Committee Reports::Report No. 26 - Company Taxation and Witholding of Taxes on Dividends, Harmonisation of Systems::24 March, 1976::Report

TUARASCÁIL

1. Réamhrá

Tá scrúdú déanta ag an gComhchoiste ar thogra an Choimisiúin le haghaidh Treoir ón gComhairle maidir le córais chánachais chuideachtaí a chomhchuibhiú agus maidir le cánacha ar dhíbhinní a choimeád siar. Tá an togra seo bunaithe ar Airteagal 100 de Chonradh CEE, a dhéileálann le comhfhogasú ar bhearta náisiúnta a bhaineann go díreach le bunú nó feidhmiú an Chómhargaidh.


I Rún an 22 Márta, 1971, ó Chomhairle na nAirí maidir le haontas eacnamaíochta agus airgeadaíochta a bhunú cinneadh go mbeadh comhfhogasú cánachais chuideachtaí ina chuid den chéad chéim. Meastar na difríochtaí idir córais náisiúnta a bheith ina laincis ar shaor-ghluaiseacht chaipitil agus ina gcúis le coinníollacha iomaíochta a shaobhadh. Dá gcloífeadh an Chomhairle le Rún sin an 22 Márta, 1971 dhéanfadh sí beart de réir an togra sin um dheireadh Mheán Fómhair, 1976. Ach tá an togra ag brath, ar dhóigh, ar dhá thogra a bheith glactha roimhe sin maidir le dlí na gcuideachtaí i dtaobh comhbhaint mháthairchuideachta le fochuideachta agus i dtaobh cumasc. Ós rud é go bhfuil an dá thogra sin faoi bhreithniú ó 1969, ní éadóigh go dtógfaidh sé tamall maith an togra seo atá i gceist anois a phróiseáil.


2. An Dréacht-Treoir

Go hachomair is é is cuspóir don dréacht-Treoir na córais náisiúnta chánachais ar bhrabúis chorparáidí a chomhchuibhiú ar bhonn córais leitháirimh. Faoin gcóras sin leagtar an ráta céanna cánach ar bhrabúis, cibé acu dáilte nó neamhdháilte dóibh, ach tugtar do na scairshealbhóirí creidmheas cánach as an gcáin chorparáide is bun lena ndíbhinní.


Má ghlactar leis an dréacht-Treoir bhéarfadh sin:—


(a)go leagfaí ráta amháin cánach, idir 45% agus 55%, ar bhrabúis chorparáidí. De mhaolú air sin lamhálfaí do Bhallstáit, ar chúiseanna léirmhínithe a bhaineann le beartas eacnamaíoch, nó réigiúnach nó sóisialach, imeacht ón ráta nó díolúine uaidh a thabhairt i gcásanna speisialta go ceann tréimhse nó go buan. Chun leas a bhaint as an maolú sin bheadh sé de cheangal ar Bhallstáit fógra a thabhairt don Choimisiún agus chaithfeadh an Coimisiún a bharúlacha a chur in iúl laistigh de thríocha lá;


(b)faoi réir maoluithe áirithe, go dtabharfaí isteach córas leitháirimh faoina mbeadh lucht díbhinní a fháil i dteideal creidmheas cánach idir 45% agus 55% den cháin chorparáide ar shuim in ionannas leis an díbhinn dháilte arna méadú de mhéid na cánach sin. Ní cead creidmheasaí cánach a dheonú do dhaoine ina gcónaí i dtríú tíortha, faoi chomhaontuithe cánach dúbailte, ar bhonn is fabhraí ná mar a bhaineann le cónaitheoirí sa Chomhphobal; agus


(c)go leagfaí cáin iarchoimeádta 25% ar dhíbhinní dáilte ach amháin i gcás díbhinní arna ndáileadh ag fochuideachta do mháthairchorparáid. Bheadh sé de chumhacht ag Ballstát gan an cháin iarchoimeádta a leagan i gcás a chónaitheoirí féin, má chuirtear ainm agus seoladh an fháighteora in iúl do na húdaráis chánachais nó má chláraítear urrúis in ainm a sealbhóirí.


3. Feidhmiú i ndlí na hÉireann

Leis an mBille Cánach Corparáide, 1976, atá os comhair an tSeanaid faoi láthair, foráiltear go ndéanfar, faoi réir faoisimh speisialta do chineálacha áirithe cuideachtaí, cáin chorparáide a leagan de réir ráta 50% ar ioncam cuideachtaí, is é sin an t-uasráta cánach ioncaim agus cánach brabús corparáide i dteannta a chéile faoi láthair agus go héifeachtach de réir an ráta láithreach cánach gnóchan caipitiúil 26% ar a ngnóchain chaipitiúla. Más rud é, ar an 6 Aibreán, 1976, nó dá éis sin, go ndéanfaidh cuideachta dáileadh, déanfar cuid den cháin chorparáide ar an ioncam is bun leis an dáileadh a áireamh i leith an scairshealbhóra i modh creidmheasa cánach. Beidh méid an chreidmheasa cánach a leitháireofar amhlaidh comhionann le cáin ioncaim de réir an ráta chaighdeánaigh don bhliain mheasúnachta ina ndéantar an dáileadh ar chomhiomlán an dáilte maille leis an gcreidmheas cánach ina leith. Chun críocha cánach ioncaim, is é an comhiomlán sin an miosúr ar an ioncam de chuid an scairshealbhóra atá in ionannas leis an dáileadh, agus measfar an méid sin ioncaim a bheith curtha faoi mhuirear cánach is ionann agus méid an chreidmheasa cánach.


Faoi mar atá an dlí i láthair na huaire tá cuideachta a chónaíonn in Éirinn inchurtha faoi cháin ioncaim ar mhéad iomlán a brabús, cibé acu a dháiltear nó nach ndáiltear iad. Nuair a íocann an chuideachta díbhinn as na brabúis sin tá sí i dteideal cáin ioncaim a bhaint aisti agus a choinneáil de réir an ráta chaighdeánaigh ar mhéad comhlán na díbhinne agus áirtítear an méad sin i lámha an scairshealbhóra mar ioncam arna chánú trí asbhaint de réir an ráta chaighdeánaigh. Faoin gcóras nua beidh a creidmheas cánach i leith dáileadh, mar atá mínithe cheana, comhionann le cáin ioncaim de réir an ráta chaighdeánaigh ar chomhiomlán an dáilte agus an chreidmheasa cánach. Mar sin is ionann cás an scairshealbhóra faoin gcóras nua agus faoin gcóras atá anois ann.


Réitíonn na tograí sin le forálacha na dréacht-Treorach. Ach má ghlactar leis an dréacht-Treoir d’fhéadfadh éifeacht a bheith aici ar fhaoisimh áirithe ó cháin atá le coimeád i bhfeidhm faoi fhorálacha an Bhille.


4. Faoisimh ó Cháin chun Táirgeadh Tionsclaíoch a spreagadh

Is iad seo a leanas na faoisimh is mó atá ar fáil in Éirinn:—


(a)Faoiseamh i leith Díolachán Onnmhairí:


Saortar brabúis as onnmhairí nua agus as onnmhairiú méadaithe áirithe ó cháin bhrabús corparáide agus ó cháin ioncaim go feadh 15 bliana agus ina dhiaidh sin ar ráta laghdaithe go ceann tréimhse breise chúig bliana. Tá an scéim sin le bheith i bhfeidhm go dtí 1990.


(b)Faoiseamh na Sionainne:


Saortar ó cháin bhrabús corparáide agus ó cháin ioncaim go dtí an 5 Aibreán, 1990 brabúis as trádáil onnmhairiúcháin agus as socruithe i dtaobh seirbhísiú a dhéantar laistigh de limistéar dleachtsaortha an Aerfoirt.


(c)Faoiseamh 20% do scairshealbhóirí i gcuideachtaí áirithe monaraíochta agus eile:


Tugadh an scéim seo isteach i 1932 agus tá socrú inti le haghaidh 20% de laghdú cánach ar dhíbhinní agus ús as scaireanna agus urrúis i gcuideachtaí a chónaíonn in Éirinn. Ní bhaineann an laghdú ach le scaireanna atá ar seilbh ag daoine a chónaíonn sa Stát.


Níl na faoisimh a luaitear faoi (a) agus (b) le fáil ach ag cuideachtaí agus tá de cheangal orthusan an faoiseamh a thabhairt do scairshealbhóirí nuair a bhíonn díbhinní á n-íoc acu as brabúis shaortha. Dhealródh sé nach gceadódh an dréacht-Treoir an faoiseamh a choimeád i bhfeidhm do chuideachtaí ach amháin sa chás ina dtiocfaidís faoi théarmaí an mhaolaithe atá luaite cheana i mír 2 (a). Chomh fada is a bhaineann lena scairshealbhóirí dhealródh sé go gcuirfeadh an dréacht-Treoir bac le tairbhe an chreidmheasa bheartaithe i leith cánach a bheith ag dul dóibh. Faoi láthair lamhálann gach tír i CEE, amach ón Ríocht Aontaithe, do roinnt scairshealbhóirí i gcuideachtaí Éireannacha a bhfuil na faoisimh sin acu miosúr éigin de “chreidmheas comhfhreagrach” sa dóigh go mbíonn tairbhe an fhaoisimh a thugann an tír seo ó cháin le fáil acu go hiomlán nó go páirteach. Tugtar lamháltais dá shamhail sin i gcomhaontuithe déthaobhacha le roinnt tríú tíortha.


Is do scairshealbhóirí aonair, agus ní do chuideachtaí, a thugtar an faoiseamh dá dtagraítear faoi (c). Dealraíonn sé go bhfuil éifeacht ag an dréacht-Treoir air sa mhéid go mbacann Airteagal 4 (1) (b) ar scairshealbhóirí a bhfuil an faoiseamh sin acu tairbhe an chreidmheasa bheartaithe i leith cánach a fháil agus go bhforálann Airteagal 21 nach bhfaighidh scairshealbhóirí i mBallstát eile cóir chánachais is lú fabhar ná mar a fhaigheann scairshealbhóirí a chónaíonn sa Stát céanna leis an gCorparáid a íocann an díbhinn.


Roimhe seo bhainfeadh tábhacht ina leith seo leis an bhfaoiseamh ó cháin i leith oibríochtaí mianadóireachta. An lamháltas atá ar fáil anois ag gnólachtaí móra mianadóireachta, is i gcomhaireamh na mbrabús é agus ní sa ráta cánach orthu. Tá lamháltas cánach ann i gcónaí do mhianaigh bunchineáil ach sna cásanna sin is beag an brabús a dhéantar agus uime sin is beag a bhailítear de cháin freisin.


5. Cabhracha ón Stát

Na faoisimh a thugtar in Éirinn i leith cánach is cineál cabhracha iad a thig faoi théarmaí Airteagail 92-94 de Chonradh CEE agus Phrótacal 30 don Chonradh Aontachais a aithníonn, chomh fada is a bhaineann le hÉirinn, gur gá, ag cur na nAirteagal thuasluaite chun feidhme “féachaint le forás a thabhairt faoin ngeilleagar agus feabhas a thabhairt ar chaighdeán maireachtála an phobail”. Ag gníomhú dó faoi na cumhachtaí a thugtar dó le hAirteagal 93 de Chonradh CEE, chuir an Coimisiún i bhfios don Chomhairle ar an 27 Feabhra, 1975 [R/650/75 (ECO 77)], gur chinn sé go mbeadh na cabhracha stáit a bhí i bhfeidhm in Éirinn ar an 1 Eanáir, 1975 “bailí go ceann tréimhse tosaigh trí bliana”. Is dóigh leis an gComhchoiste, nuair a thiocfaidh buanú na gcabhracha sin ó 1978 amach faoi bhreithniú ag an gCoimisiún nach foláir dó aird a thabhairt ar Phrótacal 30 mar a dtugann na Ballstáit dá n-aire beartas “arb é is sprioc dó an caighdeán maireachtála in Éirinn a chur ar chomhrian le caighdeán na náisiún Eorpach eile, deireadh a chur leis an tearcfhostaíocht agus san am céanna na difríochtaí sa leibhéal forbraíochta ó réigiún go chéile a chur ar ceal” agus mar a ndearbhaíonn siad gur “léir dóibh gurb é a gcomhleas é aidhmeanna an bheartais sin a ghnóthú”. Ní féidir leis an gComhchoiste aon ní a bheadh bunoscionn leis an tuairim sin a aimsiú sna barúlacha a léirigh an Coimisiún i dteachtaireacht an 27 Feabhra, 1975 uaidh.


Sna himthosca réamhráite níl sé inghlactha ar chor ar bith ag an gComhchoiste go mbeadh na faoisimh Éireannacha i leith cánach a ndearnadh tagairt dóibh curtha san áireamh go hintuigthe i dTreoir le haghaidh comhchuibhiú faoi Airteagal 100 de Chonradh CEE. Ós rud é gur comhaontaíodh go bhféadfar na faoisimh i leith cánach a choimeád i bhfeidhm, tá sé inlochtaithe go háirithe go gcuirfí i gcéill ar dhóigh ar bith nach féidir tairbhe na bhfaoiseamh a aistriú chuig infheisteoirí aonair. Dá bhrí sin molann an Comhchoiste go gcuirfí an tathant is treise is féidir chun feidhme ar leibhéal na Comhairle chun córas na bhfaoiseamh i leith cánach in Éirinn a ligean ar lár ar fad as téarmaí na dréacht-Treorach.


6. Cáin Iarchoimeádta

Tá sé ceaptha don fhoráil atá sa dréacht-Treoir le haghaidh cáin iarchoimeádta 25% go gcuirfeadh sí cosc le himghabháil chánach. Faoi láthair ní chuireann Éire ná an Ríocht Aontaithe cáin iarchoimeádta ar dhíbhinní. Ní bhraitear go bhfuil gá ar bith againne le cáin dá leithéid sin mar nach fadhb ar bith inár gcásna urrúis iompróra. Cibé scéal é bheadh a lán de na hinfheisteoirí beaga a chuireann airgead in urrúis Éireannacha nó Bhriotanacha i dteideal aisíoc na cánach a coimeádadh siar a éileamh nó í a fhritháireamh in aghaidh dliteanas eile. Sa dréacht-Treoir ceadaítear maolú i leith díbhinní ó chuideachta Éireannach a íocadh le cónaitheoirí in Éirinn ach, dá nglacfaí léi dhéanfaí cáin ar gach íocaíocht díbhinní thar imeallchríoch a choimeád siar. Tugann an Comhchoiste dá aire go bhfuil súil ag an gCoimisiún go spreagfaidh an córas leitháirimh tuilleadh infheistíochta ar mheánscála. Is é tuairim an Chomhchoiste gur maith an seans gurb é a mhalairt a dhéanfadh an cháin iarchoimeádta i gcúrsaí na hÉireann. Is beag an chabhair a bhéarfadh cáin dá leithéid chun imghabháil chánach a chomhrac agus d’fhéadfadh dochar a bheith inti don sreabhadh suntasach caipitil idir an tír seo agus an Ríocht Aontaithe. Ba rud mí-ámharach ar fad é dá mbeadh togra a bhí ceaptha chun cuidiú le saorghluaiseacht chaipitil sa Chomhphobal ina chúis le laghdú a thabhairt ar an gcaipiteal a bhí á chur ar fáil i limistéar a bhfuil gá fíorghéar ann le hinfheistíocht. Is é tuairim an Chomhchoiste gur ceart cur i gcoinne na forála sin.


7. Buíochas

Gabhann an Comhchoiste buíochas leis an Údarás Forbartha Tionscail agus leis an Stocmhargadh de bharr na cabhrach a fuarthas uathu ag scrúdú an togra seo.


(Síniú) CATHAL Ó hEOCHAIDH,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


24 Márta, 1976.