Committee Reports::Report No. 33 - Motor Vehicle Driving Licences::30 June, 1976::Report

TUARASCÁIL

1. Réamhrá

San ochtú tuarascáil déag uaidh (Prl. 5137) an 10 Nollaig 1975 bhreithnigh an Comhchoiste togra bunaidh an Choimisiúin i leith Treoir ón gComhairle ar chomhchuibhiú dlíthe a bhaineann le ceadúnais tiomána mótar-fheithiclí. Tá an togra sin leasaithe ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 149 de Chonradh CEE agus tugtar aird sa togra leasaithe (R/3075/75) ar na barúlacha a luaigh Parlaimint na hEorpa agus an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialach ar an togra bunaidh agus chomh maith leis sin ar an gcomhaontú ar choinníollacha íosta le haghaidh eisiúint agus bailíocht ceadanna tiomána a d’ullmhaigh Coimisiún Eacnamaíoch na hEorpa sa Ghinéiv. Tá beartaithe ag an gComhchoiste trácht sa tuarascáil seo ar na forálacha atá sa togra leasaithe.


2. Forálacha an Togra Leasaithe

Bhí sé i bhfís sa togra bunaidh go gcuirfí in ionad na gceadúnas tiomána náisiúnta ceadúnas tiomána Comhphobail caighdeánach a eiseofaí ar fhoras nós imeachta agus caighdeáin is infheidhme sna Ballstáit go léir. Níl an togra athscrúdaithe ag iarraidh deireadh a chur le ceadúnais tiomána náisiúnta ach forálann sé go ndéanfadh Ballstáit, dhá bhliain tar éis a ghlactha, ceadúnais Chomhphobail a eisiúint a bheadh bailí do thrácht baile agus idirnáisiúnta. Forordaíonn an dréacht-Treoir na hearnálacha éagsúla a mbeadh an ceadúnas Comhphobail ar fáil dóibh, sonraíonn sé critéir bhailíochta agus leagann sé síos ceanglais íosta aoise is gá d’earnálacha airithe. Suas go dáta a bheidh le socrú ag an gComhairle laistigh le thréimhse chúig bliana tar éis glacadh leis an Treoir, féadfaidh sealbhóir ar cheadúnas tiomána náisiúnta a chomhlíonann na ceanglais aoise an ceadúnas Comhphobail a fháil, ar é dá iarraidh, i leith na hearnála nó na n-earnálacha a fhreagraíonn dóibh sin a bhfuil ceadúnas náisiunta aige ina leith. Tar éis an dáta sin ní eiseofaí ceadúnais Chomhphobail ach amháin chucu sin a n-éireodh leo i dtástálacha praiticiúla agus teoiriciúla agus a chomhlíonfadh ceanglais liachta de réir rialacha a bhfuiltear in ionchas leis go mbeidh glactha leo ag an gComhairle faoin am sin.


3. Moltaí níos luaithe ón gComhchoiste

Fuair an Comhchoiste locht ar an dréacht-Treoir bhunaidh mar gheall ar ró-mhéid na dtástálacha a bhí beartaithe aige do cheadúnaithe ionchasacha agus fós mar gheall ar an scéim chostasach scrúduithe liachta a bhí á leagan síos aige. Níl aon fhoráil den sórt sin sna tograí leasaithe ach cuireann siad i bhfís go bhforordóidh an Chomhairle forálacha iomchuí laistigh de chuig bliana ón dáta a ghlacfar leis an Treoir.


Cheap an Comhchoiste go raibh an togra bunaidh freisin lochtach sna slite seo a leanas:—


(a)bheadh de thoradh leis i gcás na tíre seo n-ardófaí ó 17 mbliana go dtí 18 mbliana an aois íosta le haghaidh ceadúnas chun gluaisteán a thiomáint;


(b)bheadh de thoradh leis freisin go n-ardófaí ó 17 mbliana go dtí 21 bliana an aois íosta í gcás tarracóirí talmhaíochta; agus


(c)ní dhearna sé foráil ar bith i dtaobh ceadúnais i gcás rothar le hinnill chúnta ná gluaisrothar ar nós mópéid le luas deartha nach mó ná 40 cm san uair.


Sa togra athscrúdaithe tá na forálacha seo leanas maidir leir na hábhair sin:—


(i)toisc nach bhfuil deireadh á chur le ceadúnais náisiúnta tá 18 á choinneáil go ceann cúig bliana mar aois íosta do cheadúnas Comhphobail. Déanfaidh an Coimisiún suirbhé roimh 1 Eanáir 1980 faoi thionóiscí lena raibh tiománaithe 17 agus 18 mbliana d’aois bainteach chun go bhféadfar teacht ar chinneadh críochnaitheach;


(ii)táthar le 16 a shocrú mar aois íosta do tharracóirí talmhaíochta de thoradh an mholta ó Pharlaimint na hEorpa; agus


(iii)tá an Coimisiún tar éis a chur in iúl “ag féachaint do na fadhbanna iomaí atá i gceist” nach bhféadfadh ceadúnas tiomána mópéid a bheith ann mar a bhí molta ag Parlaimint na hEorpa.


4. Barúlacha an Chomhchoiste

Dá nglacfaí leis an togra leasithe chaithfí oiriúnú a dhéanamh ar na hearnálacha a n-eisítear ceadúnais náisiúnta ina leith d’fhonn iad a thabhairt i gcomhréir leo sin atá forordaithe do cheadúnais Chomhphobail. Níor cheart go mbeadh mórán deacrachta ag baint leis sin. Toisc go raibh an Comhchoiste i gcónaí i bhfabhar an phrionsabail ghinearálta measann sé dá bhrí sin gur chóir fáiltiú roimh an togra leasaithe agus glacadh leis.


Tá rud amháin ag cur as don Comhchoiste, áfach, rud a thagann i gceist de bharr an togra nár chóir aon cheadúnais Chomhphobail a bheith ann do mhópéid agus d’innill eile den aicme sin. Ní léir ar fad cén éifeacht a bheadh aige sin ar cheadúnais náisiúnta san earnáil sin. Más í an chiall a bhí leis gur ghá do thiománaithe mópéid Éireannacha ceadúnas náisiúnta a bheith acu ach nár ghá do shaoránaigh Chomhphobail eile ceadúnas ar bith a bheith acu chun mópéid a thiomáint sa tír seo d’fhéachfadh an Comhchoiste ar chéim den sórt sin mar rud a mbeadh cúis antrom ina aghaidh agus rud fós a ba chóir a sheachaint ar gach uile chuntar.


(Sínithe) CATHAL Ó hEOCHAIDH,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


30 Meitheamh, 1976.