Committee Reports::Report No. 31 - Common Market in Potatoes::28 April, 1976::Report

TUARASCÁIL

1. Réamhrá

Tá an Comhchoiste tar éis scrúdú a dhéanamh ar thogra an Choimisiúin [R/238/76] le haghaidh Rialachán ón gComhairle (CEE) ar chomheagrú mhargadh na bprátaí. Chuir an Coimisiún an togra sin chun na Comhairle mí Eanáir seo caite agus iarradh ar an gComhairle beart a dhéanamh faoin togra ionas go bhféadfadh an Rialachán a moladh teacht i bhfeidhm an 1 Aibreán, 1976. Níor leanadh den amchlár sin agus, ós cosúil nach bhfuil glacadh ag cuid de na Ballstáit leis an togra san fhoirm ina bhfuil sé faoi láthair, b’fhéidir go dtógfadh sé tamall orthu teacht ar thoil a chéile.


2. Táirgeacht agus Trádáil an Chomhphobail

Tá 2.4milliún fásóir prátaí i dtíortha CEE. Cuireann siad 40 milliún tonna prátaí ar fáil in aghaidh na bliana, is é sin, 13% den iomlán ar fud an domhain. Le 20 bliain anuas tá 30% de thitim sa mhéid a chuirtear ar fáil. Onnmhairítear ar an méan 150,000—190,000 tonna de phrátaí síl ó thíortha CEE in aghaidh na bliana, ach i gcás prátaí boird (príomhharra) déantar glanmhéid sa bhreis a allmhairiú anois. I ngnóthaí tionscail sa Chomphobal tá na Ballstáit in ann freastal dá riachtanas féin. Is ionann agus 4%—5% den táirgeacht an trádáil idir Ballstáit an Chomhphobail.


De bhrí go bhfuil éifeacht mhór ag an aeráid ar an táirgiúlacht, is mór a athraíonn a toirt. Ní théann poinn athruithe ar an éileamh. Má thagann ardú cuíosach maith ar phraghsanna téann laghdú ar an gcaitheamh, ach is leor barrachas cuíosach beag chun praghsanna a leagan go gasta agus fanann na meánphraghsanna ar réim íseal. Uime sin tá glactha ag na Ballstáit go léir, nach mór, le bearta chun soláthar rialta agus cobhsaíocht áirithe a dheimhniú. Tá cuid mhaith difríochta áfach ó thír go tír idir na bearta a ghlactar. Sa Ríocht Aontaithe rialaíonn an Bord Margaithe Prátaí go díreach an limistéar faoi shaothrú, cuireann an Fhrainc córas íosphraghsanna chun feidhme ar na prátaí go léir le haghaidh trádála, agus tá a samhail sin de scéimeanna ag an nGearmáin agus ag Tíortha Bhenelux le haghaidh prátaí luatha amháin. Tá bunphraghas ráthaithe á oibriú ag Éirinn le haghaidh prátaí boird a fhreagraíonn do chaighdeáin shonraithe.


Is beag ar fad a bhfuil d’athrú ag teacht faoi láthair ar an méid prátaí úra a úsáidtear, ach tá méadú ag dul ar an méid a úsáidtear i bfoirmeacha próiseáilte (brioscaí prátaí, prátaí pacáilte/brúite agus sceallóga reoite). Mar gheall ar thábhacht an phráta mar bhia, agus ar a éifeacht ar fhigiúr an chostais mhaireachtála i dtíortha áirithe, ba é leas na dtomhaltóirí i gcoitinne é a áirithiú go mbeidh soláthar ar fáil i gcónaí do mhargadh an Chomhphobail. Is chuige sin a ceapadh an togra seo.


3. An Rialachán Beartaithe

Is iad seo a leanas príomhghnéithe an togra—


(a)Caighdeáin don Mhargadh


Tá siadsan le bunú do phrátaí úra mar bhia don duine, nó le haghaidh monarú táirgí próiseáilte. Bhéarfaidh sin go háirithe rangú ar tháirgí de réir cáilíochta, méide, meáchain, pacáistiú, cóiriú don margadh agus lipéadú.


(b)Grúpaí Táirgeoirí


Cuirfear bainistíocht, soláthar agus cobhsú an mhargaidh de chúram ar na grúpaí sin. Is trína ngrúpaí a chuirfidh na comhaltaí a dtáirgí go léir ar an margadh. Is iad na grúpaí amháin a bheidh freagrach as riaradh na mbeart tacaíochta. Féadfaidh Ballstáit cabhair a thabhairt do ghrúpaí táirgeoirí sna trí bliana tosaigh i ndiaidh a n-aithinte mar ghrúpaí den sórt sin. Ní féidir an chabhair a bheith níos mó ná 3%, 2% agus 1%, i ngach ceann ar leith de na trí bliana faoi seach, de luach an táirge a chuirtear ar an margadh, nó 60%, 40% agus 20% de chostais riaracháin an ghrúpa. Beidh caoga faoin gcéad den chabhair sin inghnóthaithe ón gCiste Eorpach um Threoraíocht agus Ráthaíocht Talmhaíochta (ETRT).


(c)Bearta Tacaíochta


Gach bliain tarraingeoidh an Coimisiún suas meastacháin ar riachtanas agus soláthar an Chomhphobail, le hallmhairí san áireamh. Má mheastar go sáróidh an soláthar an t-éileamh, féadfar cabhair a thabhairt do ghrúpaí táirgeoirí le haghaidh stórála go príobháideach. Más rud é ag deireadh na tréimhse stórála go mbainfidh deacrachtaí leis an margadh, féadfar cabhair a thabhairt chun an táirge a dhíhiodráitiú lena úsáid mar bhia d’ainmhithe. Féadfar 50% de chostas na stórála go príobháideach agus 100% de chostas an díhiodráitithe, chomh fadh le huasmhéid áirithe, a ghnóthú ó CETRT.


(d)Cabhracha Náisiúnta


Nuair a ghlacfar leis an Rialachán beidh feidhm ag Airteagail 92 go 94 de Chonradh CEE i gcás gach uile chabhair le haghaidh táirgeadh agus trádáil prátaí ach amháin cibé cabhair dá bhforálann an Rialachán féin.


(e)Cosaint in aghaidh Allmhairí


Déanfar cosaint in aghaidh allmhairiú prátaí nua ísealphraghais a shocrú trí mhuirear speisialta frithchúitimh a chur chun feidhme nuair a bhíonn an praghas allmhairiúcháin níos lú ná meánphraghas arna ríomh go bliantúil don Chomhphobal ina iomláine, agus arna chur leis an gComhtharaif Chustam. Féadfar bearta cosanta a ghlacadh in aghaidh prátaí príomhbharra a allmhaireofar má thugtar nó ma bhagraítear suaitheadh ar an margadh.


(f)Aisíocaíochtaí i leith Onnmhairiú


Beidh fóirdheontas i leith onnmhairiú iníoctha mura mbeidh prátaí ó Bhallstáit in ann iomaíocht a sheasamh ar an margadh domhanda.


(g)Forálacha Ginearálta


Le forálacha ginearálta déantar inter alia socrú chun Coiste Bainistíochta a bhunú agus chun bearta sealadacha a ghlacadh i gcás deacrachtaí le linn na hidirthréimhse—suas go dtí an 31 Iúil, 1977.


4. Grádú agus Praghsanna Ráthaithe in Éirinn

Faoi láthair is gá na prátaí go léir a onnmhairítear ó Éirinn a ghrádú, ach níl grádú ar bith riachtanach ar phrátaí a dhíoltar ar an margadh baile.


Ón 1 Iúil, 1976 amach ní foláir prátaí síl a dhíolfar ar an margadh baile a bheith de réir caighdeán cáilíochta a ordaítear i dTreoir ó CEE faoi mhargú prátaí síl (Treoir 403/66/CEE, 14 Meitheamh, 1966).


Faoin scéim praghastacaíochta a bhí á hoibriú ag an Aire Talmhaíochta agus Iascaigh i 1973, 1974 agus 1975 ráthaíodh £16, £19 agus £24.50, faoi seach an tonna mar bhunphraghas i gcás prátaí boird de chaighdeáin shonraithe. Níor fograíodh praghas do 1976. Ní choimeádfar an scéim sin i bhfeidhm má ghlactar leis an Rialachán atá beartaithe.


5. Grúpaí Táirgeoirí

Is dóigh leis an gComhchoiste gur maith an smaoineamh é grúpaí táirgeoirí a bheith ann mar chuidiú chun fáltas cothrom rialta a gnóthú do tháirgeoirí. Tugann sé dá aire áfach nach bhfuil faoi urlámhas ag grúpaí táirgeoirí sa Chomhphobal i láthair na huaire ach 10% de tháirgeadh príomhbharra agus 5% de tháirgeadh iomlán na bprátaí. Cuireadh i bhfios dó go meastar go dtiocfadh leo siúd, má ghlactar leis an Rialachán atá beartaithe, an-urlámhas a mhéadú 5% agus 7% den soláthar sa dá bhliain tosaigh d’oibriú na scéime. Uime sin measann an Comhchoiste nach bhfuil urlámhas na ngrúpaí táirgeoirí ar an margadh fairsing go leor chun an soláthar a rialú agus praghsanna a chobhsú. Dá bhrí sin dhealródh sé gur ghá bearta breise go ceann tréimhse i dtús báire chun go bhféadfaí cuspóir an togra ón gCoimisiún a ghnóthú.


Creideann an Comhchoiste freisin go mbraitheann éifeacht ghinearálta na ngrúpaí táirgeoirí ar a mhéad ab fhéidir na comhaontuithe idir na grúpaí agus a gcomhaltaí a chur i bhfeidhm. Dhealródh sé nár mhór na comhaontuithe sin a bheith ina gconarthaí dlícheangail.


6. Cabhracha Beartaithe

Ní bheadh an córas cabhracha atá beartaithe chomh tairbheach do tháirgeoirí agus atá an scéim praghsanna ráthaithe atá á hoibriú sa tír seo. B’fhiú an chabhair le haghaidh stórála tuairim is £2 an tonna, in aghaidh tréimhse cheithremhí. Ní cosúil go bhfuil sé ceaptha don chabhair sin costas iomlán na stórála a ghlanadh ach gurb amhlaidh atá sí bunaithe ar chúiteamh as caipiteal a fhágáil dochorraithe agus b’fhéidir ar chostais mhargaithe. Measann an Comhchoiste go mbeadh £8 an tonna do thréimhse cheithre mhí níos gaire don mharc is cuí.


7. Díhiodráitiú

I láthair na huaire níl aon ghléasra sa tír seo chun prátaí a dhíhiodráitiú agus cuireadh i bhfios don Chomhchoiste go gcosnódh a leithéid suim mhór airgid. Meastar go mbeadh an costas isteach is amach le £7 an tonna agus b’ionann is £5 an tonna méid na cabhrach ó CETRT. Fairis sin, tugadh de chomhairle don Chomhchoiste nach gá prátaí a dhíhiodráitiú chun bia le haghaidh ainmhithe a dhéanamh díobh. Insíodh don Chomhchoiste go bhféadfaí ina ionad sin iad a dhínádúrú trína ruaimniú agus go mbeadh sin níos saoire go mór. Tuigtear dó gur baineadh leas maith as an bpróiseas sin sa Bhreatain Mhór.


8. Dearcadh Ginearálta an Chomhchoiste

Aontaíonn an Comhchoiste go bhfuil gá le cobhsú ar mhargadh na bprátaí ach ní aontaíonn sé go dtabharfadh tograí an Choimisiúin an cuspóir sin i gcrích. Measann sé gur cheart don Choimisiún tograí níos léirthuisceanaí a ullmhú.


9. Buíochas

Sa scrúdú a rinne Comhchoiste ar an togra seo bhí tuairimí faoina bhráid a fuarthas ó Fheirmeoirí Aontaithe na hÉireann, ó Cónaidhm Lucht Trádála Prátaí, ó Chumann Ceannaitheoirí Prátaí Éireann agus ó Fhásóirí Bhaile Átha Cliath Thuaidh Teo. Gabhann sé buíochas leis na comhlachtaí sin as ucht a gcion cabhrach.


(Sínithe) CATHAL Ó hEOCHAIDH,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


28 Aibreán, 1976.