Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1973 - 1974::24 June, 1976::Report

TUARASCÁIL

CUID I—NÓTAÍ GINEARÁLTA

MEAMRAM ÓN AIRE AIRGEADAIS DAR DÁTA 20 FEABHRA 1976

TUARASCÁIL DAR DÁTA 12 SAMHAIN 1970

Ceist i dtaobh rialú eamhnaithe ar ghníomhaíochtaí áirithe de chuid na Roinne Cosanta.

1. Tugann an Coiste dá aire go bhfuil Buíon Saothair atá ionadach do Roinn na Seirbhíse Poiblí agus don Roinn Cosanta ag breithniú eagraíochta na Roinne Cosanta i gcomhréim le moltaí Bhuíon Bhreithnithe Eagrú na Seirbhíse Poiblí, lena n-áirítear an cheist i dtaobh rialú eamhnaithe ar ghníomhaíochtaí áirithe de chuid na Roinne. Fanfaidh an Coiste le tuilleadh eolais a fháil faoin ábhar sin.


TUARASCÁIL DAR DÁTA 13 IÚIL 1972

Deontais-i-gCabhair

2. Tugann an Coiste dá aire gur ábhar cúraim leis an Aire Airgeadais, mar is ábhar cúraim leis an gCoiste, gur go díreach mar is mian le Dáil Éireann a chaithfí airgead deontais-i-gcabhair, agus go deimhin gach suim airgid a vótáiltear. Tá fáilte ag an gCoiste roimh an ngealltanas ón Aire go ndéanfaidh sé coinníollacha, i dteannta na gcoinníollacha atá luaite faoi láthair i dtreoracha a Roinne chuig Oifigigh Chuntasaíochta a chur, in aon chás inar dóigh leis gur ceart sin, ag gabháil le suimeanna airgid a eisítear as deontais-i-gcabhair.


Airgead a aisghabháil

3. Tugann an Coiste dá aire gur chuir an tAire in iúl, 18 Nollaig 1975, do Dháil Éireann nárbh fhéidir, mar gheall ar na poncanna casta dlí a bhain leis, an t-ábhar sin a chríochnú agus nach raibh sé in úd ráiteas níos iomláine a dhéanamh nó go mbeadh toradh na mbeart ar fáil a d’ordaigh an tArd-Aighne a dhéanamh chun an t-airgead a aisghabháil. Tugann an Coiste dá aire go gcoinneoidh an tAire eolas leis faoin scéal.


TUARASCÁIL DAR DÁTA 28 MEITHEAMH 1973

Cuntais Chomhlachtaí Stát-tionscanta a Iniúchadh

4. Tugann an Coiste dá aire go ndearnadh an Rún go mbunófaí Comhchoiste ón Dáil agus ón Seanad le breithniú a dhéanamh ar ghníomhaíochta comhlachtaí Stát-tionscanta a bhíonn ag gabháil do ghníomhaíochtaí trádála nó tráchtála a chur os comhair Dháil Éireann 8 Nollaig 1975 agus go meastar go dtairgfear an Rún go luath.


Ba mhaith leis an gCoiste fios a fháil an bhfuil deireadh breithnithe déanta fós ag Aire na Seirbhíse Poiblí ar thograí i ndáil le socrú faoi bhreithniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí Comhlachtaí Stát-tionscanta neamhtráchtala. Is é tuairim an Choiste gur ceart go mbeadh na comhlachtaí sin freisin faoi réir a mbuanbhreithnithe ag an Oireachtas agus gur ceart go mbeadh na comhlachtaí Stát-tionscanta go léir faoi réir a scrúdaithe agus a rialaithe níos géire ag an Oireachtas agus, go háirithe, ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste nuair a iarrann an Coiste um Chuntais Phoiblí é.


Iocaíocht leis an gCiste Speisialta Forbartha Réigiúin (Deontas-i-gCabhair)

5. Tugann an Coiste dá aire go gcoimeádfar eolas leis faoi fhorbairtí i ndáil leis an mbreithniú a bheidh á dhéanamh fós ar an ábhar sin maidir le scéal iomlán dháileadh feidhmeanna Rialtais ar chothroma fo-náisiúnta.


TUARASCÁIL DAR DÁTA 23 EANÁIR 1975

Roinn na Gaeltachta

6. Tugann an Coiste dá aire nach léir don Aire, cé go measann sé, maidir le comhlachtaí ar nós Ghaeltarra Éireann, nach ceart deontais-i-gcabhair a thabhairt ach amháin faoi chomhair riachtanas láithreach, go mbeadh aon locht ar airgead den sórt sin a thabhairt de dheontas, tarraingt ar dheireadh bliana airgeadais, i leith caiteachais a bheidh dlite den té dá dtabharfar an deontas, ar choinníoll gur chuí an deonú sin de bharr staid ghluaiseachta airgid an deontaí. Bheadh an Coiste ullamh ar aontú leis an tuairim sin ar choinníoll an tOifigeach Cuntasaíochta a bheith lán-deimhnitheach gur le seirbhis na bliana dar soláthraíodh an deontas-i-gcabhair a bhaineann an caiteachas a bheidh ag faibhriú. Tá an Coiste á iarraidh, áfach, go gcuirfear nóta oiriúnach i ndáil le gach cás ar leith sa Chuntas Leithreasa iomchuí.


Sárú ar Phrionsabail Chuntasaíochta

7. Is maith leis an gCoiste a fháil amach gur soláthraíodh cúrsaí teagaisc i 1975 le heolas a chur ar phrionsabail Chuntasaíochta Rialtais agus gur fhreastail naoi n-oifigeach is tríocha na cúrsaí sin agus go bhfuil seisear is daichead eile ainmnithe le freastal ar na cúrsaí atá ceaptha do 1976. Tugann sé dá aire go bhfuil leabhrán á ullmhú ag insint faoi nósanna imeachta airgeadais agus go mbeidh sé ar fáil do gach duine a thiocfaidh isteach i Ranna uile na Státseirbhíse agus do dhaoine den fhoireann atá istigh agus nach dóigh dóibh a bheith eolasach ar cheanglais chuntasaíochta.


Measann an Coiste gur tosach sin ar fhuascailt deacrachta ab ábhar mór imní don Choiste agus tugann sé dá aire go gcoimeádfaidh an tAire eolas leis faoin ábhar.


Eisiúint airgid faoin Acht um Thaiscí Stáit Teoranta, 1963

8. Tugann an Coiste dá aire go ndéanfar bearta, ag féachaint do a thábhachtaí é go gcomhlíonfaí na ceanglais ón Oireachtas a bhaineann le rialú airgid phoiblí agus, go háirithe, go dtabharfaí tograí reachtaíochta isteach go tráthúil, ionas nach mbeadh na himthosca ann arís ba chúis leis an mírialtacht ar dhírigh an Coiste aird uirthi i mír 24 den Tuarascáil uaidh dar dáta 23 Eanáir, 1975.


Talmhaíocht—Córas Beostoic agus Feola

9. Tugann an Coiste dá aire go bhfuil na cuntais do no blianta go léir suas go dtí 1973-74 deimhnithe anois ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus, nuair a bheidh na cuntais don tréimhse Aibreán-Nollaig 1974, a bhfuil ceisteanna iniúchóireachta á gcur fós mar gheall orthu, deimhnithe, go mbeidh an riaráiste glanta a bhí ann mar gheall ar an moill a bhain le cuntais 1971-72. Tugann an Coiste faoi deara freisin go bhfuil ceaptha ag an Aire go gcuirfear cuntais uaidh seo amach faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste laistigh d’am réasúnach tar éis deireadh gach bliana airgeadais agus is é dóchas an Choiste gur mar sin a bheidh. Má mhoillíonn Córas Beostoic agus Feola arís ag cur a chuntais le hiniúchadh, ba mhaith leis an gCoiste go ndíreofaí a aird ar an ábhar.


Deontais Fhorliontacha do Chóras Iompair Éireann

10. Tugann an Coiste dá aire go bhfuil comhairle dlíodóra faighte ag an Aire Airgeadais gurb é an tAcht Leithreasa an reachtaíocht bhreise is dóigh leis an gCoiste is gá a achtú le bailíocht a thabhairt do dheontais, thar na teorainneacha atá ordaithe sa reachtaíocht atá ann faoi lathair, a thabhairt as airgead vótáilte. Ní ghlacann an Coiste leis an tuairim sin. Ní dhéanann an tAcht Leithreasa ach airgead a leithreasú a vótáil Dáil Éireann le haghaidh seirbhísí a thuairiscítear go ginearálta i gCuid 1 de na meastacháin iomchuí. Ní leithreasaíonn an tAcht airgead faoi na fo-mhírchinn leithleacha i meastachán, ná ní airbheartaíonn sé athrú a dhéanamh ar fhorálacha reachtaíochta atá ann cheana féin ag cur teorann le deontais a thabharfar as airgead vótáilte chun críocha sonraithe. Ina theannta sin, dá nglacfaí leis an bprionsabal atáthar a mholadh anois níor ghá reachtaíocht shonrach le húdarás a thabhairt deontais a íoc as airgead vótáilte. Ba mhaith leis an gCoiste deis a fháil le staidéar a dhéanamh ar an tuairim dlíodóra a fuair an tAire agus ar an aighneacht ar ar bunaíodh í.


Tá an Coiste ag athdhearbhú a thuairime gur cheart, i gcás ina ndéantar, mar gheall ar phráinn, meastachán ar neamhréir le forálacha reachtúla atá ann cheana féin a thabhairt isteach, gur faoi réir reachtaíocht a achtú a vótálfaí an deontas breise. Ní ghlacann an Coiste, dá chionn sin, leis an aighneacht contrártha dó sin atá sa Mheamram ón Aire Airgeadais.


Tá tagairt i mír 24 den Tuarascáil seo do chásanna eile ar ar díríodh aird an Choiste le linn dó a bheith ag scrúdú Cuntas 1973-74 agus nach raibh reachtaíocht leasaitheach a theastaigh le bailíocht a thabhairt d’íocaíochtaí as airgead vótáilte an bhliain sin achtaithe faoi Fheabhra 1976. Is ábhar mór imní don Choiste é sin mar gurb ionann é agus feidhmeanna parlaiminte a tharmligean gan teorainn chuig na húdaráis riaracháin.


TUARASCÁIL DAR DÁTA 30 DEIREADH FÓMHAIR 1975

Oifig an Aire Dlí agus Cirt—seiceáil Cártaí Árachais

11. Tá fáilte ag an gCoiste roimh an dearbhú go meabhraítear d’Oifigigh Chuntasaíochta a riachtanaí atá sé déanamh díreach cinnte mar atá i dTreoracha na Roinne Airgeadais faoi choimeád stampaí árachais agus seiceáil cártaí árachais.


An Phríomh-Oifig Staidrimh

12. Tugann an Coiste dá aire go bhfuiltear, ó 1 Eanáir 1976, ag ioc costais inneall oifige agus soláthairtí eile oifige a cheannaítear don Phríomh-Oifig Staidrimh as fo-mhírcheann ar leith sa Vóta don Oifig sin.


Tugann sé dá aire freisin go bhfuil scrúdú á dhéanamh ar an gceist ghinearálta i dtaobh soláthar a dhéanamh do threalamh oifige faoi fho-mhírchinn leithleacha agus go gcuirfear an toradh in iúl dó.


Foscríbhinn 9.


Rialtas Áitiúil

13. Tugann an Coiste dá aire gur ró-thromaí leis an Aire mar is ró-thromaí leis an gCoiste a mhéid a sheachnaítear mótar-cháin a íoc agus tá siad ar aon-bharúil gur cheart feabhas a chur ar na nósanna imeachta riaracháin atá i bhfeidhm faoi láthair maidir le mótar-cháin. Ar iarratas ón gCoiste tá an tOifigeach Cuntasaíochta tar éis eolas a thabhairt maidir leis na bearta breise atá déanta le gur deacra mótar-cháin a sheachaint. Tugann an Coiste na bearta breise sin dá aire agus tá sé á iarraidh go leanfar le dúthracht ag féachaint i ndiaidh na hoibre sin. Ba mhaith leis scéala a fháil in am trátha faoi éifeacht na nósanna imeachta athscrúdaithe.


Oibreacha agus Foirgnimh Phoiblí

14. Tugann an Coiste dá aire go bhfuil cíos íoctha anois ag Gael-Linn i leith 7 an Bealach Appiach anuas go dtí 31 Eanáir 1976 agus go mbeartaíonn siad imeacht as an áitreabh sin a luaithe a bheidh cóiríocht eile faighte acu.


Tugann sé dá aire freisin go bhfuil curtha in iúl do na hOifigigh Chuntasaíochta lena mbaineann gurb é moladh an Choiste gur ceart, nuair a thugann údaráis áitiúla dearbhuithe ó bhéal i ndáil le hiarratais phleanála, daingnithe ar na dearbhuithe sin a fháil i scríbhinn.


Talmhaíocht

15. Tugann an Coiste dá aire an míniú a thug an tAire maidir leis na himthosca inar tugadh iasachtaí don tionscal feola. Tugann sé dá aire freisin nach raibh na coinníollacha aisíoca a bhí ag gabháil leis na hiasachtaí comhlíonta faoin tráth a cuireadh deireadh leis an Scéim Ráthaíochta d’Onnmhairí ar dhul isteach dúinn i gComhphobail Eacnamaíochta na hEorpa agus nach raibh aon choinníollacha aisíoca eile ag gabháil leis na hiasachtaí nuair a eisíodh iad. Tugann an Coiste dá aire fairis sin ráiteas an Aire nach bhfuarthas aon deis cheart ó shin lena áirithiú go dtabharfaí ar an tionscal feola glacadh le comhaontuithe eile aisíoca mar mhalairt orthu sin. Ní mór don Choiste glacadh leis go rabhthas ag súil nuair a bhí an scéim iasachtaí á tarraingt suas go mbeadh na fóirdheontais sách mór le go bhféadfaí na hiasachtaí a fháil ar ais agus nár measadh dá réir sin gur ghá comhshocraíochtaí malartacha a dhéanamh an tráth sin lena bhfáil ar ais. Ní ghlacann an Coiste leis nach bhfuarthas deis cheart ó shin na hiasachtaí a fháil ar ais agus is mian leis a fháil amach an bhféadfaí a n-aisíoc a éileamh le dlí.


Oifig an Aire Oideachais—An Coláiste Náisiúnta Ealaíne agus Deartha

16. Tugann an Coiste dá aire na hiarrachtaí atá a ndéanamh ag Oifigeach Cuntasaíochta na Roinne Oideachais le tabhairt ar an gColáiste cuntais don tréimhse 1 Bealtaine 1972 go dtí anois a ullmhú agus a chur á n-iniúchadh. Is mian leis, nuair a bheidh an ní sin socair, fios a fháil air.


Meánoideachas—Láithreán san Fhál Carrach, Co. Dhún na nGall

17. Tugann an Coiste dá aire go n-aontaíonn an tAire le tuairimi an Choiste féin maidir le láithreán a cheannach le haghaidh scoile pobail i gCo. Dhún na nGall agus gur chuir an Roinn sin i bhfios don Aire gur tugadh aird ar na tuairimí sin agus go ndéanfar beart dá réir i ngach cás feasta.


CUID II—CUNTAIS SHONRACHA

TIONSCAL AGUS TRÁCHTÁIL

18. Dhírigh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste aird an Choiste ar na comhshocraíochtaí a rinneadh le go gceannódh Radio Telefís Éireann Stiúideonna Scannán na hAirde Móire de bharr cinneadh ón Rialtas i mí Iúil 1973. Muirearaíodh suim £457,473 ar an Vóta sin i leith airleacain £433,500, a soláthraíodh as an bPríomh-Chiste chun na stiúideonna a cheannach, a aisíoc maille le hús. Bhí ordaithe ag an Rialtas go ndíolfaí aon fharasbarr talún a bhí ag gabháil leis na stiúideonna agus bhí an tOifigeach Cuntasaíochta tar éis a chur in iúl don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste nárbh fhéidir a rá go baileach cé mhéad talún díreach a theastódh ó na stiúideonna go dtí go mbeadh bord na cuideachta Stáit a bhí beartaithe leis na stiúideonna a sheoladh ceaptha agus go mbeadh breithniú déanta acu ar an gceist. Dúirt sé freisin go raibh beartais á gceapadh leis an gcuideachta a chorprú agus le bord stiúrthóirí a cheapadh sula n-achtófar reachtaíocht i ndáil leis an tionscal scannán, reachtaíocht ina mbeidh forálacha maidir leis an gcuideachta sin.


Chuir an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste in iúl don Choiste go ndearnadh ó shin an chuideachta a chorprú faoi Acht na gCuideachtaí, 1963, agus go raibh na tailte agus na háitribh aistrithe chuici ag Radio Telefís Éireann le héifeacht ó 1 Iúil 1975. Chuir an tOifigeach Cuntasaíochta i bhfios don Choiste go ndéanfaí, dá bhfaighfí amach go raibh farasbarr talún ann, an farasbarr a dhíol ach nach bhféadfadh sé a rá faoi láthair céard a dhéanfaí sa deireadh thiar leis an airgead a gheofaí air. Dúirt sé go raibh tuairimí an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste curtha in iúl don chuideachta agus gur iarradh ar an gcuideachta a chinneadh a luaithe ab fhéidir cé mhéad talún a bheadh aici de bhreis ar a riachtanais.


Os rud é gur as an bPríomh-Chiste a soláthraíodh an t-airgead ceannaigh sa chás seo áitíonn an Coiste go bhféachfar le dúthracht i ndiaidh ceist díol na talún breise agus diúscairt an airgid a gheofar air. Ba mhaith leis an gCoiste go gcoinneofar eolas leis ar a mbeidh ag tarlú.


19. Thug an Coiste dá aire go ndearnadh soláthar faoi Fhomhírcheann A—Tuarastail, Pá agus Liúntais—do ghnáthfhoireann Státseirbhíse na Roinne agus fairis sin do chomhairleoirí teicníochta, do shaineolaithe agus do lucht comhairle mar iad sin a fhostaíonn an Coimisiún Náisiúnta Praghsanna. Dúirt an Coiste gurb é a dtuairim gurbh fhearr an léargas a bheadh acu ar an gcaiteachas as an Vóta dá ndéanfaí soláthar le haghaidh na speisialtóirí sin faoi Fhomhírcheann ar leith. Ghlac an tOifigeach Cuntasaíochta air féin, ag tabhairt a fhianaise dó, breithniú a dhéanamh ar an moladh sin agus tá an Coiste ag fanacht le tuilleadh scéala uaidh i dtaobh an ábhair.


OIBREACHA AGUS FOIRGNIMH PHOIBLÍ

20. Tharraing an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste aird an Choiste ar an moill a bhain lena chinntiú cad é costas deiridh na hoibre a rinne Oifig na nOibreacha Poiblí chun saoráidí díluchtaithe a fheabhsú ag Cé na Rinne, Baile an Chaisleáin, Co. Chorcaí. Ceadaíodh an tionscadal i 1968 ar choinníoll gurbh í Comhairle Chontae Chorcaí a d’íocfadh cúig is fiche faoin gcéad de chostas na hoibre, agus measadh an tráth sin go gcosnódh sé £16,000. Críochnaíodh an obair i Nollaig 1971 ach níor cinntíodh an costas deiridh, £27,311, go dtí Márta 1974, rud a ba chúis le moill ag éileamh iarmhéid an ranníoca ón gComhairle Contae, a raibh £4,000 íoctha aici i 1969. Bhí sé curtha in iúl ag an Oifigeach Cuntasaíochta don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste go raibh cúiseanna éagsúla ina dtrúig leis an moill a bhain leis an gcostas deiridh a ríomh. Orthu sin bhí aistrithe acmhainne idirphoist, deacrachtaí cuntasaíochta agus easpaí agus easnaimh foireannaithe. Tá a ranníoc go léir íoctha ó shin ag an gComhairle Contae agus bhí deimhnithe ag an Oifigeach Cuntasaíochta don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste go raibh sé sásta le barrainneacht na nósanna imeachta agus na rialuithe le figiúirí iontaobhhacha a aimsiú don chostas deiridh a bhaineann le scéimeanna mar í seo a bhfuil ranníoc logánta i gceist iontu. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta agus é ag tabhairt fianaise gurb é an géarghanntanas cuntasóirí costas bunchúis na moille. D’fhéach Oifig na nOibreacha Poiblí arís agus arís le tuilleadh díobh a fhostú ach níor éirigh leo. Rinne an Oifig sin iarracht freisin ar a cuntasóirí costas féin a oiliúint trí oiliúnaithe a thabhairt isteach ach ghabh cuid acu siúd le poist ar ardú tuarastail lasmuigh den tSeirbhís Phoiblí. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta freisin go raibh oiread sin éilimh lasmuigh ar chuntasoirí den sórt sin le blianta anuas nár spéis leo chor ar bith na poist a bhí á dtairiscint ag an Stát. Bhí obair a oifige ag dul i maille fós mar gheall ar chuntasóirí costas a bheith gann agus, cé go raibh gach dícheall á dhéanamh le réiteach a fháil air sin, ní raibh an obair sin ag dul ar aghaidh chomh tapaidh agus ba mhaith leis an Oifigeach Cuntasaíochta.


Cuireann an Coiste in iúl gur cúis imní leis an cor sin sa ghnó lena bhfuil oibríochtaí Oifig na nOibreacha Poiblí á moilliú de bharr ganntanas sain-fhoirne agus gur breis chostais ar an Stát an toradh is dóichí a bheidh air sin. Tá freagracht ar Roinn na Seirbhíse Poiblí san ábhar sin agus ba mhaith leis an gCoiste a fháil amach cén tuairim atá ag an Roinn sin den ní sin.


MEÁNOIDEACHAS

Foscribhinn 7.


21. Thug an Coiste dá aire gur sábháladh airgead ar Fhomhírcheann J.1.—Scoileanna Cuimsitheacha agus Scoileanna Pobail —Costais Reatha—toisc go raibh roinnt cuntas nár tíolacadh in am lena n-íoc roimh dheireadh na bliana airgeadais agus d’iarr sé ar an Oifigeach Cuntasaíochta tuilleadh eolais a thabhairt. Thug seisean nóta don Choiste ina dhiadh sin inar luaigh sé na cúiseanna a bhí leis na cuntais sin a chur isteach mall. Dúirt sé gur thosaigh aon cheann déag de scoileanna nua ag obair in 1973-74 agus gur dheacair le cuid acu a gcuntais mhíosúla a chomhardú agus a chur faoi bhráid na Roinne. Bhain moill freisin le gnólachtaí ag tíolacadh a gcuntas do Bhoird Bhainistíochta na scoileanna. Bhí de thoradh air sin gur tugadh roinnt mhaith gnó anall go dtí an chéad bhliain airgeadais eile. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta go raibh caiteachas míosúil as buiséid scoileanna á fhaire níos géire anois ag an Roinn d’fhonn a chinntiú nach dtabharfar íocaíochtaí anall ach ina laghad cás is féidir. Tá súil ag an gCoiste go bhfuil cor sásúil anois ar na comhshocraíochtaí cuntasaíochta do na scoileanna sin.


GAIRMOIDEACHAS

Foscríbhinn 8.


22. Dhírigh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste aird an Choiste ar na comhshocraíochtaí a bhí déanta le cúnamh a sholáthar as an Vóta seo do lucht léinn ar mian leo cúrsaí nach cúrsaí céime a dhéanamh i gColáistí Ceardoideachais Réigiúin. De ghnáth is Coistí Gairmoideachais a sholáthraíonn an cúnamh sin as na deontais a íoctar leo as Fo-mhírcheann A. Nuair a cinneadh ar a thuilleadh airgid a sholáthar chun na críche sin as an Vóta d’ordaigh an Roinn Airgeadais é a sholáthar faoi Fho-mhírcheann nua—I.2.—a osclaíodh chun na críche sin. Rinneadh an tsuim iomlán £305,600 a eisíodh le haghaidh na seirbhíse sin i gcaitheamh na bliana a roinnt idir dhá fho-mhírcheann—£120,000 as Fo-mhírcheann I.2. agus £185,600 as Fo-mhírcheann A. Aontaíonn an Coiste leis an tuairim a chuir an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste in iúl gur cheart, ar mhaithe le dea-chuntasaíocht, soláthar iomlán a dhéanamh le haghaidh na seirbhíse sin faoi fho-mhírcheann amháin agus is maith leis an gCoiste an dearbhú ón Oifigeach Cuntasaíochta gur comhaontaíodh leis an Roinn Airgeadais go mbainfear Fo-mhírcheann I.2. as an Vóta i 1977.


ARD-OIDEACHAS

23. Bhreithnigh an Coiste mír 36 de Thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste inar díríodh aird ar eisiúintí chuig an Údarás um Ard-Oideachas as na deontais-i-gcabhair a soláthraíodh chun críocha caipitiúla. Bhí an méid iomlán a soláthraíodh— £2,480,000—go léir eisithe agus tharla dá bharr sin go raibh iarmhéid airgid ba mhó ná £700,000 ar láimh ag an Údarás an 31 Márta 1974 agus ar feadh tamaill ina dhiaidh sin. Chuir an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste in iúl go láidir a thábhachtaí a bhí sé gan airgead a eisiúint as an Státchiste sula mbíonn sé ag teastáil faoi chomhair dliteanas aibithe nó ina shuimeanna níos mó ná mar is gá le haghaidh na seirbhíse dá n-eisítear é, agus mhínigh sé, d’ainneoin gur thuill an tÚdarás ús bainc £40,000 ar an airgead a bhí ar láimh aige i rith na bliana, gur chás leis go mbeadh cuid mhaith lena chois sin de chostas ar an Roinn Airgeadais ag fáil an airgid sin ar iasacht. Mhínigh an tOifigeach Cuntasaíochta na himthosca ba chúis leis an gcor ar ar dhírigh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste aird agus léirigh sé na comhshocraíochtaí a bhí a Roinn a dhéanamh leis an Údarás lena chinntiú nach dtarlódh a leithéid arís. Ba dheimhin leis go mbeadh toradh fónta ar na comhshocraíochtaí sin ach an Roinn Oideachais agus tÚdarás oibriú as lámha a chéile. B’éigean don Choiste tagairt i dtuarascálacha roimhe seo don chaoi a raibh eisiúintí á ndéanamh as airgead vótáilte de bhreis ar riachtanais láithreacha an deontaí agus is mian leis luí go trom uair amháin eile ar a riachtanaí atá sé go mbeadh comhar iomlán idir na Ranna urraíochta agus na comhlachtaí a fhaigheann cúnamh deontais ionas gur iarmhéideanna barraineacha a bheidh ann, rud is gné bhunúsach do dhea-bhainistíocht airgeadais.


ÍOCAÍOCHTAÍ AR GÁ REACHTAÍOCHT SHONRACH LENA nDÉANAMH BAILÍ

Ct. 172.


Cta. 375-379.


Cta. 399-409.


24. Tharraing an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste aird an Choiste ar chásanna eile nach raibh reachtaíocht leasaitheach rite chun bailíocht a thabhairt d’íocaíochtaí faoi scéimeanna lenar bhain achtacháin shonraithe. Áiríodh ar na híocaíochtaí sin pinsin ranníocacha agus pinsin ex-gratia a deonaíodh do bhaintreacha agus do leanaí seirbhíseach poiblí áirithe (Vóta 12—Aoisliúntais agus Liúntais Scoir), deontais nua i leith costas oiriúnaithe tithe agus deontais athfhoirgniúcháin mhéadaithe (Vóta 26—Rialtas Áitiúil) agus deontais tithíochta mhéadaithe i limistéir Ghaeltachta (Vóta 36 —Roinn na Gaeltachta).


I gcás na n-íocaíochtaí as Vóta 12 dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta ina chuid fianaise leis an gCoiste go raibh sé beartaithe i gcéaduair reachtaíocht shonrach a thabhairt isteach ag soláthar le haghaidh na n-íocaíochtaí sin ach gur cinneadh ina dhiaidh sin beart comhdhlúthúcháin a ullmhú i leith an chóid aoisliúntas uile a shroicheann siar go 1834. Thóg sé achar maith níos faide an beart comhdhlúthúcháin a ullmhú ná mar a thógfadh an reachtaíocht shonrach a céadbheartaíodh. Bhí súil lena thabhairt isteach, áfach, an chéad sheisiún eile de Dháil Éireann, mura bhféadfaí é a thabhairt isteach le linn an tseisiúin reatha. Chuir an tOifigeach Cuntasaíochta in iúl maidir leis na híocaíochtaí dá dtagraítear i dTuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste nach ndearnadh aon íocaíocht den sórt sin gan meastachán forlíontach a bheith rite agus d’fhéach sé air sin mar rud a thug údarás dó an t-íoc a dhéanamh, ach i gcríoch dála bhí reachtaíocht le cur i bhfeidhm ina leith.


Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta don Vóta i leith Rialtais Áitiúil leis an gCoiste i ndáil leis na deontais oiriúnaithe eisreachtúla agus na deontais athfhoirgniúcháin mhéadaithe a íocadh as an Vóta sin go raibh sé ag brath ar an Acht Leithreasa chun bailíocht a thabhairt do na híocaíochtaí sin mar áis shealadach ach go raibh sé beartaithe go dearfa Bille a thabhairt isteach a dhéanfadh bailí iad. Níor tugadh isteach aon mheastachán forlíontach chun soláthar le haghaidh na n-íocaíochtaí sin mar go mba leor soláthar fomhírchinn sa mheastachán bunaidh faoina gcomhair agus ní raibh siad ag imeacht ró-fhada ó réim an fho-mhírchinn áirithe sin.


Chuir an tOifigeach Cuntasaíochta do Vóta 36—Roinn na Gaeltachta—in iúl go raibh íoc na ndeontas tithíochta thar mar a bhí ceaptha de réir teorainneacha reachtúla, rud a raibh aird tarraingthe air ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, go raibh sé ar siúl le tuilleadh beag agus trí bliana. Bhí reachtaíocht ullmhaithe le bailíocht a thabhairt do na híocaíochtaí sin ach bhain deacracht le socrú a dhéanamh í a thabhairt os comhair Dháil Éireann. Dúirt sé freisin go raibh an reachtaíocht tithíochta iomchuí a shocraigh teorainneacha reachtúla na ndeontas sin ag sroicheadh chomh fada siar le 1929, i bhfad sular bunaíodh Roinn na Gaeltachta agus, cé go raibh deontais á dtabhairt ag a Roinn faoi scéimeanna éagsúla, gurb iad na deontais tithíochta amháin a raibh baint leo ag reachtaíocht shonrach.


Sa tuarascáil uaidh faoi dháta 23 Eanáir 1975 chuir an Coiste in iúl mar bharúil mheáite gur chóir i gcás deontais a vótálfaí i dteannta deontas reachtúil, ceadú reachtúil a bheith leo féin. Tá trácht i mír 10 den tuarascáil seo ar bharúlacha an Aire Airgeadais, mar atá siad sa mheamram uaidh dar dáta 2 Feabhra 1976, faoin mbarúil sin agus tá baint iomchuí acu leis na híocaíochtaí atá faoi bhreithniú anois. Ní dhéanfaidh an Coiste a thuilleadh trácht ar na híocaíochtaí sin go dtí go mbeidh deis aige grinniú ar an gcomhairle dlíthiúil a bheidh faighte ag an Aire i dtaobh na n-ábhar roimhe sin. Ní foláir dó, áfach, locht a fháil ar an bhfad a thóg sé reachtaíocht leasaitheach a thabhairt os comhair an Oireachtais d’fhonn bailíocht a thabhairt d’íocaíochtaí eisreachtúla sna cásanna sin inar comhaontaíodh go raibh gá leis an mbailíocht sin.


OIFIG NA gCOIMISINÉIRÍ IONCAIM

25. D’éist an Coiste fianaise ón Oifigeach Cuntasaíochta i dtaobh na bhfadhbanna a tharlaíonn ag bailiú ioncaim. Mhínigh sé go raibh sé ag éirí an-deacair airgead a chruinniú, leis an méadú mór sa mhuirear agus na deacrachtaí a bhí ag tarlú do cháiníocóirí mar gheall ar an lagra. I gcás nach n-éireoidh leo na suimeanna a measúnaíodh a chruinniú beidh ceist a gcruinnithe trí chur-i-bhfeidhm le réiteach, trí ghlaoch ar an Sirriam (nó ar an gcláraitheoir contae) nó tríd an Aturnae Ioncaim. Dúirt sé freisin go raibh méadú ollmhór tagtha ar an obair a bhí á cur go dtí an dá earnáil sin, ionas, d’fhonn an t-ualach ar na cláraitheoirí contae a éascú, gur ceapadh cúntóirí don Ard-Bhailitheoir i gceantair áirithe. Téann siadsan ag triall ar dhaoine a bhíonn faillíoch ag íoc agus déanann siad tathant orthu a gcáin a íoc agus tá laghdú 35 go 40 faoin gcéad tugtha aige sin ar líon na gcásanna a bheadh d’eile ag dul go dtí na cláraitheoirí contae. Mar sin féin bhí ceist ar an Oifigeach Cuntasaíochta i dtaobh an ama le teacht. San áit a raibh suas le 3,000 cás ag dul go dtí na cláraitheoirí contae sé nó seacht de bhlianta ó shin tá suas le 20,000 nó thairis sin ag dul chucu anois.


Is ábhar imní ag an gCoiste an t-eolas sin freisin agus tá sé á iarraidh go ndéanfar a thuilleadh beart chun fadhb an chruinnithe a ionramháil. Na cúntóirí don Ard-Bhailitheoir dar thagair an tOifigeach Cuntasaíochta ceapadh iad i gcuid is lú ná leath na gceantar agus bhí siad tar éis feabhas mór a chur ar an scéal. Dealraíonn sé don Choiste go mb’fhéidir go bhféadfaí an socrú sin nó socrú dá shamhail a leathnú go dtí ceantair eile.


TUAIRISCEÁIN CBL A CHUR I gCOMPARÁID LE CUNTAIS A CUIREADH ISTEACH CHUN CRÍOCHA CÁNACH IONCAIM

26. Rinne an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste triail-sheiceáil teoranta ar na nósanna imeachta a oibrítear chun cáin bhreisluacha a chruinniú agus a fhíorú agus dealraíonn sé uaidh nach raibh comhréiteach á dhéanamh idir láimhdeachas dearbhaithe an cháiníocóra le haghaidh cánach breisluacha agus an láimhdeachas a léiriodh i gcuntais iniúchta a cuireadh isteach chun críocha cánach ioncaim cé go raibh comhréiteach mar sin tuartha mar cheann de na bealaí le riail a choinneáil ar chruinneas na ndearbhuithe a cuireadh isteach maidir le híoc cánach breisluacha. Chuir an tOifigeach Cuntasaíochta in iúl nach bhféadfadh comparáid mar sin, comparáid a bhféachtar air mar áis rí-thábhachtach seiceála, nach bhféadfadh sé a bheith lán-éifeachtach ach amháin sa chás ina mbeadh figiúirí cánach breisluacha ar fáil do dhá mhí dhéag iomlán na bliana cuntasaíochta agus, ó bhí formhór na measúnachtaí cánach ioncaim bunaithe ar bhrabúis na bliana roimhe sin, go mbeadh measúnachtaí uile 1973-74 geall leis agus go leor i leith 1974-75 bunaithe ar bhlianta nach mbeadh cáin bhreisluacha dhá mhí dhéag ar áireamh iontu. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta freisin go raibh súil leis go mbeadh an tseiceáil lán-éifeachtach do mheasúnachtaí 1975-76.


Measann an Coiste gur rí-thábhachtach an áis le haghaidh tuairisceáin chánach breisluacha a rialú agus a fhíorú comhréiteach a bheith idir na figiúirí láimhdeachais i dtuairisceáin chánach breisluacha agus na figiúirí i dtuairisceáin chánach ioncaim agus ba mhaith leis eolas a fháil faoin dul ar aghaidh a bheidh á dhéanamh á thabhairt isteach.


FORAOISEACHT

27. Tharraing an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste aird ar íocaíochtaí a rinneadh faoi chonradh i leith suim £5,566 chun scannán doiciméadach a dhéanamh ar beartaíodh am rite tríocha a cúig go daichead nóiméad dó. Rinneadh íocaíochtaí suas go £3,500 ar scór an chonartha sular seachadadh an scannán i Meitheamh 1973. Fuarthas go raibh an scannán míshásúil i slite áirithe agus rinne comhlacht eile é a atheagrú agus a ghiorrú chun go raibh am rite ceithre nóimeád déag go leith aige, rud lenar bhain costas £960. Íocadh £1,000 sa bhreis leis an gcéad chonraitheoir in Iúil 1973 nuair ab eol cheana féin nach raibh an scannán sásúil. Mhínigh an tOifigeach Cuntasaíochta go ndearnadh an íocaíocht sin faoi chomhaontú ag cur deireadh leis an gconradh agus go mb’fhiú go maith é ag féachaint don méid oibre a ghabh leis agus don méid ábhair a tugadh suas don Roinn, ní a thug gurbh fhéidir scannán sásúil a chríochnú dá chionn laistigh den airgead a cuireadh ar leith chuige. Toisc go raibh an toradh críochnaitheach sásúil agus gur chomhlíon sé na cuspóirí go léir a bhí beartaithe ag an Roinn, mheas an tOifigeach Cuntasaíochta nach bhféadfaí a cheapadh gurbh íocaíocht gan tairbhe í. Glacann an Coiste leis gur cuireadh scannán ar fáil ar chostas laistigh den méid airgid a bhí curtha ar leith chuige ach ní mór dó a chur in iúl gur socraíodh an tsuim sin ar an mbonn go soláthrófaí scannán a mhairfeadh ó chúig nóiméad is tríocha go daichead nóiméad. Dá gcuirtí scannán ceithre nóiméad déag go leith ar ordú sa chéad ásc bheadh súil ag an gCoiste go mba lú go mór an tsuim airgid a chuirfí ar leith ina chomhair.


LEITHREASAÍ-I-gCABHAIR ILGHNÉITHEACHA

Ct. 567.


28. Le linn dó a bheith ag scrúdú an Chuntais Leithreasa don Vóta le haghaidh Foraoiseachta thug an Coiste faoi deara gur tugadh suim £61.337 chun creidiúnais faoi Leithreasaí-i-gCabhair—Ilghnéitheach. Measann an Coiste gur suim ró-mhór í sin le taispeáint faoin gceannteideal ginearálta “Ilghnéitheach” agus molann sé go ndéanfaí feasta sonraí na bpríomh-mhíreanna a dhéanann suas an t-iomlán faoin gceannteideal sin a thabhairt i nóta míniúcháin leis an bhfomhírcheann.


Is feasach don Choiste go bhfuil mioneolas ar fháltais ilghnéitheacha sonraithe i gcuid de na Cuntais Leithreasa agus tá sé á iarraidh go dtabharfaí an t-ábhar seo faoi iúl gach Oifigigh Chuntasaíochta. Measann an Coiste freisin gur gá, i gcás soláthairtí ilghnéitheacha i bhfo-mhírchinn dochair sna Meastacháin, suimeanna measartha móra a bhriseadh síos le eolas a thabhairt i dtaobh cén cineál caiteachais a bhí beartaithe.


TALMHAÍOCHT

29. Chuir an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste i bhfáth go raibh moill ag baint le Suimeanna Cúiteacha Airgid a chruinniú a bhí dlite díobh sin a bhí ag onnmhairiú toradh talmhaíochta ó Éirinn. De réir na gcomhshocraíochtaí a rinneadh le haghaidh aontachas na hÉireann do na Comhphobail Eorpacha, nuair is le honnmhairí go dtí Stáit nach Ballstáit a bhaineann na suimeanna sin, bíonn siad ag faibhriú chun sochair don Státchiste i gcaitheamh na hidirthréimhse a chríochnóidh i 1978. Mhínigh an tOifigeach Cuntasaíochta go raibh baint éigin ag fadhbanna foirne leis an moill agus freisin gur tharla deacrachtaí ag cinneadh ceannteideal beacht na Comhtharaife Custam i gcás táirge amháin, rud ba chúis le moill bhreise ag cinntiú na suimeanna a bhí dlite, ach dúirt sé ina theannta sin gur bailíodh na suimeanna a bhí luaite i bhfiafraí an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta ina chuid fianaise gurbh é ba chúis go formhór leis an deacracht gur chorás nua é seo a tionscnaíodh de chionn comhshocraíochtaí a rinneadh sa Bhruiséil agus gur thóg sé roinnt ama an t-innealra ba ghá a chur i bhfearas chun na bailiúcháin sin a dhéanamh. Bhíothas ábalta cuid éigin den deacracht a réiteach, ach níorbh fhéidir sin a dhéanamh i ngach uile réimse, agus bhí roinnt fadhbanna fágtha fós maidir leis na suimeanna sin a bhailiú. Cé go rabhthas tar éis na cásanna dar thagair an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste a réiteach tharla athruithe ar rátaí airgid reatha tráth ní ba dhéanaí agus bhí sé sin ina chúis le glac eile de Shuimeanna Cúiteacha Airgid agus sa réimse sin is ea a bhí na fadhbanna acu fós. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta go bhféadfadh suas le cúig nó sé mhilliún punt a bheith amuigh gan bailiú agus gurbh é cuspóir na Roinne i ndeireadh dála an t-airgead sin a chruinniú.


Ábhar cúraim ag an gCoiste an méid an-mhór airgid atá amuigh gan íoc sa chás seo, rud is ionann dáiríre agus iasacht saor ó ús do na honnmhaireoirí. Tá súil aige go leanfar le fuinneamh do chruinniú an airgid sin agus go dtabharfar an scéal chun críche go sásúil in achar gearr. Ba mhaith leis an gCoiste go gcoimeádfaí ar an eolas é faoina dtarlóidh.


VIVION de VALERA,


Cathaoirleach.


24 Meitheamh 1976.