Committee Reports::Report No. 35 - Right of Establishment and Freedom to Provide Services::30 June, 1976::Report

TUARASCÁIL

A. GINEARÁLTA

1. Reamhrá

Tá dhá Chaibidil faoi Theideal III de Chonradh CEE ag baint faoi seach le ceart bunaíochta agus le saoirse chun seirbhísí a sholáthar.


Is é rud é ceart bunaíochta ceart náisiúnaigh Ballstáit chun dul isteach i mBallstát eile agus é féin a bhunú ansin trí ghabháil le gníomhaíochtaí mar dhuine ag obair ar a chonlán féin nó trí ghnóthas ar nós cuideachta nó gnólacht a chur ar bun agus a bhainistí nó trí ghníomhaireacht, brainse nó fochuideachta a bhunú faoi na coinníollacha atá leagtha síos dá chuid náisiúnach féin ag an Stát glacthach.


Cuireann an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar ar chumas náisiúnaigh de Bhallstát amháin seirbhísí a sholáthar ó bhunáit sa Stát sin do dhuine ar a bhfuil cónaí i mBallstát eile faoi na coinníollacha atá leagtha síos dá chuid náisiúnach féin ag an mBallstát eile sin. Áirítear ar sheirbhísí, go háirithe gníomhaíochtaí (a) de chineál tionsclaíoch, (b) de chineál tráchtálach, (c) aos ceirde agus (d) aos gairme.


Baineann na cearta sin araon le cuideachtaí agus gnólachtaí chomh maith is a bhaineann siad le daoine nádúrtha.


Is é a bhí ceaptha leis an gConradh go nglacfadh an Chomhairle le cláir ghinearálta roimh dheireadh na chéad idirthréimhse chun srianta ar fheidhmiú na gcearta sin a dhíothú agus na cláir sin a chur i ngníomh trí Threoracha ón gComhairle a eisiúint. Ghlac an Chomhairle le dhá chlár ghinearálta i Nollaig 1961 agus d’eisigh an Chomhairle roinnt Treoracha ina dhiaidh sin ag baint le gníomhaíochtaí éagsúla.


2. Éifeacht Cinntí na Cúirte Breithiúnais

Bhí inchialla tábhachtacha ag baint le dhá chinneadh ón gCúirt Bhreithiúnais i 1974 maidir leis an gceart bunaíochta agus an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar sna Ballstáit a chur i bhfeidhm. I gcás Reyners v an Bheilg (Cás 2/74; [1974] RCE 631) rinne an Chúirt rialú go raibh Airteagal 52 de Chonradh CEE, a bhaineann le ceart bunaíochta, infheidhme go díreach ó dheireadh na tréimhse idirlinne sna Ballstáit go léir d’ainneoin gan Treoracha ón gComhairle a bheith ann i leith aon ghníomhaíochta áirithe. I gcás Van Binsbergan v Bestuur van de Bedrijfsvereniging voor de Metaalnijverheid (Cás 33/74; [1974] RCE 1299) chinn an Chúirt go raibh an chéad mhír d’Airteagal 59 agus an tríú mír d’Airteagal 60, a bhaineann leis an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar, infheidhme go díreach freisin ar a laghad sa mhéid go dtriaileann siad deireadh a chur le hidirdhealú in aghaidh duine a sholáthraíonn seirbhís de bhíthin náisiúntachta nó cónaithe i mBallstát seachas an Ballstát ina bhfuil an tseirbhís le soláthar.


Féadfaidh pearsana aonair forálacha is infheidhme go díreach den Chonradh a chur i ngníomh trí na cúirteanna náisiúnta gan reachtaíocht náisiúnta ná reachtaíocht thánaisteach na gComhphobal a bheith páirteach ann. Toradh amháin a bhí ar chinntí na Cúirte, dá bhrí sin, nár ghá a thuilleadh Treoracha a ghlacadh chun deireadh a chur le srianta dlíthiúla a bhí forchurtha ag Ballstáit ar fhoras náisiúntachta. Ina theannta sin, níorbh fhéidir a thuilleadh amchláir a leagan síos i dTreoracha, mar a rinneadh san am atá caite, do dhíothú na srianta sin nó do cheangal a ndíothú le bearta chun forálacha náisiúnta a chomhordú agus aitheantas frithpháirteach a thabhairt do cháilíochtaí. Fuarthas, dá bhrí sin, go raibh forálacha roinnt Treoracha láithreacha gan éifeacht agus b’éigean don Choimisiún tograí éagsúla a bhí déanta aige cun na Comhairle roimh chinneadh na Cúirte a tharraingt siar.


3. Feidhmiú Éifeachtúil Ceart

De dhroim go bhfuiltear tar éis idirdhealú ar fhoras náisiúntachta a dhíothú tá sé curtha in áirithe go bhféadfaidh náisiúnach de Bhallstát amháin é féin a chur ar bun mar dhuine atá fostaithe ar a chonlán féin nó go bhféadfaidh sé seirbhísí a sholáthar i mBallstát eile ach sa chás sin amháin go mbeidh na cáilíochtaí aige go beacht agus go gcomhlíonfaidh sé na coinníollacha eile a cheanglaíonn an Stát ar a chuid náisiúnach féin. Dá bhrí sin, d’fhonn éifeacht phraiticiúil a thabhairt do na cearta sin chun socrú a dhéanamh le haghaidh cáilíochtaí foirmiúla a aithint go frithpháirteach, is gá caighdeáin íosta a leagan amach le haghaidh na gcáilíochtaí sin a ghnóthú is inghlactha ag na Ballstáit go léir agus dá urasú go gcomhlíonfaidh náisiúnaigh de chuid Ballstát eile go ginearálta ceanglais bhardasacha na tíre caoifí.


Tá an Comhchoiste tar éis tograí ón gCoimisiún a scrúdú is tograí a ceapadh chun na cuspóirí sin a bhaint amach i ndáil le gníomhaíochtaí éagsúla gairmiúla agus eile agus tá trácht orthu sa tuarascáil seo. Tá siad ar an liosta sa bhFoscríbhinn a ghabhann leis an tuarascáil seo.


B. DOCHTÚIRÍ

4. Treoracha agus Cinntí

Ghlac an Chomhairle, an 16 Meitheamh 1975, le dhá Threoir á urasú do lia-chleachtóirí, lena n-áirítear sainlianna, ceart bunaíochta agus saoirse chun seirbhísí a sholáthar a fheidhmiú. Rinne Treoir amháin foráil le haghaidh cáilíochtaí foirmiúla a aithint go frithpháirteach agus le haghaidh ceanglais eile de chuid Ballstát agus na comhshocraíochtaí idirlinne is infheidhme a chomhlíonadh go dtí go dtiocfaidh an dara Treoir chun lánéifeachta. Bhunaigh an dara Treoir caighdeáin chomhionanna thraenáil cleachtóirí ginearálta agus sainliachta. Rinne an Chomhairle dhá chinneadh freisin ag bunú dhá Choiste Comhphobail arb éagcúram na Treoracha sin a riaradh.


Táthar á cheangal ar Bhallstáit na Treoracha sin a chur i ngníomh laistigh d’ocht mí dhéag. Tá Coiste a cheap an tAire Sláinte i mí Iúil 1975 tar éis a mholadh go gcuirfí na Treoracha sin i ngníomh le reacht ag leasú Achtanna na Lia-Chleachtóirí agus ní le rialacháin faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972. Tá an Comhchoiste ag tacú go láidir leis an moladh sin agus á chur in iúl nach foláir an reachtaíocht sin a bheith achtaithe faoi Shamhain 1976. Is dóigh leis go bhfuil sé riachtanach na hathruithe atá á n-iarraidh a phlé sa dá Theach ionas go bhféadfar eolas iomlán a thabhairt don phobal faoi bhrí agus éifeacht an scéil.


C. AILTIRÍ

5. Tograí

Sa togra a cuireadh i gcéaduair faoi bhráid na Comhairle an 16 Bealtaine 1967 (I.O. Uimh. 234/19 de 4 Deireadh Fómhair 1967) bhí forálacha ag baint le suirbhéirí agus línitheoirí agus le hailtirí freisin. Tá togra leasaithe do Threoir ón gComhairle nach mbaineann ach le hailtirí faoi bhreithniú anois.


Sonraítear sa dréacht-Treoir na riachtanais íosta nach foláir a chomhlíonadh i gcás dioplómaí, deimhnithe agus fianaise eile cáilíochta, ó thaobh fad, cineál agus ábhar traenála agus teagaisc. Forálann sé, áfach go dtabharfar aitheantar do dhioplómaí agus do dheimhnithe áirithe agus d’fhianaise cáilíochta eile fiú mura mbeidh na riachtanais íosta comhlíonta maidir leo ar choinníoll go raibh tosaithe ar na cúrsaí traenála faoi na gcomhair laistigh de dhá bhliain ó fograíodh an Treoir. Tá forálacha ginearálta ann maidir le hoiriúnacht phearsanta, ceart bunaíochta, soláthar seirbhísí, airmheáin eolais, etc., ar an dul céanna leo sin lenar glacadh i gcás dochtúirí. Tá an Treoir le cur i ngníomh laistigh de ocht mí dhéag.


Tá moladh i ndréacht-Chinneadh ón gComhairle a ghabhann leis an Treoir go mbunófaí Coiste Comhairleach faoi thraenáil i réimse na hailtireachta. Beidh triúr saineolaí ar an gCoiste ó gach Ballstát ag ionadú don ghairm chleachtach, do chomhlachtaí traenála agus d’údaráis inniúla gach Ballstáit. Feidhm chomhairleach amháin a bheidh aige agus cuirfidh sé a thuairimí agus a mholtaí in iúl don Choimisiún agus féadfaidh sé leasuithe a mholadh a dhéanfaí ar an Treoir bhunaidh maidir le hailtirí.


6. Tuairimí Comhlachtaí Gairmiúla

Fuair an Comhchoiste Meabhráin faoi na tograí ó Institiúid Ríoga Ailtirí Éireann (IRAE) agus ó Chraobh na hÉireann den Chomhlachas Corpraithe Ailtirí agus Suirbhéirí (CCAS).


Achoimre é seo a leanas ar Thuairmí IRAE:—


(a) Ar a shon go bhfuil IRAE i gcoinne na forála a cheadódh saorghluaiseacht laistigh de réimse na hailtireachta do dhaoine seachas ailtirí, tá sé sásta glacadh leis na forálacha maidir le hinnealtóirí Gearmánacha agus Ollannacha.


(b) Ba mhaith leis an Institiúid go mbeadh cosaint éifeachtúil ar an teideal ailtire déanta le reachtaíocht Éireannach sula nglacfar leis an Treoir.


(c) Is é tuairim IRAE gur cheart an caighdeán íosta oideachais d’ailtirí a bheith comhionann ar a laghad leis na gnáth-chaighdeáin iontrála is gá faoi láthair do IRAE.


(d) Níor chóir aon chearta a thabhairt do Chomhlachtaí nó do Chaibidlí nó do bhrainsí de Chomhlachtaí neamh-Éireannacha atá bunaithe lasmuigh den tír a cheadódh dóibh comhairle a bheith acu ar chaighdeáin ghairmiúla ná ar chlárú sa tír seo.


Tá na tograí seo a leanas déanta ag CCAS:—


(i) Is ceart Comhaltas Comhlach den Chomhlachas a bheith ar cheann de na cáilíochtaí Éireannacha a shonraítear sa Treoir. Is é an togra atá ann faoi láthair go dtabharfaí aithint do thrí cháilíocht, eadhon, céim Ollscoile, dioplóma ó Ardscoil Teicneolaíochta agus Deimhniú Comhaltais in Institiúid Ríoga Ailtirí Éireann (IRAE).


(ii) Gach ailtire lánaimsire atá ag cleachtadh go príobháideach nó fostaithe ag údaráis áitiúla agus a bhféadfaí a mheas go bhfuil sé cáilithe chun é a chlárú mar ailtire faoi aon reachtaíocht Éireannach ba cheart é a aithint mar ailtire laistigh de scóip na Treorach beartaithe is cuma cad iad na cáilíochtaí gairmiúla go beacht atá aige.


7. Tuairimí an Chomhchoiste

Faoi láthair níl aon reachtaíocht Éireannach ann i dtaobh clárú ailtirí ná a dtraenáil ná a gcáilíochtaí. Ní foláir reachtaíocht mar sin a achtú chomh luath agus a bheidh glactha le Treoir ón gComhairle agus tuigtear don Chomhchoiste go bhfuil Bille á ullmhú ag an Roinn Tionscail agus Tráchtála. Is é tuairim an Chomhchoiste gur chóir Bille den sórt sin a thabhairt isteach agus gur chóir don dá Theach é a bhreithniú sula nglacfar le Treoir ón gComhairle ionas go mbeadh deis ag comhaltaí inchialla na dtograí ón gCoimisiún a bhreithniú agus tuairimí na gcomhlachtaí gairmiúla leasmhara a phlé i ndíospóireacht.


D. BANALTRAÍ AGUS MNÁ CABHARTHA

8. Altraí

Cuireadh tograí faoi bhráid na Comhairle an 14 Deireadh Fómhair 1969 (I.O. C/56/17 den 8 Nollaig 1969) i dtaobh gníomhaíochtaí in altracht ghinearálta ar thograí iad a raibh sé ceaptha dóibh ceart bunaíochta agus saoirse chun seirbhísí a sholáthar a chur chun cinn agus rinneadh iad a athscrúdú ina dhiaidh sin chun aontachas na mBallstát nua a chur san áireamh. Tá na tograí seo faoi láthair ar áireamh in dhá dhréacht-Treoir agus i ndréacht-Chinneadh. Is é is cúram do dhréacht-Treoir amháin na forálacha dlí agus riaracháin a bhaineann le altracht ghinearálta a chomhordú. Tuarann sé go mbunófar cáilíochtaí íosta caighdeáin eadhon:—


(a) oideachas ginearálta deich mbliana (bunoideachas agus meánoideachas) agus cáilíocht fhoirmiúil iomchuí mar fhianaise leis agus


(b) 3 bliana gairm-oideachais ar a laghad arb é a bheidh ann 3,800 uaire ar a laghad de theagasc teoiriciúil agus praiticiúil.


Tá foráil sa phríomh-dhréacht-Treoir le haghaidh cáilíochtaí foirmiúla áirithe a aithint go frithpháirteach. D’fhonn iad sin a bhaint amach feasta ní foláir na ceanglais traenála atá leagtha amach thuas a chomhlíonadh ach ní foláir glacadh le haon cháilíochtaí a baineadh amach sular feidhmíodh na Treoracha sin fiú mura gcomhlíonann siad na ceanglais sin ach sin ar choinníoll go raibh an duine lena mbaineann ag gabháil d’altracht ghinearálta ar feadh trí bliana comhleanúnacha laistigh de na cúig bliana roimhe sin. Sa dréacht seo freisin tá roinnt forálacha coimhdeacha a bhaineann le deimhnithe carachtair, comhaltas i gcomhlachtaí gairmiúla, eolas a bheidh le tabhairt ag Ballstáit, úsáid teideal gairmiúil, eolas a fháil ar theangacha, etc.


Tuarann Dréacht-Chinneadh go mbunófar Coiste Comhairleach chun ardchaighdeán traenála a chothú trí eolas a mhalartú, trí phlé agus comhairle a ghlacadh agus trí mhodhanna traenála a athscrúdú. Beidh triúr saineolaí air ó gach Ballstát, is é sin, saineolaí ón ngairm chleachtach, saineolaí ó bhunachas traenála agus saineolaí ón údarás inniúil náisiúnta.


9. Tuairimí an Bhoird Altranais

Rinne an Bord Altranais na moltaí seo a leanas leis an gComhchoiste:—


(i)Chun críche na dTreoracha ba cheart An Bord Altranais a ainmniú mar “údarás inniúil” in Éirinn. Toisc gurb é an Bord an comhlacht clárúcháin reachtúil sa tír seo glacann an Comhchoiste leis nach mbeidh deacracht ar bith faoi aontú leis an moladh sin;


(ii)Na tagairtí atá sna tograí faoin gCoiste Comharlitheach ar Thraenáil Altraí do bhunachais atá freagrach i dtraenáil ba cheart go bhfolódh siad ospidéil traenála altraí ceadaithe;


(iii)Ba chóir céim Oide Altraí nó Mhátrúin a bheith ag ionadaithe ar an gCoiste Comhairlitheach; agus


(iv)Ba cheart go mbeadh Mátrúin nó daoine i bpoist riaracháin i dteideal ionadú don ghairm chleachtach ar an gCoiste Comhairlitheach.


Chítear don Chomhchoiste gur moltaí fíor-réasúnacha iad sin agus go dtuilleann siad tacaíocht.


10. Mná Cabhartha

An 11 Samhain 1975 chuir an Coimisiún ar aghaidh chun na Comhairle togra leasaithe do Threoir ar aithint fhrithpháirteach a thabhairt do dhioplómaí, do dheimhnithe agus do fhianaise eile ar cháilíochtaí foirmiúla san asaoideacht. Tar éis breithiúnais na Cúirte Breithiúnais i gcás Reyners, ní raibh a thuilleadh riachtanais leis an dréacht-Threoir a bhí curtha ar aghaidh ag an gCoimisiún chun na Comhairle i 1969 faoi cheart bunaíochta a bhaint amach agus saoirse chun seirbhísí a sholáthar agus tarraingíodh siar é. Tá gá go fóill, áfach, le bearta chun feidhmiú éifeachtúil na hasaoideachta a urasú agus tá na bearta sin aistrithe isteach sa dréacht-Treoir ar dhioplómaí, etc., san asaoideacht a aithint. Tá an togra leasaithe atá anois os comhair na Comhairle ag ionchas lena thuilleadh tograí a dhéanamh i dtaobh glacadh le caighdeáin chomhionanna traenála sna Ballstáit.


11. Cur i ngníomh in Éirinn

Faoin reachtaíocht mar atá sí (Alt 43 d’Acht na nAltran, 1950) féadfaidh an Bord Altranais, de réir rialacha, duine a chlárú i gclár na n-altran a chruthaíonn chun sástacht an Bhoird go bhfuil an duine sin tar éis cúrsaí traenála a dhéanamh agus cibé scrúduithe a ghnóthú lasmuigh den Stát a shonraítear chun críocha an Ailt seo sna rialacha. Measann an Roinn Sláinte, má ghlacann an Chomhairle leis an Treoir faoi cháilíochtaí ban cabhartha a aithint go frithpháirteach, go mb’fhéidir go gcaithfí an reachtaíocht sin a leasú chun a fhoráil go mbeidh d’oibleagáid ar an mBord náisiúnaigh de Bhallstáit a chlárú a bhfuil na cáilíochtaí acu a shonraítear sa Treoir sin. B’fhéidir go gcaithfí a fhoráil freisin clártraenála an Bhoird a bheith de réir na gcritéar íosta atá leagtha síos sna Treoracha.


Níl an Roinn ag ionchas leis go mbeidh sé ina chúis le deacrachtaí ar bith sa tír seo ná go mbainfidh aon inchialla speisialta leis don tír seo comhalartaíocht do mhná cabhartha a thabhairt isteach i CEE.


E. GNÍOMHAIRÍ AGUS BRÓICÉIRÍ ÁRACHAIS

12. Treoir Bheartaithe

Le linn don Choimisiún a bheith ag gabháil do rialacha a cheapadh dá urasú saoirse bhunaíochta agus an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar a fheidhmiú go héifeachtúil i gcás gníomhairí agus bróicéirí árachais bhuail deacracht leis sa mhéid go raibh sé ina choinníoll i mBallstáit áirithe nárbh fholáir cáilíochtaí foirmiúla a bheith ag duine le rochtain ar na gníomhaíochtaí sin ach nach raibh aon choinníollacha dá leithéid a gcur i bhfeidhm i mBallstáit eile. Chinn sé, dá bhrí sin, go molfadh sé comhshocraíochtaí idirthréimhseacha a mbeadh sé de cheangal ar Bhallstáit iad a chur i ngníomh go dtí go ndéanfaí comhordú ar bhearta náisiúnta do rialú na gcoinníollacha a bhainfeadh le gabháil leis na gníomhaíochtaí sin agus iad a chleachtadh agus dioplómaí, deimhnithe agus fianaise eile ar cháilíocht fhoirmiúil a aithint go frithpháirteach.


De réir na gcomhshocraíochtaí idirthréimhseacha, gach Ballstát a cheanglóidh ar ghníomhairí eolas ginearálta, tráchtála nó gairme a bheith acu glacfaidh sé mar fhianaise ar eolas agus inniúlacht den sórt sin taithí shonraithe áirithe a bheidh faighte i mBallstát eile. Bíonn athrú ar an taithí a shonraítear de réir na céime freagrachta nach foláir don ghníomhaire gabháil air féin. I dteannta na gceanglas taithí, forálann na tograí go dtabharfaidh na tíortha caoifeacha aitheantas do dheimhnithe ar inniúl acht phearsanta agus ar sheasamh airgeadais ón tír thionscnaimh. Iarrfar go gcuirfidh Ballstáit i ngníomh iad laistigh de dhá mhí dhéag ón dáta a ghlacfaidh an Chomhairle leis an Treoir. Bainfidh an Treoir leo sin a dteastaíonn uathu gabháil do na slite beatha sin mar fhostaithe íoctha chomh maith agus a bhainfidh sí le daoine ag obair ar a gconlán féin agus leo sin a sholáthraíonn seirbhísí.


Cuireadh na tograí bunaidh faoi bhráid na Comhairle an 4 Nollaig 1970 agus tá siad á mbreithniú ina riocht leasaithe anois ag COREPER. Táthar ag súil leis go nglacfar leo sin go luath.


13. Tuairimí Comhlachtaí Gairmiúla

Tá Cónaidhm na mBróicéirí Árachais tar éis a chur in iúl don Chomhchoiste go bhfuil an méid seo a leanas aici le cur in aghaidh na Treorach beartaithe:—


(a) Ní foláir do Bhallstáit glacadh leis mar fhianaise ar eolas ginearálta nó ar eolas gairmiúil go rabhthas ag gabháil don ghníomhaíocht i mBallstát eile ar feadh méid íosta sonrach blianta. Deir an Chónaidhm gur dóigh leis “nach leor ... na coinníollacha ama, agus go ndealraíonn sé nach bhfuil aon chritéir inniúlachta eile ann ach iad”. Deir sé freisin “go bhfuil na caighdeáin a thaispeántar sa Treoir chomh híseal sin gur beag an bhrí an Treoir”.


(b) B’fhéidir go n-iarrfaí ar thairbhithe deimhnithe dea-cháile, neamhfhéimheachta agus seasamh airgeadais a thabhairt ar aird. Is dóigh leis an gCónaidhm gur cheart “deimhniú sócmhainneachta bliantúil agus polasaí slánaíochta gairmiúla” a bheith mar cheanglais ann freisin.


(c) Toisc nach ndéantar clárú foirmiúil sa tír seo, féadfaidh iarratasóirí ó thíortha lasmuigh, daoine nach bhféadann cáiliú ina dtíortha féin mar gheall ar chaighdeáin níos airde, féadfaidh siad gabháil le gnó anseo. Is dóigh leis an gCónaidhm gur cheart foráil a bheith sa Treoir “nach foláir do dhuine a bheith ábalta ar a laghad cáiliú laistigh den earnáil lena mbaineann ina thír féin sula bhféadfaidh sé gníomhú sa cháil sin in aon cheann de na hocht dtír eile.”.


Tuigtear don Chomhchoiste go measann Corparáid Bróicéirí Árachais na hÉireann freisin gur chóir ceanglais a bheith ann i dtaobh deimhnithe sócmhainneachta agus polasaithe slánaíochta gairmiúla. Is dóigh leis go gcuirfeadh foirm láithreach na dtograí d’oibleagáid orthu bróicéirí a chreidiúnú nach bhféadfadh siad glacadh leo in aon chás eile.


Is é barúil an Chomhchoiste gur rud fíor-thábhachtach é gan aon laghdú do theacht ar na caighdeáin is gá i leith sócmhainneacht bróicéirí agus molann sé go ndéanfar tuilleadh scrúdaithe ar an ngné sin den scéal.


Tuigtear don Chomhchoiste go bhféadfadh an ceart a bheith ag an gCónaidhm nuair a cheapann sí go dtabharfadh an Treoir cead chun gabháil do ghnó anseo do dhuine nach mbeadh cáilithe gabháil don ghnó céanna ina thír féin. Tá an cor aisteach sin ann de réir dealraimh toisc go bhfuil gá le comhaontú ar chaighdeánn a bhféadfadh na Ballstáit go léir glacadh leis. Tuigtear don Chomhchoiste, áfach, nach bhfuil aon bhacanna dlíthiúla faoi láthair sa tír seo ar dhaoine nach náisiúnaigh do dhul isteach sa ghairm. Má ghlactar leis an Treoir, ní foláir don tír seo den chéad uair riamh ceanglais íosta a fhorchur i gcás náisiúnaigh ó Bhallstáit eile. Is é is dóichí, sna tograí breise atá á dtuar maidir le bearta náisiúnta a chomhordú agus le haithint fhrithpháirteach do cháilíochtaí, go nglacfar le bearta chun caighdeán íosta a cheapadh nach foláir do na Ballstáit go léir é a shroicheadh.


F. GNÍOMHAÍOCHTAÍ I SEIRBHÍSÍ IOMPAIR, GNÍOMHAIREACHTA TAISTIL, STÓRÁLA AGUS STÓRLANNAÍOCHTA

14. Treoir Bheartaithe

Baineann an togra seo le gníomhaíochtaí daoine nádúrtha nó cuideachtaí a sholáthraíonn an cineál seirbhísí a bhíonn á ndéanamh in Éirinn ag gníomhairí tarchuir, gníomhairí loingseoireachta agus tarchuir, longbhróicéirí, gníomhairí lasta, gníomhairí loingseoireachta, gníomhairí taistil, bannathóirí, stórlannaithe agus scrúdaitheoirí mótor-fheithiclí. Baineann sé le saoirse bhunaíochta agus leis an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar agus beidh feidhm aige freisin i gcás daoine a dteastaíonn uathu gabháil mar dhaoine fostaithe do na gníomhaíochtaí atá i gceist.


De réir an togra bheadh sé d’oibleagáid ar Bhallstát a chuireann mar choinníoll le bheith ag gabháil do na gníomhaíochtaí sin nár mhór do dhuine eolas agus cumas ginearálta, tráchtála nó gairmiúil a bheith aige, glacadh le taithí shonraithe áirithe a fuarthas i Stát eile mar fhianaise ar an eolas agus ar an gcumas sin. Má bhaineann mórdheacracht lena chur i ngníomh i mBallstát nua nach bhfuil cáilíochtaí sonracha ag teastáil ann faoi láthair féadfaidh an Coimisiún a údarú don Bhallstát sin cruthú a iarraidh, ar feadh tréimhse teoranta, ar na cáilíochtaí is gá sa tír óna dtagann sé más ó thír ina bhfuil a leithéidí ag teastáil don duine atá i gceist. Tá forálacha sa togra freisin maidir le deimhnithe ar inniúlacht phearsanta agus seasamh airgeadais. Mar atá i gcás Gníomhairí agus Bróicéirí Árachais, tá sé beartaithe do na tograí seo a bheith ar marthain ar feadh idirthréimhse go dtí go ndéanfar comhordú ar bhearta náisiúnta agus go ndéanfar aithint fhrithpháirteach ar cháilíochtaí a thabhairt isteach.


Cuireadh an togra bunaidh faoi bhráid na Comhairle an 21 Nollaig 1965. Tá sé á bhreithniú i riocht leasaithe ag meitheal oibre de chuid na Comhairle i gcónaí.


15. Tuairimí an Chomhchoiste

Tá sé curtha in iúl don Chomhchoiste nach bhfuil aon fhorálacha i reachtaíocht ná i gcleachtais riaracháin na hÉireann a dhéanann idirdhealú i gcoinne daoine nach náisiúnaigh do thosú ar na gníomhaíochtaí sin agus do bheith á seoladh. Dá bhrí sin ní mheasann sé go bhféadfadh aon ní a bheith in aghaidh an togra a chur i ngníomh sa mhéid a bhaineann le hÉirinn.


Tá Cumann Gníomhairí Taistil na hÉireann tar éis a n-imní a chur in iúl, ach is ar bhonn míthuisceana é, mar gheall ar chor na ngníomhairí taistil páirt-aimsire. De réir dealraimh, ní bhíonn a leithéidí coitianta i mBallstáit eile. Tá an Roinn Iompair agus Cumhachta tar éis a chur in iúl don Chomhchoiste nach dóigh do na tograí aon difear a dhéanamh do chor na ngníomhairí taistil páirt-aimsire mar gur dream iad nach dóigh dóibh, de chionn an sórt gnó a bhíonn ar bun acu, bheith ag dul ó Bhallsstát go Ballstát.


G. DLÍODÓIRÍ

16. Treoir Bheartaithe

Cuireadh dréacht-Treoir athscrúdaithe a bhaineann le dlíodóirí faoi bhráid na Comhairle an 25 Iúil 1975 in ionad dréachta níos luaithe a cuireadh faoina bráid i 1969. Leasaigh an Coimisiún an dréacht athscrúdaithe ina dhiaidh sin sa Mhárta seo caite.


Ní bhaineann an togra, mar a leasaíodh é, ach amháin le saoirse dlíodóirí a chleachtann i mBallstát amháin seirbhísí a sholáthar dá gcliantaí i mBallstáit eile. I gcoitinne is iad na dlíodóirí i Stáit na mór-roinne atá i dteideal tairbhiú faoin togra abhcóidí agus iadsan atá cáilithe faoina chomhionann de theideal i dteangacha eile. In Éirinn is iad a thairbheodh, “abhcóide ag cleachtadh ag an mbarra” nó “aturnae i gcleachtadh príobháideach”. Mar a chéile don scéal sa Ríocht Aontaithe mar a bhfuil abhcóidí Albanacha leis.


Is iad na seirbhísí a fhéadfar a sholáthar (a) comhairle dlí a thabhairt agus doiciméid dlí a ullmhú agus (b) dlíthíocht shibhialta agus choiriúil a sheoladh sna cúirteanna. Maidir le (a) féadfaidh Ballstáit dréachtú doiciméad dlí a bhaineann le díol agus ceannach maoine réadaí agus le hábhair phrobháide a choinneáil ar leithligh do aicmí forordaithe dlíodóirí. Maidir le (b) féadfaidh Ballstáit é a chur d’oibleagáid ar an dlíodóir coigríche “oibriú i dteannta dlíodóra a bhíonn ag cleachtadh os comhair na cúirte atá i gceist agus a bheadh freagrach, dá mba ghá, don chúirt atá i gceist nó le avouéprocuratore a bhíonn ag cleachtadh sa chúirt sin”.


17. An Dlí-Chumann Corpraithe

Tá an Comhchoiste tar éis dul i gcomhairle leis an Dlí-Chumann Corpraithe. Is é barúil choiteann an Dlí-Chumainn go bhféadfadh sé tarlú go héasca, mar gheall ar na difir bhunaidh atá idir córas dlí na mórroinne agus an dlí coiteann, “go gcuirfí an pobal i bhfiontar ró-mhór dá dtugtaí leathantas ró-thapaidh don tsaoirse seo”.


Tá roinnt grinnmheasa le lua ag an Dlí-Chumann freisin i dtaobh forálacha áirithe mar a leanas:—


(a) Ba cheart na seirbhísí a bheadh le cur ar fáil a shonrú go beacht. D’fhonn an pobal a chosaint, ba cheart a fhoráil le dlí náisiúnta nach bhféadfadh ach aturnaetha na hÉireann amháin gabháil d’obair thíolacais agus ullmhú doiciméad i ndáil le riaradh eastát;


(b) Ba cheart an tuairisc ar aturnaetha na hÉireann a leasú chun go léifí “aturnaetha atá cáilithe cleachtadh” mar in Éirinn is mar a chéile cearta agus dualgais aturnaetha cibé acu a bhíonn siad ag cleachtadh ar a gconlán féin nó fostaithe ar thuarastal agus bíonn siad faoi réir na rialacha céanna;


(c) Forálann Airteagal 3 den dréacht-Treoir go mbainfidh duine úsáid as an teideal gairmiúil a úsáidtear sa Bhallstát “óna dtagann sé” mar aon le lua ar an eagraíocht ghairmiúil lena mbaineann sé nó ar an gcúirt lena bhfuil sé cláraithe de bhun dlíthe an Bhallstáit “óna dtagann sé”. Molann an Coiste go n-athrófaí “óna dtagann sé” agus “a bhfuil teideal (nó cáilíocht) aige faoi láthair cleachtadh ann” a chur ina ionad;


(d) Aon dlíodóirí a bheartaíonn cleachtadh anseo cibé acu corr-uair é nó go rialta ba chóir go mbeadh orthu clárú leis an gCumann. Forálann Airteagal 6.2. go ndéanfaidh an eagraíocht ghairmiúil sa tír chaoifeach cinneadh faoi rialacha iompair ghairmiúil a shárú in ábhar ionadaíochta sa dlíthíocht agus go gcuirfidh sí sin in iúl don eagraíocht ghairmiúil sa tír óna dtagann an dlíodóir. Teastaíonn ón Dlí-chumann go nglacfaí le nós imeachta dá shamhail i gcás mí-iompair a bheadh bainteach le seirbhísí eile. Is dóigh leis, áfach, go mb’fhéidir nár leor é sin ann féin. Deir sé go bhféadfadh dlíodóir a thiocfadh anseo gníomhú go mí-chuibhiúil sa tír seo ar chuma go mbeadh cliant caillteach leis agus go bhféadfadh sé imeacht leis láithreach as an tír. Dar leis go mbeadh sé deacair aithne an dlíodóra a tháinig isteach a chruthú chun sástacht an chomhlachta smachtfheidhmiúcháin dá ndeánfaí fiafraí “roinnt mí nó b’fhéidir blianta ina dhiaidh sin”. D’fhéadfaí an deacracht sin a réiteach trí chlárú.


18. Barúlacha an Chomhchoiste

Aontaíonn an Comhchoiste go bhfuil an Treoir bheartaithe ag luí go ginearálta le Conradh CEE agus gur chóir glacadh leis sa cháil sin. Ó thaobh na hÉireann de i ndáil leis an Mór-Roinn tá amhras ar an gComhchoiste an bhféadfadh mórán éifeacht phraiticiúil a bheith le cur i ngníomh na Treorach mar gheall ar na difir fhairsinge atá idir na dlíchórais. Sa mhéid a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe agus Éirinn, chuirfeadh an Treoir bheartaithe a thuilleadh leis na comhshocraíochtaí cómhalartacha atá ar bun cheana féin idir barra na hÉireann agus barraí Shasana is Thuaisceart Éireann ach ní foláir a bheith in amhras an mbainfear mórán leasa as na saoráidí atá beartaithe.


Maidir leis na hábhair dar thagair an Dlí-Chumann Corpraithe, aontaíonn an Comhchoiste gur cheart go mbainfeadh an Treoir le gach aturnae Éireannach cibé acu i gcleachtadh príobháideach nó fostaithe ar thuarastal dó. Ina theannta sin, measann sé go bhfuil mórthábhacht ag baint leis an gceist a luaigh an Cumann i dtaobh leorchosaint a bheith ag an bpobal i gcoinne aon mhí-iompair a tharlódh ar thaobh dlíodóirí ón gcoigrích agus gur chóir an cheist sin a bhreithniú go lán-ghrinn.


Maidir leis an gceart chun ionstraimí dlíthiúla a dhréachtú, tugann an Comhchoiste faoi deara go ndéanann an Coimisiún, ag trácht dó ar dhoiciméid a bhaineann le díol agus ceannach maoine réadaí agus le hábhair phrobháide, cur síos mar a leanas:—


“Cé nach ndéanann an togra i ndáil le Treoir difear do rialacháin náisiúnta maidir le foirm na ndoiciméad atá i gceist ná maidir leis na coinníollacha agus an nós imeachta a bhaineann lena ndréachtú, is fearr an abairt seo a chur leis d’fhonn is go n-éascófaí léiriú forálacha na Treorach sin i mBallstáit áirithe”.


19. Tograí Eile

Tuigtear don Chomhchoiste go bhfuil an Coimisiún ag ullmhú tograí maidir le tréidlianna agus fiaclóirí.


H. CRÍOCH

20. Admháil

Ba mhaith leis an gComhchoiste a bhuíochas a chur in iúl as ucht na cabhrach a fuair sé ó na comhlachtaí seo a leanas le linn dó bheith ag breithniú na dtograí seo:—


Comhlachas Dochtúirí Leighis na hÉireann


Institiúid Ríoga Ailtirí Éireann


An Comhlachas Corpraithe Ailtirí agus Suirbhéirí


An Bord Altranais


Cónaidhm na mBróicéirí Árachais


Corparáid Bróicéirí Árachais na hÉireann


Cumann Gníomhairí Taistil na hÉireann


Dlí-Chumann Corpraithe na hÉireann


(Sínithe) CATHAL Ó hEOCHAIDH


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


30 Meitheamh, 1976.