Committee Reports::Report No. 32 - Aids to Bee-Keepers' Associations::28 April, 1976::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOMHCHOISTE

PROCEEDINGS OF THE JOINT COMMITTEE

Dé Céadaoin, 28 Aibreán, 1976

Wednesday, 28th April, 1976

1. Chruinnigh an Comhchoiste ar 4.00 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:


Na Teachtaí Ó hEochaidh (i gceannas), Dockrell, Esmonde, Ó Fathaigh agus Stondún; na Seanadóirí Mac Gearailt agus Ó Riain. Fuarthas leithscéal ón Seanadóir Máire Bean Mhic Roibín faoi nár fhéad sí bheith i láthair.


3. Dréacht-Tuarascáil ar Rialachán Beartaithe ón gComhairle I ndáil le Rialachán ón gComhairle ag Bunú Cabhrach do Chomhlachais Beachairí.


Thug an Cathaoirleach Dréacht-Tuarascáil i láthair agus léadh í mar a leanas:—


(i) Mír 1.


Tairgeadh leasú (An Teachta Esmonde):


“To delete ‘damage caused by chemical treatment of crops’ and substitute ‘damage caused by pesticides and contact chemicals’”.


Aontaíodh an leasú.


Aontaíodh an mhír mar a leasaíodh.


(ii) Aontaíodh míreanna 2 agus 3.


(iii) Mír 4.


Tairgeadh leasú (An Teachta Esmonde):


“To add the following: ‘In addition, the Joint Committee would like consideration to be given to the possibility of applying some aid towards disease control at local level and for subsidising the importation of quality queen bees’.”


Aontaíodh an leasú.


Aontaíodh an mhír mar a leasaíodh.


(iv) Aontaíodh mír 5.


Aontaíodh an Dréacht-Tuarascáil mar a leasaíodh.


Ordaíodh: Tuairisciú dá réir sin.


4. Athlá.


Chuaigh an Comhchoiste ar athló ar 5.30 p.m.