Committee Reports::Report No. 33 - Motor Vehicle Driving Licences::06 December, 1978::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOMHCHOISTE

PROCEEDINGS OF THE JOINT COMMITTEE

Dé Céadaoin, 30 Meitheamh 1976

Wednesday, 30th June, 1976

1. Chruinnigh an Comhchoiste ar 4.30 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:


Na Teachtaí Ó hEochaidh (i gCeannas), Esmonde, Mac Domhnaill agus Ó Nualláin; na Seanadóirí Ó hUiginn, Ó Luineacháin, Bean Mhic Roibín agus Yeats. Fuarthas leithscéal ón Teachta Dockrell agus ón Seanadóir Mac Gearailt faoi nár fhéad siad bheith i láthair.


3. Dréacht-Tuarascáil ar Thogra Leasaithe le haghaidh Treoir ón gComhairle faoi Cheadúnais Tiomána Mótar-Fheithiclí.


Thug an Cathaoirleach Dréacht-Tuarascáil i láthair agus léadh í mar a leanas:—


Aontaíodh míreanna 1 go 4 go huile.


Aontaíodh an Dréacht-Tuarascáil.


Ordaíodh: Tuairisciú dá réir sin.


4. Athlá.


Chuaigh an Comhchoiste ar athló ar 6.20 p.m.