Committee Reports::Report No. 29 - Goods, Surface Transport: Bus and Coach Services::24 March, 1976::Report

TUARÁSCAIL

1. Réamhrá

Chuir an Coimisiún meabhrán ar fhorbairt an Chomhbheartais Iompair faoi bhráid na Comhairle an 24 Deireadh Fómhair, 1973. Is é a bhí ceaptha le meabhrán an Choimisiúin obair an Chomhphobail i réimse an iompair a ghríosú. Moladh sa mheabhrán go dtabharfaí i gcrích de réir a chéile córas iompair Comhphobail a bheadh in ann cabhrú le cuspóirí Chonradh CEE a bhaint amach, agus go háirithe cáilíocht agus caighdeán dálaí maireachtála agus saothair a fheabhsú, i dteannta ligean do chóracha iompair oibriú go réidh soghluaiste agus a laghad ab fhéidir dá chostas sin a thitim ar an bpobal.


I rith 1975, rinne an Coimisiún réamhthograí maidir le heagrú an mhargaidh lastiompair sa Chomhphobal a ullmhú agus a phlé le lucht leasa Rialtais, gairme agus soicheacnamaíochta. Ag féachaint do na pléití sin d’ullmhaigh an Coimisiún ocht ndearbh-thogra faoi oibriú na margaí in iompar earraí de mhuir is de thír sa Chomhphobal. Chuir an Coimisiún a chuid tograí faoi bhráid na Comhairle an 1 Deireadh Fómhair, 1975. Baineann na tograí go formhór le hiompar idirnáisiúnta earraí.


Scrúdaigh an Comhchoiste na tograí sin agus tráchtar orthu sa Tuarascáil seo.


Ghlac Comhairle na nAirí (Iompar) le ceann de na tograí ag a chruinniú an 10/11 Nollaig, 1975—is é sin an togra a bhaineann leis an taraif-chóras lúibíneach le haghaidh iompar idirnáisiúnta earraí de bhóthar a fhadú— agus, tar éis tograí an Choimisiúin maidir leis an gCuóta Comhphobail a bhreithniú, ghlac siad le Rialachán nua (Uimh. 333/1/75 den 18 Nollaig, 1975), nach ndearna ach fadú dhá mhí dhéag ar an Rialachán Cuóta Comhphobail a bhí ar marthain (Uimh. 2829/72 den 28 Nollaig 1972).


Sa Tuarascáil seo beartaíonn an Comhchoiste freisin tagairt do thogra maidir le seirbhísí bus agus cóiste idir Ballstáit.


Tá liosta de na tograí go léir a phléitear san Fhoscríbhinn a ghabhann leis an Tuarascáil seo.


2. Iompar Earraí de Bhóthar

Rinne an Chéad Treoir ón gComhairle an 23 Iúil, 1962, arna leasú le Treoracha na Comhairle an 19 Nollaig, 1972 (Uimh. 72/426) agus an 4 Márta, 1974 (Uimh. 74/149), maidir le comhrialacha a bhunú do chineálacha áirithe iompair earraí de bhóthar idir Ballstáit, rinne sé dhá earnáil déag d’iompar idirnáisiúnta earraí a shaoradh ó shriantachtaí ceadúnais agus cuóta. Rinne an Treoir, arna leasú, seacht n-earnáil breise iompair idirnáisiúnta a shaoradh ó shriantachtaí cuóta ach níor shaor sé iad ó shriantachtaí ceadúnais.


Is é togra an Choimisiúin go gcuirfí Treoir nua ina mbeadh eilimintí nua in ionad na Treorach atá ann faoi láthair. Tá sé molta ag an gCoimisiún go ndéanfaí ranna teorann lena mbaineann an Chéad Treoir ón gComhairle a leathnú ó 25 ciliméadar go 50 ciliméadar ar gach taobh den teorainn agus go ndéanfaí iompar earraí inmheata i bhfeithiclí teasrialaithe agus iompar féin-chonláin a dhíolmhú ó shriantachtaí ceadúnais agus cuóta. Tá sé molta freisin ag an gCoimisiún go ndéanfaí iompar beithíoch le marú agus capaill folaíochta chomh maith le hearraí ar bealach i bhfeithiclí suas go deich dtona meáchan lánualaithe le pá-ualach nach mó ná sé thona a dhíolmhú ó shriantachtaí cuóta ach gan iad a dhíolmhú ó shriantachtaí ceadúnais.


I gcás na tíre seo agus na Ríochta Aontaithe ní bheidh feidhm ag na forálacha tráchta teorann ach amháin maidir leis an Teorainn idir an Stát agus Tuaisceart Éireann. Sa mhéid a bhaineann le tarlóirí ceadúnaithe i dTuaisceart Éireann tá ceadúnais á bhfáil acu gan bhac ó 1966 chun gabháil isteach sa Stát agus amach as. Na ranna teorann nua atá beartaithe ní bheidh feidhm acu, dá bhrí sin, ar thrácht thar teorann ach amháin sa mhéid a bhaineann le tarlóirí ón mBreatain nó ó Bhallstáit eile do teacht isteach sa Stát ó Thuaisceart Éireann.


Glacann an Comhchoiste leis go bhfuil na tograí atá á mbreithniú anois aimsithe go loighiciúil i dtreo an Comhbheartas Iompair atá i bhfís ag Conradh CEE a bhaint amach i ndeireadh dála. Mar sin féin, is ábhar cúraim dó go bhféadfadh sé tarlú, de dhroim feidhm chomhionannach a thabhairt do na forálacha beartaithe ar fud an Chomhphobail go léir, go n-iarrfaí ar thír mar Éire níos mó den léirscaoileadh a dhéanamh i gcomparáid lena méid ná mar a d’iarrfaí ar na Stáit mhóra. I gcóimheas le méid an Stáit féin is maith mór an chuid achar 50 ciliméadar ar leithead. Ina theannta sin, tá sé curtha in iúl don Chomhchoiste ag CIE go mb’fhéidir go bhforbrófaí tuilleadh seirbhísí farantóireachta uair éigin san am le teacht i gcalafoirt mar Sligeach, Gaillimh, Luimneach, Port Láirge agus an tInbhear Mór agus go mbeadh d’éifeacht leis sin saor-rann a dhéanamh d’fhormhór an Stáit.


Tharlódh go mbainfeadh deacracht eile lena chur in áirithe go bhfanfadh tarlóirí iasachta faoi réim an dlí faoi na dálaí léirscaoilte beartaithe. Sroichfidh an rann teorann nua atá beartaithe idir an Stát agus Tuaisceart Éireann chomh fada le pointe i ngaireacht beagán míle de limistéar díolmhaithe Bhaile Átha Cliath, is é sin, limistéar laistigh de raon 15 míle d’Ard-Oifig an Phoist i mBaile Átha Cliath agus ina bhfuil díolmhú cheana féin ó gach foráil ceadúnúcháin de bhua ailt 8 agus 9 den Acht um Iompar ar Bhóithre, 1933. Is léir go mbeadh sé deacair go maith an dlí a chur i bhfeidhm in imthosca den sórt sin.


Measann CIE gurb é a tharlódh, d’éagmais comhchuibhiú ar na dálaí comórtais, go háirithe comhchuibhiú fioscach, dá ndíolmhófaí iompar earraí inmheata i bhfeithiclí teas-rialaithe, go bhfágfaí oibritheoirí Éireannacha faoi mhíbhuntáiste mhór ó thaobh comórtais agus gur dhóigh go mbainfeadh dochar dá chionn dá chuid trácht iarnróid féin sna hearraí sin. Go háirithe, is eagal dó go ndéanfaí seirbhísí iompair a dhumpáil sa tír seo nuair a tharlódh luchtmhaireacht barrachais séasúrach sa Ríocht Aontaithe agus i mBallstáit eile. Ar chúiseanna atá cosúil leis sin a bheag nó a mhór níl an Bord i bhfabhar an léirscaoilte atá beartaithe i gcás capaill folaíochta a iompar. Chítear don Chomhchoiste gur gnéithe de na tograí iad sin ar chóir breathnú go grinn orthu.


3. Cuóta Comhphobail le haghaidh Earraí a Iompar de Bhóthar

Tugadh isteach córas an chuóta Comhphobail i 1968 agus is é a bhí beartaithe leis é a bheith ina chéim ar aghaidh go dtí an cor deiridh nuair a bainfí gach uile shriantacht chainníochtúil d’iompar earraí de bhóthar. Faoin gcuóta Comhphobail eisítear údaráis a thugann cead do shealbhóir feithicil a úsáid le haghaidh iompar earraí, ar fruiliú nó ar luaíocht nó neamhualaithe, ar fud an Chomhphobail ar fhoras iltaobhach ach ní bhaineann sé le hoibríochtaí iompair inmheánacha laistigh de Bhallstát. Socraíonn an cuóta cé mhéid údarás ar fad is féidir a eisiúint agus tá uimhir shonraithe cionroinnte do gach Ballstát ag Comhairle na nAirí.


Níl ar áireamh sa chóras cuóta Comhphobail ach tuairim 6% d’oibríochtaí ród-iompair idirnáisiúnta. Meastar don Choimisiún gur de dhroim na sriantachtaí ró-dhochta atá curtha ar oibríochtaí ar fhruiliú nó ar luaíocht a thig an méadú atá tagtha ar oibríochtaí féin-chonláin agus go bhfuil sé in am, dá bhrí sin, an córas Cuóta Comhphobail a athrú ó bheith ina chóras triaileach chun bheith ina chóras buan agus an cuóta comhiomlán a dhúbailt. Tá sé molta aige go ndéanfaí 50% den mhéadú a chionroinnt ar Bhallstáit de réir ráta úsáide na nÚdarás Comhphobail a eisíodh i leith 1973, agus an t-iarmhéid a dháileadh ar Bhallstáit ar fhoras trasna an bhoird.


Dá gcuirfí togra an Choimisiúin i bhfeidhm níor mhór Rialachán Cuóta Comhphobail nua a ghlacadh faoi dheireadh Nollaig, 1975. Cheal comhaontú, rinne an Chomhairle, mar a cuireadh in iúl cheana, Rialachán nua (Uimh. 3331/75, 18 Nollaig, 1975) a ghlacadh nach ndearna ach an Rialachán Cuóta Comhphobail a bhí ar marthain (Uimh. 2829/72, 28 Nollaig, 1972) a fhadú dhá mhí dhéag.


Bheadh de thoradh ar thogra an Choimisiúin go n-ardófaí líon údarás na hÉireann ó 50 go 79 in aghaidh 1976. Is é an líon údarás ar fad a moladh 4,726.


De réir thogra an Choimisiúin bhí sé i gceist go ndéanfadh an Chomhairle ar thogra ón gCoimisiún cuóta agus líon na n-údarás do gach Ballstát a shocrú i 1977 agus gach bliain ina dhiaidh sin, nó cheal cinnte ag an gComhairle, gur mar a bhí sé do 1976 a bheadh sé i gcás 1977 agus go méadófaí 20% í gach bliain ina dhiaidh sin. Níl CIE i bhfabhar léirscaoilte amach is amach agus b’fhearr leis dá bhfágfaí an cinneadh sin faoin gComhairle i gcónaí.


Is díomá leis an gComhchoiste nár chomhaontaigh an Chomhairle líon na n-údarás a mhéadú do 1976. Tuigtear dó go mbeidh an t-ábhar sin á bhreithniú arís i mbliana agus tá súil aige go bhféadfar méadú maith mór a bhaint amach ar dháileadh na hÉireann.


4. Teacht a bheith ar Shlí Bheatha mar Iompróir Earraí nó Paisinéirí d’Uiscebhealach

Is é cuspóir atá leis an togra seo iomaíocht bhisiúil a urasú agus ceart bunaíochta a bhaint amach. Is é atá ceaptha leis a iarraidh ar Bhallstáit gan údarás chun gabháil do shlí bheatha mar iompróir earraí nó paisinéirí d’uiscebhealach in iompar náisiúnta nó idirnáisiúnta a thabhairt ach amháin do dhaoine nádúrtha nó do ghnóthais dea-cháile, a bhfuil acmhainn oiriúnach airgid acu agus atá inniúil ó thaobh gairme. Eisiatar ar fad ó réim na bhforálacha soithigh earraí nach mó ná 400 tona a bhfuil innill iontu nach mó ná 140 e.c. agus feithiclí paisinéirí atá cóirithe chun méid is lú ná 20 duine a iompar. Ina theannta sin féadfaidh Ballstáit, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, gnólachtaí a bhíonn ag gabháil d’oibríochtaí iompair náisiúnta agus nach bhfuil ach mionfheidhm acu ar an margadh iompair a dhíolmhú ó na forálacha go léir nó ó chuid acu. Meastar dá bhrí sin nach mórán a bhainfidh sé leis an tír seo má ghlactar leis an bhforáil.


5. Aithint fhrithpháirteach Cáilíochtaí d’Oibritheoirí Iompair Paisinéirí agus Tarló Earraí de Bhóthar nó d’Uiscebhealach

Forálann Airteagal 57 den Chonradh, a bhaineann le ceart bunaíochta chun a éascú do dhaoine gabháil le gníomhaíochtaí agus iad a shaothrú mar oibrithe ar a gconlán féin, go n-eiseofar treoracha chun dioplómaí, teastais agus cruthúnais eile ar cháilíochtaí foirmiúla a aithint go frithpháirteach agus fós chun comhordú a thabhairt ar na forálacha reachtaíochta nó rialúcháin nó riaracháin sna Ballstáit.


Sa togra láithreach sonraítear an fhianaise nach foláir do Bhallstát caoifeach glacadh léi mar fhianaise (a) ar dhea-cháil, (b) ar acmhainn airgeadais agus (c) ar inniúlacht ghairmiúil daoine nó gnóthas ó Bhallstát eile a dteastaíonn uathu iad féin a bhunú mar oibritheoirí iompair ina chríoch.


Mar bheart eatramhach, go dtí go nglacfar le critéir chomhionanna Comhphobail, forálann an togra aitheantas a thabhairt do dhoiciméid ó údarás inniúil sa Bhallstát tionscnaimh mar leor-chruthúnas ar chomhlíonadh na gcoinníollacha a bhaineann le dea-cháil agus acmhainn airgeadais.


Déileáltar le hinniúlacht ghairmiúil oibritheoirí tarló bóthair agus oibritheoirí paisinéirí bóthair i dTreoracha 74/561/CEE agus 74/562/CEE faoi seach agus tá foráil in Airteagal 5 den togra láithreach le haghaidh aitheantas a thabhairt do na teastais maidir le hinniúlacht ghairmiúil dá bhforáiltear ansin. Déileálann Airteagal 6 le hoibritheoirí iompair eile lena n-áirítear iompróirí agus oibritheoirí uiscebhealach intíre atá díolmhaithe ó fhorálacha Treoracha 74/561/CEE agus 74/562/CEE, agus forálann sé go mbeidh cruthú ar an ngníomhaíocht a fheidhmiú ar feadh tréimhse áirithe sa tír thionscnaimh ina chruthú ar inniúlacht ghairmiúil.


Baineann an togra freisin le daoine a théann i mbun na ngníomhaíochtaí sin mar fhostaithe i mBallstáit chaoifeacha ag a bhfuil ceanglais maidir le dea-cháil, acmhainn airgeadais agus inniúlacht ghairmiúil.


Fáiltíonn an Comhchoiste leis an togra sin agus tugann sé tacaíocht dó.


6. Táillí d’Iompar Idirnáisiúnta Earraí d’Iarnród

Is é foras atá leis an togra seo ná gur gá de réir an Chomhbheartais Iompair rátaí iompair a shaoradh faoi dheoidh ó rialú an Stáit.


Thabharfadh an togra cead do na gnóthais iarnróid féin rátaí iompair fartha idirnáisiúnta a shocrú. Socrófaí taraifí idirbhealaigh trí chomhaontú idir gnóthais nó, cheal comhaontaithe, shocródh an Coimisiún é tar éis dul i gcomhairle le coiste comhairleach ach go bhféadfadh an Chomhairle ar iarratas ó Bhallstát cinneadh a dhéanamh á shárú sin. Ní bheadh de theorannú ar ghnóthas iarnróid ach amháin a chuid oibleagáidí faoi na Conarthaí agus é a bheith de cheanglas air costais agus fáltais a chothromú. Bheadh sé de theideal ag Ballstát, áfach, taraifí a fhorchur go héigeantach i leith “oibleagáidí seirbhíse poiblí”, is é sin, seirbhísí nach ngabhfadh an gnóthas air féin dá mba iad a leasanna tráchtála féin amháin b ábhar cúraim dó.


Lasmuigh d’iompar go Tuaisceart Éireann agus ó Thuaisceart Éireann, níl aon cheangal idirbhealaigh díreach iarnróid ag CIE le haon Bhallstát eile agus i gcás Tuaisceart Éireann is é CIE a oibríonn an tseirbhís iompair. Más le ceangail díreacha iarnróid, agus leo sin amháin, a bhainfidh an togra, tá cás láidir ann le haghaidh Éire a dhíolmhú ón tógra mar a theastaíonn ó CIE, mar nach bhfuil aon chuideachta iarnróid eile bainteach leis. Fiú dá mbainfeadh an togra le hiompar d’iarnród agus de mhuir, níorbh fhiú, nuair a fhéachtar ar a laghad trácht mar sin a bhíonn ag CIE, níorbh fhiú dul faoin gcostas a bhainfeadh le taraifí tagartha a réiteach, taraifí a bheadh comharthaíoch, agus sin uile, gan bheith éigeantach.


7. Taraifí lúibíneacha i leith Earraí a iompar de Bhóthar idir Ballstáit

Tá glactha cheana féin leis an togra seo trí bhíthin Rialachán Uimh. 3330/75 ón gComhairle, 18 Nollaig 1975. Fadaíonn an Rialachán córas na dtaraifí lúibíneacha éigeantacha go dtí deirieadh 1976, tráth atá sé beartaithe an córas taraifí tagartha is ábhar don chéad togra eile atá faoi bhreithniú sa tuarascáil seo a chur ina n-ionad. Déanann taraifí lúibíneacha uasrátaí agus íosrátaí a leagan síos agus is trí chomhaontú idir na Ballstáit lena mbaineann a shocraítear iad.


8. Taraifí Tagartha i leith Earraí a Iompar de Bhóthar idir Ballstáit

Tá Coimisiún CEE tar éis glacadh leis nár éirigh leis an gcóras éigeantach taraifí lúibíneacha na torthaí a tuaradh dó a bhaint amach agus measann sé gur chóir córas saor-eagair taraifí a thabhairt isteach. Ceapann sé, áfach, gur chóir córas eatramhach taraifí tagartha a bheith ann, d’fhonn athrú go réidh ó éagar taraifí éigeantach go dtí saor-eagar taraifí.


Ní bheadh sna taraifí tagartha beartaithe ach rud comharthaíoch agus ní chuirfeadh siad bac ar shaoirse a bheith ag gnóthais iompair chun comhaontú ar rátaí le húsáidirí ag féachaint do staid an mhargaidh. Socrófaí na taraifí tagartha trí chomhaontú idir Comhlachais Tarló Bóthair (a bheadh ainmnithe ag Ballstáit), ach bheadh baint leis na pléití ag eagraíochtaí a bhíonn ag ionadú do úsáidirí agus do sholáthróirí seirbhísí atá coimhdeach d’iompar, agus fós ag Ceardchumainn. Bheadh na taraifí tagartha faoi réir a ndaingnithe ag an gCoimisiún, tar éis dul i gcomhairle le Coiste Comhairleach, ach d’fhéadfadh an Chomhairle, ar iarratas ó Bhallstát, rialú in aghaidh cinneadh an Choimisiúin.


Bhainfeadh an Rialachán beartaithe le hearraí a iompar ar fruiliú nó ar luaíocht de bhóthar idir Ballstáit cibé acu a gcaithfí nó nach gcaithfí iad a iompar ar feadh cuid den slí trí thír nach Ballstát nó an fheithicil a iompar gan briseadh ualaigh de mhuir, d’iarnród nó d’uiscebhealach. Ní bhainfeadh sé le hearnálacha áirithe iompair atá sa liosta in Airteagal 13 den Rialachán beartaithe.


Measann an Comhchoiste go bhféadfadh an córas sin a bheith anchostasach da nglacfaí leis agus tá súil aige go ndéanfar breithniú grinn ar an ngné sin den togra.


Tá roinnt leasuithe molta ag CIE agus tá súil ag an gComhchoiste go scrúdófar iad go cúramach. Is iad seo na moltaí:—


(a)Ba chóir Airteagal 9 a leasú chun a fhoráil go dtabharfar fógra i dtaobh aon rátaí a bhfuil méid comhaontaithe de dhifear (abair 10 faoin gcéad) eatarthu agus an taraif mholta. B’fhusa dá thoradh sin meastóireacht gearr-théarma a dhéanamh ar rátaí i gcoinne na gcritéar dá bhforáiltear in Airteagal 4,


(b)Ba chóir go ndéanfadh Airteagal 10 foráil le haghaidh foilsiú treoghluaiseachtaí ag an gCoimisiún gach sé mhí in ionad gach bliain,


(c)Ba mhaith an rud taraifí tagartha a thabhairt isteach go comhthráthach ar fud an Chomhphobail agus dá bhrí sin b’fhéidir nach leor an t-am a lamháiltear le hAirteagal 11,


(d)Toisc nach inghlactha le CIE mar lán-chomhalta de Chomhlachas Tarló Bóthair na hÉireann, ní fhéadfadh sé a bheith páirteach i bhforbairt taraifí tagartha. Ba chóir Airteagal 5 a leasú ionas go bhféadfadh sé a bheith páirteach.


9. Faireachán ar na Margaí le haghaidh Earraí a Iompar d’Iarnród, de Bhóthar agus d’Uiscebhealaí Intíre

D’fhonn cabhrú leis an gComhbheartas Iompair a lánfhorbairt chuirfeadh an togra seo córas ar bun chun margaí iompair a fhaire a mba chuid de taifeach agus réamhaisnéis agus a bheadh faoi bhainistí an Choimisiúin maille le dhá choiste chomhairleacha. Is iad a bheadh ar choiste amháin ionadaithe ó charraeirí, úsáidirí, ceardchumainn agus soláthróirí seirbhísí coimhdeacha agus ionadaithe rialtais a bheadh ar an gceann eile. Thabharfaí tuarascálacha bhliantúla ina dtaispeánfaí torthaí na dtaifeach agus a thabharfadh réamhaisnéisí cúig bliana ar threoghluaiseachtaí. Bheadh ar Bhallstáit na bearta is gá a dhéanamh d’fhonn a áirithiú go gcuirfí an Rialachán beartaithe i bhfeidhm.


Measann an Comhchoiste gur mhaith an rud é córas faireacháin ar an margadh iompair ach ceapann sé, de réir mar atá molta i gcás Staidreamh Iompair san Aonú Tuarascáil agus Fiche uaidh, gur cheart gurb é buiséad na gComhphobal a íocfadh costas na hoibríochta sin. B’fhéidir, áfach, go mb’fhiú an córas a athbhreithniú tar éis dhá bhliain, abair, d’fhonn a áirithiú go bhfuil toradh air mar a hiarrtar. Is dóigh leis an gComhchoiste gur chóir ionad a bheith ag CIE ar an gcoiste comhairleach dá bhforáiltear in Airteagal 6.


10. Comhrialacha de Sheirbhísí Rialta agus do Sheirbhísí Rialta Speisialta ar Chóiste agus Bus idir Ballstáit.

Déanann Rialachán (CEE) Uimh. 517/72, arb iad na comhrialacha iad, agus de bhua éifeachta arb iad na rialacha ceadúnúcháin iad, le haghaidh seirbhísí idirnáisiúnta bus, déanann siad foráil, inter alia, go bhféadfaidh Ballstáit comhaontú ar cheanglais áirithe den Rialachán a tharscaoileadh, ar ceanglais nós imeachta iad go formhór, i gcás seirbhísí bus nach n-oibrítear ach amháin i gcríoch dhá Bhallstát ar feadh bealaigh is lú ná 100 cm díreach trasna tíre laistigh de rann nach mó a leithead ná 50 cm díreach trasna tíre ag gach taobh den teorainn. Leasódh an togra láithreach seo an fhoráil sin le go mbainfeadh sé le cor na mBallstát nua ar an réir chéanna leis an leasú ar an gCéad Treoir faoi tharló fartha. Nuair a bheidh na fadanna tras-teorann á dtomhas chun an nós imeachta modhnaithe a chur i bhfeidhm, ní áireofar aon fhad thar muir a thaistil cóiste nó bus ar bhád farantóireachta feithiclí ach amháin i gcás ina bhfuil teorainn thalún idir an dá Stát. Áirítear, dá bhrí sin, na fadanna thar muir ar bhealaí na mbád farantóireachta feithiclí idir an Stát agus an Bhreatain agus níl feidhm ag an nós modhnaithe mar tá tras-teorann idir Éirinn agus an R.A. ag an teorainn le Tuaisceart Éireann. Ní dhéanfaidh an leasú beartaithe difear i slí ar bith do oibriú na seirbhísí bus idir an Stát agus Ballstáit eile. Cuireadh i bhfios don Chomhchoiste nach mbeidh san athrú atá beartaithe ach amháin soiléiriú ar na cásanna ina bhféadfar modhnú a dhéanamh ar na nósanna imeachta a bhaineann le ceadúnú.


11. Admháil

Ba mhaith leis an gComhchoiste a rá go bhfuair sé mórchúnamh ó CIE agus é ag breithniú na n-ocht dtograí tosaigh sa tuarascáil seo agus gabhann sé buíochas dá chionn.


(Síniú) CATHAL Ó hEOCHAIDH,


Cathaoirleadh an Chomhchoiste.


24 Márta, 1976.