Éireannach agus é ag filleadh tar éis cónaí go sealadach lasmuigh den tír, dhá bhliain ar a laghad a bheith caite aige lasmuigh agus an gluaisteán a bheith faighte aige le mór-úsáid a bhaint as lasmuigh, ceanglas a chomhlíonann bliain amháin úinéireachta ar an ngluaisteán. Ba cheart an ceanglas sin a fhágáil i bhfeidhm.


C. CÓIR IOMPAIR A ALLMHAIREOFAR GO SEALADACH

5. Treoir Bheartaithe

Thabharfadh an togra cead do chónaitheoir i mBallstát gluaisteán (lena n-áirítear leantóir), carbhán, bad aeraíochta, eitleán príobháideach nó rothar a allmhairiú isteach i mBallstát eile le haghaidh a úsáide féin ar feadh tréimhse sé mhí in aon bhliain gan cánacha ná dleacht a íoc. Bheadh cead aige freisin gluaisteán a allmhairiú le haghaidh gnó (gan iompar paisinéirí ar luaíocht nó iompar earraí a áireamh) faoina coinníollacha céanna ach na cánacha áitiúla go léir a bheith íoctha i leith na feithicle sa Bhallstát inar cláraíodh í. Ní fhéadfaí go dleathach an fheithicil a dhíol ná a chur ar fruiliú (faoi réir mhioneisceachta i gcás gnólachtaí carr-fhruilithe) i rith tréimhse an allmhairithe. Bheadh uirlisí iniompair, ábhar léitheoireachta agus samplaí tráchtála a allmhaireofaí i dteannta na feithicle díolmhaithe freisin. Bheadh capaill a allmhaireofaí le haghaidh turas marcaíochta díolmhaithe freisin ar feadh trí mhí.


6. Dlí na hÉireann faoi láthair

Is iad na Rialacháin um Mótar-Fheithiclí (Allmhairiú Sealadach), 1970, a rinne an tAire Airgeadais faoi Alt 29 den Acht Airgeadais, 1963 a dhéanann rialú faoi láthair ar allmhairiú sealadach mótar-fheithiclí agus carbhán. Dá nglacfaí leis an togra níor mhór na Rialacháin sin a leasú chun nach mbainfeadh siad ach le feithiclí a allmhaireofaí ó thíortha nach bhfuil sa Chomhphobal agus níor mhór forálacha nua a achtú i leith na gcóracha iompair a shonraítear sa togra a allmhairiú go sealadach as tíortha CEE.


De réir na bhforálacha Éireannacha a bhaineann le hallmhairiú sealadach faoi láthair tá cead ag duine a bhfuil a aon-áit nó a phríomh-áit ghnó lasmuigh den Stát feithiclí áirithe a allmhairiú saor ó dhleacht nó ó cháin ar feadh tréimhse nach faide ná 12 mhí faoi réir coinníollacha áirithe arb iad na cinn is tábhachtaí díobh nach mbainfear úsáid as na feithiclí sin chun daoine a iompar ar luaíocht laistigh den Stát agus nach dtiomáinfidh éinne iad ach an t-allmhaireoir.


7. Tuairimí an Chomhchoiste

Tugann an Comhchoiste dá aire nach dtabharfadh an Treoir bheartaithe ach díolúine 6 mhí i gcomparáid leis an 12 mhí atá ceadaithe de réir na rialachán Éireannach faoi láthair i gcás gluaisteán agus carbhán. Tá foráil sa Treoir, áfach, go bhféadfadh Ballstáit cóir níos liobrálaí a cheadú ná mar atá sonraithe sa Treoir. I ndáiríre ní gá go ndéanfadh an Treoir aon athrú suntasach i gcoinníollacha na hÉireann maidir le hallmhairiú sealadach ach i slí amháin—cruthú ar chónaí lasmuigh den tír.


Faoi rialacháin na hÉireann mar atá siad, ní foláir don allmhaireoir a éilíonn an ceart chun a ghluaisteán a allmhairiú go sealadach a chruthú don lucht Custam gur lasmuigh den Stát atá a aon-áit nó a phríomh-áit ghnó. Níl aon rialacha reachtúla ann le haghaidh cónaí a bhunú. Dá dteastódh ó oifigeach cruthú a fháil ar theideal chun díolúine d’iarrfadh sé an Leabhar Cláraitheachta féachaint an bhfuil an t-allmhaireoir cláraithe mar úinéir agus seoladh lasmuigh den tír aige. Dé ghnáth glactar le fianaise dhoiciméadach eile ar nós Cead Taistil Idirnáisiúnta, ceadúnas tiomána, deimhniú árachais, carnet nó triptíc. Dhéanfadh Treoir bheartaithe CEE rialacha a bhunú chun stádas cónaithe a chruthú. Is é atá beartaithe go dtabharfadh an t-allmhaireoir fianaise ar a áit chónaithe trína phas nó a chárta aitheantais a thabhairt ar aird nó, mura bhfuil siad aige, aon doiciméad aitheantais eile a nglacann Ballstát an allmhairithe lena bhailíocht. Má bhíonn amhras ar Údaráis an Stáit sin mar gheall ar an bhfianaise a tugadh ar aird féadfaidh siad fianaise bhreise a iarraidh agus má bhíonn siad fós gan sásamh ceadóidh siad allmhairiú sealadach ar feadh tréimhse nach faide ná 6 mhí ach sin faoi réir urrúis i leith na dleachta. Má thugann an t-allmhaireoir deimhniú dliteanais i leith cánach ioncaim ar aird i mBallstát eile i ndáil lena ioncam tuillte go léir ní iarrfar urrús i leith na dleachta le linn allmhairithe agus urscaoilfear aon urrús a bheidh tugtha cheana féin.


Beidh ar údaráis inniúla gach Ballstáit deimhniú a eisiúint chuig gach duine a iarrfaidh é, ag deimhniú a dhliteanais i leith cánach ioncaim, lena thabhairt ar aird d’údaráis Ballstáit a mbeidh an duine sin lena charr a allmhairiú isteach ann. Bheadh socrú freisin sa Treoir le haghaidh údaráis cánach dul i gcomhairle le chéile faoi cheisteanna a d’éireodh as údarás amháin d’eisiúint deimhniú ar dhliteanas cánach chuig duine a bheadh ag allmhairiú feithicle isteach i gcríoch an udaráis eile. Theastódh reachtaíocht shonrach chun an fhoráil sin a fheidhmiú sa tír seo.


Measann an Comhchoiste gur ceanglais theicniúla formhór na gceanglas sin agus gur féidir dá dhroim sin a bhfágáil faoi na Coimisinéirí Ioncaim lena meas.


(Sínithe) CATHAL Ó hEOCHAIDH,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


30 Meitheamh, 1976.