Committee Reports::Report No. 32 - Aids to Bee-Keepers' Associations::28 April, 1976::Report

TUARASCÁIL

1. Réamhrá

Bhreithnigh an Comhchoiste an togra (R/133/76) ón gCoimisiún i ndáil le Rialachán ón gComhairle ag bunú córais cabhrach do chomhlachais beachairí.


Tá deacrachtaí ag gabháil do tháirgeoirí meala ar fud an Chomhphobail le roinnt blianta anuas arb é is mó is cúis leo siúcra a bheith daor, drochaimsir agus damáiste ó lotnaidicídí agus ó cheimicigh tadhaill. Is é cuspóir an togra feabhsú déanmhas agus teicníochta níos fearr ionas gur éifeachtaí a bheadh an bheachaireacht sna Ballstáit.


Meastar gur le beachairí is comhaltaí de chomhlachais ceirde 80% den 3 mhilliún coirceog beach atá sa Chomhphobal.


2. Mar atá in Éirinn

Tuairim 800-1,000 tonna meala a thomhaltar in aghaidh na bliana in Éirinn. Táirgtear idir 200 agus 300 tonna sa tír seo in aghaidh na bliana, agus allmhairítear an chuid eile. Tá tuairim 20,000 coirceog sa tír faoi láthair. Meastar gur comhaltaí de chomhlachais áitiúla beachairí tuairim 60% de na beachairí agus tá na comhlachais sin i gcomhcheangal le Cónaidhm Beachairí na hÉireann.


3. An Rialachán atá Beartaithe

Tá sé ceaptha sa togra go bhfaigheadh comhlachais beachairí aitheantas ó Bhallstáit i ndálaí áirithe ionas go bhféadfaí cabhair airgid a chur ar fáil trí na comhlachais sin in imeacht tréimhse trí bliana. Ní chuirfí aon chabhair ar fáil díreach do bheachairí aonraice. Is í an chabhair atá beartaithe tuairim 69p in aghaidh na bliana margaíochta i leith gach coirceoige a bheadh ag tabhairt mheala. Idir £15,000 agus £20,000 an costas iomlán a tharraingeodh an scéim in Éirinn in imeacht na tréimhse trí bliana. Cúiteofaí 50% den mhéid sin as FEOGA.


4. Tuairimí an Chomhchoiste

Mar gheall ar sinn a bheith ró-mhór i gcleithiúnas onnmhaire is léir gur mhaith an rud misniú le beachairí na tíre seo chun tuilleadh meala a tháirgeadh. Creideann an Comhchoiste go misneodh na tograí seo le táirgeadh dá nglacfaí leo agus molann sé go mór iad dá réir sin.


Tá curtha in iúl don Chomhchoiste gur le Cónaidhm Beachairí na hÉireann a íocfar an chabhair airgid má thagann an scéim i ngníomh. Tá inste ag an gcomhlacht sin don Chomhchoiste faoi roinnt slite ina bhféadfaí an cúnamh a úsáid le cuspóirí na Treorach beartaithe a bhaint amach, is é sin,


(a)mar fhóirdheontas le siúcra beathaithe a cheannach—é bheith iníoctha trí rúnaithe Comhlachas áitiúil;


(b)cuspóirí oideachais (ceannach sleamhnán, cairteanna etc.), agus


(c)beachlanna Comhlachais a bhunú i lár-ionaid áitiúla le haghaidh taispeántais.


Tá súil ag an gComhchoiste go dtabharfar aird ar na moltaí sin má thagann agus nuair a thiocfaidh an scéim i ngníomh. Ina theannta sin, ba mhaith leis an gComhchoiste go ndéanfaí breithniú féachaint an bhféadfaí roinnt cúnaimh airgid a chaitheamh ag cosc galair sna háiteanna a mbíonn galar agus cúnamh a thabhairt le máthair-bheacha den mhianach is fearr a allmhairiú.


5. Admháil

Ba mhaith leis an gComhchoiste a bhuíochas a chur in iúl faoin gcabhair a fuair sé ó Chónaidhm Beachairí na hÉireann le linn an togra sin a bheith á bhreithniú aige.


(Sínithe) CATHAL Ó hEOCHAIDH,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


28 Aibreán, 1976.