Committee Reports::Report No. 28 - Fowl, Water Content of Frozen Carcases::24 March, 1976::Report

TUARASCÁIL

1. Réamhrá

Tá scrúdú déanta ag an gComhchoiste ar an togra leasaithe le haghaidh Rialacháin ón gComhairle ag leagan síos comhchaighdeán maidir le cion uisce conablach reoite agus domhain-reoite éanlaithe [R/3120/75 (AGRI 822)].


Déileálann Rialachán Uimh. 2777/75 dar dáta 29 Deireadh Fómhair, 1975, le comheagrú an mhargaidh feola éanlaithe clóis, agus tá socrú ann le caighdeáin mhargaíochta a bhunú arb aidhm dóibh táirgí éanlaithe clóis a fheabhsú. An togra seo faoi láthair is leasú é ar thogra roimhe sin ón gComhairle agus is iarracht é ar an aidhm sin a shaothrú i dtreo áirithe. Ní mór chuige sin go nglacfaí le Rialachán ón gComhairle ag ordú comhchaighdeáin ag a mbeadh feidhm sa Chomhphobal maidir le cion uisce conablach reoite agus domhain-reoite éanlaithe. Tá sé deimhnithe ó thaighde atá déanta ag Ballstáit gur féidir an méid alluisce a shúann conablach éin le linn a ullmhaithe a chinneadh go beacht. Is é an Foras Talmhaíochta a sheol na tástálacha ba ghá a dhéanamh sa tír seo.


2. An Rialachán atá beartaithe

Leagann Airteagal 1 ocht faoin gcéad mar theorainn leis an gcion uisce. Le nósanna imeachta rialúcháin a bhaineann Airteagal 2 agus 3. Tá na teicníochtaí rialaithe ainilíse sonraithe in Iarscríbhinní I agus II. Forálann Airteagal 4 nach ndéanfar luchtóg ar mó ná ocht faoin gcéad an cion uisce a bheidh ann a chur ar margadh mar a bheidh sé agus go ndlífidh sealbhóir luchtóige den sórt sin costas rialúcháin agus costas ainilíseacha a íoc. Tá d’oibleagáid ar gach Ballstát gníomhaireacht rialúcháin a bhunú agus pionóis a fhorordú i leith an Rialachán a shárú.


Tá scrúdú déanta ar an togra ag Fochoiste eolaithe teicniúla agus tá Meitheal Oibre ón gComhairle á bhreithniú faoi láthair. Tá sé le tuiscint ón Roinn Talmhaíochta agus lascaigh nach dóigh go nglacfar leis an Rialachán beartaithe mar atá sé faoi láthair: tá sé deacair ag na Ballstáit teacht ar chomhréiteach faoi mhodhanna tástála. Ní dóigh, dá réir sin, do na comhshocruithe beartaithe a bheith i ngníomh ón 1 Bealtaine, 1976, mar bhí ceaptha.


3. Mar atá in Éirinn

Onnmhairítear tuairim is luach milliún punt sa bhliain d’éanlaithe clóis as Éirinn—chun na Breataine Móire agus go Tuaisceart Éireann a bhformhór. Feoil úr ó sheachtó go dtí ochtó faoin gcéad dá dtáirgimid d’fheoil éanlaithe clóis. Tá taispeáinte ó na tástálacha gur ó thrí go ceathair faoin gcéad an cion uisce a bhíonn inár n-éanlaithe clóis reoite agus is lú sin go mór ná caighdeáin Eorpacha. Ní deacracht ar bith dá dhroim sin do tháirgeoirí na hÉireann forálacha an togra a chomhlíonadh.


Le scathamh anuas tá conablaigh éanlaithe clóis reoite á n-allmhairiú as Tuaisceart Éireann agus tharraing sin uiríolla ó tháirgeoirí agus ón dream a bhíonn ag gabháil do phróisiú go bhfuil margadh an bhaile á mhilleadh orthu féin. Tá sé le tuiscint go bhfuil toirmeasc sealadach curtha ar allmhairiú den sórt sin agus go bhfuil an scéal á phlé leis an gCoimisiún ag an Roinn Talmhaíochta agus Iascaigh. Is dealraitheach go bhfuil ní tábhachtach amháin a thugann buntáiste éagórach do lucht na trádála i dTuaisceart Éireann agus sin é an córas náisiúnta cabhrach atá i bhfeidhm ansin agus níl amhras ar bith nó déanfar gearán géar leis an gCoimisiún faoi sin. Níl sé soiléir cé mhéad a bheadh ár dtionscal próiseála féin ar neamhchothrom iomaíochta vis-á-vis a n-iomaitheoirí ó Thuaisceart Éireann dá nglacfaí leis an togra maidir leis an gcion uisce, ach is léir gur gné eile den ábhar é sin a ndlitear é a bhreithniú go fíorchúramach.


4. An Rialachán a fheidhmiú

Tuigtear go ndéanfaidh an tAire Talmhaíochta agus Iascaigh, má ghlactar agus nuair a ghlacfar leis an Rialachán agus thiocfadh gur leagan leasaithe air a bheadh ann, ionstraim reachtúil ag bunú gníomhaireachta rialúcháin, ag forordú pionós, etc. Meastar gurb iad an lucht cigireachta atá sa Roinn faoi láthair a dhéanfaidh an chigireacht nach foláir a dhéanamh.


(Síniú) CATHAL Ó hEOCHAIDH,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


24 Márta, 1976.