Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1973 - 1974::20 November, 1975::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 20 Samhain, 1975.

Thursday, 20th November, 1975.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


Na Teachtaí S. Mac Fheorais, Ó Crotaigh, de Valera, A. Mac Giobúin, Ó Goibheannaigh, Ó Gríofa, Ó Mórdha, Mac Searraigh, C. Ó Murchú, Mac Páidín, Ó Tuathail agus Ó Tonnaigh.


3. Cathaoirleach a Thoghadh.


Rinneadh tairiscint (An Teachta Mac Páidín):


“That Deputy de Valera be Chairman of the Committee.”


Cuireadh agus aontaíodh an Cheist.


Chuaigh an Teachta de Valera i gCeannas dá réir sin.


4. Ordaíodh: Go suífidh an Coiste go príobháideach.


5. Breithniú na gCuntas Leithreasa 1973-74.


Tosaíodh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1973-74. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— Tionscal agus Tráchtáil, Cosaint, Arm-Phinsin.


6. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh P. Ó Slatarra (Rúnaí, An Roinn Tionscail agus Tráchtála), P. Ó Murchú (Rúnaí, An Roinn Cosanta) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


7. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.35 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn.