Committee Reports::Report No. 29 - Goods, Surface Transport: Bus and Coach Services::24 March, 1976::Appendix

FOSCRÍBHINN

*1. Togra do Threoir ón gComhairle ar chomhrialacha a bhunú do chineálacha áirithe iompair earraí de bhóthar idir Ballstáit.


*2. Togra do Rialachán ón gComhairle ar an gCúota Comhphobail le haghaidh earraí a iompar de bhóthar idir Ballstáit.


*3. Togra do Threoir ón gComhairle faoi theacht ar shlí bheatha mar iompróir earraí nó paisinéirí d’uiscebhealach in iompar náisiúnta agus idirnáisiúnta.


*4. Togra do Threoir ón gComhairle do lorg aithint fhrithpháirteach dioplómaí, deimhnithe agus fianaise eile ar cháilíochtaí foirmiúla do oibritheoirí iompar paisinéirí agus tarló earraí de bhóthar nó d’uiscebhealach, lena n-áirítear bearta atá ceaptha chun gríosú leis na hoibritheoirí sin a gcearta chun saoirse bunaíochta a fheidhmiú go héifeachtúil.


*5. Togra do Rialachán maidir le rátaí a shocrú d’iompar idirnáisiúnta earraí d’iarnród.


*6. Togra do Rialachán ón gComhairle ag leasú Rialachán CEE Uimh. 3255/74 ón gComhairle 19 Nollaig, 1974 ag leathnú agus ag leasú Rialachán CEE Uimh. 1174/68 ón gComhairle 30 Iúil, 1968 ar thionscnamh chóras taraifí lúibíneacha i leith earraí a iompar de bhóthar idir Ballstáit.


*7. Togra do Rialachán ón gComhairle le haghaidh córas taraifí tagartha i leith earraí a iompar de bhóthar idir Ballstáit.


*8. Togra do Rialachán (CEE) ón gComhairle maidir le córas le haghaidh faireachán ar na margaí le haghaidh earraí a iompar d’iarnród, do bhóthar agus d’uiscebhealaí intíre idir na Ballstáit.


9. Togra do Rialachán ón gComhairle ag leasú Rialachán (CEE) Uimh. 517/72 ón gComhairle 28 Feabhra, 1972 ar thionscnamh comhrialacha do sheirbhísí rialta ar chóiste agus bus idir Ballstáit [R/2595/75].


*(Tá na tograí seo sa Doiciméad Coimisiúin COM (75) 490 críochnaitheach.)