Committee Reports::Report No. 35 - Right of Establishment and Freedom to Provide Services::06 December, 1978::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOMHCHOISTE

PROCEEDINGS OF THE JOINT COMMITTEE

Dé Céadaoin, 30 Meitheamh, 1976

Wednesday, 30th June, 1976

1. Chruinnigh an Comhchoiste ar 4.30 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:


Na Teachtaí Ó hEochaidh (i gCeannas), Esmonde, Mac Domhnaill agus Ó Nualláin; na Seanadóirí Ó hUiginn, Ó Luineacháin, Bean Mhic Roibín agus Yeats. Fuarthas leithscéal ón Teachta Dockrell agus ón Seanadóir Mac Gearailt faoi nár fhéad siad bheith i láthair.


3. Dréacht-Tuarascáil ar Thograí maidir le Ceart Bunaíochta agus Saoirse chun Seirbhísí a Sholáthar.


Thug an Cathaoirleach Dréacht-Tuarascáil i láthair agus léadh í mar a leanas:—


(i) Aontaíodh míreanna 1 go 3 go huile.


(ii) Mír 4.


Tairgeadh leasú (an Seanadóir Yeats):


“In the second sub-paragraph to add the following to the penultimate sentence ‘and points out that his legislation must be enacted by November, 1976’”.


Aontaíodh an leasú.


Aontaíodh an mhír mar a leasaíodh.


(iii) Aontaíodh míreanna 5 go 20 go huile.


Aontaíodh an Dréacht-Tuarascáil mar a leasaíodh.


Ordaíodh: Tuairisciú dá réir sin.


4. Athlá.


Chuaigh an Comhchoiste ar athló ar 6.20. p.m.